Tascfhórsa Comhairleach Seachtrach um Intleacht Shaorga (IS) i Scoileanna le bunú

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tascfhórsa Comhairleach Seachtrach um Intleacht Shaorga (IS) i Scoileanna le bunú

D’fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, inniu bunú an Tascfhórsa Chomhairligh Sheachtraigh um IS i Scoileanna mar chéim chinniúnach in obair leanúnach na roinne chun impleachtaí na hintleachta saorga (IS) don teagasc, don fhoghlaim agus don mheasúnú ar fud an chórais scoile a bhreithniú.

Comhlíonann sé seo freisin gealltanas sa doiciméad Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí Bearta Tacaíochta um Chur i bhFeidhm a foilsíodh i mí na Bealtaine seo caite go mbunófaí grúpa den sórt sin.

Cuirfidh an tascfhórsa fóram struchtúrtha ar fáil chun dul i mbun plé le páirtithe leasmhara tábhachtacha san oideachas, ceardchumainn múinteoirí, comhlachtaí bainistíochta, gníomhaireachtaí ábhartha agus saineolaithe chun scrúdú a dhéanamh ar impleachtaí IS don teagasc, don fhoghlaim agus don mheasúnú, ar impleachtaí iad atá ag athrú, agus chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt leanúnach beartais, treorach agus tacaíochtaí sa réimse seo agus é ag athrú.

Eiseofar cuirí do bhallraíocht ar an Tascfhórsa Comhairleach Seachtrach um IS i Scoileanna an mhí seo chuig na páirtithe leasmhara go léir san oideachas, agus ceaptar go mbeidh an chéad chruinniú den tascfhórsa ar siúl an mhí seo chugainn (Bealtaine 2026).

Agus í ag fógairt bhunú an tascfhórsa ag comhdhálacha múinteoirí na bliana seo, dúirt an tAire Naughton:

"Céim thábhachtach is ea bunú an Tascfhórsa Chomhairligh Sheachtraigh um IS i Scoileanna lena chinntiú go bhfanfaidh ár gcóras oideachais chun tosaigh ar athrú teicneolaíoch tapa agus go bhfuil sé sásúil do mhúinteoirí agus do scoláirí araon.

“Ní fhágfaimid scoileanna chun a mbealach a dhéanamh tríd an intleacht shaorga leo féin. Ag cur leis an mbeartas agus leis an treoir atá ann cheana féin, tabharfaidh an tascfhórsa seo múinteoirí, ceannairí scoile agus saineolaithe le chéile chun comhairle shoiléir, phraiticiúil a mhúnlú a thacaíonn le teagasc ardchaighdeáin agus a thugann cosaint do shláine na foghlama agus an mheasúnaithe.

“Tá ár dtosaíocht anseo simplí: na huirlisí agus an mhuinín a theastaíonn uathu a chur ar fáil do mhúinteoirí, agus a chinntiú ag an am céanna go mbainfidh gach scoláire leas as nuálaíocht ar bhealach atá cothrom, sábháilte agus cuimsitheach.”

Lean an tAire Naughton ar aghaidh agus an méid seo a leanas á rá aici:

“Cuireann an intleacht shaorga deiseanna suntasacha ar fáil, ach baineann fíor-rioscaí léi freisin. Sin é an fáth a bhfuil cur chuige cothrom, atá á threorú ag fianaise á ghlacadh againn, ar cur chuige é atá bunaithe ar thaithí oideoirí agus atá dírithe ar thacaíochtaí inbhraite a sholáthar i seomraí ranga. Cabhróidh an tascfhórsa seo lena chinntiú go mbeidh freagairt na hÉireann freagrach, réamhbhreathnaitheach agus dírithe ar na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach dár scoláirí.”

Tógfaidh an tascfhórsa ar obair náisiúnta agus Eorpach níos leithne sa réimse seo freisin. San áireamh ansin tá rannpháirtíocht na hÉireann sa tionscadal um Ionstraim Tacaíochta Teicniúla atá á mhaoiniú ag an AE, Oideachas a Sheasfaidh an Aimsir: Tacaíocht a thabhairt do Scoileanna in Éabhlóid IS, atá ag tacú le forbairt a dhéanamh ar chomhairle beartais, ar threoir agus ar uirlisí praiticiúla le haghaidh úsáid eiticiúil agus fianaisebhunaithe na hintleachta saorga in oideachas scoile.

Díreoidh an tascfhórsa ar an gcéad dul síos ar Mheasúnú (suimitheach agus státdheimhnithe), agus ag an am céanna cuirfidh siad obair ar Theagasc, Foghlaim agus Measúnú Foirmitheach chun cinn. De réir mar a leanann IS ag forbairt, tacóidh an tascfhórsa leis an Roinn agus í ag breithniú na n-impleachtaí do na réimsí sin, lena n-áirítear obair ábhartha atá ar siúl trí Choimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS). San áireamh ansin beidh breithniú ar an mbealach is fearr chun tacú le muinín agus inniúlacht múinteoirí in úsáid oideolaíoch IS, conas litearthacht dhigiteach agus litearthacht IS a neartú i scoláirí, agus impleachtaí IS don mheasúnú.

Beidh an tascfhórsa dírithe ar thorthaí agus tacóidh sé le haschur inbhraite a sholáthar i dtaca le réimsí tosaíochta comhaontaithe, lena n-áirítear tuarascálacha agus moltaí chun bonn eolais a chur faoi bheartas amach anseo, chomh maith le treoir agus tacaíochtaí do scoileanna. Ina chuid oibre, bainfear leas as forbairtí leanúnacha ar an leibhéal náisiúnta, Eorpach agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear obair ar fud an chórais oideachais trí Oide Teicneolaíocht san Oideachas (Oide-TiE) agus gníomhaireachtaí ábhartha eile, plé le comhlachtaí bainistíochta scoile, ceardchumainn múinteoirí agus páirtithe leasmhara eile san oideachas, agus breithniú ar fhorbairtí i mBallstáit eile de chuid an AE.

Dúirt an tAire Naughton:

“Léiríonn na réimsí tosaíochta a bheidh ag an tascfhórsa i dtús báire an áit a bhfuil IS ag tosú cheana féin ag ardú ceisteanna tábhachtacha do scoileanna, do mhúinteoirí agus

d’fhoghlaimeoirí. Cuirim fáilte roimh an bplé le déanaí idir mo roinnse agus ceardchumainn múinteoirí, rud a leag béim ar thábhacht an phlé struchtúrtha ar bhonn leanúnach le páirtithe leasmhara ar an gceist seo. Mar thoradh ar phríomhpháirtithe leasmhara san oideachas agus saineolaithe ábhartha a thabhairt le chéile, cabhróidh an tascfhórsa lena chinntiú go mbeidh bonn eolais bunaithe ar thaithí phraiticiúil, ar obair leanúnach ar fud an chórais oideachais, agus ar fhorbairtí náisiúnta agus idirnáisiúnta atá ag teacht chun cinn, faoi fhreagairt na roinne.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

  • Tacóidh an Tascfhórsa Comhairleach Seachtrach um IS i Scoileanna leis an Roinn Oideachais agus Óige agus cuirfidh sé comhairle uirthi maidir le hábhair a bhaineann le húsáid IS sa chóras oideachais.
  • Cuirfidh an tascfhórsa fóram struchtúrtha ar fáil le haghaidh plé leanúnach le páirtithe leasmhara tábhachtacha san oideachas agus le saineolaithe ábhartha chun cabhrú le bonn eolais a chur faoi bheartas, treoir agus tacaíochtaí a bhaineann le IS san oideachas.
  • Ina chéim tosaigh, díreoidh an tascfhórsa ar Mheasúnú, lena n-áirítear measúnú suimitheach agus measúnú státdheimhnithe. Agus ag an am céanna, beidh an obair ar Theagasc, Foghlaim agus Measúnú Foirmitheach á cur chun cinn aige freisin.
  • Glacfaidh an tascfhórsa cur chuige céimnithe i leith a chuid oibre, agus breithneofar réimsí téamacha breise le himeacht ama.
  • An mhí seo, seolfar cuirí chuig na páirtithe leasmhara ábhartha go léir san oideachas, ceardchumainn múinteoirí, comhlachtaí bainistíochta, gníomhaireachtaí ábhartha agus saineolaithe.
  • Táthar ag súil go mbeidh an chéad chruinniú den tascfhórsa ar siúl an mhí seo chugainn (Bealtaine 2026). Beidh saineolaithe agus acadóirí ábhartha ann chun cur i láthair a dhéanamh agus dul i mbun plé ar ábhair ar leith.
  • Tógfaidh obair an tascfhórsa ar ghníomhaíocht atá ar bun cheana féin ar fud na roinne agus an chórais oideachais i gcoitinne, lena n-áirítear foilsiú Treorach maidir le IS i Scoileanna, tacaíochtaí do scoileanna, agus obair náisiúnta agus Eorpach níos leithne sa réimse seo.
  • San áireamh ansin tá rannpháirtíocht na hÉireann sa tionscadal um Ionstraim Tacaíochta Teicniúla atá á mhaoiniú ag an AE, Oideachas a Sheasfaidh an Aimsir: Tacaíocht a thabhairt do Scoileanna in Éabhlóid IS, atá ag tacú le forbairt a dhéanamh ar chomhairle maidir le beartas, ar threoir agus ar uirlisí praiticiúla le haghaidh úsáid eiticiúil agus fianaisebhunaithe IS in oideachas scoile.
  • Tabharfaidh an tascfhórsa tús áite d’ionadaíocht ó na comhlachtaí sin a bhfuil an nasc is dírí acu le teagasc, foghlaim agus measúnú i.e. comhlachtaí bainistíochta, ceardchumainn múinteoirí, CSS, Oide, CNCM, CNOS agus gníomhaireachtaí ábhartha.
  • I mí na Bealtaine 2025, foilsíodh an doiciméad Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí Bearta Tacaíochta um Chur i bhFeidhm (SCRISM). San áireamh ann bhí gealltanas go mbunódh an roinn ‘.. tascfhórsa chun scrúdú a dhéanamh ar úsáid chuí na hintleachta saorga (IS) i dteagasc, i bhfoghlaim agus i measúnú a bhaineann le hAthfhorbairt na Sraithe Sinsearaí. .... Díreoidh an tascfhórsa ar úsáid chuí agus eiticiúil na hintleachta saorga san oideachas, go háirithe i ndáil le hAthfhorbairt na Sraithe Sinsearaí (lena n-áirítear oideolaíocht, measúnú agus riarachán).’
  • Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil faoi bhallraíocht, Téarmaí Tagartha agus clár oibre an tascfhórsa in am trátha.

Roinnt Tagairtí Tábhachtacha

  • Treoir maidir le hintleacht shaorga i Scoileanna – A foilsíodh ar an 21 Deireadh Fómhair 2025:

https://assets.gov.ie/static/documents/dee23cad/Guidance_on_Artificial_Intelligence_in_Schools_2025.pdf

  • Tacaíonn an Mol IS le múinteoirí agus ceannairí scoile atá ag plé le IS

https://www.oidetechnologyineducation.ie/ai-hub/

  • Tionscadal TSI Eorpach le haghaidh úsáid shábháilte, eiticiúil agus fhónta IS i scoileanna

https://www.oidetechnologyineducation.ie/projects-initiatives/european-tsi-project-for-safe-ethical-and-meaningful-use-of-ai-in-schools/

  • Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí Bearta Tacaíochta um Chur i bhFeidhm – A foilsíodh ar an 8 Bealtaine 2025

https://assets.gov.ie/static/documents/Senior_Cycle_Reform_Implementation_Support_Measures.pdf

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat