English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceapadh Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) nua fógartha ag an Aire Foley

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 10 Bealtaine 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley, T.D. inniu go bhfuil Comhairle nua don Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ceaptha aici ar feadh téarma ceithre bliana go dtí an 28 Feabhra 2026. Tá síneadh curtha ag an Aire le téarma oifige Chathaoirleach COGG, Dónal Ó hAiniféin, ar feadh tréimhse eatramhach go dtí deireadh na bliana 2022 d’fhonn leanúnachas a chinntiú fad atá an POF agus comhaltaí nua an Bhoird ag socrú isteach ina bpost nua.

Seo mar a labhair an tAire Foley:

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le comhaltaí nua an Bhoird ar a gceapadh agus buíochas a ghabháil leo as a gcuid ama agus a gcuid saineolais a thabhairt ar son na hoibre tábhachtaí a dhéanann COGG i dtaca le múineadh agus foghlaim na Gaeilge agus seachadadh Straitéis 20 bliain an Rialtais don Ghaeilge. Is mian liom buíochas a ghlacadh le Dónal Ó hAiniféin freisin as bheith sásta síneadh a chur lena théarma mar chathaoirleach.”

Le Clár an Rialtais, leagtar amach aidhm chun feiceálacht theanga dhúchais na tíre a mhéadú agus borradh a chur faoin úsáid laethúil a mbaintear aisti sa phobal agus aithnítear leis an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge mar theanga stáit, mar theanga bheo, agus mar chuid ríthábhachtach d’oidhreacht an oileáin seo.

Tá an treochlár chun an aidhm seo a bhaint amach leagtha amach sa Straitéis Uile-Rialtais 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus tá an t-oideachas ina chroí-chaibidil den straitéis seo. Tá ról COGG maidir le comhairle a chur ar an Aire ar bheartais a bhaineann le soláthar na Gaeilge agus is bunriachtanach dá rath í a chur chun cinn i ngach scoil.

Ghabh an tAire buíochas le comhaltaí Bhord COGG atá ag éirí as, as as a dtiomantas agus a n-ionchur le trí bliana anuas.

Is é seo an Bord nua:

Comhlacht Ainmniúcháin Ainm
An tAire Oideachais *Dónal Ó hAiniféin  (Cathaoirleach Ainmnithe)
Údarás na Gaeltachta *Pádraig Mac Grianna
Údarás na Gaeltachta Éanna Ó Cróinín
Gaeloideachas Aodh MacCraith
Gaeloideachas Nóra Ní Loingsigh
Foras na Gaeilge *Edel Ní Chorráin
Cumann Múinteoirí Éireann (CMÉ) Máirin Ní Chéileachair
Cumann na Meánmhúinteoirí Éireann (CMMÉ) *Lorraine Finn
Aontas Múinteoirí Éireann (AMÉ) Gilbert de Búrca
An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) *Elaine Ní Neachtain
An Roinn Oideachais *Peadar Ó Muirí
An Chomhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCSM) Eibhlín Nic Gearailt
  • athcheapachán

CRÍOCH


Nótaí d’Eagarthóirí:

An Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)

Tá 6 athcheapacháin (an Cathaoirleach san áireamh) agus 5 gceapachán nua ar Bhord nua COGG. Chuir an tAire síneadh bliana le téarma oifige an Chathaoirligh go dtí an 31 Nollaig 2022.

D’fhógair an tAire Foley ceapachán Jacqueline Ní Fhearghusa i bpost Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin nua COGG ag tús mhí an Mhárta.

Bunaíodh COGG faoin Acht Oideachais, 1998 agus is iad seo a leanas a fheidhmeanna:

- pleanáil agus comhordú a dhéanamh ar sholáthar téacsleabhar agus áiseanna don fhoghlaim agus don teagasc trí Ghaeilge

- comhairle a chur ar an Aire maidir le beartais a bhaineann le hoideachas trí mheán na Gaeilge a sholáthar agus a chur chun cinn i scoileanna aitheanta i gcoitinne agus i scoileanna atá lonnaithe i limistéar Gaeltachta

- seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do na scoileanna sin trí mheán na Gaeilge, agus

- taighde a dhéanamh ar aon ní nó gach ní lena mbaineann an mhír seo, agus

- pleanáil agus comhordú a dhéanamh ar sholáthar téacsleabhar agus áiseanna d’fhoghlaim agus do theagasc na Gaeilge agus taighde a dhéanamh agus comhairle a chur ar an Aire maidir le straitéisí a bhfuil sé mar chuspóir acu éifeachtúlacht theagasc na Gaeilge i scoileanna aitheanta agus ionaid oideachais a fheabhsú

Tá foireann lánaimseartha de naonúr ag feidhmeannas COGG, á stiúradh ag an bPríomhfheidhmeannach.

Tá deontas €2.84 milliún do COGG á mhaoiniú ag an Roinn in 2022.

Is féidir teacht ar shuíomh idirlín COGG ar www.cogg.ie

Feidhmeanna an Bhoird:

Tá an Chomhairle freagrach as gníomhaíochtaí COGG a stiúradh, treoir straitéiseach a sholáthar d’fhoireann an fheidhmeannais agus monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na bainistíochta.

Ní íoctar táillí le comhaltaí an Bhoird.

Comhionannas Inscne

De réir na dTreoirlínte ar Cheapacháin chuig Boird Stáit, chuir an tAire cothromaíocht inscne san áireamh agus na ceapacháin seo á ndéanamh ar an mBord, ailínithe le gealltanas an Rialtais sprioc de 40% ionadaíocht gach inscne a bhaint amach ar gach Boird Stáit.

Comhlíonann an bord nua an riachtanas maidir le cothromaíocht inscne.

Comhaltaí ainmnithe a cheapadh chuig Boird Stáit

Sonraítear sna Treoirlínte maidir le Ceapacháin chuig Boird Stáit go bhfuil díolúintí áirithe ann a bhaineann le daoine a cheapadh chuig boird stáit, lena n-áirítear:

“Sa chás go bhfuil comhaontú nó socrú i bhfeidhm faoina lorgaíonn Airí ainmniúcháin le haghaidh ceapacháin chuig Boird Stáit ó eagraíochtaí bunriachtanacha geallsealbhóirí (amhail ceardchumainn, eagraíochtaí fostóirí, ionadaithe feirmeoireachta nó comhlachtaí deonacha)”.