Comhghairdeas déanta ag Airí Foley, Madigan agus Byrne le daltaí a fhaigheann torthaí scrúduithe na Sraithe Sóisearaí inniu
- Foilsithe: 18 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Rinne an tAire Oideachais Norma Foley TD, an tAire Stáit don Oideachas Speisialta agus Ionchuimsitheacht Josepha Madigan TD agus an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas Thomas Byrne TD a gcuid comhghairdis leis na 70,727 dalta a fhaigheann torthaí scrúduithe na Sraithe Sóisearaí inniu (18 Deireadh Fómhair).
I mbliana, chonacthas an dara bliain iomlán de scrúduithe sa tSraith Shóisearach leasaithe agus tá 629,189 grád á n-eisiúint inniu thar 21 ábhar aonair arna scrúdú.
Dúirt an tAire Foley:
“Ar an ócáid mhór seo do níos mó ná 70,000 dalta atá ag fáil torthaí scrúduithe na Sraithe Sóisearaí, ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leo agus guím gach rath ar chách.
“Tríd an bhfuinneamh agus tríd an tiomantas atá curtha i bhfeidhm agaibh i bhur saolta scoile go dtí seo, tá an-chuid eolais gnóthaithe agaibh agus d’fhorbair sibh an iliomad tallann, scileanna agus uaillmhianta ar bhur n-aistear san oideachas.
“Ba mhaith liom mo chomhghairdeas a dhéanamh libh agus gach rath a ghuí oraibh sna chéad céimeanna iontacha eile atá romhaibh.
“Ba mhaith liom an deis a ghlacadh freisin chun aitheantas agus buíochas a thabhairt do bhur dteaghlaigh, do bhur múinteoirí agus do bhur bpobail scoile as an oiread sin dóigheanna ina ndearna siad obair chun sibh a thacú agus a threorú i dtreo an garsprioc seo a bhaint amach inniu.
“Tá buíochas tuillte freisin do Choimisiún na Scrúduithe Stáit agus dóibh siúd uile a raibh baint acu le próiseas na scrúduithe a chríochnú.”
Dúirt an tAire Madigan:
“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach uile dalta atá ag fáil torthaí inniu, go háirithe iad siúd ag a bhfuil riachtanais speisialta oideachais. Tá an obair chrua déanta agaibh chun an pointe seo a bhaint amach agus tá an oiread sin le ceiliúradh agaibh de réir mar a dhéanann sibh machnamh ar an méid atá bainte amach agaibh agus sibh ag súil le gach rud atá romhaibh.
“Is lá suntasach é an lá inniu, ní hamháin do na mílte dalta ar fud na tíre, ach dá dteaghlaigh, dá múinteoirí, do Chúntóirí Riachtanas Speisialta agus do bhaill eile dár bpobail scoile agus iad ag amharc ar dhaltaí ag fáil torthaí na chéad Scrúduithe Stáit dá gcuid. Go raibh maith agaibh as an bpáirt thábhachtach a ghlac sibh i gcuidiú le cumhachtú an chéad ghlúine eile trí oideachas.”
Dúirt an tAire Byrne:
“Is ionann an lá inniu agus deis iontach do dhaltaí agus dá dteaghlaigh chun aitheantas a thabhairt don fhoghlaim uile atá curtha i gcrích acu thar chúrsa a gcuid staidéar sa tSraith Shóisearach mar aon leis an oiread sin dóigheanna inar chuir siad le saolta na bpobal scoile dá gcuid ar feadh na tréimhse sin.
“Ba mhaith liom mo chomhghairdeas a dhéanamh le daltaí uile atá ag fáil torthaí a scrúduithe inniu, agus dá dteaghlaigh, dá múinteoirí agus dá bpobail scoile chomh maith. Guím gach uile rath oraibh go léir don todhchaí.”
Eiseofar torthaí scrúduithe na Sraithe Sóisearaí i scoileanna inniu. Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil in ann freastal ar scoil a gcuid torthaí a fháil ar líne trí www.examinations.ie ó 4in. Eisíodh UAP (uimhir aitheantais phearsanta) uathúil agus uimhir scrúdaithe uathúil do scoileanna do gach iarrthóir cheana féin, chun é/í a chumasú a t(h)orthaí a fháil ar líne.
Nótaí
Seachas Gaeilge, Béarla agus Matamaitic ar a ndéantar scrúdú ag an Ardleibhéal agus ag an nGnáthleibhéal, tá gach ábhar eile na Sraithe Sóisearaí anois ag an gComhleibhéal.
Áirítear leis na scrúduithe uile a tugadh isteach faoi Leasú na Sraithe Sóisearaí scrúduithe gan rogha, rud a léiríonn an rún go mbeidh ardleibhéal máistreachta léirithe acu siúd a fhaigheann na gráid is airde ar an eolas, ar an tuiscint agus ar na scileanna atá i gceist, thar an tsonraíocht iomlán.
Tá 629,189 grád in 21 ábhar aonair á soláthar do 70,727 iarrthóir i mbliana.