English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deimhníonn an tAire Foley agus an tAire Donnelly socruithe do chóras nua chun tástáil antaiginí a dhéanamh ar dhlúth-theagmhálaithe nach bhfuil aon chomharthaí á léiriú acu i mbunscoileanna

Dheimhnigh an tAire Oideachais, Norma Foley TD, agus an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, inniu na socruithe do chóras nua chun tástáil antaiginí a dhéanamh ar dhlúth-theagmhálaithe nach bhfuil aon chomharthaí á léiriú acu i mbunscoileanna agus na socruithe sin á ndéanamh ag FSS.

Tá an Roinn Oideachais agus FSS, agus iad ag obair i gcomhar leis an Roinn Sláinte, i ndiaidh clár a fhorbairt ina gcuirfear tástálacha antaiginí ar fáil do leanaí i bhfaighneog bhunscoile, i gcás go raibh tástáil PCR ag leanbh san fhaighneog agus gur braitheadh COVID-19.

I gcás go mbeidh dhá chás nó breis agus dhá chás deimhnithe de COVID-10 i rang, taobh istigh de thréimhse seacht lá, taobh amuigh d'fhaighneog aonair, déanfar tástáil antaiginí a thairiscint don rang iomlán.

Cuirfidh FSS na tástálacha chuig tuismitheoirí na leanaí.

Iarrtar ar thuismitheoirí/chaomhnóirí linbh bunscoile, ar deimhníodh go bhfuil COVID-19 air/uirthi i ndiaidh tástáil PCR, é sin a chur in iúl do phríomhoide a mbunscoile. Ansin, cuirfidh an príomhoide in iúl do thuismitheoirí na leanaí eile san fhaighneog go bhfuil cás deimhnithe ann. Ní roinnfear sonraí pearsanta ar bith faoin leanbh. Tabharfar rogha do na tuismitheoirí sin tástálacha antaiginí saor in aisce a fháil dá leanbh, agus beidh siad ábalta iad sin a ordú agus déanfar iad a sheachadadh go dtí a dteach cónaithe.

Níl iallach ar leanaí páirt a ghlacadh i dtástáil antaiginí. Is féidir le leanaí atá i bhfaighneog ina bhfuair leanbh tástáil deimhneach maidir le COVID-19 leanúint orthu ag freastal ar an scoil, pé acu an bhfuil siad páirteach i dtástáil antaiginí nó nach bhfuil, ar an gcoinníoll nach bhfuil comharthaí de COVID-19 á léiriú acu.

Má léiríonn leanbh comharthaí ar bith de COVID-19, ba cheart don leanbh féin-aonrú láithreach agus ba cheart go socródh tuismitheoir nó caomhnóir tástáil PCR.

Ní bheidh ar phríomhoidí scoile fianaise ar rannpháirtíocht nó torthaí tástálacha antaiginí a bhailiú.

Roinnfear ábhair eolais do thuismitheoirí le scoileanna agus déanfar iad a phoibliú go díreach do thuismitheoirí go luath an tseachtain seo chugainn.Cuirfear tús leis an gclár ar nó roimh an 29 Samhain.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Donnelly:

“Tá tástáil antaiginí mar shraith bhreise inár gcomhairle sláinte poiblí. Fáiltím roimh an gcéim seo inniu, ach is mian liom a rá arís eile nach bhfuil aon athrú tagtha ar an teachtaireacht sláinte poiblí – is é sin gur cheart do dhuine ar bith a bhfuil aon chomharthaí riospráide á léiriú aige nó aici féin-aonrú sa bhaile láithreach agus tástáil PCR COVID-19 a fháil a luaithe agus is féidir.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Foley:

“Tá pobail scoile ag leanúint orthu ag déanamh obair eisceachtúil maidir le scaipeadh COVID-19 a mhaolú. Fáiltím roimh an rogha atá á tabhairt isteach ag FSS go bhféadfaidh tuismitheoirí agus leanaí tástáil antaiginí a fháil nuair is eol go bhfuil cás de COVID-19 i bhfaighneog linbh.

“Tá sé tábhachtach go leanfadh gach duine ar aghaidh ag leanúint na comhairle sláinte poiblí maidir le húsáid an chláir nua seo. Go háirithe, molaim do thuismitheoirí an deis a thapú príomhoidí a chur ar an eolas go tapa i gcás go bhfaighidh leanbh toradh deimhneach ó thástáil PCR do COVID-19. Má dhéanann siad é sin, is féidir an rogha a thabhairt do thuismitheoiri eile páirt a ghlacadh i dtástáil antaiginí.

“Ní mór dúinn go léir leanúint orainn ag cloí leis an gcomhairle a bhfuil eolas maith againn uirthi anois, lena n-áirítear níochán lámh, fanacht sa bhaile má tá aon chomharthaí á léiriú againn, agus laghdú a dhéanamh ar ár gcuid teagmhálaithe más féidir.

“Is mian liom buíochas a ghlacadh le gach duine inár bpobail scoile as ucht na n-iarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh acu, agus as an obair leanúnach leis na comhpháirtithe oideachais chun ár gcuid scoileanna a choinneáil ag feidhmiú ar mhaithe le leas phobal uile na scoile.”

An bealach a bhfeidhmeoidh an clár:

Nuair a gheobhaidh tuismitheoir toradh a léiríonn ‘braite’/deimhneach ar thástáil PCR COVID-19 a rinneadh ar a leanbh, ba cheart dó/di é sin a chur in iúl do phríomhoide na scoile láithreach.

Cuirfidh príomhoide na scoile in iúl do thuismitheoirí na leanaí i bhfaighneog an cháis gur dlúth-theagmhálaithe iad le cás deimhnithe de COVID-19. Ní roinnfear ainm an cháis ná aon sonraí eile.

Déanfaidh príomhoide na scoile na leanaí i bhfaighneog an cháis a shainaithint, agus cuirfidh sé/sí a dtuismitheoirí ar an eolas, agus tabharfar deis tástálacha antaiginí a ordú ón gcuideachta dáileacháin.

Déanfar na tástálacha antaigíní a phostáil chuig tuismitheoirí na leanaí san fhaighneog.

Déanann tuismitheoirí an tástáil antaiginí an lá a bhfaigheann siad í agus gach dara lá nó go mbeidh trí cinn de thástálacha déanta.

Is féidir leis na leanaí san fhaighneog leanúint orthu ag freastal ar an scoil fad agus nach bhfuil aon chomharthaí á léiriú acu agus go bhfuil ‘neamhbhraite’ á léiriú ag torthaí a gcuid tástálacha antaiginí.

I gcás go bhfuil toradh deimhneach á léiriú ag tástáil antaiginí an linbh:

Má tá an tástáil antaiginí deimhneach, déanann an leanbh féin-aonrú sa bhaile agus logálann an tuismitheoir/caomhnóir isteach ar FSS chun tástáil PCR a iarraidh.

Déanfaidh cuideachta dáileacháin na dtástálacha antaiginí líon na dtástálacha antaiginí a dáileadh a chlárú, chomh maith leis na baiscuimhreacha agus ainmneacha na scoileanna ábhartha.

I gás go dtosóidh leanbh ag léiriú comharthaí COVID-19:

I gcás go dtosóidh leanbh ag léiriú comharthaí ag am ar bith ba cheart don leanbh féin-aonrú sa bhaile agus ba cheart tástáil PCR COVID-19 a eagrú má léirítear sin. Níl aon luach ag baint le tástail antaiginí neamhbhraite i gcás linbh a bhfuil comharthaí á léiriú aige/aici.

Má thagann dhá chás nó breis agus dhá chás chun cinn i rang, taobh amuigh d'fhaighneog aonair:

I gcás go dtiocfaidh dhá chás nó breis agus dhá chás chun cinn i rang, taobh istigh de thréimhse seacht lá, taobh amuigh d'fhaighneog aonair, déanfar tástáil antaiginí a thairiscint don rang iomlán.


Nótaí d’eagarthóirí

Is í an chomhairle Sláinte Poiblí atá á tabhairt go fóill nach bhfuil ach baol beag ann go scaipfidh leanaí nach bhfuil aon chomharthaí á léiriú acu an víreas. Is suíomhanna rialaithe iad scoileanna agus tá an cur chuige maidir le rianú teagmhálaithe bunaithe ar riosca i dtaca leis an suíomh, an t-aoisghrúpa agus bearta coisctheacha eile. Is é an taithí a bhí ag dochtúirí Sláinte Poiblí, agus iad ag obair le scoileanna, agus is é an taithí atá acu go fóill, gur timpeallachtaí íseal-riosca den chuid is mó iad scoileanna agus nach iad a bhí taobh thiar de scaipeadh an víris i measc leanaí le linn na paindéime.

Léiríonn tástáil COVID-19 'neamhbhraite’ i nduine a bhfuil comharthaí á léiriú aige/aici go mb'fhéidir go bhfuil fliú nó ionfhabhtú riospráide víreasach de chineál eile ar an duine sin agus bheadh baol cliniciúil ann go dtabharfaí na hionfhabhtuithe víreasacha sin isteach i suíomh na scoile dá leanfadh an leanbh sin ag freastal ar an scoil agus comharthaí á léiriú aige nó aici.

Is i suíomh an tí cónaithe is mó atá an baol scaipthe. Ní mór do dhaoine de gach aois nach bhfuil an vacsaín faighte acu agus ar teagmhálaithe teaghlaigh de chás iad srian a chur lena gcuid gluaiseachtaí (agus fanacht ón obair nó ón scoil) ar feadh 10 lá agus tástáil PCR a fháil ar lá 0 agus ar lá 10.