Seolann an Roinn Oideachais agus Óige agus an Chomhairle Mhúinteoireachta staidéar taighde ceannródaíoch ar an múinteoireacht in Éirinn
- Foilsithe: 3 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 3 Nollaig 2025
Is staidéar taighde fadaimseartha ceannródaíoch é Turais Ghairmiúla Múinteoirí: Na Chéad Deich mBliana atá á sheoladh inniu (3 Nollaig 2025).
Choimisiúnaigh an Roinn Oideachais agus Óige agus an Chomhairle Mhúinteoireachta an staidéar i gcomhar agus fógraíodh é i gcomhar i mí Aibreáin 2024. Ó shin i leith, tá céimeanna an athbhreithnithe litríochta agus dearadh an taighde críochnaithe.
Tá an staidéar á sheoladh go hoifigiúil inniu, roimh chéim an bhailithe sonraí atá le tosú go luath.
Pléann an staidéar taighde seo, an chéad cheann dá leithéid ar an múinteoireacht in Éirinn, le heispéiris múinteoirí go luath ina ngairm agus iad ag críochnú a gcuid oideachais tosaigh múinteoirí agus á mbunú féin sa ghairm.
Is staidéar an-suntasach é seo a leanfaidh go dtí 2030 ar chostas foriomlán €2.8 milliún (lena n-áirítear CBL) agus cuirfidh sé bonn eolais faoi bheartas i roinnt réimsí lena n-áirítear oideachas tosaigh múinteoirí, ionduchtú sa ghairm agus forbairt ghairmiúil luath, chomh maith leis an mbeartas a mhúnlú.
Déanfaidh cuibhreannas ina bhfuil Ollscoil Luimnigh (UL), an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) agus Coláiste Mhuire Gan Smál (MIC) an taighde, faoi cheannas an Ollaimh Paul Conway ó Ollscoil Luimnigh, an Ollaimh Emer Smyth ón ESRI agus an Ollaimh Aisling Leavy ó Choláiste Mhuire Gan Smál.
Cuimseoidh sé gach céimí sa mhúinteoireacht bhunscoile, iar-bhunscoile agus bhreisoideachais ó ranganna 2019, 2022 agus 2026, chomh maith le páirtithe leasmhara tábhachtacha eile. Is féidir le cohóirt 2019 agus 2022, i.e. gach céimí oideachais tosaigh múinteoirí ó chláir bhunoideachais, iar-bhunoideachais, bhreisoideachais agus oiliúna, a bheith ag súil go ndéanfar teagmháil leo ar dtús i mí Eanáir trí ríomhphost agus téacs. Fanfaidh an suirbhé ar oscailt go dtí deireadh mhí Feabhra.
Dúirt an tAire Oideachais agus Óige Hildegarde Naughton:
“Is píosa taighde ríthábhachtach é an staidéar seo a chuirfidh sonraí luachmhara ar fáil don Roinn agus don Chomhairle Mhúinteoireachta go díreach ó mhúinteoirí agus ó pháirtithe leasmhara eile san oideachas. Cabhróidh sé linn na dúshláin uathúla a bhíonn roimh mhúinteoirí i gcéimeanna tosaigh a ngairme a thuiscint agus beartas maidir le hoideachas múinteoirí a mhúnlú don todhchaí.
"Mholfainn d’oiread múinteoirí agus páirtithe leasmhara ábhartha san oideachas agus is féidir páirt a ghlacadh sa staidéar seo chun cabhrú linn a chinntiú go mbeidh an tús is fearr is féidir ag gach múinteoir ina ngairmeacha beatha.”
Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta, Eamon Dennehy: “
“Tá an mhúinteoireacht i gcroílár ár sochaí, ag múnlú todhchaí daoine agus ag spreagadh foghlama ar feadh an tsaoil. Léiríonn an staidéar suntasach seo neart an chomhoibrithe idir an Roinn, an Chomhairle Mhúinteoireachta, agus an pobal oideachais i gcoitinne. Mar Chomhairle, táimid tiomanta go mór don mhúinteoireacht a chur chun cinn mar ghairm luachmhar agus iontaofa, agus cabhróidh an taighde seo linn tuiscint níos fearr a fháil ar mhúinteoirí agus tacú leo le linn a ngairmeacha. Táim ag tnúth leis na léargais ón staidéar seo a fheiceáil ag cur bonn eolais faoi bheartas agus faoin gcleachtas ar mhaithe le leas múinteoirí, foghlaimeoirí, agus na sochaí i gcoitinne”.
Dúirt Stiúrthóir Gníomhach na Comhairle Múinteoireachta, Phil Fox:
"Mar rialtóir ghairm na múinteoireachta, tá ról ríthábhachtach ag an gComhairle Mhúinteoireachta i gcur chun cinn agus i rialú na gcaighdeán gairmiúil sa mhúinteoireacht. Tá ár gcuid oibre bunaithe ar fhianaise, agus cuirfidh an staidéar ar Thurais Ghairmiúla Múinteoirí léargas luachmhar ar fáil ar thaithí saoil múinteoirí le linn a gcéad deich mbliana sa ghairm. Cabhróidh na torthaí seo linn beartais a mhúnlú a chuireann bonn eolais faoi oideachas tosaigh múinteoirí, ionduchtú, agus foghlaim ghairmiúil leanúnach. Agus é sin á dhéanamh againn, leanfaimid orainn ag cur na múinteoireachta chun cinn mar ghairm iontaofa a bhfuil meas uirthi.”
Dúirt ceannairí taighde an staidéir, na hOllúna Paul Conway, Emer Smyth agus Aisling Leavy:
“Cuirfidh an staidéar fadaimseartha Turais Ghairmiúla Múinteoirí (TPJ) deis luachmhar ar fáil chun foghlaim agus forbairt múinteoirí le linn a gcéad deich mbliana sa ghairm a thuiscint. Chun an fhéidearthacht a bhaineann leis an staidéar a bhaint amach, beidh ionchur múinteoirí agus páirtithe leasmhara eile lárnach chun ár dtuiscint ar a dtaithí ar mhúinteoireacht agus ar oideachas múinteoirí a fheabhsú. Sa staidéar, tugtar cuireadh agus spreagadh do gach céimí oideachais tosaigh sa mhúinteoireachta bhunscoile, iar-bhunscoile agus bhreisoideachais agus oiliúna ó chohóirt 2019, 2022 agus 2026 lena chinntiú go léirítear a dtuairimí agus a dtaithí go cuimsitheach i dtorthaí an staidéir. Níos tábhachtaí fós, is deis uathúil é TPJ do mhúinteoirí rannpháirteacha beartais maidir leis an múinteoireacht agus oideachas múinteoirí a mhúnlú mar chéim ríthábhachtach a bhuntacaíonn le hoideachas ar ardchaighdeán”.
Nótaí d’eagarthóirí:
An dul chun cinn ar an staidéar go dtí seo
Tá trí thuarascáil ullmhaithe ag foireann taighde TPJ:
- Tá ceithre athbhreithniú litríochta i dTuarascáil TPG 1 (2024) den TPJ.
- Clúdaíonn Tuarascáil TPG 2 (2025) dearadh staidéir agus forbairt uirlisí.
- Díríonn Tuarascáil TPG 3 (2025) ar dhearcthaí na bpáirtithe leasmhara in oideachas múinteoirí ar fud an oideachais bunscoile, iar-bhunscoile agus ar fud an bhreisoideachais agus oiliúna (FET).
Tá Tuarascáil 1 foilsithe ar shuíomh gréasáin TPJ. Tá Tuarascálacha 2 agus 3 á dtabhairt chun críche faoi láthair agus tá siad le foilsiú ar shuíomh gréasáin TPJ go luath.
Is féidir rochtain a fháil ar an suíomh Gréasáin don staidéar ag www.tpjstudy.ie
Mioneolas maidir le bailiú sonraí 2025-26
Suirbhé do gach céimí OTM ó 2019 agus 2022 mar aon le mic léinn reatha atá sa bhliain deiridh den oideachas tosaigh múinteoirí, i.e. cohórt 2026.
- Cuirfear tús le bailiú sonraí suirbhé (ar líne) do chohórt oideachais tosaigh múinteoirí (OTM) 2026 i mí na Nollag 2025 agus fanfaidh sé ar oscailt go dtí deireadh mhí Eanáir 2026 - agus tá sé á dhéanamh trí sholáthraithe OTM in institiúidí ardoideachais ag leibhéil na bunscoile, na hiar-bhunscoile agus FET.
- Cuirfear tús le bailiú sonraí suirbhé (ar líne) do chéimithe OTM 2019 agus 2022 i mí Eanáir 2026 agus fanfaidh sé ar oscailt go dtí deireadh mhí Feabhra 2026. Gheobhaidh rannpháirtithe an suirbhé trí théacs agus ríomhphost.
1:1 Agallaimh le sampla de rannpháirtithe sa suirbhé
- Beidh agallaimh (ar líne) do chohóirt 2019, 2022 agus 2026 ar siúl idir lár mhí Feabhra agus lár mhí Aibreáin. Déanfar teagmháil leis na rannpháirtithe trí ríomhphost agus/nó téacs.
Agallaimh grúpa fócais le sampla de rannpháirtithe suirbhé ar phríomhthéamaí spéise
- Beidh agallaimh grúpa fócais (ar líne) do chohóirt 2019, 2022 agus 2026 ar siúl idir lár mhí Feabhra agus lár mhí Aibreáin. Déanfar teagmháil leis na rannpháirtithe trí ríomhphost agus/nó téacs.
TABHAIR FAOI DEARA: Ós rud é gur staidéar fadaimseartha é TPJ, cuirfear suirbhé agus agallamh le cohóirt 2019 agus 2022 i gcrích le linn dhá bhabhta eile de bhailiú sonraí, i.e. 2026-27 agus 2027-28. I gcás chohórt 2026, cuirfear suirbhé agus agallamh i gcrích leosan le linn trí bhabhta eile de bhailiú sonraí, i.e. 2026-27, 2027-28 agus 2028-29.
Cúlra an staidéir taighde
Chinn an Roinn Oideachais agus an Chomhairle Mhúinteoireachta taighde fadaimseartha a choimisiúnú i gcomhar ar thurais oideachais agus ghairmiúla múinteoirí atá ag tosú amach, agus aird á tabhairt ar fhorbairtí suntasacha a bhfuil tionchar acu ar an múinteoireacht agus ar oideachas múinteoirí.
Tá cláir um oideachas tosaigh múinteoirí athchumraithe go suntasach (atá anois sa dara timthriall creidiúnaithe, Céim, 2020) chomh maith le samhail nua ionduchtaithe (Droichead) agus tá creat náisiúnta ann anois dá bhfoghlaim ghairmiúil leanúnach (Cosán). Tá forbairtí suntasacha curaclaim agus beartais náisiúnta tagtha chun cinn freisin, lena n-áirítear:
- curaclaim nua á bhforbairt agus á gcur i bhfeidhm i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna,
- beartais shuntasacha á bhfoilsiú lena n-áirítear:
- An Straitéis Náisiúnta chun Litearthacht agus Uimhearthacht a Fheabhsú i measc Leanaí agus Daoine Óga 2011-2020.
- An Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022,
- Ráiteas Polasaí um Oideachas STEM 2017-2026,
- Ráiteas Polasaí Folláine agus Creat Cleachtais 2018-2023,
- Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027,
- Déanann Teangacha Nasc, Straitéis na hÉireann do Theangacha Iasachta san Oideachas 2017- 2026,
- Fís d’ Athfhorbairt an Sraithe Sinsearaí.
Dá bhrí sin, cuireann an taighde seo deis thábhachtach ar fáil chun tionchar na bhforbairtí seo go léir a iniúchadh, chomh maith le tosca pearsanta, gairmiúla, oideachais agus córasacha eile a shainíonn agus a mhúnlaíonn gairmeacha agus cleachtais luatha múinteoirí. Beidh a chur chuige ‘dírithe ar an todhchaí’, ag sainaithint cá háit agus conas is féidir leis na torthaí bonn eolais a chur faoi oideachas tosaigh múinteoirí, faoi ionduchtú agus faoi fhorbairt ghairmiúil luath agus iad a mhúnlú, lena chinntiú go mbeidh an tús is fearr is féidir ag na múinteoirí go léir ina ngairmeacha beatha.
An Chomhairle Mhúinteoireachta
Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta rialtóir Ghairm na Múinteoireachta. Is é a ról an pobal a chosaint trí chaighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht a chur chun cinn agus a rialú.
Chun an ról sin a chomhlíonadh, cuireann sí na feidhmeanna seo a leanas i gcrích:
I. An mhúinteoireacht a chur chun cinn mar ghairm. Trína feidhmeanna rialála, cinntíonn an Chomhairle go bhfanann an mhúinteoireacht ina gairm ina bhfuil ardchaighdeáin - gairm a bhfuil meas uirthi, a bhfuil luach ag baint léi agus a dtugtar aitheantas di as an méid a chuireann sí leis an tsochaí. Deimhníonn an Chomhairle gur cuid de ghairm mheasúil, iontaofa agus ardcháilithe gach múinteoir cláraithe.
II. Clár múinteoirí in Éirinn atá cáilithe agus a chuaigh faoi ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a choinneáil. Cinntíonn sé sin go gcomhlíonann múinteoirí na riachtanais chlárúcháin maidir le cáilíochtaí, caighdeán, inniúlachtaí agus dea-cháil.
III. Ardchaighdeáin a bhunú agus a choinneáil do mhúinteoirí in Éirinn. Bunaíonn an Chomhairle caighdeáin ar fud réimse iomlán na gairme do mhúinteoirí, lena n-áirítear treoirlínte agus cóid a bhaineann lena n-iompar gairmiúil, a gcuid eolais, a scileanna agus a n-inniúlacht.
IV. Cáilíocht na gclár oideachais tosaigh múinteoirí a sholáthraíonn institiúidí ardoideachais in Éirinn a chinntiú. San áireamh ansin tá próisis athbhreithnithe agus creidiúnaithe chun ardchaighdeáin oideachais tosaigh múinteoirí a choinneáil, rud a chuireann le cáilíocht na múinteoireachta agus na foghlama sa tír.
V. Caighdeáin a bhunú chun treoir agus tacaíocht a thabhairt do phróisis ionduchtaithe atá riachtanach ar bhonn reachtúil agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn do mhúinteoirí cláraithe. Leagann sé sin síos tagarmharcanna córasacha a thacaíonn le céimeanna luatha ghairmeacha na múinteoirí agus spreagann sé foghlaim ghairmiúil leanúnach ar feadh a ngairme.
VI. Taighde a choimisiúnú agus a reáchtáil, ag baint úsáid as sonraí agus fianaise chun eolas a chur ar fáil do chinnteoireacht agus d’fhorbairt beartais. Soláthraíonn sé sin moltaí atá bunaithe ar fhianaise agus cuireann sé le plé ar bheartais, cleachtais agus athchóirithe oideachais, agus é mar aidhm aige sin ardchaighdeáin a chinntiú i ngairm na múinteoireachta.