Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn Cigireacht na Roinne Oideachais: Comhaid Tacaíochta Scoláire a Threisiú – Cinntí Cigireachta agus Ceisteanna Machnamhacha

Inniu, d’fhoilsigh Cigireacht na Roinne Oideachais agus Óige Comhaid Tacaíochta Scoláire a Threisiú - Cinntí Cigireachta agus Ceisteanna Machnamhacha. Tá an tuarascáil seo bunaithe ar na cinntí a tháinig as céad cigireacht neamhfhógartha a rinneadh ar bhunscoileanna, ar iar-bhunscoileanna agus ar scoileanna speisialta le linn mhí Mheán Fómhair agus mhí Dheireadh Fómhair 2025. I ngach ceann den chéad scoil, scrúdaigh cigirí na comhaid tacaíochta a bhí i bhfeidhm do cheathrar scoláirí ag a raibh riachtanais speisialta oideachais. Roghnaíodh na scoláirí sin go randamach.

Leagtar amach sa tuarascáil cinntí foriomlána na gcigirí, mar aon lena gcuid moltaí maidir le réimsí lena bhfeabhsú. Tá sraith ceisteanna machnamhacha ann do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile ag deireadh na tuarascála, agus iad ceaptha chun plé ar leibhéal na scoile a spreagadh, chun bonn eolais a chur faoi chinnteoireacht agus chun tacú le feabhsúchán leanúnach.

Cinntí

Bhí comhaid tacaíochta scoláire i bhfeidhm do gach leanbh agus duine óg roghnaithe i mbeagán os cionn trí cheathrú (76%) de na scoileanna. Mar sin féin, bhí comhaid tacaíochta scoláire i bhfeidhm ag sé scoil déag (16%) do roinnt de na leanaí roghnaithe, ach ní do gach duine díobh. I gcás ocht scoil (8%), ní raibh comhad tacaíochta scoláire i bhfeidhm acu d’aon leanbh.

Sna scoileanna ina raibh comhaid tacaíochta scoláire i bhfeidhm (76%), tharraing na cigirí aird ar ábhair imní maidir le cáilíocht na spriocanna foghlama, agus maidir lena chuí a bhí siad, i gcás líon suntasach comhad. Bhí spriocanna foghlama indibhidiúlaithe go cuí agus fiúntach i mbeagán os cionn aon cheathrú de na scoileanna sin (29.3%). Ní raibh siad indibhidiúlaithe ná fiúntach i mbeagnach aon chúigiú (18.5%) díobh, agus bhí scóip ann feabhas a chur orthu i níos mó ná a leath (52.2%).

Moltaí:

Áirítear trí phríomh-mholadh leis an tuarascáil:

  • Ba cheart do cheannairí scoile a chinntiú go bhfuil comhad tacaíochta scoláire i bhfeidhm do gach leanbh agus duine óg atá ag fáil tacaíocht bhreise ó mhúinteoirí oideachais speisialta
  • Ba cheart riachtanais foghlama tosaíochta an scoláire a bheith sainaitheanta go soiléir i bpleananna tacaíochta scoláire
  • Ba cheart do mhúinteoirí a chinntiú go bhfuil na spriocanna i bpleananna tacaíochta scoláire indibhidiúlaithe agus fiúntach

Ag deireadh na tuarascála, tá ceisteanna ann chun tacú le múinteoirí agus le ceannairí scoile machnamh a dhéanamh ar an dóigh a bhforbraíonn siad an comhad tacaíochta scoláire agus ar an dóigh a n-úsáideann siad é.

Ag foilsiú na tuarascála di, dúirt Yvonne Keating, an Príomhchigire:

“Aithnítear sa tuarascáil seo ón gCigireacht an dea-chleachtas atá ar bun i roinnt mhaith bunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus scoileanna speisialta i ndáil le comhaid tacaíochta scoláire. Is údar misnigh ar leith iad na hiarrachtaí atá déanta ag múinteoirí chun comhaid tacaíochta scoláire a fhorbairt agus chun spriocanna nuashonraithe, fiúntacha agus indibhidiúlaithe a chur san áireamh iontu. Mar sin féin, tarraingítear aird sa tuarascáil ar an scóip atá ann feabhsúchán a dhéanamh i roinnt réimsí tábhachtacha. Áirítear leo sin an ceanglas atá ann comhad tacaíochta scoláire a choimeád do gach leanbh agus duine óg atá ag fáil tacaíochta chun a chinntiú go bhfuil na spriocanna foghlama indibhidiúlaithe agus fiúntach. Tá rún daingean ag an gCigireacht tacú le scoileanna agus le múinteoirí na moltaí sin a chur chun feidhme.”

D’fháiltigh Hildegarde Naughton TD, an tAire Oideachais agus Óige, roimh an bhfoilseachán, agus í ag rá:

“Tá na dea-chleachtais atá leagtha amach sa tuarascáil seo ina léiriú ar dhíograis, phroifisiúntacht, agus thiomantas na gceannairí scoile agus na múinteoirí agus iad ag tacú le leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na múinteoirí a fhorbraíonn pleananna tacaíochta scoláire atá fiúntach, saincheaptha agus freagrúil gach bliain. Treisítear leanúnachas agus tacaítear le dul chun cinn lena gcuid oibre agus bíonn tionchar díreach ag an obair sin ar cháilíocht an oideachais agus an chúraim ar a mbíonn taithí ag leanaí agus daoine óga.

“Is freagracht bhunúsach é comhaid tacaíochta scoláire a choinneáil cruinn, cothrom le dáta agus athbhreithniú gníomhach a dhéanamh orthu agus is riachtanach iad chun a chinntiú go bhfaigheann gach leanbh an tacaíocht, na hidirghabhálacha agus na deiseanna a theastaíonn uathu chun go n-éireoidh leo. Gan pleananna tacaíochta agus taifid cothrom le dáta, ní féidir le scoileanna tuiscint iomlán a fháil ar an gcaoi a bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag scoláirí, na bacainní a d'fhéadfadh a bheith ann dóibh ná conas ba chóir tacaíochtaí a chur in oiriúint chun freastal ar a gcuid riachtanas athraitheach.

"Tá mé ag iarraidh ar gach scoil agus ar gach múinteoir tús áite a thabhairt don obair seo go comhsheasmhach. Tá sé tuillte ag gach leanbh go n-aithneofar a gcuid riachtanas go soiléir, go ndéanfaí monatóireacht chúramach ar a ndul chun cinn agus go ndéanfaí athbhreithniú rialta ar a gcuid tacaíochtaí. Tá comhaid tacaíochta scoláire cothrom le dáta lárnach chun é sin a bhaint amach agus is ríthábhachtach iad chun oideachas ionchuimsitheach, sofhreagrach agus éifeachtach a sholáthar do chách.

“Tá súil agam go dtacófaí le níos mó scoileanna fós na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach do gach leanbh agus duine óg leis na moltaí agus na ceisteanna machnamhacha sa tuarascáil seo.”

Dúirt Michael Moynihan TD, an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Ionchuimsiú:

“Tá ríthábhacht ag baint le cumarsáid fhiúntach idir múinteoirí agus tuismitheoirí/caomhnóirí leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Gabhaim buíochas ó chroí le scoileanna agus le múinteoirí as an obair iontach a dhéanann siad chun spriocanna a shocrú le haghaidh foghlaim fhiúntach agus chun caidreamh cuiditheach a dhéanamh le tuismitheoirí/caomhnóirí maidir le conas is fearr is féidir tacú lena leanbh. Leanfaidh mé le hobair i gcomhar le gach geallsealbhóir chun a fháil amach conas is fearr is féidir linn na moltaí a chur chun feidhme agus úsáid cheisteanna machnamhacha na tuarascála seo i scoileanna a chur chun cinn.”

Tá an tuarascáil iomlán ar fáil anseo: Foilseacháin na Cigireachta

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, seol ríomhphost chuig Inspectorate@education.gov.ie

CRÍOCH

Tuilleadh faisnéise faoin Leanúntas Tacaíochta agus faoi chomhaid tacaíochta scoláire

  • Is é atá sa Leanúntas Tacaíochta creat atá ceaptha dá úsáid chun láidreachtaí agus riachtanais leanaí agus daoine óga a shainaithint agus chun faireachán a dhéanamh ar an bhfreagairt d’idirghabhálacha. Aithnítear sa chreat go mbíonn riachtanais speisialta oideachais le sonrú feadh leanúntais. Tá sa leanúntas trí leibhéal le haghaidh measúnú, pleanáil idirghabhála agus athbhreithniú. Tá tuilleadh faisnéise faoin leanúntas tacaíochta ar fáil anseo.
  • I gcás go gcomhaontaítear go bhfuil údar ann le hidirghabhálacha spriocdhírithe ag leibhéal na ‘Tacaíochta Scoile do Roinnt’ nó ag leibhéal na ‘Tacaíochta Scoile Móide do Bheagán’ mar gheall ar riachtanas an linbh nó an duine óig, taifeadtar an méid sin i gcomhad tacaíochta scoláire.
  • Is ionann comhad tacaíochta scoláire agus doiciméad uileghabhálach a úsáideann scoileanna do leanaí agus daoine óga atá ar an leanúntas tacaíochta. Tá an fhaisnéis ar fad atá ábhartha don tacaíocht bhreise a fhaigheann an leanbh nó an duine óg sa scoil ann.
  • Is ionann plean tacaíochta scoláire agus plean foghlama indibhidiúlaithe atá sa chomhad tacaíochta scoláire. Doiciméadaítear ann riachtanais foghlama tosaíochta an linbh nó an duine óig, spriocanna foghlama an linbh nó an duine óig, agus gníomhartha sonracha atá ceaptha chun na spriocanna sin a bhaint amach. Soláthraítear i bpleananna tacaíochta scoláire faisnéis atá ar fáil go héasca chun cabhrú le múinteoirí cineálacha cur chuige teagaisc agus foghlama agus gníomhaíochtaí a phleanáil atá freagrúil do riachtanais agus cumais an linbh nó an duine óig.
  • Tá tuilleadh faisnéise ar fáil anseo:
  • Tá treoirlínte do bhunscoileanna maidir leis an gcomhad agus an plean tacaíochta scoláire ar fáil sa doiciméad dar teideal Treoirlínte do Bhunscoileanna: Ag Tacú le Leanaí i Ranganna Príomhshrutha a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu.
  • Tá treoirlínte d’iar-bhunscoileanna ar fáil sa doiciméad dar teideal Treoirlínte d’Iar-bhunscoileanna: Ag Tacú le Daoine Óga i Ranganna Príomhshrutha a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat