Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugtar aitheantas i Seóthaispeántas Cineáltas na Roinne Oideachais agus Óige do thionscnaimh frithbhulaíochta le linn Sheachtain na Frithbhulaíochta

Rinne an tAire Oideachais Helen McEntee agus an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Michael Moynihan comhghairdeas le bunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus scoileanna speisialta atá ag glacadh páirte sa dara Seóthaispeántas bliantúil maidir le Cineáltas atá á reáchtáil ag an Roinn Oideachais agus Óige i bPáirc an Chrócaigh inniu.

Déanann an ócáid ceiliúradh agus léiriú ar an dea-obair atá ar siúl ag scoileanna ar fud na tíre chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi agus chun cuimsiú, éagsúlacht agus folláine a chur chun cinn.

Tá 'Muintearas' mar théama ag seóthaispeántas na bliana seo – rud a léiríonn téama Sheachtain na Frithbhulaíochta, a thosaigh Dé Luain, an 10 Samhain agus a mhairfidh go dtí Dé hAoine, an 14 Samhain.

Ina measc siúd a bhfuil a gcuid iarrachtaí chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi á gcur ar taispeáint acu tá:

  • Grúpa daltaí óga ó Scoil Náisiúnta Naomh Ultan, Contae na Mí, a chuireann mothú muintearais chun cinn trí thionscnaimh amhail An Crann Buíochais, 'Cé go bhfuilimid difriúil, snámhaimid go léir le chéile', a léiríonn croílár an mhuintearais go físiúil.

  • Daltaí ó Scoil Náisiúnta Chill Bhearaigh, Contae Chill Dara, atá ag cur béim ar thionscnaimh a chabhraíonn le timpeallacht dhearfach, chuimsitheach agus fháilteach a chruthú do dhaltaí agus dá dteaghlaigh. Ina measc sin tá Seachtain Cineáltais agus Folláine, Ambasadóirí Cineáltais Ranga, agus teastais 'Caught Being Kind'.

  • Scoláirí ó Mheánscoil na mBráithre Críostaí, Ros Comáin, atá ag cur a gclár lárnach ar taispeáint, ar clár é a dearadh chun Bí Cineálta agus a gcroíluachanna a chur chun cinn. Chomh maith leis sin, chuir siad cód QR leis atá le feiceáil i ngach dialann scoláire a nascann le huirlis tuairiscithe d'iompraíocht bulaíochta agus a chuireann a bpolasaí Bí Cineálta atá oiriúnach do scoláirí chun cinn.

Dúirt an tAire Oideachais, Helen McEntee:

"Is é an rud is tábhachtaí domsa ná go mbraitheann gach leanbh agus duine óg sábháilte agus sona agus go mothaíonn siad go bhfuiltear ag tacú leo le linn a gcuid ama ar scoil. Mar sin féin, dóibh siúd a fhulaingíonn bulaíocht, is eol dúinn go bhféadfadh sé cur as go mór dá bhféinmheas agus dá bhféinmhuinín, agus gur minic a bhíonn tionchar fadtéarmach aici orthu.

"Is éard atá i gceist le himeacht an lae inniu ná ceiliúradh a dhéanamh ar na bealaí cruthaitheacha atá ag ár bpobail scoile chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi. Is meabhrúchán iontach iad na smaointe agus an fuinneamh atá ar taispeáint ar an obair iontach atá ar siúl i scoileanna ar fud na tíre."

Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan:

"Is fíorphribhléid dom a bheith anseo inniu, ag plé leis na leanaí, leis na daoine óga agus leis na pobail scoile atá i gcroílár Cineáltas. Tá sé thar a bheith tábhachtach go n-oibreoimid le chéile inár scoileanna agus ar fud ár bpobal i gcoitinne chun dul i ngleic leis an mbulaíocht a d'fhéadfadh teacht chun cinn inár scoileanna.

"Ní rud é ar cheart go mbeadh leanbh ná duine óg ar bith á fhulaingt. Cé go bhfuil gach pobal scoile uathúil, tá siad go léir ag déanamh iarrachtaí tuisceanacha agus fiúntacha lena chinntiú go bhfuil a dtimpeallachtaí cuimsitheach, tacúil agus fáilteach do gach duine."

Tá imeacht seóthaispeántais Cineáltas mar chuid d’fhorfheidhmiú Cineáltas, cur chuige oideachais uile na Roinne Oideachais agus Óige maidir le hiompraíocht bhulaíochta i scoileanna a chosc agus dul i ngleic léi.

Chomh maith le deis a bheith acu a dtionscnaimh a chur ar taispeáint, cloisfidh lucht freastail ag Seóthaispeántas Cineáltas ó Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Óige Bernie McNally agus ó roinnt scoláirí a ghlacfaidh páirt i bplé painéil.

Nótaí d’Eagarthóirí

Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht

Is é Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht cur chuige oideachais uile na Roinne Oideachais agus Óige chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi i scoileanna. Tá sé dírithe ar bhulaíocht, cibearbhulaíocht, bulaíocht chiníoch, bulaíocht maidir le féiniúlacht inscne agus ciapadh gnéasach, i measc réimsí eile, a chosc agus dul i ngleic leo i scoileanna.

Tá Cineáltas dírithe ar chur chuige atá bunaithe ar chearta an linbh agus soláthraíonn sé fís chomhchoiteann agus treochlár soiléir maidir leis an mbealach ar féidir le pobal uile an oideachais agus leis an tsochaí oibriú i gcomhar chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi inár scoileanna.

Foilsíodh an Plean Forfheidhmithe do Cineáltas i mí Aibreáin 2023 agus tá tiomantas ann gach ceann de na 61 beart atá in Cineáltas a fhorfheidhmiú laistigh de thréimhse cúig bliana. Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le forfheidhmiú na mbeart. Is féidir teacht ar Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht agus a phlean forfheidhmithe anseo.

Foilsíodh an chéad tuarascáil forfheidhmithe do Cineáltas i mí Iúil 2025 agus is féidir í a fháil ag an nasc seo a leanas: https://assets.gov.ie/static/documents/Cine%C3%A1ltas_Implementation_Report_for_2023.pdf

Tá an Tuarascáil Forfheidhmithe do Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht do 2024 le foilsiú go luath.

Foilsíodh Nósanna Imeachta Bí Cineálta chun Iompraíocht Bhulaíochta a Chosc agus Dul i nGleic léi do Bhunscoileanna agus d'Iar-bhunscoileanna in 2024 agus tá siad á bhforfheidhmiú anois ag gach scoil. Is féidir teacht ar na nósanna imeachta anseo.

In Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht tugtar geallúint go bhfoilseoidh Cigireacht na Roinne tuarascáil bhliantúil bunaithe ar aiseolas ó leanaí, daoine óga, baill foirne scoile agus tuismitheoirí.

Sa tuarascáil Dearcthaí ar Iompar Bulaíochta 2023, tugtar achoimre ar léargais ó scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí agus príomhoidí ar éifeachtacht straitéisí frithbhulaíochta i scoileanna na hÉireann agus tá sí ar fáil anseo. Tá an tuarascáil do 2024 le foilsiú go luath mar chuid de Thuarascáil Bhliantúil na Cigireachta.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat