Fáiltíonn an tAire Foley roimh mhaoiniú AE/NRRP de €63.5 milliún do Leathanbhanda Scoile agus Bonneagar Digiteach do Scoileanna chun tacú le daltaí atá i mbaol míbhuntáiste oideachais mar thoradh ar easpa rochtana ar bhonneagar digiteach
- Foilsithe: 16 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fháiltigh an tAire Oideachais Norma Foley TD, inniu (Dé hAoine 16 Iúil), roimh fhógra a rinne Ursula Von Der Leyen, Uachtarán Choimisiún an AE, ag deimhniú go n-áireofaí togra na Roinne Oideachais do mhaoiniú faoin Plean Náisiúnta um Téarnamh agus Teacht Aniar na hÉireann (NRRP).
Is é an maoiniú atá ceadaithe faoin tsaoráid AE/NRRP don dá thionscadal in earnáil an oideachais ná infheistíocht fhoriomlán de €63.5m.
Leagann an NRRP amach raon tionscadal a mhaoinítear faoi chiste An Chéad Ghlúin Eile AE (NGEU), pacáiste téarnaimh ón Aontas Eorpach chun tacú le ballstáit tar éis phaindéim COVID-19. Is pacáiste téarnaimh uaillmhianach agus comhchoiteann é An Chéad Ghlúin Eile AE a bheidh mar chomhlánú agus mar thaca do fhreagairt náisiúnta gach tíre ar an ngéarchéim.
Cuirfidh an Roinn an dá thionscadal a bhfuil faomhadh acu faoi NRRP na hÉireann i bhfeidhm anois.
Tá sé ar intinn ag an Roinn nascacht leathanbhanda ardluais a sholáthar do gach bunscoil faoi dheireadh 2022/tús 2023. Beidh an chéad tionscadal mar fhorlíonadh ar sholáthar leathanbhanda ardluais taobh le soláthar faoin Plean Náisiúnta Leathanbhanda, agus soláthar tráchtála trí Chlár Leathanbhanda na Scoileanna.
Is é aidhm an dara tionscadal ná maoiniú a sholáthar do scoileanna chun tacú leis na foghlaimeoirí is mó atá i mbaol míbhuntáiste oideachasúil toisc easpa rochtana a bheith acu ar infreastruchtúr digiteach cuí, agus dá réir sin dul i ngleic leis an deighilt dhigiteach.
Dúirt an tAire Foley:
“Is iontach an scéal é seo. Táim an-sásta go bhfuil dhá thionscadal tosaíochta don chóras oideachais ar tugadh tacaíocht dóibh ag leibhéal náisiúnta agus AE agus gur cuireadh iad san áireamh mar chuid de cheadú an NRRP ó Choimisiún an AE.
“Táimid ag tógáil anois ar an dul chun cinn suntasach agus ar na hiarrachtaí suntasacha atá déanta maidir le húsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha sa teagasc agus san fhoghlaim le linn na paindéime agus déanfaidh na tionscadail NRRP an dul chun cinn sin a chumasú. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbíonn fáil ag scoileanna ar leathanbhanda ardluais agus gur féidir linn rochtain chomhionann ar fheistí agus ar bhonneagar digiteach a chinntiú, ionas gur féidir linn tacú lenár ndaltaí go léir a lánacmhainneacht a bhaint amach.
“In Éirinn agus ar fud na hEorpa, tá a fhios againn go ndeachaigh an phaindéim i bhfeidhm go díréireach orthu siúd atá i mbaol míbhuntáiste oideachasúil. Rachaimid i mbun oibre anois chun an maoiniú seo a leithdháileadh ar scoileanna trí scéim atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do na leanaí agus na daoine óga seo.
“Cuirfidh an infheistíocht fheabhsaithe atá le soláthar faoin NRRP go mór leis an iarracht lena chinntiú go mbíonn an teicneolaíocht agus an bonneagar i bhfeidhm chun tacú le teagasc agus foghlaim sa seomra ranga ar fud na scoileanna go léir agus chun aon bhaol maidir le deighilt dhigiteach a chealú."
Nótaí d’Eagarthóirí
Chuir an Roinn Oideachais dhá thionscadal san áireamh faoi iarratas NRRP na hÉireann do mhaoiniú AE.
Cuideoidh Tionscadal A gach bunscoil sa tír a thabhairt chuig nascacht leathanbhanda ardluais faoi dheireadh 2022/tús 2023. Tríd an gclár Leathanbhanda Scoileanna, tá breis agus 1,000 bunscoil ar nascacht 100 Mbp/s nó níos mó faoi láthair, agus faoi dheireadh 2021 beidh an líon seo méadaithe go thart ar 1,600 scoil. Déanfar an t-iarmhéid a uasghrádú le linn 2022. Tá sé seo á sheachadadh trí limistéar Idirghabhála an Phlean Leathanbhanda Náisiúnta, soláthar tráchtála agus an tionscadal seo atá á mhaoiniú faoin NRRP. Tá an tionscadal á mhaoirsiú ag Grúpa Stiúrtha, faoi chathaoirleacht na Roinne Oideachais, ar a bhfuil ionadaithe ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, HEAnet (soláthraithe an Líonra Scoileanna), agus an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí - Teicneolaíocht san Oideachas. Táthar ag súil, faoin tionscadal seo, go gcuirfear tús níos déanaí i mbliana le suiteáil na seirbhísí don chéad tráinse scoileanna.
Beidh €50m ar fáil ó Tionscadal B, trí scéim mhaoinithe aonuaire do scoileanna, agus díreofar ar na foghlaimeoirí sin is mó atá i mbaol míbhuntáiste oideachasúil de bharr a stádais shocheacnamaíoch: daltaí an Lucht Siúil, daltaí a bhfuil cónaí orthu faoi láthair i soláthar díreach nó i gceantair iargúlta tuaithe. Cé go bhfuil bearna ann cheana féin maidir lena dtorthaí oideachasúla agus maidir le hiad a a choinneáil go dtí an Ardteistiméireacht, léirigh staidéir freisin go raibh tionchar díréireach ag Covid-19 ar thorthaí na ndaltaí seo.
Eiseofar maoiniú go díreach chuig scoileanna mar is iad sin is fearr a bheidh ábalta éagothroime a aithint agus dul i ngleic leis lena chinntiú go dtacaítear leis na foghlaimeoirí sin is mó atá i mbaol agus go mbeidh rochtain acu ar na teicneolaíochtaí digiteacha cuí a bhíonn de dhíth orthu chun gach deis a thabhairt dóibh a lánacmhainneacht a bhaint amach. Tá sonraí na scéime á bhforbairt agus beidh siad bunaithe ar na sonraí atá ar fáil agus ar fhoghlaim ón taighde fairsing atá ar fáil ar thionchar Covid-19 ar na foghlaimeoirí seo.