Fáiltíonn an tAire Foley roimh mheastóireacht dhearfach ar an Tionscadal Píolótach ríomh-Mhoil Ghaeltachta

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Foley roimh mheastóireacht dhearfach ar an Tionscadal Píolótach ríomh-Mhoil Ghaeltachta

D’fháiltigh an tAire Oideachais, Norma Foley TD inniu roimh fhoilsiú tuarascála meastóireachta ar chur i bhfeidhm an Tionscadail Phíolótaigh ríomh-Mhoil don Ghaeltacht, a chuir An Chigireacht Oideachais agus Oiliúna (COO), Tuaisceart Éireann i gcrích le déanaí.

Dúirt an tAire:

"Tá ríméad orm gur chinn an mheastóireacht neamhspleách COO gur tionscadal an-éifeachtach é an Tionscadal Píolótach ríomh-Mhoil."

Is é cuspóir an Tionscadail Phíolótaigh ríomh-Mhoil trí bliana a thosaigh i scoileanna in 2019 ná úsáid a bhaint as seachadadh foghlama cumaisc ar líne chun an réimse ábhar atá ar fáil trí mheán na Gaeilge a leathnú chuig scoláirí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta, ag tosú le Fisic na hArdteistiméireachta, Ardleibhéal.

"Ba mhaith liom an Tionscadal Píolótach ríomh-Mhoil don Ghaeltacht a mholadh mar shampla den scoth den nuálaíocht, agus comhghairdeas a dhéanamh leis na daoine go léir a bhfuil baint acu le soláthar an tionscadail den scoth seo. Tugaim ardmholadh ar leith do na scoláirí agus dá dtuismitheoirí as ucht a bheith rannpháirteach sa tionscadal, agus molaim iarrachtaí na ríomh-Mhúinteoirí agus na ríomh-Mheantóirí mar aon le comhoibriú na bpríomhoidí agus na bhfoirne sna scoileanna glacadóra.

"Tugaim faoi deara conclúidí thuarascáil na COO go léiríonn rath an Tionscadail Phíolótaigh ríomh-Mhoil an acmhainn atá ann chun i bhfad níos mó comhoibrithe ar líne a dhéanamh ar fud iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta.

"Léiríonn an sárthuarascáil seo tiomantas agus díograis na ndaoine go léir a bhfuil baint acu leis an tionscadal. Guím gach rath, ina gcuid staidéir ar na scoláirí go léir atá ag tabhairt faoin gcúrsa Fisice ardteistiméireachta, ardleibhéal, sa tionscadal."

Chinn an mheastóireacht gur tionscadal éifeachtach é chun a chur ar chumas scoláirí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta staidéar a dhéanamh ar Fhisic Ardteistiméireachta trí mheán na Gaeilge ag baint úsáide as foghlaim ar líne. Thuairiscigh an COO go bhfuil ag éirí go maith leis an tionscadal, go bhfuil sé oiriúnach dá fheidhm, go bhfuil acmhainní maithe aige, agus go bhfuil sé á bhainistiú go héifeachtach ag an Roinn Oideachais agus a cuid gníomhaireachtaí, H2 Learning, na ríomh-Mhúinteoirí san dá scoil a sholáthraíonn na ríomh-mhoil, agus ag na ríomh-Mheantóirí sna hocht scoil ghlacadóra.

Fuair an tuarascáil amach gur éascaigh an tionscadal píolótach ríomh-Mhoil timpeallacht shábháilte don bhfoghlaim dhigiteach a chruthú do scoláirí, timpeallacht a thacaíonn le teagasc agus foghlaim chomhoibritheach agus a bhí ina chabhair chun cur le soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge in iar-bhunscoileanna i gceantair Ghaeltachta.

Faoi láthair tá triúr ríomh-Mhúinteoirí lonnaithe in dhá scoil ríomh-Mhoil - Coláiste na Coiribe i nGaillimh agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne i gCiarraí. Tá siad ag seachadadh an chúrsa Ardteistiméireachta do 22 scoláire in ocht n-iar-bhunscoil ghlacadóra Ghaeltachta (trí scoil oileáin san áireamh) faoi mhaoirseacht ríomh-Mheantóirí.

Chríochnaigh beirt scoláirí ón gcéad chohórt scoláirí rannpháirteacha an Ardteistiméireacht in 2020, agus táthar ag súil go gcríochnóidh suas le seisear scoláirí an Ardteistiméireacht i 2021 agus go gcríochnóidh suas go 16 scoláire an Ardteistiméireacht in 2022.

Is féidir teacht ar an tuarascáil fhoilsithe ‘Meastóireacht Neamhspleách ar an Tionscadal Píolótach Digiteach ríomh-Mhoil’ anseo: https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/meastoireacht-neamhspleach-ar-thionscadal-piolotach-an-rmhoil/

Nótaí

  • faoi Cholún Tacaíochta 1 den Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, Struchtúr an tSoláthair Oideachais a Láidriú, moladh go mbunófaí mol-scoil nó ríomh-scoil ag a bhfuil seomraí ranga fíorúla mar rogha chun an réimse roghanna curaclaim atá ar fáil do scoláirí in iar-bhunscoileanna beaga a leathnú
  • forbraíodh an tionscadal píolótach ríomh-Mhoil trí bliana agus cuireadh i bhfeidhm é chun cuspóir an mholta seo sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 a bhaint amach
  • is múinteoirí iad ríomh-Mhúinteoirí atá lonnaithe i scoileanna ríomh-mhoil agus ar cuireadh oiliúint orthu chun an tionscadal a sheachadadh i scoileanna
  • is múinteoirí iad ríomh-Mheantóirí atá lonnaithe i scoileanna glacadóra agus a éascaíonn cur i bhfeidhm an tionscadail i scoileanna glacadóra, lena n-áirítear maoirseacht a dhéanamh ar scoláirí atá rannpháirteach sa tionscadal
  • tá acmhainní breise faighte ag na scoileanna rannpháirteacha uile chun tacú le cur i bhfeidhm an tionscadail. Áirítear leis seo uaireanta teagaisc breise chun gur féidir ríomh-Mhúinteoirí agus ríomh-Mheantóirí a scaoileadh. Cuireadh deontais chun trealamh digiteach a cheannach ar fáil freisin
  • tá gach scoil atá rannpháirteach sa tionscadal píolótach ríomh-Mhoil rannpháirteach i Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta freisin

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat