Fáiltíonn na hAirí Foley agus Madigan roimh an gcinneadh teagasc agus foghlaim ionscoile a thabhairt ar ais ina gcéimeanna, ag tosú Dé Luain, 1 Márta
- Foilsithe: 23 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fháiltigh an tAire Oideachais Norma Foley TD agus an tAire Stáit Josepha Madigan TD roimh chinneadh an Rialtais inniu na chéad chéimeanna eile a thógáil chun gur féidir le daltaí bunscoile agus scoláirí iar-bhunscoile filleadh ar sholáthar ionscoile.
Ag tógáil ar fhilleadh leanaí ar scoileanna speisialta agus ar ranganna speisialta bunscoile agus iar-bhunscoile le cúpla seachtain anuas, tá cinneadh déanta ag an Rialtas daltaí agus scoláirí a thabhairt ar ais ar scoil ina gcéimeanna.
Leagadh síos na céimeanna seo i ndlúthchomhar le páirtithe leasmhara oideachais agus tar éis teagmháil leanúnach leis an Roinn Sláinte agus leis na ranna sláinte poiblí d’FSS.
D'athdhearbhaigh an Roinn Sláinte agus FSS gur timpeallachtaí riosca íseal iad scoileanna iontu féin agus gur féidir iad a athoscailt de réir a chéile ag an am seo. Tá athbhreithniú déanta ag lucht sláinte poiblí ar na bearta atá curtha i bhfeidhm chun oibriú sábháilte scoileanna a chinntiú agus tá siad sásta go gcoinneoidh na bearta coiscthe agus rialaithe ionfhabhtaithe seo, má chloítear go docht leo, pobal na scoile sábháilte le linn na tréimhse seo. Deir siad go neamhbhalbh go gcaithfidh scoláirí agus daltaí, baill foirne agus tuismitheoirí, cloí le gach ceann de na bearta seo.
Beidh tréimhse ama idir gach dhá chéim chun tionchar na hathoscailte ar ghnéithe den tras-seoladh pobail a mheas.
Dé Luain 1 Márta fillfidh na chéad cheithre ghrúpa ranga bunscoile – naíonáin shóisearacha agus shinsearacha, ranganna a haon agus a dó – agus mic léinn Ardteistiméireachta na bliana deiridh ar sholáthar ionscoile. Sa chéim seo fillfidh leanaí i scoileanna speisialta go hiomlán, chomh maith le leanaí i ranganna réamhscoile luath-thosaithe agus leanaí atá ar speictream an uathachais nó a bhfuil lagú éisteachta acu agus atá i ranganna speisialta luath-idirghabhála.
Is é Dé Luain 15 Márta an spriocdháta chun an chuid eile de na leanaí bunscoile a thabhairt ar ais ar scoil – ranganna a trí go dtí a sé, mar aon le scoláirí Ardteistiméireachta sa chúigiú bliain. Athbhreithneofar an dáta seo sa tréimhse tar éis an 1 Márta.
Is é Dé Luain 12 Aibreán, tar éis shos na Cásca, an spriocdháta chun an chuid eile de na scoláirí iar-bhunscoile a thabhairt ar ais ar scoil – scoláirí atá sna chéad, dara, tríú agus ceathrú blianta.
Cuirfear deireadh leis an soláthar cianda teagaisc agus foghlama do na scoláirí agus daltaí i ngach catagóir a luaithe a chuirfear tús leis an teagasc ionscoile.
Dúirt an tAire Foley:
“Tá áthas orm gur féidir linn inniu, tar éis dianchainteanna leis na comhpháirtithe oideachais, na spriocdhátaí a leagan síos chun gach mac léinn a thabhairt ar ais chuig an bhfoghlaim ionscoile.
“Is eol dúinn go léir na hiarmhairtí tubaisteacha a thagann as dúnadh na scoileanna do dhaoine aonair, do theaghlaigh agus don tsochaí.
“Bíonn tionchar ag dúnadh na scoileanna ar fholláine, ar fhoghlaim, agus ar fhorbairt shóisialta agus mhothúchánach leanaí. Is príomhthosaíocht don Rialtas é lucht na scoileanna a thabhairt ar ais go sábháilte, na scoileanna a athoscailt go sábháilte agus iad a choimeád ar oscailt.
“Tá sé ríthábhachtach go leanfaimis orainn ag déanamh dul chun cinn maidir le scaipeadh Covid-19 a rialú ionas gur féidir lenár ndaltaí agus scoláirí filleadh ar an scoil ar bhonn seasmhach.
“Admhaím go bhfuil athoscailt de réir a chéile dúshlánach do go leor daoine, de bhrí go mbeidh leanaí d’aoisghrúpaí difriúla sna teaghlaigh chéanna ag filleadh ag amanna difriúla. An cuspóir atá againn leis an bhfilleadh cúramach de réir a chéile ná teorainn a chur i gcónaí le soghluaisteacht an phobail agus teorainn a chur le scaipeadh an víris.
“Iarraim ar gach tuismitheoir comharthaí Covid-19 a athbhreithniú, le cinntiú nach dtéann leanaí a bhfuil comharthaí orthu ar scoil agus go dtuigeann gach duine óg na rialacha atá le comhlíonadh ar scoil.
“Iarrtar orainn cloí leis na rialacháin maidir le bheith scartha amach óna chéile agus fanacht sa bhaile mura bhfuil sé riachtanach dul amach. Ba chabhair é do na scoileanna mura dtiocfadh daoine le chéile ag geataí na scoile. Tuigimid go léir a thábhachtaí atá athoscailt na scoileanna agus caithfimid ár ndícheall a dhéanamh chun gur féidir le gach dalta agus scoláire filleadh ar an scoil a luaithe is féidir. “
Is tosaíocht i gcónaí é an soláthar do dhaltaí agus scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus admhaítear go bhfuil obair fós le déanamh le cinntiú gur féidir le gach dalta agus scoláíre a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu filleadh ar a rang i scoileanna príomhshrutha.
Iarrfar ar bhunscoileanna a gcuid múinteoirí oideachais speisialta a leithdháileadh chun gur féidir le daltaí RSO atá i ranganna a trí go dtí a sé filleadh sa chéad tréimhse idir an 1 agus an 15 Márta, an dáta ar a mbeartaítear na daltaí bunscoile uile a thabhairt ar ais.
Cuirfear síneadh coicíse (soláthar deich n-uaire an chloig) leis an gclár forlíontach atá i bhfeidhm faoi láthair do dhaltaí i ranganna a trí go dtí a sé sa bhunscoil a bhfuil riachtanais bhreise acu agus do scoláirí iar-bhunscoile a bhfuil riachtanais bhreise acu agus nach mbeidh ag filleadh sa chéim a thosóidh ar an 1 Márta.
Tá clár á chur i dtoll a chéile faoi láthair chun soláthar samhraidh breisithe a thabhairt do pháistí a bhfuil riachtanais bhreise acu agus dóibh siúd atá faoi mhíbhuntáiste oideachais, cosúil leis an gclár a cuireadh ar fáil i samhradh 2020. Déanfar sonraí an chláir a réiteach leis na comhpháirtithe oideachais sna míonna amach romhainn.
Dúirt an tAire Madigan:
“Fáiltím roimh an gcinneadh bogadh ó acmhainn 50% go hacmhainn 100% sna scoileanna speisialta. Is forbairt thábhachtach í seo do na daltaí agus na scoláirí seo atá sa ghrúpa is airde riachtanas agus cinnteoidh é gur féidir leo filleadh ar shaol agus struchtúr iomlán na scoile.
“Ba é mo thuairim i gcónaí, agus tuairim an Aire Foley agus na Roinne, go gcaithfear tús áite a thabhairt don oideachas speisialta mar chuid d’athoscailt na scoileanna. Chonaiceamar an tionchar a bhí ag tréimhsí fada de dhúnadh na scoileanna ar dhaltaí agus ar scoláirí nach féidir leo leas a bhaint as an gcianfhoghlaim. Caithfidh na daltaí agus na scoláirí seo filleadh ar an oideachas pearsanta a luaithe is féidir. Go dtí seo, d’éirigh linn ár scoileanna speisialta agus ranganna speisialta ar fud na tíre a athoscailt agus tá áthas orm gur féidir leis na daltaí agus na scoláirí seo filleadh ar scoil le bheith i measc a bpiaraí, a CRSanna, agus a múinteoirí. Léiríonn an dul chun cinn go dtí seo a dháiríre atáimid faoinár ngealltanas sa réimse seo. Nílimid ag deireadh an turais, áfach.
“Tabharfaidh fógra an lae inniu faoiseamh do go leor teaghlach, lena n-áirítear na daltaí is óige a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus a bheidh ag dul ar ais ar scoil. Tá obair le déanamh fós le cinntiú gur féidir le gach dalta nó scoláire a bhfuil riachtanais bhreise acu filleadh ar a seomra ranga sna scoileanna príomhshrutha. D’éist mé le himní na ndaoine óga seo agus a dteaghlaigh. Mar ab amhlaidh riamh, geallaimid na scoileanna a athoscailt go hiomlán a luaithe is féidir de réir na comhairle sláinte, gach imní a mhaolú, dul chun cainte go forleathan le páirtithe leasmhara éagsúla, agus réiteach a fháil do chách. Idir an dá linn, déanfaimid ár ndícheall gach tacaíocht is féidir a chur ar fáil do dhaltaí agus do scoláirí, lena n-áirítear clár samhraidh breisithe a sholáthar do 2021. Ag deireadh an lae, níl aon réiteach eatramhach chomh héifeachtach le hoideachas ionscoile do chách. Is é sin ár dtreoirphrionsabal.“
Tá creat curtha ar fáil againn do na scoileanna don fhilleadh ar an bhfoghlaim phearsanta, ina leagtar amach na tacaíochtaí sláinte poiblí agus na bearta maolaithe riosca sna seomraí ranga agus sna scoileanna. Cuimsíonn sé seo samhail eatramhach fad a bheidh na scoileanna ar oscailt go páirteach lena n-áirítear socruithe solúbtha don bhainistíocht, don fhoireann agus do leanaí. Beidh an creat solúbtha seo mar bhonn taca le hathoscailt na scoileanna sna chéad chéimeanna seo amach romhainn.
Tá cainteanna ar siúl i gcónaí idir an Roinn Oideachais agus lucht sláinte poiblí agus an Roinn Sláinte, atá lándáiríre faoi thacú leis na scoileanna. Beidh foirne feabhsaithe scoile, a cuireadh ar bun chun tacú leis na scoileanna ó Dheireadh Fómhair seo caite, ar fáil chun tacú le scoileanna le linn na hathoscailte agus ina dhiaidh.
Leanfar den chur chuige sláinte poiblí i leith Covid-19 a bhainistiú sna scoileanna mar a rinneadh cheana. Leanfar de gach soláthar sna scoileanna a chur ar fáil de réir chomhairle sláinte poiblí a oireann do shuíomhanna oideachais agus leanfaidh an Roinn de gach beart riachtanach coiscthe agus rialaithe ionfhabhtaithe a mhaoiniú agus a thacú le gur féidir sábháilteacht an phobail scoile a chinntiú.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Seolfar creatphlean d’athoscailt na scoileanna de réir a chéile chuig na scoileanna tráthnóna.
Tá raon ábhar ar fáil do na scoileanna chun tacú le cumarsáid le tuismitheoirí, daltaí
agus scoláirí agus chun teachtaireachtaí sláinte poiblí a dhaingniú. Ina measc sin tá teachtaireachtaí físeáin ó dhochtúirí sláinte poiblí ar conas a bheith sábháilte ar scoil, póstaeir/grafaicí digiteacha agus beochana agus físeáin dhigiteacha.
Is féidir póstaeir a phriontáil agus acmhainní digiteacha a sheoladh trí ríomhphost nó a uaslódáil chuig cainéil scoile mar Aladdin Connect nó Seesaw agus chuig cainéil meán sóisialta.
Tá ábhar breise á chur leis an liosta seo agus eiseofar nuashonruithe breise sna laethanta amach romhainn de réir mar a chuirfear ábhar nua leis. Beidh gach ábhar ar fáil anseo: https://www.gov.ie/en/collection/5572b-back-to-school-advice-for-parents-students-and-families/ agus ar fhotha Twitter na Roinne @Education_Ire