Fáilte curtha ag an Aire Oideachais agus Óige roimh rannpháirtíocht láidir sa Suirbhé Náisiúnta Bunscoile agus tuismitheoirí agus pobail scoile ag léiriú a dtuairimí faoi thodhchaí na mbunscoileanna

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha ag an Aire Oideachais agus Óige roimh rannpháirtíocht láidir sa Suirbhé Náisiúnta Bunscoile agus tuismitheoirí agus pobail scoile ag léiriú a dtuairimí faoi thodhchaí na mbunscoileanna

Chuir an tAire Oideachais agus Óige Hildegarde Naughton fáilte inniu roimh an leibhéal rannpháirtíochta thar a bheith ard sa Suirbhé Náisiúnta Bunscoile, agus breis is 200,000 teaghlach ag cur freagraí bailíochtaithe isteach, mar aon le rannpháirtíocht láidir ó fhoirne scoile agus ó Bhoird Bhainistíochta.

Céim thábhachtach is ea an fhreagairt shuntasach seo chun a chinntiú go bhfuil tuismitheoirí agus pobail scoile lárnach i múnlú threo an oideachais bunscoile sa todhchaí.

Tá an roinn ag leanúint ar aghaidh lena hanailís mhionsonraithe ar shonraí an tsuirbhé agus tá sí ag ullmhú torthaí deiridh a bhaineann go sainiúil le gach ceann den bhreis is 3,200 bunscoil a ghlac páirt.

Léiríonn na réamhthorthaí náisiúnta:

  • Gur mian le thart ar 60% de na tuismitheoirí i scoileanna sainchreidmheacha an t-éiteas sin a choinneáil.
  • Gur mian le thart ar 73% de na tuismitheoirí sna 276 bunscoil aonghnéis bogadh i dtreo an chomhoideachais.
  • Go dtacaíonn thart ar 87% de na tuismitheoirí i scoileanna Béarla leis an mBéarla a choinneáil mar phríomhtheanga theagaisc.

Cé go soláthraíonn na figiúirí sin forbhreathnú náisiúnta, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gurb iad na roghanna laistigh de phobal gach scoile aonair a chinnfidh an treo amach anseo. Beidh an t-éileamh ar athrú, nó ar leanúnachas, éagsúil ó scoil go scoil. Beidh ráta freagartha maith ag leibhéal na scoile aonair ábhartha freisin agus roghanna na dtuismitheoirí á meas.

Sna seachtainí seo amach romhainn, eiseofar tuairiscí mionsonraithe a bhaineann go sainiúil le gach scoil chuig gach ceann den bhreis is 3,200 bunscoil a ghlac páirt. Tacóidh na tuairiscí sin le pátrúin, Boird Bhainistíochta, foirne agus tuismitheoirí agus breithniú á dhéanamh acu ar na chéad chéimeanna eile agus a dtreo sa todhchaí.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton

“Tá pobail na scoileanna tar éis labhairt, agus tá a dteachtaireacht soiléir - is é sin gur mian le tuismitheoirí ról lárnach a bheith acu i múnlú thodhchaí oideachas a gcuid leanaí. Tá leibhéal neamhghnách rannpháirtíochta feicthe againn sa Suirbhé Bunscoile náisiúnta, agus breis is 200,000 teaghlach ag freagairt, rud a léiríonn tiomantas láidir ó theaghlaigh, ó bhaill foirne agus ó Bhoird Bhainistíochta do threo a scoileanna áitiúla.

“Cé go soláthraíonn treochtaí náisiúnta comhthéacs úsáideach dúinn, is é an léargas is tábhachtaí ná go bhfuil gach pobal scoile éagsúil. Ní bheidh an toise céanna ag oiriúint do chách mar threoir do thodhchaí gach scoile, ach roghanna a tuismitheoirí agus a caomhnóirí féin agus phobal na scoile i gcoitinne.”

Lean an tAire Naughton ar aghaidh agus an méid seo a leanas á rá aici

"I roinnt de na pobail tá an-fhonn na traidisiúin agus an t-éiteas atá ann cheana féin a choinneáil. I bpobail eile, tá fonn soiléir ann athrú a dhéanamh, bíodh sé sin i ndáil le cineál nó le struchtúr na scoile. Ní mór go mbeadh meas ar an éagsúlacht tuairimí sin agus go ndéanfaí í a léiriú. De réir mar a eiseofar tuairiscí a bheidh sainiúil don scoil sna seachtainí seo amach romhainn, cumasóidh siad pobail leis an bhfianaise a theastaíonn uathu chun cinntí a bhfuil bonn eolais fúthu a dhéanamh. Baineann sé seo le tuismitheoirí agus pobail scoile a leabú go daingean i gcroílár na cinnteoireachta dá gcuid scoileanna."

Leag an tAire béim ar na nithe seo a leanas:

  • Beidh trédhearcacht iomlán ann agus go foilseofar gach tuairisc atá sainiúil don scoil.
  • Gheobhaidh scoileanna treoir mhíniúcháin shoiléir chun cabhrú leo a gcuid torthaí a léirmhíniú agus na céimeanna atá ar fáil dóibh a thuiscint.
  • Ba cheart go mbeadh an bonn fianaise a sholáthraíonn torthaí shuirbhé na dtuismitheoirí ag tacú le haon athrú ar éiteas nó ar stádas scoile. Beidh am agus spás ag scoileanna machnamh a dhéanamh ar an treo is fearr dá bpobal féin.
  • Cuirfidh an roinn tacaíocht ar fáil do scoileanna a roghnaíonn iarratas a dhéanamh a bheith san áireamh sa chéad tráinse de scoileanna atá ag iarraidh a stádas a athrú.

Ina theannta sin, cuirfidh an roinn tús go luath le comhairliúcháin le príomhpháirtithe leasmhara chun treoir a fhorbairt maidir le socruithe dea-chleachtais chun tacú le daltaí i scoileanna sainchreidmheacha a n-iarrann a dtuismitheoirí nach bhfreastalóidh siad ar theagasc reiligiúnach. Tá sé mar aidhm ag an obair seo a chinntiú go n-aithnítear agus go roinntear dea-chleachtas le scoileanna chun cabhrú leo socruithe praiticiúla, cuimsitheacha a chur i bhfeidhm.

Leanfaidh an roinn de bheith ag tabhairt an eolais is déanaí do phobail scoile, do pháirtithe leasmhara agus don phobal de réir mar a théann an próiseas ar aghaidh chuig a chéad chéim eile.

Nótaí d’eagarthóirí

Miondealú de réir contae ar roghanna tuismitheoirí agus caomhnóirí leanaí atá ag freastal ar an mbunscoil faoi láthair*

CONTAE

An céatadán de thuismitheoirí leanaí i mbunscoileanna sainchreidmheacha a léirigh gurbh fhearr leo go bhfágfaí an t-éiteas sainchreidmheach ag a scoil

An céatadán de thuismitheoirí leanaí sna 276 bunscoil aonghnéis a léirigh gurbh fhearr leo go ndéanfaí scoil chomhoideachais dá scoil

An céatadán de thuismitheoirí leanaí i mbunscoileanna a dhéanann a gcuid teagaisc den chuid is mó trí Bhéarla a léirigh gurbh fhearr leo go bhfanfadh an Béarla mar phríomhtheanga theagaisc

CEATHARLACH

64.7%

70.8%

85.9%

AN CABHÁN

65.5%

82.2%

84.7%

AN CLÁR

59.0%

86.7%

84.8%

CORCAIGH

55.0%

70.0%

87.8%

DÚN NA nGALL

70.9%

Neamhbhainteach

85.3%

BAILE ÁTHA CLIATH

56.3%

71.3%

86.6%

GAILLIMH

61.6%

87.8%

85.5%

CIARRAÍ

63.6%

69.0%

84.9%

CILL DARA

55.9%

79.3%

87.5%

CILL CHAINNIGH

59.4%

74.2%

86.3%

LAOIS

65.8%

66.0%

87.5%

LIATROIM

62.2%

Neamhbhainteach

87.6%

LUIMNEACH

65.0%

63.5%

87.3%

AN LONGFORT

70.5%

73.3%

88.4%

63.8%

67.2%

86.7%

MAIGH EO

66.3%

Neamhbhainteach

85.8%

AN MHÍ

61.1%

76.8%

86.8%

MUINEACHÁN

70.5%

82.3%

88.8%

UÍBH FHAILÍ

68.3%

78.5%

87.8%

ROS COMÁIN

65.8%

72.3%

85.9%

SLIGEACH

59.2%

Neamhbhainteach

84.7%

TIOBRAID ÁRANN

62.1%

73.5%

86.9%

PORT LÁIRGE

54.5%

62.7%

88.8%

AN IARMHÍ

64.7%

74.4%

88.0%

LOCH GARMAN

58.4%

Neamhbhainteach

86.9%

CILL MHANTÁIN

50.5%

78.2%

86.9%

*Cé go léiríonn na figiúirí seo an pictiúr ag leibhéal an chontae, is iad roghanna na dtuismitheoirí ar leibhéal na scoile aonair a léireoidh an t-éileamh iarbhír ar athrú, nó a mhalairt. D’fhéadfadh an t-éileamh a bheith éagsúil ó scoil go scoil, ag brath ar roghanna phobal na dtuismitheoirí i ngach scoil aonair.

**níl aon bhunscoileanna aonghnéis sna contaetha sin.

Cad is brí leis na figiúirí ardleibhéil?

Tugann na figiúirí ardleibhéil léargas ginearálta ar roghanna tuismitheoirí a bhfuil leanaí acu sa bhunscoil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an chontae. Tagraíonn na figiúirí do:

  • roghanna tuismitheoirí agus caomhnóirí leanaí i mbunscoileanna sainchreidmheacha a léirigh gurbh fhearr leo go bhfágfaí an t-éiteas sainchreidmheach ag a scoil;
  • roghanna tuismitheoirí agus caomhnóirí leanaí sna 276 bunscoil aonghnéis a léirigh gurbh fhearr leo go ndéanfaí scoil chomhoideachais dá scoil; agus
  • roghanna tuismitheoirí agus caomhnóirí leanaí i mbunscoileanna a dhéanann a gcuid teagaisc den chuid is mó trí Bhéarla a léirigh gurbh fhearr leo go bhfanfadh an Béarla mar phríomhtheanga theagaisc.

Tá an roinn ag leanúint ar aghaidh lena hanailís mhionsonraithe ar shonraí an tsuirbhé agus tá sí ag ullmhú tuairiscí deiridh a bhaineann go sainiúil le gach bunscoil.

Is iad roghanna na dtuismitheoirí ar leibhéal na scoile aonair a léireoidh an t-éileamh iarbhír ar athrú, nó a mhalairt.

D’fhéadfadh an t-éileamh a bheith éagsúil ó scoil go scoil, ag brath ar roghanna phobal na dtuismitheoirí i ngach scoil aonair. Beidh ráta freagartha maith ar leibhéal na scoile aonair ábhartha freisin agus roghanna na dtuismitheoirí á meas.

Forléargas ar an gcéad rud eile a tharlóidh

Go luath i mí na Bealtaine, gheobhaidh gach bunscoil an tuairisc atá sainiúil dá scoil féin, mar aon le heolas soiléir faoi na céimeanna a d'fhéadfadh a bheith le glacadh ag scoil, i gcás go léiríonn rogha na dtuismitheoirí éileamh ar athrú. Nuair a gheobhaidh scoileanna an tuairisc atá sainiúil dá scoil féin, beidh am agus spás ag gach scoil machnamh a dhéanamh ar thorthaí shuirbhé na dtuismitheoirí. Beidh roghanna thuismitheoirí agus chaomhnóirí na ndaltaí atá sa scoil faoi láthair agus roghanna thuismitheoirí agus chaomhnóirí na ndaltaí a bheidh ag teacht isteach san áireamh sna tuairiscí atá sainiúil don scoil. Beidh treoir san áireamh freisin san eolas a chuirfear ar fáil do scoileanna, ar treoir í a bheidh dírithe ar scoileanna a chumasú chun a gcuid torthaí a léirmhíniú ionas go mbeidh sé soiléir do gach scoil cé acu ar léirigh an rogha go bhfuiltear ag iarraidh go bhfanfadh an scoil mar atá sí nó go bhfuiltear ag iarraidh athrú.

Bunaithe ar roghanna a dtuismitheoirí mar a tugadh ar ais iad sa suirbhé, iarrfar ar scoileanna a mheas an mian leo a bheith san áireamh sa chéad tráinse scoileanna chun aon athruithe is gá a chur i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh an pátrún agus an bonn fianaise a sholáthraíonn torthaí shuirbhé na dtuismitheoirí mar atá siad leagtha amach sa tuairisc atá sainiúil do scoil ag tacú le haon athrú ar éiteas nó ar stádas scoile.

Tá an roinn ag ullmhú an eolais agus na treorach do scoileanna faoi láthair, chomh maith le bheith ag tabhairt tuairiscí atá sainiúil don scoil chun críche. Tá an roinn ag obair freisin ar phlean cumarsáide agus bainistíochta páirtithe leasmhara, agus é mar aidhm aige soiléireacht a sholáthar ar na gnéithe éagsúla, lena n-áirítear soiléireacht maidir lena bhfuiltear ag iarraidh ar scoileanna a dhéanamh.

Cuirfidh an roinn tacaíocht ar fáil do scoileanna a roghnaíonn iarratas a dhéanamh ar a bheith san áireamh sa chéad tráinse de scoileanna atá ag iarraidh aon athruithe is gá a chur i bhfeidhm.

Forbhreathnú ar an bpróiseas bailíochtaithe

Dearadh an suirbhé ionas go mbeadh gach freagra suirbhé faoi réir próiseas bailíochtaithe struchtúrtha tar éis freagraí an tsuirbhé a fháil lena chinntiú go raibh na haighneachtaí fíor, uathúil, agus gur chomhlíon siad na critéir incháilitheachta. San iomlán, fuarthas 241,301 aighneacht suirbhé. Tar éis an phróisis bailíochtaithe, bailíochtaíodh 200,381 aighneacht (83.0%), agus measadh go raibh 40,920 aighneacht (17.0%) neamhbhailí.

Tháinig formhór na n-aighneachtaí neamhbhailí chun cinn, 35,032, (85.6%) mar gheall ar iontrálacha dúblacha a bhain le hÉirchóid a úsáideadh cheana féin chun freagra a chur isteach. Bhíothas ag súil leis sin le linn chéim an deartha, toisc gur meabhraíodh sna feachtais um chur chun cinn an tsuirbhé do theaghlaigh ar roinnt ócáidí aighneacht a dhéanamh. Tharla formhór na n-aighneachtaí dúblacha ag an am céanna le tráth na bpríomhimeachtaí poiblíochta den fheachtas um chur chun cinn an tsuirbhé. Tá fianaise láidir ann nach raibh teaghlaigh ach ag cinntiú go raibh a rogha á gabháil, seachas rogha a athrú nó gan gníomhú de mheon macánta. Measadh sciar níos lú a bheith neamhbhailí toisc nach bhféadfaí an tÉirchód, cé go raibh sé bailí ó thaobh struchtúir de, a nascadh leis na foinsí sonraí riaracháin ábhartha (7.4% d'aighneachtaí neamhbhailí), nó toisc gur aithníodh an tÉirchód mar neamhbhailí (7.0% d'aighneachtaí neamhbhailí).

Bhain na 35,032 aighneacht dhúblach le 31,072 Éiorchód uathúil. As na hÉirchóid sin, chuir 26,481 (85%) freagraí isteach a bhí go hiomlán comhsheasmhach ar fud na dtrí cheist - sna cásanna sin, léirigh an aighneacht a coinníodh agus an dúblach an diúltaíodh roghanna comhionanna agus níor coinníodh ach aighneacht amháin. Sna cásanna eile, 4,591 (15%), bhí an aighneacht dhúblach difriúil leis an bhfreagra coinnithe ar cheann amháin ar a laghad de na trí cheist maidir le rogha - sna cásanna sin, níor coinníodh ach an chéad aighneacht bhailí a bhain leis an Éirchód.

Bhí an próiseas bailíochtaithe mar aon le dearadh foriomlán an tsuirbhé i bhfeidhm ar deireadh chun rannpháirtíocht agus iontaofacht staitistiúil a uasmhéadú. Mar thoradh ar sheiceálacha bailíochtaithe struchtúrtha a chur i bhfeidhm ar gach aighneacht, chinntigh an roinn nach raibh ach freagraí incháilithe, uathúla agus fíoraithe san áireamh sa tacar sonraí deiridh.

Tar éis an bhailíochtaithe, coinníodh 200,381 freagra le haghaidh anailíse. Is ionann sin agus 41.3% de na teaghlaigh incháilithe go léir agus is bonn anailíseach an-mhór é sin do shuirbhé náisiúnta den chineál seo. Le chéile, soláthraíonn scála na rannpháirtíochta agus na rialuithe bailíochtaithe ar mhórán leibhéal bunús láidir agus iontaofa d’anailís ina dhiaidh sin ag an roinn.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat