Fógraíonn an tAire Foley Conarthaí Nua do Chláir Oideachais Múinteoirí trí Ghaeilge
- Foilsithe: 5 Meitheamh 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- suas le 60 áit d’oideachas múinteoirí trí Ghaeilge le soláthar gach bliain
- beart chun cur leis an soláthar múinteoirí chun teagasc trí Ghaeilge
Inniu, d'fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley, go bhfuil conarthaí nua sínithe do dhá chlár um oideachas múinteoirí trí Ghaeilge. Soláthróidh na cláir suas le 60 áit in aghaidh na bliana le haghaidh oideachais múinteoirí trí Ghaeilge agus is beart tábhachtach é chun cur leis an soláthar múinteoirí do scoileanna lán-Ghaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.
Tá an Roinn Oideachais ag infheistiú breis agus €7 milliún sa dá chlár um oideachas múinteoirí trí Ghaeilge agus beidh na cláir á soláthar ag Institiúid Oideachais Marino agus ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Leanfaidh Institiúid Oideachais Marino de bheith ag soláthar an chláir ceithre bliana Baitsiléir Oideachais (B.Oid.) trí Ghaeilge do mhúinteoirí bunscoile, ar cuireadh tús leis in 2019. Cuirfidh Coláiste na Tríonóide tús le clár Máistreachta san Oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta (M.Oid.) do mhúinteoirí agus do phríomhoidí bunscoile agus iar-bhunscoile i mí Mheán Fómhair 2023. Déanfar an dá chlár a sholáthar trí Ghaeilge.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Foley:
"Bhí soláthar na gclár Baitsiléir Oideachais agus Máistreacht in Oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta mar phríomhghné den Pholasaí don Oideachas Gaeltachta (2027-2022). Tá an-áthas orm a fhógairt inniu go bhfuil conarthaí nua bronnta lena chinntiú go leanfar ar aghaidh ag soláthar na gclár sin.
"Táim ag súil go mór le fáilte a chur roimh an gcéad chohórt céimithe ón B.Oid in Institiúid Oideachais Marino chuig gairm na múinteoireachta níos déanaí i mbliana. Beidh siad sin ar an gcéad chohórt múinteoirí bunscoile a mbeidh a gcuid staidéar B.Oid curtha i gcrích acu trí Ghaeilge. Is forbairt shuntasach atá sa mhéid sin a dhéanfaidh an-leas do scoileanna lán-Ghaeilge ar fud na tíre.
"Is léir gur cúrsa nuálach agus tairbheach a bheidh san M.Oid. nua san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a bheidh á sholáthar ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tabharfaidh sé deis do rannpháirtithe a n-eolas gairmiúil agus oideolaíoch faoi chomhthéacsanna oideachais lán-Ghaeilge a fhorbairt, agus chomh maith leis sin a n-inniúlacht teanga a fhorbairt.
"Is mian liom buíochas a ghabháil le foireann Choláiste Mhuire gan Smál a raibh an clár M.Oid. á sholáthar acu ó 2018 i leith faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta. Léiríonn an obair den scoth atá déanta, agus go háirithe an taighde a rinne céimithe i réimse an oideachais lán-Ghaeilge, éifeachtacht agus luach an chláir."
Bronnadh an dá chonradh i ndiaidh próiseas cuimsitheach soláthair a bhí á bhainistiú ag an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP) i gcomhar leis an Roinn Oideachais. Ghlac an tAire buíochas leis an OGP freisin as ucht a gcuid tacaíochta leis an bpróiseas.
Nótaí
Foilsíodh an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 (Polasaí) i mí Dheireadh Fómhair 2016. Tá sé mar chuspóir uileghabhálach ag an bPolasaí soláthar oideachais trí Ghaeilge ar ardchaighdeán a chinntiú i scoileanna Gaeltachta chun tacú le húsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga i bpobail Ghaeltachta.
Tá sé mar cheann de phríomhspriocanna an Pholasaí feabhas a chur ar chaighdeán an teagaisc trí Ghaeilge.
Bronnadh na conarthaí don B.Oid. agus don M.Oid. trí Ghaeilge, a bhí á maoiniú faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta, ar Institiúid Oideachais Marino agus ar Choláiste Mhuire gan Smál i ndiaidh próiseas soláthair in 2017. De bhrí go raibh na conarthaí sin ag teacht chun deiridh, d’fhoilsigh an Oifig um Sholáthar Rialtais Iarraidh nua ar Thairiscintí i mí Dheireadh Fómhair 2022 thar ceann na Roinne Oideachais.
Mar chuid de na bearta a d’fhógair an Roinn Oideachais níos luaithe sa bhliain chun cur le soláthar múinteoirí, tá 30 áit bhreise á gcur ar fáil ar an B.Oid. trí mheán na Gaeilge don bhliain acadúil 2023-24.
Is féidir cur isteach ar an mB.Oid. tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) go dtí 1 Iúil 2023. Is iad na cóid cúrsaí LOI/CAO don B.Oid. trí mheán na Gaeilge ná CM003 agus CM004.
Is é 26 Meitheamh 2023 an spriocdháta d’iarratais don M.Oid. san Oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Is féidir iarratas a chur isteach ag https://www.tcd.ie/courses/postgraduate/courses/irish-medium-and-gaeltacht-education-med/