Fógraíonn an tAire Foley go dtosóidh na scrúduithe Ardteistiméireachta 2020, a cuireadh siar, ar an 16 Samhain 2020
- Foilsithe: 26 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu (26 Lúnasa 2020) go dtosóidh na scrúduithe Ardteistiméireachta 2020, a cuireadh siar, ar an Luan 16 Samhain, faoi réir comhairle sláinte poiblí agus rannpháirtíocht leis na páirtithe leasmhara. Tosóidh scrúduithe na Sraithe Sóisearaí d’fhoghlaimeoirí fásta agus lucht luathfhágála na scoile i mí na Samhna freisin. Déanfar na scrúduithe sin a sceidealú do thráthnónta agus don deireadh seachtaine.
Dheimhnigh an tAire freisin gur scrúduithe scríofa amháin a bheidh i gceist do na Scrúduithe Ardteistiméireachta a cuireadh siar.
Fógraíodh ar an 8 Bealtaine go gcuirfí scrúduithe Ardteistiméireachta 2020 ar athló. Tugadh rogha do scoláirí Gráid Ríofa a fháil agus / nó scrúduithe scríofa Ardteistiméireachta a shuí ag dáta níos déanaí nuair a mheasfaí go mbeadh sé sábháilte a leithéid a dhéanamh.
Tabharfar creidiúint do scoláirí a dhéanfaidh na scrúduithe scríofa i mí na Samhna agus a roghnaigh Gráid Ríofa a fháil, don ghrád ábhair níos airde a bheidh faighte idir an Grád Ríofa agus an scrúdú scríofa.
Tugtar le fios do scoláirí go mbeidh na scrúduithe scríofa bunaithe ar ghnáthfhormáid, gnáthábhar agus gnáthstruchtúr na gceisteanna ar na páipéir scrúduithe ionann agus blianta roimhe seo. Déanfar scoláirí a dhéanann na scrúduithe a cuireadh ar athló, a ghrádú bunaithe ar na scrúduithe scríofa.
Tá sé curtha in iúl ag an Aire go bhfuil Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) ag obair lena Roinn faoi láthair ar shocruithe do na scrúduithe a cuireadh ar athló, lena n-áirítear an Ardteistiméireacht Bhunaithe, Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT) agus an Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF). Áirítear mar chuid de seo teagmháil le raon leathan páirtithe leasmhara, bainistíocht scoileanna agus ionadaithe múinteoirí san áireamh, agus rannpháirtíocht níos leithne leis an nGrúpa Comhairleach um Pleanáil Theagmhasach do Scrúduithe Stáit 2020.
Tar éis na rannpháirtíochta seo eiseoidh CSS mioneolas maidir leis na socruithe do na scrúduithe a cuireadh ar athló. Beidh sonraí faoi thráthchlár na scrúduithe agus lóistíocht eile, lena n-áirítear na socruithe do scoláirí le hiarratas a chur isteach chun an scrúdú a dhéanamh, san áireamh. Beidh na socruithe deiridh bunaithe i bpáirt ar an líon scoláirí a roghnaíonn na scrúduithe a dhéanamh. San idirlinn, áfach, theastaigh ón Aire cinnteacht a sholáthar maidir le gnéithe áirithe de na scrúduithe, ionas go bhféadfadh scoláirí a bhfuil sé ar intinn acu na scrúduithe seo a dhéanamh ullmhú dóibh.
Agus deimhniú á thabhairt aici maidir le nádúr na scrúduithe scríofa, dúirt an tAire nach mbeadh sé indéanta ná praiticiúil ag an bpointe seo scrúduithe béil ná comhpháirteanna praiticiúla a dhéanamh, ná iarracht obair chúrsa neamhchríochnaithe a chur i gcrích. Luaigh sí go bhfuil na comhpháirteanna béil agus praiticiúla scoilbhunaithe, agus go mbíonn gá le leibhéil shuntasacha tacaíochta ag leibhéal na scoile, lena n-áirítear an riachtanas múinteoirí a thógáil as a gcuid scoileanna chun obair na scrúduithe stáit a dhéanamh.
Maidir le cúig ábhar, déanfaidh CSS obair chúrsa a bhí críochnaithe sular dúnadh na scoileanna a mharcáil agus cuirfear na marcanna sin san áireamh i ngrádú na n-ábhar seo. Is iad sin:
- Eacnamaíocht Bhaile (marcáilte ag CSS cheana féin);
- Punann GCAT;
- Grafaic Dhearaidh agus Chumarsáide;
- Corpoideachas - Tionscadal Gníomhaíochta Coirp;
- Innealtóireacht.
I ngach ábhar eile, is ar na páipéir scríofa amháin a bhronnfar gráid ar na hiarrthóirí. Cuireadh ar ceal socrú a rinneadh níos luaithe sa bhliain, i mí an Mhárta nuair a cuireadh in iúl go mbronnfaí lánmharcanna ar scrúduithe béil agus ar thástálacha taibhithe an cheoil, nuair a cuireadh scrúduithe an tsamhraidh ar athló ar an 8 Bealtaine agus nuair a tugadh isteach córas na nGrád Ríofa. Bhí sé mar chuspóir ag fógra mhí an Mhárta tacú le comhpháirteanna scrúdaithe a reáchtáil ar an ngnáth-bhealach mar chuid den fhreagairt ar staid éigeandála Covid-19 ag an am. Ní bhronntar marcanna iomlána go huathoibríoch ar iarrthóirí d’aon chomhpháirt de na scrúduithe sa chóras Gráid Ríofa. Dá réir sin, ní bheadh sé cuí ná cóir, ar mhaithe le cothromaíocht idir iarrthóirí a dhéanann scrúdú níos déanaí agus iad siúd a fhaigheann grád ríofa, marcanna iomlána a bhronnadh anois ar roinnt comhpháirteanna scrúdaithe.
CRÍOCH