English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Foley maoiniú €1.5 milliún mar Dheontas Foghlama Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice do Scoileanna

Inniu, d'fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD Deontas Foghlama Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM) do Scoileanna.

Léiríonn an scéim deontais an tiomantas, faoin bPlean Forfheidhmithe Oideachais ETIM go 2026, d’fhorbairt scéime lena n-áirítear maoiniú a sholáthar chun tionscadail oideachais ETIM a fheabhsú, a fhorbairt nó a athbhunú a spreagann foghlaimeoirí ETIM i mbunscoileanna agus/nó in iar-bhunscoileanna.

Cuideoidh an Deontas Foghlama ETIM le scoileanna a gcláir/acmhainní ETIM reatha a mheas, a ndeiseanna foghlama ETIM faoi láthair a bhreisiú, gníomhaíochtaí ETIM a athbhunú agus/nó tús a chur le gníomhaíochtaí/deiseanna foghlama nua ETIM.

Agus í ag labhairt faoin deontas, dúirt an tAire Foley:

“Tá áthas orm maoiniú de €1.5 milliún a fhógairt in 2023 chun tacú le scoileanna eispéireas leanaí agus daoine óga ar ábhair ETIM a chothú trína n-aistear oideachasúil. Cabhróidh an Deontas Foghlama ETIM do Scoileanna le scoileanna agus iad ag feabhsú scileanna, eolas, suimeanna agus inniúlachtaí leanaí sa réimse seo.

Tá gach bunscoil agus iar-bhunscoil laistigh den Scéim Saoroideachais incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú mar chuid den Deontas Foghlama ETIM do Scoileanna. Tá maoiniú go huasmhéid €10,000 ar fáil do gach scoil a cháilíonn don deontas.”

Tugann an Roinn Oideachais cuireadh do léirithe spéise faoin 27 Samhain 2023.

Is féidir teacht ar eolas faoin Deontas Foghlama ETIM, lena n-áirítear teimpléad agus foirm iarratais ar líne ag https://www.gov.ie/en/policy-information/4d40d5-stem-education-policy/

Chun tuilleadh eolais a fháil seol ríomhphost chuig stem@education.gov.ie

CRÍOCH

Nótaí Cúlra d’Eagarthóirí

Deontais Oideachais ETIM

Tá tiomantas i bPlean Forfheidhmithe Oideachais ETIM go 2026 scéim a fhorbairt, lena n-áirítear maoiniú a sholáthar, chun tionscadail oideachais ETIM a fheabhsú, a fhorbairt nó a athbhunú ina spreagtar foghlaimeoirí ETIM i mbunscoileanna agus/nó in iar-bhunscoileanna.

Cuspóirí:

• Deis a thabhairt do scoileanna measúnú a dhéanamh ar na cláir/acmhainní ETIM atá ar fáil ina gcuid scoileanna faoi láthair

• Na deiseanna foghlama ETIM atá acu faoi láthair a fheabhsú

• Gníomhaíochtaí ETIM a athbhunú

• Tús a chur le gníomhaíocht/deis foghlama ETIM nach raibh ar fáil cheana

Fráma Ama:

• Cuireadh a thabhairt do léirithe spéise faoin 27 Samhain 2023

• Cinntí maidir leis an deontas le déanamh faoi thús mhí na Nollag 2023 agus na scoileanna rathúla curtha an eolas;

• 85% den deontas le híoc le scoileanna ag tús mhí na Nollag 2023 agus treoir don soláthar in éineacht leis srl.

• An 15% eile le híoc i dtéarma an tsamhraidh, ag brath ar dhul chun cinn sa tionscadal.

• Próiseas meastóireachta le tosú i mí Mheán Fómhair 2024

Torthaí:

• An fhoghlaim sa churaclam a fheabhsú agus a dhaingniú

• Forbairt raon leathan scileanna a spreagadh i bhfoghlaimeoirí

• Féadfaidh scoileanna a dtairiscint ETIM a fhorbairt

• Beidh deis ag daltaí/scoláirí a bheith gafa le deiseanna foghlama ETIM agus/nó acmhainní ETIM a rochtain ar scoil gan costais bhreise a bheith orthu

• Níos mó rannpháirtíochta do scoileanna leis an bpobal ETIM

Clár:

(Ní mór gnóthaí a bhaineann le Cosaint Leanaí a chur san áireamh nuair a bhíonn soláthraithe seachtracha á mbreithniú)

• Ba chóir do scoileanna ar an gcéad dul síos na hacmhainní/deiseanna foghlama ETIM atá ar fáil sa scoil cheana féin a shainaithint.

• Ba chóir do scoileanna iad seo, mar shampla, a mheas: An gá é seo a fheabhsú? An leor na hacmhainní? An bhfuil rud éigin ann a bhíodh ar fáil ach nach bhfuil ar fáil anois? An bhfuil bearna sna deiseanna foghlama ETIM atá á sholáthar? An bhfuil éileamh ó phobal na ndaltaí/scoláirí ar chlub nó ar ghrúpa ETIM nach ndéantar freastal air sa scoil faoi láthair?

• Déan machnamh ar éagsúlacht na bhfoghlaimeoirí sa scoil – an bhfuil bealach éigean leis an éagsúlacht seo a cheiliúradh trí dheis foghlama ETIM nach bhfuil ar fáil sa scoil faoi láthair?

• Féach ar Chiorclán 43/2018 maidir le héascaitheoirí seachtracha i scoileanna.

• Ní mór plean tionscadail a fhorbairt ina mbeidh cuspóirí soiléire faoin gcaoi a bhfeidhmeoidh a gclár ETIM, agus na critéir atá leagtha síos ag an Roinn á gcomhlíonadh.

• Cuirfear tús le measúnú na scéime i mí Mheán Fómhair 2024.

Na scoileanna rannpháirteacha a aithint:

• Eiseoidh an Roinn glao ar léirithe spéise chun páirt a ghlacadh sa tionscnamh an tseachtain dar tús 6 Samhain 2023

• Is é an spriocdháta chun léirithe spéise a chur isteach ná An Aoine 27 Samhain 2023

• Bunóidh an Roinn painéal chun iarratais a mheas

• Deimhneofar rannpháirtíocht le scoileanna go luath i mí na Nollag 2023

Critéir:

• Glacfar le hiarratais ó aon bhunscoil, iar-bhunscoil nó scoil speisialta aitheanta laistigh den scéim saoroideachais

• Ní mór do scoileanna plean tionscadail a chur isteach ina ndírítear aird ar an ngá atá leis an tionscnamh nó leis na hacmhainní agus ina dtugtar na mionsonraí iomlána ar an méid a theastaíonn agus ar an gcaoi a gcaithfear an maoiniú.

• Féadfar na deontais a úsáid chun trealamh agus teagasc éascaitheoirí seachtracha a cheannach más gá ach níl cead deontais a úsáid ar chaiteachas caipitiúil ar nós costais struchtúracha nó tógála.

• Ní mór duine nó daoine ainmnithe a bheith acu chun an clár a bhainistiú

• Ní mór do scoileanna na hionchais atá acu don tionscadal a leagan amach, i.e. cad a bhainfear amach.

• Cuirfear san áireamh scoileanna a fuair maoiniú deontais bainteach le ETIM cheana, ar an gcoinníoll go mbíonn gach riachtanas tuairiscithe a bhaineann leis an maoiniú sin faighte ag an Roinn

Beidh roghnú na dtograí bunaithe ar na gnéithe seo a leanas freisin:

• Scaipeadh geografach náisiúnta

• Raon leathan gníomhaíochtaí

• Raon leathan cineálacha scoile

Scoileanna neamh-incháilithe:

Scoileanna lasmuigh den Scéim Saoroideachais