Fógraíonn an tAire Foley modúl nua samplóra teanga do dhaltaí rang a trí go rang a sé i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta
- Foilsithe: 31 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá cuireadh tugtha inniu ag an Aire Oideachais Norma Foley TD do léirithe spéise ó bhunscoileanna a bhíonn ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla agus trí mheán na Gaeilge agus ó scoileanna speisialta páirt a ghlacadh i modúl nua samplóra teanga.
Tugann an samplóir teanga atá beartaithe deis do scoileanna a rogha teanga iasachta, nó Teanga Chomharthaíochta na hÉireann(ISL), a aithint. Beidh tacaíocht ar fáil do scoileanna ó Teangacha Iar-Bhunscoile Éireann (PPLI) maidir le modúl samplóra sé seachtaine a sholáthar thar raon teangacha breise, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann(ISL) san áireamh.
Tá an gearr-mhodúl samplóra sé seachtaine seo dírithe ar dhaltaí i ranganna 3 go 6 ar feadh suas le 1 uair in aghaidh na seachtaine laistigh de ghnáth-amchlár na scoile. Beidh scoileanna ábalta páirt a ghlacadh ar bhonn deonach. Beidh neamhspleáchas ag scoileanna cinneadh a dhéanamh faoin teanga a roghnaítear do na leanaí agus faoi theagascóir teanga a fháil m.sh. múinteoir teanga/cúntóir teanga ó iar-bhunscoil/ball d’fhoireann na scoile/den mhórphobal atá líofa sa sprioctheanga.
Beidh gach teagascóir teanga ag obair faoi stiúir an mhúinteora ranga faoi réir na comhairle i Ciorclán 0042/2018, maidir le grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána agus riachtanais eile.
Tá sé mar aidhm ag an modúl samplóra nua:
• Feasacht a bhunú i measc daltaí ar an raon teangacha a bhíonn in úsáid ag a bpiaraí, ina scoileanna agus ina bpobail, rud a d'fhéadfadh cabhrú le cuimsiú agus meas breise ar éagsúlacht sa tsochaí
• Spreagadh a thabhairt chun teangacha iasachta a ghlacadh ag an iar-bhunleibhéal
• Deiseanna a sholáthar do leibhéil mhéadaithe comhoibrithe i measc phobal na scoile maidir le teangacha agus cultúir a cheiliúradh
• Tacú le feidhmiú Déanann Teangacha Nasc, Straitéis do Theangacha Iasachta san Oideachas
Dúirt an tAire Foley:
“Cruthóidh an tionscnamh nua spreagúil seo deiseanna do dhaltaí a dtaithí ar theangacha a leathnú agus tabharfaidh sé muinín dóibh a bheith gafa le teangacha nua”.
“Cruthóidh an modúl samplóra bonn eolais faoi fhorbairtí todhchaí i réimse sealbhú agus forbairt teanga sa Chreat Curaclaim Bunscoile. Molaim do bhunscoileanna agus do scoileanna speisialta an deis maidir le páirt a ghlacadh sa mhodúl nua seo a iniúchadh."
Ba chóir do scoileanna a bhfuil spéis acu an Fhoirm Iarratais atá ar fáil ag https://languagesconnect.ie/news-and-events/primary-school-sampler-module a chomhlánú faoi am scoir ar an gCéadaoin 23 Meitheamh 2021.
D’fhógair an tAire go bhfuil thart ar €200,000 á sholáthar chun tacú leis an modúl samplóra sé seachtaine seo. Beidh deontas €400 ón Roinn Oideachais do scoileanna a roghnófar chun páirt a ghlacadh sa mhodúl ina bhfuil rang amháin páirteach. Gheobhaidh scoileanna a roghnófar ina mbeidh dhá rang páirteach deontas €600. Gheobhaidh scoileanna a roghnófar ina mbeidh trí rang páirteach deontas €800. Mar chríoch, gheobhaidh scoileanna a roghnófar le ceithre rang páirteach deontas uasmhéid €1000.
Bunóidh an Roinn/PPLI painéal chun iarratais a mheas bunaithe ar na critéir seo a leanas:
• scaipeadh geografach scoileanna
• raon comhthéacsanna scoileanna
• éagsúlacht sna sprioctheangacha
• teagascóir teanga a bheith ar fáil
• réasúnaíocht na scoile maidir le bheith páirteach sa tionscadal
Déanfar rannpháirtíocht a dheimhniú le scoileanna faoin 27 Lúnasa 2021. Tarlóidh an modúl thar thréimhse sé-seachtaine i dtreo dheireadh chéad téarma na scoilbhliana 2021/2022.
Nótaí d’Eagarthóirí
Forbróidh PPLI an t-ábhar i gcomhairle leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe (CNCM) agus An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS). Cuirfidh PPLI clár oiliúna gairid ar líne ar fáil freisin do na teagascóirí/múinteoirí teanga a aithníonn gach scoil. Beidh sé seo ar fáil freisin do na múinteoirí sna scoileanna rannpháirteacha, más mian leo é a rochtain.
D’fhéadfaí an modúl samplóra a sheachadadh ar líne nó trí chur chuige cumaisc. Féadfar teagmháil a dhéanamh le PPLI chun comhairle a fháil maidir le teacht ar theagascóirí/ múinteoirí teanga ag info@ppli.ie.
Cuireann Languages Connect na buntáistí pearsanta, sóisialta, gairmiúla agus eacnamaíocha a bhaineann le scileanna teanga iasachta chun cinn do phríomhoidí, múinteoirí, treoirchomhairleoirí, tuismitheoirí, daltaí agus don tsochaí i gcoitinne. Maoinithe ag an Roinn Oideachais agus á éascú ag Post Primary Languages Ireland mar phríomhchuspóir na straitéise Languages Connect – Ireland’s Strategy for Foreign Languages in Education 2017 – 2026. Do na nuashonruithe is déanaí go léir, féach http://www.languagesconnect.ie/ nó lean Twitter, Facebook agus Instagram