English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Foley tús le socruithe i roinnt limistéar píolótach dírithe ar líon na mbunscoileanna ilchreidmheacha a mhéadú

D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu go bhfuil socruithe á gcur i bhfeidhm anois i roinnt bailte agus ceantair chathracha nach bhfuil bunscoileanna il-sainchreidmheacha iontu d’fhonn scoileanna féideartha a aithint agus bheith gafa le húdaráis scoile, foirne scoile agus pobail scoile ar mhaithe le teacht ar chomhaontú ar aistriú pátrúnachta agus athrú éitis, nuair a bhíonn dóthain éilimh air seo.

Tá pacáiste eolais do phobail scoile agus do thuismitheoirí á fhoilsiú inniu freisin ina leagtar amach roinnt eolais ghinearálta agus phraiticiúil maidir le haistriú pátrúnachta.

Dúirt an tAire Foley:

“Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil socruithe aontaithe maidir le próiseas chun scoileanna féideartha a aithint le haghaidh aistriú pátrúnachta agus athrú éitis, i roinnt ceantar píolótach.

“Tugaim aitheantas don ionchur suntasach ón Eaglais Chaitliceach, a leanann go fóill, do chóras oideachais na hÉireann. Aithníonn an Roinn agus an Eaglais go bhfuil gá le dul chun cinn breise maidir le hathrú sofheicthe agus inláimhsithe chun níos mó roghanna don soláthar il-sainchreidmheach a chur ar fáil do thuismitheoirí.

“Dá réir sin, tá lúcháir orm gur thángthas ar chomhaontú maidir le próiseas a thacóidh le rannpháirtíocht bhríoch le pobail scoile sna limistéir phíolótacha chun roghanna níos ilchreidmheacha a sholáthar nuair a bhíonn éileamh orthu.

“Beidh an fhoghlaim ó na tionscadail phíolótacha seo mar bhonn eolais don phróiseas i gceantair eile sa tír sa todhchaí. Gabhaim buíochas le Comhairle Chomhdháil Easpag na hÉireann um Oideachas as a rannpháirtíocht ina leith seo agus leis na hEaspaig ábhartha as a dtiomantas a bheith páirteach agus comhoibriú go hiomlán le mo Roinn chun iarracht a dhéanamh freastal ar phátrúnacht scoile níos éagsúla sna ceantair phíolótacha.”

Tá an Roinn Oideachais agus Comhairle Oideachais Chomhdháil Easpag na hÉireann (ionadaíocht na bpátrún Caitliceach) i mbun plé le tamall anuas maidir le dul chun cinn a dhéanamh ar an bPróiseas Athchumraithe Scoileanna don Éagsúlacht. Is éard a bhí i gceist leis seo ná athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfoghlaim go dtí seo agus socruithe comhaontaithe a fhorbairt, mar chuid de shocrú píolótach, chun deiseanna athchumraithe a iniúchadh i roinnt bailte agus ceantair chathracha nach bhfuil aon soláthar il-sainchreidmheach acu faoi láthair. Léirítear na socruithe comhaontaithe seo sa phacáiste eolais atá á fhoilsiú inniu.

Tá sé mar aidhm ag an bpróiseas um Athchóiriú Scoileanna don Éagsúlacht, a thacaíonn le haistrithe scoileanna go pátrúin il-sainchreidmheacha mar fhreagairt ar mhianta pobail scoileanna, fáil bhreise ar scoileanna il-sainchreidmheacha a éascú mórthimpeall na tíre.

Is éard atá i gceist leis an bpróiseas Athchumraithe ná go n-athraíonn scoileanna atá ann cheana a bpátrún agus d’fhéadfadh athrú éitis a bheith i gceist freisin (mar shampla, athrú ó éiteas sainchreidmheach (reiligiúnach) go héiteas il-sainchreidmheach). Nuair a aistríonn scoil ó phátrúnacht pátrúin amháin go pátrún eile, leanann an scoil ar oscailt (leis an uimhir rolla céanna agus ag feidhmiú san áitreabh scoile céanna) agus leanann an fhoireann agus na daltaí mar atá sa scoil.

Tá a dtiomantas don athchumrú agus a dtoilteanas bheith rannpháirteach agus comhoibriú go hiomlán leis an Roinn Oideachais deimhnithe ag an gComhairle Oideachais agus ag na hEaspaig ábhartha chun iarracht a dhéanamh freastal ar phátrúnacht scoile níos éagsúla sna bailte agus sna ceantair chathrach seo. Is iad na limistéir phíolótacha ná:

- An tInbhear Mór

- Baile Átha Luain

- Corcaigh

- Baile Átha Cliath

- Dún Dealgan

- Gaillimh

- Luimneach

- Eochaill

Mar chuid den phróiseas píolótach seo, cuirfidh an Roinn Oideachais roinnt éascaitheoirí neamhspleácha ar fáil chun oibriú leis an bpátrún scoile agus le húdaráis ábhartha scoile ag an leibhéal áitiúil chun:

- an tionscnamh píolótach athchumraithe a chur chun cinn;

- cabhrú chun scoil(eanna) féideartha a aithint; agus

- bheith gafa le páirtithe leasmhara lena n-áirítear údaráis scoile, foireann scoile agus pobal scoile

ar mhaithe le haistriú pátrúnachta agus athrú éitis a chomhaontú, má bhíonn dóthain éilimh air seo.

Is féidir an pacáiste eolais a rochtain anseo

Chun cuidiú le pátrúin scoileanna agus pobail scoileanna, tá pacáiste eolais foilsithe ag an Roinn Oideachais, ina leagtar amach roinnt eolais ginearálta agus praiticiúil faoi aistriú pátrúnachta a d’fhéadfadh a bheith úsáideadh do:

• Tuismitheoirí/caomhnóirí, daltaí agus pobail scoileanna agus;

• Údaráis scoileanna agus foirne

má bhíonn athchumrú/aistriú pátrúnachta scoile á bhreithniú nó á chur i bhfeidhm.

Ba cheart go gcruthódh an méid a fhoghlaimítear ón próiseas sna ceantair phíolótacha atá liostaithe thuas bealach chun cinn ar an bpróiseas chun roghanna ilchreidmheacha a sholáthar do thuismitheoirí i mbailte agus in áiteanna eile sa tír sa todhchaí.

Ba chóir do phobail scoileanna a bhféadfadh spéis a bheith acu in aistriú pátrúnachta a bheith gafa ar dtús lena bpátrún scoile.

CRÍOCH


Nótaí d’eagarthóirí:

Ar chúiseanna stairiúla, is scoileanna paróiste Stát-mhaoinithe iad formhór na mbunscoileanna, leis an tEaspag áitiúil mar phátrún, cé go bhfuil an nós seo ag athrú.

Tá pátrún na scoile freagrach as cinntí ar aon aistriú pátrúnachta. Is féidir le scoil ar bith pátrúnacht a aistriú, mar shampla, féadfaidh pátrún scoile pátrúnacht scoil shainchreidmheach (reiligiúnach) a aistriú go pátrún ilchreidmheach. Faoin Acht Oideachais 1998, baineann an fhreagracht dhlíthiúil as pátrúnacht a aistriú leis an bpátrún scoile reatha ar an gcéad dul síos.

Tá sé mar aidhm ag an bpróiseas um Athchóiriú Scoileanna don Éagsúlacht, a thacaíonn le haistrithe scoileanna go pátrúin il-sainchreidmheacha mar fhreagairt ar mhianta phobail na scoileanna, éascú a dhéanamh ar níos mó scoileanna il-sainchreidmheacha a bheith ar fáil ar fud na tíre. Cruthaíonn an próiseas deiseanna do scoileanna il-sainchreidmheacha breise Gaeilge nó Béarla agus deiseanna freisin do scoileanna atá ag feidhmiú trí Bhéarla aistriú go scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge sa chomhthéacs sin. Is éard atá i gceist leis an bpróiseas Athchumraithe ná go n-aistríonn scoileanna atá ann cheana a bpátrún agus d’fhéadfadh athrú éitis a bheith i gceist freisin (mar shampla, athrú ó éiteas sainchreidmheach (reiligiúnach) go héiteas il-sainchreidmheach). Nuair a aistríonn scoil ó phátrúnacht pátrúin amháin go pátrún eile, leanann an scoil ar oscailt (leis an uimhir rolla céanna agus ag feidhmiú san áitreabh scoile céanna) agus leanann an fhoireann agus na daltaí mar atá sa scoil.

Is é cuspóir na Roinne ná rogha a sholáthar do thuismitheoirí ar mian leo go gcuirfí oideachais ar a leanaí i suíomh il-sainchreidmheach. Is scoileanna il-sainchreidmheacha gach ceann de na 52 bunscoil phríomhshrutha nua, seachas ceann amháin, a bunaíodh le deich mbliana anuas chun freastal ar fhás déimeagrafach, agus is ionann an scéal maidir leis an 12 scoil a bunaíodh go dtí seo faoin bPróiseas um Dídhílsiú Pátrúnachta. Tharla dhá aistriú déag ar phátrúnacht bunscoile príomhshrutha freisin le blianta beaga anuas, rud a d’fhág gur cuireadh 11 Phobalscoil Náisiúnta eile ar fáil faoi choimirce bhoird oideachais agus oiliúna ilchreidmheacha. Ina theannta sin, d’aistrigh gaelscoil a pátrúnacht óna pátrúnacht Caitliceach go dtí An Foras Pátrúnachta. Tugann an scoil seo rogha do thuismitheoirí na naíonán sóisearacha tabhairt faoi Chlár Eitice agus Moráltachta nó faoi Chlár Caitliceach.

Tar éis dul chun cinn rathúil a dhéanamh ar an bpróiseas sna limistéir phíolótacha, meastar go mbeidh an fhoghlaim ó na tionscadail phíolótacha mar bhonn eolais don phróiseas in áiteanna eile sa tír amach anseo.

Pacáiste eolais

Nuair a bhíonn aistriú pátrúnachta pleanáilte, tá iliomad nithe a chaithfidh an pátrún scoile reatha agus aon phátrún atá ag teacht isteach a phlé agus a chomhaontú roimh ré, lena n-áirítear cúinsí praiticiúla nó dlíthiúla ar nós soláthar foirne, ceisteanna airgeadais, aon dliteanais gan íoc, léasú mhaoin na scoile agus mar sin de. Tugtar aghaidh ar na gnóthaí seo sa chuid de phacáiste treorach na Roinne a bhaineann le húdaráis agus foirne scoile, ar féidir teacht air anseo

Tá sé i gceist go mbeidh an pacáiste eolais ina dhoiciméad beo agus leathnófar air, déanfar é a fhorbairt tuilleadh agus tabharfar cothrom le dáta é ó am go ham. Acmhainn thábhachtach a bheidh anseo do phobail scoile faoi phátrúnacht Chaitliceach chomh maith leo siúd faoi phátrúnacht eile a bhfuil spéis acu san athchumrú.