Fógraíonn an tAire McHugh pátrúnacht ar sé iar-bhunscoil nua atá le bunú in 2020

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McHugh pátrúnacht ar sé iar-bhunscoil nua atá le bunú in 2020

Inniu d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh T.D. an phátrúnacht ar sé iar-bhunscoil nua atá le bunú in 2020.

I ngach cás, ghlac an tAire le moltaí an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua (GBSN).

Is cuid ríthábhachtach atá i bhfógra an lae inniu de na pleananna lena dheimhniú go mbíonn dóthain áiteanna scoile nua ar fáil chun freastal ar an gcohórt daltaí a bheidh ag méadú ag an iar-bhunleibhéal sna blianta atá le teacht.

Fógraíodh anuraidh na hiar-bhunscoileanna nua atá le bunú i mí Mheán Fómhair 2020 mar chuid de thiomantas an Rialtais infheistiú go trom san oideachas le 44 scoileanna nua atá le bunú idir 2019 agus 2022 chun freastal ar fhorbairt dheimeagrafach.

Dúirt an tAire,

“Bíonn roghanna tuismitheoirí mar phríomhchinnteoirí nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh maidir le scoileanna nua agus is cúis áthais dom a chur in iúl go bhfuil tuairimí na dtuismitheoirí, mar a tharla tríd an bpróiseas, léirithe go láidir sna cinntí atá déanta agam maidir le pátrúnacht na sé scoileanna nua seo.”

Cuirfidh na sé hiar-bhunscoileanna nua atá le bunú in 2020 líon suntasach áiteanna breise ar fáil do dhaltaí sna ceantair ar a mbeidh siad ag freastal agus beifear ábalta, eatarthu uile, freastal ar os cionn 5,000 dalta iar-bhunscoile nuair a bhíonn siad forbartha go hiomlán.

Ceantar Limistéar Pleanála Scoile An Phátrúnacht a Bronnadh Teanga Teagaisc Méid na   Scoile*
Áth Cliath   15
Iarthar_Bhaile   Bhlainséar_Áth Cliath15 & Sráidbhaile Bhaile Bhlainséar_Áth Cliath15
Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Ciath agus Dhún Laoghaire (BOOÁCDL)
Béarla 800
Iarthar na Cathrach/ Teach Sagard Tamhlacht & An Caisleán   Nua_Ráth Cúil
Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Ciath agus Dhún Laoghaire (BOOÁCDL)
Béarla 1,000
Cros   Araild Áth Cliath 6_Cluain Sceach   & Áth Cliath 6W Oideachas le Chéile Béarla 1,000
Baile na nGabhar
Baile na nGabhar_Stigh   Lorgan_Dún Laoghaire Ráth an Dúin
Oideachas le Chéile Béarla 800
An Bóthar Buí Limistéar Pleanála Scoile Cill   Choca Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí (BOOLM) Béarla 500
Cill Mhantáin Cill Chúile & Na Clocha   Liath
Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin (BOOCDCM)
Béarla 800
  • = bunaithe ar an riachtanas réamh-mheasta reatha ach sofhreagrach d’éilimh dhéimeagrafacha

Léirigh an próiseas ar líne do roghanna tuismitheora rogha ag mionlach do Ghaeilge mar an teagna teagaisc. I ngeall ar leibhéal na roghanna don Ghaeilge mar theanga teagaisc, go háirithe i suirbhé cheantar Bhaile Átha Cliath 6/6W, beidh an Roinn i gcumarsáid le pátrúin ghaelcholáistí lán-Ghaeilge atá ann cheana agus leis na scoileanna nua lena dheimhniú go bhfreastalaítear ar an éileamh.

Chuir an tAire a bhuíochas in iúl do bhaill an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua dá n-ionchur ríluachmhar sa phróiseas a dheimhnigh próiseas oibiachtúil agus trédhearcach.

Tuilleadh eolais ar fáil anseo: https://www.education.ie/ga/Scoileanna-Coláistí/Eolas/Scoil-Nua-a-Bhunú/Iar-Bhunscoileanna-Nua.html

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí

Tá na scoileanna go léir á mbunú chun freastal ar riachtanas déimeagrafach aitheanta.

Tá mionsonraí Thuairiscí na Measúnuithe do gach ceantar atá i gceist foilsithe freisin ar láithreán gréasáin na Roinne. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo: https://www.education.ie/ga/Scoileanna-Coláistí/Eolas/Scoil-Nua-a-Bhunú/Iarbhunscoil-Nua.html

Cé na hiar-bhunscoileanna nua atá le bunú in 2020?

  • Iarthar Bhaile Bhlainséar_Áth Cliath 15 agus Sráidbhaile Bhaile Bhlainséar_Áth Cliath 15 (Réiteach Réigiúnach)
  • Áth Ciath 6_Cluain Sceach & Áth Cliath_6W (Réiteach Réigiúnach)
  • Baile na nGabhar_Stigh Lorgan_Dún Laoghaire Ráth an Dúin
  • Iarthar na Cathrach/Teach Sagard (limistéar pleanála Thamhlachta & An Chaisleáin Nua_Ráth Cúil) (Réiteach Réigiúnach)
  • An Bóthar Buí (limistéar pleanála scoil Chill Choca)
  • Cill Chúile & Na Clocha Liatha (Réiteach Réigiúnach)

An bhfuil suíomhanna faighte do na scoileanna nua?

Tá suíomhanna faighte cheana féin do thrí cinn de na sé scoileanna nua, gach ceann acu faoi réir ag cead pleanála:

  • Áth Ciath 6_Cluain Sceach & Áth Cliath_6W – Staidiam na gCon Chros Araild mar a bhí
  • Baile na nGabhar_Stigh Lorgan_Dún Laoghaire Ráth an Dúin – Ionad áineasa Bhuidéal Gloine na hÉireann mar a bhí, Baile na nGabhar
  • Tamhlacht & An Chaisleáin Nua_Ráth Cúil – láthair BOO Lána Uí Fhoirtcheirn

Cén chóiríocht ina ndéanfar na scoileanna nua a bhunú?

I gcás na scoileanna nua a fógraíodh, tá fócas na Roinne faoi láthair dírithe ar na scoileanna atá le bunú in 2020 ionas go gcuirtear réitigh chóiríochta i bhfeidhm chomh luath agus is féidir. Tá an Roinn i mbun Bainisteoir Tionscadail a cheapadh chun tacú leis an obair agus tá roghanna do chóiríochtaí eatramhacha sealadacha do na scoileanna á n-athbhreithniú aici faoi láthair. Tá sé i gceist go ndéanfar na scoileanna atá le bunú i mí Mheán Fómhair 2020 a lonnú i gcóiríocht shealadach oiriúnach fad a bhítear ag fanúint le foirgnimh bhuana do na scoileanna.

Cad atá i gceist le Réiteach Réigiúnda?

Is féidir cinneadh a dhéanamh scoil nua a bhunú má tharlaíonn nach bhfuil an méadú daonra réamh-mheasta i limistéar pleanála scoile amháin mór go leor chun scoil nua a sholáthar, ach má dhéantar é a áireamh le méaduithe déimeagrafacha i limistéar maguaird, d’fhéadfadh go mbeadh dóthain éilimh do scoil inbhuanaithe. Déantar na scoileanna seo, a aithnítear mar Réitigh Réigiúnda, a phleanáil chun freastal ar níos mó ná limistéar amháin.

Cé chomh mór agus a bheidh na scoileanna seo?

Limistéar Limistéar Pleanála   Scoile Méid na Scoile*
Áth   Cliath 15
Iarthar_Bhaile Bhlainséar_Áth Cliath15 & Sráidbhaile Bhaile   Bhlainséar_Áth Cliath15
800
Baile   na nGabhar Baile na nGabhar_Stigh   Lorgan_ 800
Dún Laoghaire Ráth an Dúin
An   Bóthar Buí Cill Choca 500
Iarthar   na Cathrach/ Teach Sagard Tamhlacht & An Caisleán   Nua_ 1000
Ráth Cúil
Cros   Araild Áth Cliath 6_Cluain Sceach   & 1000
Áth Cliath 6W
Cill   Mhantáin Cill Chúile & Na Clocha Liath 800
  • = bunaithe ar an riachtanas réamh-mheasta reatha ach sofhreagrach d’éilimh dhéimeagrafacha

An Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua

Déanann an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua (GBSN) maoirseacht ar an bpróiseas pátrúnachta do scoileanna nua. Bunaíodh an Grúpa seo i 2011 chun comhairle a chur ar an Aire faoi phátrúnacht scoileanna nua nuair a bhíonn machnamh déanta ar thuairisc a bhíonn ullmhaithe ag an Roinn ar na hiarratais a bhíonn faighte. Ghlac an tAire McHugh le moltaí an Ghrúpa i ngach a bhain leis na sé hiar-bhunscoileanna atá le hoscailt i mí Mheán Fómhair 2020.

Is iad baill an GBSN ná:

  • Joe Hamill (Cathaoirleach), Rúnaí Ginearálta ar scor na Roinne Ealaíona, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta;
  • An tOllamh Gerry Mac Ruairc, Ceann, Scoil an Oideachais, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann Gaillimh;
  • An tOllamh Sarah Moore, Ollamh Teagaisc agus Foghlama, Ollscoil Luimnigh.

Tá doiciméid ábhartha ar fáil ag an nasc seo a leanas: Scoil Nua a Bhunú leathanach gréasáin

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat