English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí Foley agus Madigan sonraí faoi mhaoiniú oideachais €9.6 billiún i mBuiséad 2022.

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 28 Meán Fómhair 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD agus an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Josepha Madigan TD sonraí inniu faoin mhéaduithe mór-shuntasacha Bhuiséad 2023 san infheistíocht i scoileanna.

Cuireann Buiséad 2023 méadú €443 milliún ar fáil mar mhaoiniú lárnach, mar aon le os cionn €145 milliún i gcaiteachas neamhlárnach. Tógann sé seo ar mhéaduithe suntasacha i mbuiséid le déanaí, agus cuireann sé tuilleadh le feabhsú na hinfheistíochta sa chóras oideachais bunscoile agus iar-bhunscoile.

Léiríonn an infheistíocht mhéadaithe shuntasach tiomantas an Rialtais do chóras scolaíochta cuimsitheach agus ardchaighdeáin le torthaí foghlama feabhsaithe do gach dalta.

Áirítear i measc na bpríomhghnéithe:

• Maoiniú breis agus €50 milliún chun leabhair saor in aisce a sholáthar ag an mbunleibhéal

• Maoiniú aon uaire €90m chun tacú le costais reatha scoile breise

• 2,180 múinteoir agus cúntóir riachtanas speisialta nua

• An sceideal foirne is ísle riamh de 23:1 ag an mbunleibhéal

• Infheistíocht mhéadaithe in oideachas speisialta, cuimsiú sóisialta agus folláine

Dúirt an tAire Foley:

“Tá bród orm na hinfheistíochtaí ceannródaíocha seo a fháil dár gcóras oideachais, ag cur leis an obair le blianta beaga anuas maidir le méideanna ranganna a laghdú, costais do theaghlaigh a laghdú, dul i ngleic le míbhuntáiste agus tacú le gnóthachtáil ár ndaltaí go léir.

“Bhí sé mar thosaíocht agam ón gcéad lá dom i mbun oifige tús a chur le scéim nua chun leabhair saor in aisce a chur ar fáil do gach dalta bunscoile agus is comhartha é ar ré nua i mbunoideachas na hÉireann. Laghdóidh an tionscnamh buan seo an t-ualach ar theaghlaigh go mór agus léiríonn sé an tábhacht a leagann an Rialtas seo ar an oideachas do gach leanbh. Rachaidh sé chun tairbhe suas le 540,000 dalta ar fud na tíre.

“Níor cheart don ardú ar chostais mhaireachtála a bheith mar bhac riamh ar an oideachas. Tá áthas orm tacaíocht mo chomhghleacaithe sa Rialtas a bheith agam lena chinntiú gur mar seo a bheidh agus, mar chuid de na bearta costais mhaireachtála, cuirfear méadú aonuaire 40 faoin gcéad ar fáil sa mhaoiniú do scoileanna atá sa scéim saoroideachais chun tacú le méadú na gcostas fuinnimh agus eile.

“Tá an Rialtas ag comhlíonadh a ghealltanais tuilleadh maidir le méideanna ranganna a laghdú sa Bhuiséad seo. Don tríú bliain as a chéile tá beart tugtha isteach agam chun líon na ranganna a laghdú tríd an sceideal foirne do scoileanna a ísliú, rud a fhágann go bhfuil an leibhéal is ísle riamh de 23:1 i mbunscoileanna. Nuair a chuirtear i bhfeidhm an sceideal nua foirne sa scoilbhliain seo chugainn, beidh laghdú breise le feiceáil ar mheánmhéid ranganna, agus ar an gcóimheas dalta agus múinteoir – atá bunaithe ar líon iomlán na foirne teagaisc sa scoil.

“Ó 2021 tá infheistíocht déanta againn i gclár samhraidh feabhsaithe, chun tacú le daltaí atá i mbaol míbhuntáiste oideachasúil agus chun cailliúint foghlama de bharr na paindéime Covid-19 a mhaolú. D’éirigh go rí-mhaith leis an gclár, agus tá an-áthas orm a fhógairt go gcuirfear maoiniú €20 milliún breise ar fáil i mbliana chun fáil a bheith go leanúnach ar an gclár seo do gach scoil. Bhí an clár thar a bheith tairbheach do dhaltaí agus tá an t-éileamh air agus a thionchar ag méadú i gcónaí.

“Cuireann an Buiséad seo maoiniú ar fáil freisin in 2023 chun ár bpleananna d’athchóiriú na Sraithe Sinsearaí a chur chun cinn, atá fréamhaithe freisin i bhfolláine scoláirí agus a chuireann an scoláire i gcroílár an phróisis.

Dúirt an tAire Madigan:

“Tá an tiomantas is mó riamh sa Bhuiséad seo maidir le fíor-ghníomhartha airgeadais agus céatadáin do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus dá dteaghlaigh.

“Ag os cionn 2.6 billiún, tá an leibhéal infheistíochta seo in oideachas speisialta gan fasach, agus is ionann é agus os cionn 27 faoin gcéad de leithdháileadh iomlán na Roinne Oideachais do 2023.

“Táimid ag tógáil ar an dul chun cinn atá déanta cheana féin maidir le ranganna, múinteoirí agus tacaíochtaí breise. Le 686 múinteoir breise, agus 1,194 CRS breise ag teacht isteach sa chóras ón mbliain seo, don chéad uair riamh beidh breis agus 19,000 múinteoir agus os cionn 20,000 cúntóir riachtanas speisialta ag obair i réimse an oideachais speisialta.

“Ar an iomlán tá nach mór 40,000 duine cáilithe agus tiomanta agus dírithe go hiomlán agus go heisiach ar thacú le leanaí inár scoileanna a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Gan amhras bainfidh na leanaí leas, mar is ceart agus is cuí, as an bhfócas breise a thabharfaidh na hacmhainní seo dá gcuid oideachais.

“Tá an-áthas orm tacaíochtaí síceolaíochta breise a fhógairt do scoileanna speisialta agus do ranganna speisialta, agus maoiniú breise don scéim um theicneolaíocht chúnta.

“Tá a fhios agam ó mo theagmháil go leanúnach le tuismitheoirí agus le teaghlaigh daltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu go bhfuil tacaíocht de dhíth orthu leis na saincheisteanna casta agus dúshlánacha a bhíonn os a gcomhair go laethúil. Tá bród orm infheistíocht shuntasach a fhógairt i leathnú na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta, le hinfheistíocht iomlán de €13 milliún in os cionn 160 ball foirne breise do bhliain iomlán.

Tá an infheistíocht seo á déanamh lena chinntiú gur féidir leis an CNOS freagairt go héifeachtach, go tuisceanach agus go tapa don riachtanas méadaithe inár gcóras oideachais ionas go dtugtar tacaíocht iomlán do leanaí agus dá dteaghlaigh agus go n-éireoidh leo na torthaí oideachais is fearr is féidir leo a bhaint amach.

“Léiríonn an Buiséad seo mo dhiongbháilteacht lena chinntiú go ndéanfar soláthar oideachais speisialta, polasaí agus acmhainní dár leanaí go léir a fhorbairt go leanúnach ionas chun go mbeidh ar a gcumas na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach ina saol.”

Na Príomhbhearta Oideachais i mBuiséad 2023

• I soláthar ceannródaíoch nua, tabharfaidh maoiniú nua de €47 milliún an infheistíocht iomlán i leabhair scoile saor in aisce go dtí os cionn €50 milliún, agus laghdóidh sé seo go mór an t-ualach ar theaghlaigh. Leanann sé seo ó scéim phíolótach na leabhar scoile saor in aisce atá i bhfeidhm i 102 bunscoil DEIS ó Mheán Fómhair 2020 agus tá sé mar ghealltanas i gClár an Rialtais.

• Leanfar ag comhlíonadh na ngealltanas i gClár an Rialtais, cuirfear maoiniú ar fáil chun méideanna na ranganna a laghdú trí na sceidil foirne scoile a laghdú 1 phointe do gach bunscoil. Beidh an sceideal foirne anois ag 23:1 i scoileanna príomhshrutha, agus beidh rátaí níos ísle i bhfeidhm sna 306 scoil DEIS Uirbeach banda 1. Bainfidh an feabhsúchán 1 phointe leis an sceideal feabhsaithe foirne atá i bhfeidhm sna 306 scoil DEIS Uirbeach banda 1.

• Is laghdú breise é seo ar an leibhéal is ísle riamh agus seo í an chéad uair a rinneadh a leithéid de laghdú i dtrí Bhuiséad as a chéile.

• Mar chuid de na bearta Costas Maireachtála atá le cur i bhfeidhm i mbliana tá €90m á chur ar fáil mar mhaoiniú breise aonuaire chun tacú le costais reatha méadaithe i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna atá sa scéim saoroideachais agus iad ag déileáil leis na dúshláin atá rompu mar thoradh ar chostais fuinnimh ardaithe. Gheobhaidh scoileanna méadú de thart ar 40 faoin gcéad ar ngnáthráta agus ar a ráta feabhsaithe maoinithe caipitíochta.

• Don bhliain 2023, beidh méadú suntasach de nach mór deich faoin gcéad ar an mbuiséad oideachais speisialta, le caiteachas iomlán de os cionn €2.6 billiún chun tacú le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Tá bearta fairsinge nua ann chun tacú le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, le teagasc breise, le hacmhainní CRS agus tacaíochta, ag tógáil ar an obair thar a bheith suntasach a tharla cheana féin in 2022 chun socrúchán cuí a chinntiú do leanaí i ranganna príomhshrutha, i ranganna speisialta agus i scoileanna speisialta.

• Áirítear, i measc na mbeart nua eile, €8 milliún chun freastal ar thionchair Covid-19 agus méadú ar rátaí coinneála daltaí i scoileanna, go háirithe iad siúd ó ghrúpaí daltaí atá i mbaol míbhuntáiste oideachais. Beidh méadú 5% sa mhaoiniú don Chlár Críochnaithe Scolaíochta mar chuid de seo.

• Cuirfear €20 milliún breise ar fáil do chothabháil an Chláir Samhraidh feabhsaithe in 2023, a bunaíodh chun tacaíochtaí breise a sholáthar do dhaltaí atá i mbaol míbhuntáiste oideachais mar thoradh ar phaindéim Covid-19. Tabharfaidh sé seo an soláthar iomlán don Chlár Samhraidh in 2023 go €40 milliún.

• Tá an Roinn ar tí an t-athbhreithniú ar an bPlean Gníomhaíochta ar Bhulaíocht agus ar an bPlean Gníomhaíochta nuashonraithe ar Bhulaíocht a fhoilsiú i mí na Samhna; cuirfear €1 milliún ar fáil do ghníomhartha chun bulaíocht i scoileanna a chosc agus chun dul i ngleic léi.

• Cuirfear maoiniú breise de €2 mhilliún ar fáil in 2023, chun dul chun cinn a dhéanamh leis an obair ar chlár athchóirithe na Sraithe Sinsearaí. Cuirfear maoiniú breise de €11 milliún ar fáil don bhliain 2023 chun an ráta feabhsaithe íocaíochta a choinneáil do scrúdaitheoirí na scrúduithe Stáit mar thoradh ar bhearta Covid-19.

Cuirfear maoiniú breise de €3 mhilliún ar fáil in 2023 chun bearta cuimsithe sóisialta a fheabhsú, lena n-áirítear acmhainn na seirbhísí leasa oideachais i dTusla, atá faoi shainchúram an Aire Oideachais anois.

Bearta don Oideachas Speisialta

Áirítear mar chuid den soláthar breise i mBuiséad 2023 do bhearta a thacaíonn le leanaí le riachtanais speisialta oideachais:

• €12 milliún do mhúinteoirí breise atá ag tacú le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu

• 686 post múinteora nua, mar seo a leanas:

o 206 post nua a chuirfidh tacaíocht bhreise ar fáil do leanaí a fhreastalaíonn ar ranganna príomhshrutha lena n-áirítear scoileanna nua agus scoileanna atá ag méadú.

o 480 post a éascóidh oscailt 370 rang speisialta nua atá ag soláthar os cionn 2,200 áit nua in 2023 agus 250 áit nua i scoileanna speisialta

• 1,194 post CRS i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna, mar seo a leanas:

o 735 chun tacú le daltaí i ranganna speisialta nua

o 124 chun tacú le daltaí in áiteanna nua i scoileanna speisialta

o 335 chun tacú le daltaí i ranganna príomhshrutha

Mar thoradh, méadófar an líon ranganna speisialta go 2,900 i scoileanna ar fud na tíre.

Áireofar leis an infheistíocht bhreise san oideachas speisialta:

• cuirfear maoiniú breise ar fáil don Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta chun tacaíocht bhreise a sholáthar do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus dá dteaghlaigh. Earcófar 121 post túslíne agus riaracháin chun tacú le teaghlaigh. Ardófar an tiomantas go hinfheistíocht €13 milliún i mbliain iomlán.

• cuirfear 40 post nua breise ar fáil do scéim nua chun tacú le daltaí Bodhra agus Lagéisteachta arb í Teanga Chomharthaíochta na hÉireann a gcéad teanga.

• cuirfear maoiniú ar fáil don tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais do 54 síceolaí breise chun seirbhísí a sholáthar do scoileanna agus do ranganna speisialta.

• cuirfear infheistíocht bhreise de €2 mhilliún ar fáil sa scéim um theicneolaíocht chúnta san oideachas, chun freastal ar riachtanais dhaltaí a bhaineann leas as an scéim seo.

An Clár Caipitil

Faoi Thionscadal Éireann 2040, gheobhaidh an earnáil oideachais infheistíocht chaipitiúil de thart ar €4.4 billiún san iomlán thar an tréimhse 2021-2025. Tugann an infheistíocht shuntasach seo deis dúinn gluaiseacht chun cinn le cinnteacht maidir lenár bpleananna uaillmhianacha agus tionscadail tógála ardchaighdeáin a sholáthar, le fíor-fhócas ar inbhuanaitheacht, do phobail scoile ar fud na hÉireann.

Tarlaíonn pleanáil agus buiséadú caipitil ar bhonn ilbhliantúil. Éascóidh an leithdháileadh de €860 milliún do 2023 rolladh amach láidir leanúnach ar thionscadal tógála scoile. Áirítear leis seo an dul chun cinn leanúnach ar thart ar 300 tionscadal tógála atá ag tarlú faoi láthair. Tá sé i gceist go dtabharfar formhór na dtionscadal seo chun críche in 2023. Áirítear leis na tionscadail seo breis agus 50 foirgneamh scoile nua agus síntí i thart ar 250 scoil.

Beidh thart ar 150 tionscadal tógála scoile eile, atá faoi láthair ag céim shuntasach dearaidh nó ag céim tairisceana agus tógáil le tosú i 2023, i gceist le rolladh amach leanúnach an Phlean Forbartha Náisiúnta. Sa chlár tógála scoile tá fócas láidir ar acmhainn bhreise a sholáthar do ranganna speisialta, go háirithe ag leibhéal na hiar-bhunscoile, agus do scoileanna speisialta freisin.

Bearta maidir le Costas Maireachtála

Tá maoiniú aonuaire de €100 milliún á chur ar fáil freisin do 2022 mar chuid de na bearta costais mhaireachtála atá le cur i bhfeidhm i mbliana lena chinntiú go mbeidh tacaíochtaí airgeadais ar fáil do:

• scoileanna chun freastal ar chostais reatha méadaithe do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna sa chóras saoroideachais chun déileáil leis na dúshláin atá rompu i bhfianaise na gcostas fuinnimh atá ag ardú. Gheobhaidh scoileanna méadú de thart ar 40 faoin gcéad ar a ngnáthrátaí agus ar a rátaí feabhsaithe maoinithe caipitíochta.

• soláthraithe iompair scoile atá ann cheana féin chun dul i ngleic leis na costais mhéadaithe leanúnacha breosla.

Nótaí d’Eagarthóirí

• Tá sonraí na bpríomhbheart i mbuiséad na Roinne Oideachais ar fáil anseo: https://www.gov.ie/en/publication/ce95b-main-features-of-budget-2023-education/

Cóimheas idir daltaí agus múinteoir

Ríomhann an cóimheas idir daltaí agus múinteoir líon na ndaltaí i scoil mar chóimheas de líon iomlán na múinteoirí atá fostaithe sa scoil, lena n-áirítear múinteoirí ranga agus múinteoirí oideachais speisialta.

Sceideal foirne

Is é an sceideal foirne bliantúil a chinneann leithdháileadh múinteoirí ar scoileanna. Is é an príomhchúinse chun leibhéal na n-acmhainní foirne a sholáthraítear ag leibhéal na scoile aonair a chinneadh ná an sceideal foirne don scoilbhliain ábhartha agus rolluithe daltaí ar an 30 Meán Fómhair roimhe sin.

CRÍOCH