Ceithre Scoil Speisialta Nua Fógartha chun Soláthar a Dhéanamh do Leanaí a bhfuil Riachtanais Bhreise acu
- Foilsithe: 7 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 7 Aibreán 2026
D’fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton TD, agus an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan TD, inniu go bhfuil ceithre scoil speisialta nua á mbunú don scoilbhliain seo chugainn 2026/2027; céim ríthábhachtach lena chinntiú go mbeidh rochtain ag leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ar na tacaíochtaí speisialaithe agus ar an timpeallacht a theastaíonn uathu chun a bheith rathúil agus a lánacmhainneacht a bhaint amach.
Beidh na ceithre scoil speisialta nua lonnaithe i mBaile Brigín agus in Iarthar na Cathrach i gCo. Bhaile Átha Cliath, i mBré i gCo. Chill Mhantáin, agus i Mainistir Eimhín i gCo. Chill Dara. Bainfear athearraíocht as foirgnimh scoile atá ann cheana féin chun iad seo a bhunú agus cuirfidh siad áiteanna scoile breise ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais atá casta acu suas go dtí 18 mbliana d’aois. Tá na scoileanna seo ag tógáil ar an dul chun cinn suntasach atá déanta le blianta beaga anuas, rud a thugann líon iomlán na scoileanna speisialta nua a bunaíodh le sé bliana anuas go dtí 20. Tá na scoileanna nua suite go straitéiseach chun freastal ar riachtanais áitiúla aitheanta agus ag an am céanna tá siad ag tacú le ceantair máguaird trasna teorainneacha contae.
In éineacht leis sin, tá obair leanúnach ar siúl chun acmhainn a leathnú i scoileanna speisialta atá ann cheana féin ar fud na tíre, agus í dírithe go háirithe ar scoileanna a bunaíodh le déanaí. Tá an phleanáil don chéad scoilbhliain eile (2026/27) ar bun cheana féin agus 387 rang speisialta nua ceadaithe go dtí seo agus táthar ag súil go ndeimhneoidh CNOS tuilleadh ranganna go luath.
Déanfar athearraíocht ar chóiríocht scoile atá ann cheana féin chun na ceithre scoil speisialta nua a bhunú sna háiteanna seo a leanas:
- Baile Brigín, Co. Bhaile Átha Cliath;
- Iarthar na Cathrach, Co. Bhaile Átha Cliath;
- Bré, Co. Chill Mhantáin agus
- Mainistir Eimhín, Co. Chill Dara.
Dúirt an tAire Naughton:
“Tá tiomantas an Rialtais a chinntiú go bhfuil rochtain ag gach leanbh, beag beann ar a riachtanais, ar áit scoile chuí agus leis na tacaíochtaí atá tuillte aige nó aici i gcroílár chinneadh an lae inniu.
“Céim shoiléir agus chinniúnach is ea bunú na gceithre scoil speisialta nua seo ar fud Bhaile Átha Cliath, Chill Mhantáin agus Chill Dara chun an acmhainn a mhéadú agus, dá bharr sin, brú ar theaghlaigh a laghdú. Ciallaíonn sé seo go mbeidh níos mó leanaí in ann rochtain a fháil ar oideachas speisialaithe ina bpobail féin i mí Mheán Fómhair seo chugainn.
“Tá dul chun cinn maith déanta againn maidir le soláthar oideachais speisialta a leathnú agus leanfaimid orainn ag gníomhú chun freastal ar an éileamh, ar éileamh é atá ag fás. Tá fíorthiomantas don chuimsiú á léiriú ag ár bpobail scoile i gcónaí. Is mian liom buíochas ó chroí a ghlacadh le ceannairí scoile, múinteoirí, baill foirne agus pátrúin as a ndúthracht i dtaca le bunú ranganna speisialta agus scoileanna speisialta ar bhonn leanúnach ar fud na hÉireann.
“Faoi Bhuiséad 2026, tá níos mó ná €3 billiún leithdháilte ar thacaíochtaí do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Léiríonn an leibhéal infheistíochta seo, nár tharla a leithéid riamh cheana, go bhfuilimid dírithe go mór ar leathnú an tsoláthair ar fud na tíre.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Naughton:
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Naughton:
“Táimid ag déanamh dul chun cinn suntasach maidir lena chinntiú go bhfuil rochtain ag ár leanaí go léir ar thimpeallacht foghlama atá fáilteach agus cuimsitheach, ar timpeallacht í inar féidir leo foghlaim, fás agus a bheith rathúil. Mar thoradh ar chomhoibriú leanúnach agus ar phleanáil chúramach, tógfaimid córas oideachais a thacaíonn go fírinneach le gach foghlaimeoir.”
Dúirt an tAire Moynihan:
“Mar Aire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, tá gealltanas tugtha agam a chinntiú go bhfuil áit scoile atá oiriúnach dá riachtanas aonair ag gach leanbh.
"Tá ról ríthábhachtach ag scoileanna speisialta laistigh dár gcóras oideachais, ag soláthar tacaíochtaí agus timpeallachtaí foghlama an-speisialaithe do leanaí a bhfuil riachtanais chasta acu. Tá tiomantas an rialtais d'infheistíocht leanúnach mar fhianaise air sin agus is féidir é a fheiceáil arís i mbunú na gceithre scoil speisialta nua seo ar fud Bhaile Átha Cliath, Chill Dara agus Chill Mhantáin. Tabharfaidh sé seo an-tacaíocht do theaghlaigh ar fud an réigiúin agus cinnteoidh sé go mbeidh rochtain ag leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu ar a gcuid oideachais, rud a chuireann béim ar thiomantas daingean an Rialtais seo do scoláirí agus dá dteaghlaigh."
“Tá an méid sin sa bhreis ar níos mó ná 380 rang speisialta nua atá ceadaithe cheana féin don scoilbhliain seo amach romhainn, rud a leathnóidh an acmhainn tuilleadh ar fud na tíre. Táim meáite ar leanúint ar aghaidh ag obair go réamhghníomhach chun socrúcháin chuí a fháil cibé áit a bhfuil gá leo.
“Tá mo roinnse, i gcomhar le CNOS, i mbun dianphlé le pobail scoile lena chinntiú go gceadófar agus go mbunófar soláthar breise a luaithe agus is féidir. Cuireann fógra an lae inniu am ríthábhachtach roimh ré ar fáil do phróisis iontrála, earcaíocht foirne, forbairt ghairmiúil agus d’aon oibreacha athearraíochta is gá a dhéanamh ar fhoirgnimh, sula n-osclófar na scoileanna speisialta nua seo do scoilbhliain 2026/27.
“I ndeireadh na dáal, tacóidh an leathnú seo ar sholáthar le leanaí agus le daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu chun na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach, agus ag an am céanna an dearbhú agus an tacaíocht atá tuillte acu a thabhairt do theaghlaigh.”
“Is mian liom, go háirithe, buíochas a ghlacadh leis na comhlachtaí pátrúnachta a bhí páirteach agus gach rath a ghuí orthu agus iad ag obair leis an Roinn agus le CNOS chun ullmhú agus pleanáil a dhéanamh do na scoileanna nua.”
Nótaí d’Eagarthóirí
Feidhmeoidh Bord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire mar chomhlacht pátrúnachta do na scoileanna speisialta nua i mBaile Brigín agus in Iarthar na Cathrach. Feidhmeoidh Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin mar chomhlacht pátrúnachta don scoil speisialta nua i Mainistir Eimhín agus feidhmeoidh Ardeaspag Caitliceach Bhaile Átha Cliath mar chomhlacht pátrúnachta don scoil speisialta nua i mBré.
Garsprioc thábhachtach is ea an fógra faoi na scoileanna nua inniu agus éascóidh sé socruithe áitiúla chun iontrálacha scoile a phleanáil, foireann a earcú agus a oiliúint agus oibreacha tógála riachtanacha a chur i gcrích.
Tá sé i gceist go mbainfear athearraíocht as foirgnimh atá ann cheana chun oscailt na scoileanna speisialta nua a éascú do scoilbhliain 2026/27. Deimhneofar tuilleadh sonraí in am trátha mar chuid de chríochnú na socruithe chun na scoileanna speisialta nua a oscailt.
Le roinnt blianta anuas, bunaíodh 16 scoil speisialta i gcontaetha Chorcaí, Bhaile Átha Cliath, Chill Dara, Luimnigh, na Mí, Mhuineacháin, Thiobraid Árann agus Loch Garman. Mar chuid den phleanáil chun cinn atá déanta ag an Roinn agus ag CNOS, tá ceithre cinn de scoileanna speisialta nua á bpleanáil anois i gcontaetha Bhaile Átha Cliath, Chill Dara agus Chill Mhantáin. San áireamh sa phleanáil chun cinn seo bhí measúnú ar fhaisnéis agus ar shonraí maidir le hacmhainn reatha, éileamh, liostaí feithimh, réamh-mheastacháin rollaithe scoláirí, agus líon na leanaí a thaistealaíonn lasmuigh dá gceantar áitiúil chun teacht ar shocrúchán scoile speisialta.
Oibreoidh CNOS go dlúth le teaghlaigh na leanaí agus na ndaoine óga lena mbaineann chun cabhrú leo teacht ar na háiteanna nua a bheidh ar fáil do scoilbhliain 2026/27.
Tá an phleanáil do bhunú agus d’oscailt na scoileanna speisialta nua imithe chun cinn go mór. Deimhneofar go luath na sonraí maidir leis an bpróiseas iontrála agus líon na n-áiteanna atá le tairiscint do scoilbhliain 2026/27 i ngach scoil speisialta nua.