Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cleachtas ar ardchaighdeán agus torthaí láidre ar fud chóras oideachais na hÉireann aibhsithe i dTuarascáil na Cigireachta

D’fhoilsigh Cigireacht na Roinne Oideachais agus Óige Tuarascáil na Cigireachta (2024) agus Athbhreithniú Téamach inniu, a léiríonn feidhmíocht láidir agus teagasc agus foghlaim ar ardchaighdeán trasna chóras luathfhoghlama agus scoile na hÉireann. Tugtar sa tuarascáil anailís ar cháilíocht an tsoláthair oideachais i mbunscoileanna, i scoileanna speisialta, in iar-bhunscoileanna, agus i suíomhanna fhoghlaim agus cúram na luath-óige idir mí Eanáir 2024 agus mí na Nollag 2024. Tugtar sa tuarascáil freisin athbhreithniú téamach ar roinnt gnéithe den soláthar oideachais, bunaithe ar an taighde agus na cigireachtaí a rinne cigirí sa bhliain 2024 agus sa chéad leath den bhliain 2025 agus ar na cuairteanna comhairleacha a thug siad le linn na tréimhse sin. Is dearfach atá na cinntí foriomlána ó chlár cigireachta na bliana 2024, ina léirítear córas atá ag feidhmiú ar ardchaighdeán. Léiríonn na caighdeáin seo measúnuithe náisiúnta agus idirnáisiúnta a thugann le fios go bhfuil Éire ag éirí go maith ó thaobh gnóthachtála oideachasúla de. Áirítear leo sin:

  • Foghlaim agus Cúram Luathbhlianta:
    • Bhí 98.1% de shuímh luathfhoghlama ar ardchaighdeán nó níos fearr maidir leis an timpeallacht foghlama agus na caidrimh.
    • Sholáthair 97.3% de shuímh eispéiris foghlama agus gnóthachtálacha ar ardchaighdeán nó níos fearr do leanaí.
    • Léirigh leanaí fiosracht, buanseasmhacht, cruthaitheacht agus rannpháirtíocht dhomhain i bhfoghlaim tríd an tsúgartha.
    • Bhí ceannaireacht agus bainistíocht ar ardchaighdeán nó níos fearr i mbeagnach 95% de na suímh, a léirigh gairmiúlacht agus obair foirne láidir.
    • Thug cigirí faoi deara idirghníomhaíochtaí cineálta, cothaitheacha, úsáid láidir as cur chuige an phríomhtheagmhálaí, deiseanna ardchaighdeáin le haghaidh súgartha, agus comhpháirtíocht dlúth le teaghlaigh.

  • Bunscoileanna agus Scoileanna Speisialta:
  • Bhí caighdeán an teagaisc ar ardchaighdeán nó níos fearr i 93.9% de na ceachtanna.
  • Bhí foghlaim na leanaí ar ardchaighdeán nó níos fearr i 94.8% de na ceachtanna.
  • Bhí measúnú ar ardchaighdeán nó níos fearr i 90% de na ceachtanna.
  • Chonaic cigirí ardleibhéil rannpháirtíochta scoláirí, timpeallachtaí foghlama dearfacha, agus nósanna láidre sa seomra ranga.
  • Léirigh an soláthar sa Chorpoideachas samhaltú láidir gluaiseachta, úsáid mhaith trealaimh, agus ceachtanna taitneamhacha dea-struchtúrtha.
  • Sa Cheol, chuir scoileanna deiseanna saibhir feidhmithe ar fáil, agus ba chuid cheiliúrtha de shaol na scoile gníomhaíocht cheoil go minic.

  • Iar-bhunscoileanna:
    • Bhí an teagasc ar ardchaighdeán nó níos fearr i 88%-91% de na ceachtanna, idir chigireachtaí le fógra agus gan fógra.
    • Bhí caighdeán na foghlama ar ardchaighdeán nó níos fearr i 87%-91% de na ceachtanna, idir chigireachtaí le fógra agus gan fógra.
    • Bhí cleachtas measúnaithe ar ardchaighdeán nó níos fearr i 83%-86% de na ceachtanna, idir chigireachtaí le fógra agus gan fógra.
    • Léirigh scoláirí leibhéal ard rannpháirtíochta, idirghníomhaíochtaí measúla agus dearcthaí dearfacha i leith na foghlama.
    • San Eolaíocht Ríomhaireachta, léiríonn an tuarascáil torthaí dearfacha, le teagasc ar ardchaighdeán, forbairt láidir ar scileanna digiteacha agus timpeallachtaí foghlama tacúla.
    • Sa Chorpoideachas, léirigh go leor scoileanna ceannaireacht láidir san ábhar, curaclam leathan, agus rannpháirtíocht spreagúil na scoláirí.

Aithnítear sa tuarascáil freisin gnéithe den soláthar a éilíonn forbairt agus feabhsú. Áirítear orthu seo:

  • Cleachtais ionchuimsitheacha:
  • An gá atá le comhthuiscint shoiléir ar cad is brí le ionchuimsiú agus ar an gcuspóir atá le ranganna speisialta laistigh de chóras ionchuimsitheach.
    • Cur chun cinn níos mó ar ghníomhaireacht leanaí agus rannpháirtíocht bhríoch tuismitheoirí i gcinntí faoi fhoghlaim.
    • Tacaíochtaí níos láidre do cheannairí scoile chun cleachtais ionchuimsitheacha éifeachtacha scoile uile a chur i bhfeidhm atá oiriúnach dá gcomhthéacsanna.
    • Athbhreithniú ar phróisis leithdháilte agus imlonnaithe múinteoirí chun a chinntiú go n-úsáidtear acmhainní go héifeachtach agus go gcomhlíontar spriocanna beartais.

  • Cur chun feidhme Curaclam Teanga na Bunscoile (CTB) chun tacú le teagasc na Gaeilge: Níl an CTB (2019) curtha i bhfeidhm go hiomlán i seomraí ranga bunscoile fós.
    • Tá géarghá le tacaíocht a thabhairt do cheannairí agus do mhúinteoirí chun a gcumas inniúlachta sa Ghaeilge a fheabhsú, ós rud é go bhfuil éagsúlacht shuntasach ann, rud a mbíonn tionchar aige ar chur chun feidhme an CTB.
    • Léiríonn fianaise go bhfuil léirmhíniú agus cur chun feidhme phrionsabail CTB don Ghaeilge neamhsheasmhach, go háirithe i scoileanna Béarla.
    • Molann an tuarascáil bearta ar leibhéal na scoile agus an chórais chun foghlaim na leanaí sa Ghaeilge a neartú.

  • Matamaitic: Tá sé mar aidhm ag na moltaí feabhas a chur ar theagasc agus ar fhoghlaim na matamaitice le linn an aistrithe ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil, ag cur béime ar leanúnachas, ar dhul chun cinn agus ar thuiscint chomhroinnte ar an gcuraclam agus ar an oideolaíocht.
    • Sainaithníonn an tuarascáil go bhfuil gá le comhroinnt níos fearr ar fhaisnéis mheasúnaithe idir bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna.
    • Iarrann sé freisin ar fhoghlaim ghairmiúil tras-earnála dírithe ar inniúlacht mhatamaiticiúil, príomhsprioc de churaclaim na bunscoile agus na sraithe sóisearaí.

Ag foilsiú na tuarascála di, dúirt Yvonne Keating, an Príomh-Chigire:

“Léirítear inár gcinntí cigireachta go leor láidreachtaí agus buanna i gcóras oideachais na hÉireann. Tá na buanna seo á spreagadh ag gairmiúlacht, saineolas agus díograis oideoirí, múinteoirí, ceannairí scoile agus suímh, agus iad siúd a thacaíonn le foghlaim agus folláine ó oideachas na luath-óige go leibhéil na bunscoile agus na hiar-bhunscoile. Tacaíonn sé seo le dul chun cinn leanúnach agus sinn ag iarraidh oideachas ionchuimsitheach ar ardchaighdeán a sholáthar do gach leanbh agus duine óg.

"Léiríonn ár dtorthaí cigireachta freisin roinnt réimsí tábhachtacha ina bhfuil ina bhfuil feabhas agus forbairt ag teastáil. Áirítear leo sin gnéithe de chur i bhfeidhm an churaclaim i réimsí amhail an Ghaeilge agus an Mhatamaitic, gníomhartha atá ceaptha chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus a réiteach, agus gnéithe de chleachtais ionchuimsitheacha.

"Mar Chigireacht, is é ár n-uaillmhian córas oideachais a bhaint amach ina mbraitheann gach leanbh agus duine óg go bhfuil ardmheas orthu agus ina gcothaítear go gníomhach iad chun barr a gcumais a bhaint amach. Tá súil againn go spreagfaidh Tuarascáil na Cigireachta (2024) agus an Athbhreithniú Téamach machnamh, díospóireacht agus gníomhartha a chuideoidh le córas oideachais ionchuimsitheach ar ardchaighdeán a sholáthar.”

D’aithin Helen McEntee, an tAire Oideachais agus Óige, foilsiú na tuarascála, agus í ag rá:

“Fáiltím roimh an tuarascáil seo, ina mbaintear leas as raidhse fianaise agus taighde cigireachta ó gach earnáil dár gcóras oideachais. Taispeánann an tuarascáil seo na láidreachtaí go léir atá sa chóras agus tiomantas na ndaoine a oibríonn ann. Léiríonn na caighdeáin eisceachtúla aibhsithe tiomantas na múinteoirí, na gceannairí scoile, na n-oideachasóirí luathbhlianta agus na dteaghlach.

“Tá na príomhréimsí a aithníodh—Ionchuimsiú, an Ghaeilge agus an Mhatamaitic—ag teacht go hiomlán leis an bPlean Oideachais 2025, a bhfuil sé mar aidhm aige córas oideachais den chéad scoth a sholáthar, córas a bhriseann bacainní agus a chinntíonn go mbainfidh gach leanbh agus duine óg a lánchumas amach.”

D’fháiltigh Michael Moynihan, an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, roimh an tuarascáil freisin. Dúirt sé:

“Tá Éire tiomanta a chinntiú go mbeidh suíomhanna agus scoileanna ina dtimpeallachtaí atá fáilteach agus ionchuimsitheach agus atá saor ó idirdhealú. Tá sé sin mar chuid den cheangaltas atá orainn faoi Airteagal 24 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas. Leagtar amach sa tuarascáil seo gnéithe de chleachtais ionchuimsitheacha éifeachtacha atá i bhfeidhm inár gcuid scoileanna agus suíomhanna oideachais faoi láthair. Ag féachaint chun cinn, is é an dúshlán atá le sárú againn ná cur leis an mbunús sin trí thuiscint chomhroinnte a chothú i measc na ngeallsealbhóirí uile - oideoirí, teaghlaigh, pobail, agus an lucht déanta beartas - ar a bhfuil i gceist le córas oideachais ionchuimsitheach ardchaighdeáin agus trí na daoine sin a bhfuil ról acu sa chóras sin a chumhachtú chun tacú leis an gcóras agus é a mhúnlú go gníomhach.”

Tuilleadh faisnéise

Is é seo an chéad tuarascáil bhliantúil ón gCigireacht. Roimhe seo, d’fhoilsigh an Chigireacht tuarascálacha lenar cumhdaíodh tréimhsí níos faide. Ba é an ceann is déanaí díobh sin ná Tuarascáil na Cigireachta (2021-2023) agus Athbhreithniú Téamach, a foilsíodh i mí na Nollag 2024. Tá sé beartaithe ag an gCigireacht tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú as seo amach.

Tá dhá rannán san fhoilseachán: tuarascáil ar an gclár cigireachta agus ar na cinntí cigireachta (Caibidlí 1-4), ina dtugtar léargais ó bheagnach 3,000 ceann de chigireachtaí agus de chuairteanna comhairleacha i suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim, scoileanna, ionaid oideachais agus suíomhanna oideachais eile; agus athbhreithniú téamach ar théamaí sonracha oideachais. Cuimsíonn an t-athbhreithniú téamach (Caibidlí 5-13) béim ar an nGaeilge, leanúnachas agus dul chun cinn i bhfoghlaim na Matamaitice, peirspictíochtaí ar iompar bulaíochta, ionchuimsiú, gnéithe de sholáthar oideachais speisialta, rannpháirtíocht leanaí in gcigireachtaí, agus féinmheastóireacht scoile a fhorbairt tuilleadh.

An Chigireacht agus cigireachtaí 2024

Tugadh 2,995 cinn de chigireachtaí/cuairteanna comhairleacha ar shuíomhanna luathfhoghlama agus cúraim, scoileanna, ionaid oideachais agus suíomhanna oideachais eile, lena n-áirítear:

  • 546 chigireacht ar fhoghlaim agus cúram na luath-óige i suíomhanna státchistithe
  • 907 gcigireacht i mbunscoileanna agus scoileanna speisialta
  • 728 gcigireacht in iar-bhunscoileanna agus ionaid oideachais
  • 246 chuairt féinmheastóireachta scoile agus 568 gcinn de chigireachtaí eile, cuairteanna comhairleacha agus gníomhaíochtaí meastóireachta eile

Ina theannta sin, déanann an Chigireacht na torthaí ó chigireachtaí a bhailiú agus a anailísiú i gcomhthéacs téamaí ar leith agus foilsíonn sí iad i bhfoirm tuarascálacha téamacha. Foilsíodh aon tuairisc théamacha dhéag sa bhliain 2024.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat