Léiríonn staidéar idirnáisiúnta go bhfuil Éire sna tíortha is fearr ó thaobh litearthacht sa léitheoireacht bunscoile de
- Foilsithe: 16 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 18 Bealtaine 2023
Inniu, Dé Máirt an 16 Bealtaine, sheol an tAire Oideachais Norma Foley TD an Staidéar Idirnáisiúnta ar Dhul Chun Cinn sa Litearthacht Léitheoireachta (PIRLS) 2021, Measúnuithe Náisiúnta ar Léitheoireacht na Matamaitice agus an Bhéarla (NAMER) 2021 agus tuarascálacha DEIS NAMER.
Léiríonn staidéar idirnáisiúnta go bhfuil Éire fós i dornán de na tíortha is fearr feidhmíochta sa litearthacht sa léitheoireacht bunscoile in ainneoin na paindéime Covid-19
Seo mar a léirigh staidéar PIRLS:
- Coinníonn Éire a háit i measc fo-thacar de thíortha ardghnóthachtála maidir le léitheoireacht bunscoile.
- Níor ghnóthaigh aon tír san AE ná san ECFE scór a bhí i bhfad níos airde ná scór na hÉireann i PIRLS 2021.
- Tá an treocht náisiúnta chomparáideach d’Éirinn dearfach, le meánscór na hÉireann ag 577 ar PIRLS 2021, 11 pointe níos airde ná an scór náisiúnta inchomparáide in 2016 agus 25 pointe níos airde ná in 2011. Toisc go raibh daltaí in 2021 níos sine ná iad siúd in 2016, mar gheall ar an moill sa tástáil mar thoradh ar Covid, is cosúil gur léirmhíniú é seo gur fhan gnóthachtáil léitheoireachta seasmhach ar a laghad idir an dá thimthriall dheiridh de PIRLS.
Is tionscadal é PIRLS de chuid an Chumainn Idirnáisiúnta um Measúnú ar Ghnóthachtáil Oideachais (IEA). Bainistíonn an Foras Taighde ar Oideachas (FTO) an staidéar thar ceann na Roinne Oideachais (RO). Tá PIRLS deartha chun gnóthachtáil léitheoireachta daltaí rang a ceathair (nó an grádleibhéal coibhéiseach go hidirnáisiúnta) a mheas agus chun tacú le treochtaí a thomhas, ag cur ar chumas gach tír a bhfeidhmíocht féin a rianú thar thréimhse ama, mar aon le comparáidí le 56 tír eile a éascú.
Is éard atá sna Measúnachtaí Náisiúnta ar Mhatamaitic agus ar Léitheoireacht Bhéarla (NAMER) ná suirbhéanna ar léitheoireacht agus matamaitic ag leibhéal na bunscoile. Déanann an Foras Taighde ar Oideachas iad a stiúradh freisin thar ceann na Roinne Oideachas agus tugann siad léargas ar scileanna matamaitice agus léitheoireachta daltaí rang a dó agus rang a sé in Éirinn chun réimsí láidreachta agus laige a aithint, agus chun bonn eolais a sholáthar do pholasaí agus cleachtas oideachais. Soláthraíonn na measúnachtaí seo eolas tábhachtach freisin ar raon tosca a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar ghnóthachtáil.
Dúirt an tAire Foley: “Le seoladh PIRLS agus NAMER araon inniu, tá léargas uathúil le fáil againn ar éachtaí foghlama ár ndaoine óga san earrach agus san fhómhar 2021 araon.
“Is scéal thar a bheith dearfach iad na torthaí seo d’Éirinn. Tá ár n-áit coimeádta againn i measc líon beag de thíortha ardghnóthachtála maidir le gnóthachtáil ár scoileanna i scileanna bunúsacha ag am inar cuireadh an-bhrú ar phobail scoileanna ar fud an domhain mar gheall ar Covid-19.
“Ba mhaith liom tréaslú agus buíochas a ghabháil le múinteoirí, le príomhoidí, le tuismitheoirí agus leis na leanaí iad féin, as an sár-obair a rinne siad chun tacú leis an bhfoghlaim agus lena chéile le linn na tréimhse seo. Nuair a d’fhill siad ar an bhfoghlaim sa scoil, dhírigh scoileanna go rímhór ar fholláine, ar litearthacht agus uimhearthacht, agus is léir ón bhfócas seo gur éirigh le scoileanna na scileanna bunúsacha a choinneáil seasmhach.”
“Tá sé mar pholasaí ag mo roinn go ndéantar an curaclam a fhorbairt do gach foghlaimeoir, ó gach cúlra, agus is uirlis thábhachtach iad na tuarascálacha seo, dar liom, chun bonn eolais a chruthú do na cinntí a dhearbhaíonn é seo.
“Tá obair idir lámha freisin chun an bhearna idir scoileanna DEIS agus scoileanna neamh-DEIS a laghdú agus, trí leas a bhaint as an méid atá foghlamtha againn ó thuarascálacha PIRLS agus NAMER araon, beidh ar ár gcumas leanúint lena leis na rudaí a bhfuil rath orthu laistigh den chóras agus oibriú i dtreo phróisis eile a fheabhsú.
“Is léargas ag pointe ama iad sna measúnuithe seo agus táimse muiníneach go mbeidh tionchar dearfach ag athruithe ar ár gcuraclam bunscoile sa todhchaí.”
Ar an iomlán, ghlac 320,542 dalta i 57 tír páirt i PIRLS 2021, mar aon lena dtuismitheoirí/caomhnóirí, múinteoirí, agus príomhoidí. Ghlac 47,033 dalta eile páirt thar ceann ochtar rannpháirtí tagarmharcála .
In Éirinn, ghlac daltaí ó 148 scoil páirt i mí Mheán Fómhair 2021 agus ag tús rang a cúig (Tús G5). Rinneadh an cinneadh páirt a ghlacadh i mí Mheán Fómhair i ngeall ar thionchar Covid-19 agus dúnadh na scoileanna.
Rinneadh sampla na scoileanna a chothromú de réir mhéid rollaithe na scoile, an teanga teagaisc, stádas DEIS na scoile agus meascán inscne. Ghlac 4,663 dalta páirt sa triail scríofa PIRLS ar pháipéar. Ina theannta sin, d’fhreagair 4,322 tuismitheoir, 4520 múinteoir, agus 4610 ceannaire scoile ceistneoirí. B’ionann seo agus ráta freagartha an-ard ó scoileanna na hÉireann.
Caithfear scór 2021 a léirmhíniú i gcomhthéacs na bhfainicí ábhartha: bhí meánfheidhmíocht na ndaltaí Tús G5 san fhómhar 2021 (le meánaois 11.0) 11 phointe níos airde ná iad siúd ag daltaí Deireadh G4 san earrach 2016 (le meán-aois 10.5). Tá sé réasúnta go mbeifí ag súil gur éirigh níos fearr le daltaí na hÉireann san fhómhar 2021 ná mar a d’éireodh leo san earrach.
Tá na nithe seo a leanas taifeadta ag PIRLS 2021 maidir le gnóthachtáil in Éirinn:
- Coinníonn Éire a háit i measc fo-thacar de thíortha ardghnóthachtála maidir le léitheoireacht bunscoile.
- Níor ghnóthaigh aon tír san AE ná san ECFE scór a bhí i bhfad níos airde ná scór na hÉireann i PIRLS 2021.
- Ba í Singeapór an t-aon tír a ghnóthaigh meánscór níos airde ná Éire (a tástáladh ag deireadh Grád 4). Ghnóthaigh Hong Cong (a tástáladh ag deireadh Grád 4 freisin) meánscór nach raibh difríocht shuntasach idir é agus scór na hÉireann. Ghnóthaigh na tíortha rannpháirteacha eile go léir meánscóir a bhí i bhfad níos ísle ná Éire.
- Ghnóthaigh daltaí na hÉireann, ag tús Rang a Cúig in 2021, torthaí a bhí i bhfad níos airde ná meánscóir na 13 thír eile a ndearnadh tástáil orthu ag tús Grád 5 (G5), agus bhí Tuaisceart Éireann ar an gcéad ghrúpa ardghnóthachtála eile den ghrúpa seo.
- Rinneadh an tástáil ar Singeapór, an tír is airde feidhmíochta ar PIRLS 2021, ag deireadh Grád 4 (G4). Bhí a mheánscóir i bhfad níos airde ná scóir na hÉireann.
- Rinneadh an tástáil ar Hong Cong ag deireadh Grád 4 freisin; ní raibh aon difríocht shuntasach idir a mheánscór agus scór na hÉireann.
- Tá an treocht náisiúnta chomparáideach d’Éirinn an-dearfach, le meánscór na hÉireann ag 577 ar PIRLS 2021, 11 pointe níos airde ná an scór náisiúnta inchomparáide in 2016 agus 26 pointe níos airde ná in 2011. Á léirmhíniú agus an fainic san áireamh, tugann sé seo le tuiscint go bhfuil seasmhacht ar a laghad coinnithe ó 2016.
Bhí formhór na ndaltaí in Éirinn an-mhuiníneach (49%) nó sách muiníneach (34%) faoin léitheoireacht, ní raibh 17% muiníneach (PIRLS Scála do Dhaltaí atá Muiníneach sa Léitheoireacht).
Dúirt Emer Delaney, An Foras Taighde ar Oideachais, duine d’údair na tuarascála: “Ar an iomlán, is toradh an-dearfach é gur cosúil gur fhan inniúlacht léitheoireachta in Éirinn seasmhach ar a laghad idir 2016 agus 2021 i bhfianaise an cur isteach a tharla de bharr na paindéime agus fírinne an scéil gur laghdaigh an fheidhmíocht i go leor tíortha eile.”
Ar an iomlán, is cosúil go bhfuil an fheidhmíocht ar mheánscóir agus ar leibhéil inniúlachta sna Measúnachtaí Náisiúnta ar Mhatamaitic agus ar Léitheoireacht Bhéarla (NAMER) seasmhach; d’fhan gnóthachtáil daltaí mórán mar an gcéanna idir 2014 agus 2021. Go luath i mí na Bealtaine 2021 i 188 bunscoil, rinne 5,201 dalta i rang a Dó an triail léitheoireachta Béarla amháin agus rinne 5,516 dalta i rang a Sé an triail matamaitice amháin. Laghdaíodh raon feidhme NAMER 2021 i gcomhthéacs Covid-19 chun an t-ualach riaracháin ar fhoireann na scoile agus an t-ualach tástála ar dhaltaí a íoslaghdú, ach dóthain sonraí a bhailiú mar sin féin don staidéar. Níor riaradh ceistneoirí tuismitheoirí/caomhnóirí in 2021.
Tá na rátaí rannpháirtíochta agus críochnaithe do NAMER 21 ar aon dul le 2009 ach beagán faoi bhun leibhéil 2014. Tá siad fós ard, áfach, nuair a chuirtear san áireamh go ndearnadh na measúnachtaí scoileanna nuair a bhí Covid-19 go mór i réim. Is toradh dearfach é seo don mheasúnú.
Bhí sé seo le rá ag Joanne Kiniry, duine de na húdair: “Is ábhar misnigh é, in ainneoin an cur isteach ar an scolaíocht de bharr na paindéime COVID-19, go léiríonn torthaí NAMER 2021 seasmhacht i bhfeidhmíocht sa léitheoireacht Bhéarla agus sa mhatamaitic ó 2014 i leith.
I NAMER 2021, bhí líon níos mó daltaí ó scoileanna uirbeacha DEIS ná i dtimthriallta níos luaithe de na Measúnachtaí Náisiúnta. Bhí sé mar chuspóir leis an sampla níos mó meastacháin níos cruinne a sholáthar, ná mar a fhéadfaí a sholáthar roimhe seo, ar na leibhéil ghnóthachtála i scoileanna DEIS.
- Ní raibh aon athrú suntasach ar mheánfheidhmíocht na léitheoireachta Béarla idir 2014 agus 2021 i scoileanna Uirbeacha Neamh-DEIS, Banda Uirbeach 1 ná Banda Uirbeach 2.
- In NAMER 2021, ghnóthaigh 25% de dhaltaí rang a Dó i scoileanna Banda Uirbeach 1 scóir léitheoireachta a bhí Ag nó Os Cionn Leibhéal 3. Ba é 25% an sprioc a bhí leagtha amach do dhaltaí ardghnóthachtála i mBanda Uirbeach 1 san Plean DEIS agus tá an sprioc bainte amach.
- Bhí an fheidhmíocht ag daltaí rang a dó sa léitheoireacht Bhéarla i scoileanna Uirbeacha Neamh-DEIS i bhfad níos fearr ná feidhmíocht na ndaltaí i mBanda Uirbeach 1 agus i mBanda Uirbeach 2.
- B’ionann na céatadáin de dhaltaí rang a Dó i scoileanna Banda Uirbeach 1 a bhí sa rangú íseal ghnóthachtáil sa léitheoireacht in 2014 agus 2021.
- Ní raibh aon athrú suntasach ar mheánscóir matamaitice rang a Sé idir 2014 agus 2021 i scoileanna Uirbeacha Neamh-DEIS, i mBanda Uirbeach 1 ná i mBanda Uirbeach 2.
- Sa Mhatamaitic i rang a Sé, d'éirigh i bhfad níos fearr le daltaí i scoileanna Uirbeacha Neamh-DEIS ná a gcomhscoláirí i scoileanna Banda Uirbeach 1. Bhí an-chosúlacht sa bhearna sa mheánghnóthachtáil idir scoileanna Uirbeacha Neamh-DEIS agus i mBanda Uirbeach 1 in 2014 agus in 2021 (thart ar 30 pointe sa dá thimthriall).
- In 2021, ní raibh aon difríocht shuntasach idir meánscóir matamaitice na ndaltaí i mBanda Uirbeach 2 agus i scoileanna Uirbeacha Neamh-DEIS.
Dúirt Lorraine Gilleece, duine de na húdair: “Níor mhéadaigh an bhearna ghnóthachtála idir scoileanna DEIS agus scoileanna neamh-DEIS idir 2014 agus 2021. Fáiltítear roimh na torthaí seo i gcomhthéacs na fianaise idirnáisiúnta ar chaillteanas foghlama agus an tionchar ar leith a bhí ag COVID-19 ar dhaltaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste.”
Foilseofar tuarascálacha comhthéacsúla ar PIRLS, NAMER, agus scoileanna Uirbeach DEIS amach anseo. Déanfar iniúchadh iontu seo ar thosca a bhaineann le feidhmíocht, bunaithe ar shonraí a bhailítear ó na ceistneoirí a chomhlíon príomhoidí scoile, múinteoirí, daltaí, agus (do PIRLS) tuismitheoirí.
Na Tuarascálacha agus Ábhair Shamplacha a Rochtain
Delaney, E., McAteer, S., Delaney, M., McHugh, G. & O’Neill, B. (2023). PIRLS 2021: Reading results for Ireland. An Foras Taighde ar Oideachas [external-link www.erc.ie/PIRLS2021 | www.erc.ie/PIRLS2021 ]
Kiniry, J., Duggan, A., Karakolidis, A., Cunningham, R. & Millar, D. (2023). The National Assessments of Mathematics and English Reading 2021: Performance Report. Baile Átha Cliath: An Foras Taighde ar Oideachas www.erc.ie/NAMER2021
Nelis, S.M. & Gilleece, L. (2023). Ireland’s National Assessments of Mathematics and English Reading 2021: A focus on achievement in urban DEIS schools. Baile Átha Cliath: An Foras Taighde ar Oideachas www.erc.ie/NAMER2021DEIS
Is féidir breathnú ar théacsanna samplacha agus ar cheisteanna ó thimthriallta PIRLS roimhe seo ag [external-link https://www.erc.ie/studies/pirls/informational-materials/ | https://www.erc.ie/studies/pirls/informational-materials/ ]
Is féidir breathnú ar théacsanna samplacha agus ar cheisteanna ó Mheasúnachtaí Náisiúnta roimhe seo ag https://www.erc.ie/studies/namer/sample-test-items/
Nótaí d’Eagarthóirí
Nóta maidir le suntas staitistiúil
Ní hionann suntas sa chiall staitistiúil agus tábhacht sa chiall coitianta. Is éard atá i gceist le suntas staitistiúil ná comhartha gur dócha go mbeidh tionchar a breathnaíodh, difríocht idir dhá mheastachán (m.sh., meánscóir) nó comhghaol idir dhá athróg, le fáil sa daonra agus nach mar thoradh ar earráid shamplála atá sé ann. Déantar suntas staitistiúil a chinneadh trí úsáid a bhaint as tástáil a thomhaiseann an dóchúlacht go mbreathnófar gach staitistic de sheans. Má tá an dóchúlacht seo níos lú ná 5%, meastar go bhfuil an tionchar suntasach go staitistiúil. Ciallaíonn suntas staitistiúil gur dócha nach dtarlódh méid an staitistic mura mbeadh an gaol fíor.
Torthaí PIRLS
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go gcaithfear scór 2021 a léirmhíniú i gcomhthéacs na bhfainicí ábhartha: bhí meánfheidhmíocht na ndaltaí Tús G5 san fhómhar 2021 (le meánaois 11.0) 11 phointe níos airde ná iad siúd ag daltaí Deireadh G4 san earrach 2016 (le meán-aois 10.5).
É sin ráite, tá dea-scéal ann d’Éirinn maidir le feidhmíocht dhaltaí i PIRLS 2021.
- Coinníonn Éire a háit i measc fo-thacar de thíortha ardghnóthachtála maidir le léitheoireacht bunscoile.
- Níor ghnóthaigh aon tír san AE ná san ECFE scór a bhí i bhfad níos airde ná scór na hÉireann i PIRLS 2021.
- Ghnóthaigh daltaí na hÉireann, ag tús Rang a Cúig in 2021, torthaí a bhí i bhfad níos airde ná meánscóir na 13 thír eile a ndearnadh tástáil orthu ag tús Grád 5 (G5), agus bhí Tuaisceart Éireann ar an gcéad ghrúpa ardghnóthachtála eile den ghrúpa seo.
- Rinneadh an tástáil ar Singeapór, an tír is airde feidhmíochta ar PIRLS 2021, ag deireadh Grád 4 (G4). Bhí a mheánscóir i bhfad níos airde ná scóir na hÉireann.
- Rinneadh an tástáil ar Hong Cong ag deireadh Grád 4 freisin; ní raibh aon difríocht shuntasach idir a mheánscór agus scór na hÉireann.
- Ghnóthaigh na tíortha rannpháirteacha eile go léir meánscóir i bhfad níos ísle ná Éire.
- Tá an treocht náisiúnta chomparáideach d’Éirinn an-dearfach, le meánscór na hÉireann ag 577 ar PIRLS 2021, 11 pointe níos airde ná an scór náisiúnta inchomparáide in 2016 agus 25 pointe níos airde ná in 2011.
- Bhí formhór na ndaltaí in Éirinn an-mhuiníneach (49%) nó sách muiníneach (34%) faoin léitheoireacht, ní raibh 17% muiníneach (PIRLS Scála do Dhaltaí atá Muiníneach sa Léitheoireacht).
Tagarmharcanna Idirnáisiúnta
Déanann Tagarmharcanna Idirnáisiúnta cur síos ar na scileanna agus na straitéisí litearthachta a léiríonn daltaí ag leibhéil ghnóthachtála éagsúla. Is iad seo Íseal, Meánach, Ard agus An-Ard.
- Bhí na comhréireanna daltaí in Éirinn a bhain an Tagarmharc Meánach amach i 2021 agus i 2016 ar aon dul le chéile, cé gur lú go mór an líon a bhain an tagarmharc seo amach in 2011.
- Tháinig méadú suntasach ar chéatadán na ndaltaí a bhain an Tagarmharc Ard amach thar na trí thimthriall deiridh de PIRLS, le 5% níos mó daltaí in Éirinn ag baint amach an tagarmhairc seo in 2021 ná in 2016 agus 14% níos mó ná in 2011.
- Thar na trí thimthriall, tá méadú seasta agus suntasach tagtha freisin ar chéatadán na ndaltaí a léirigh na scileanna agus na straitéisí atá de dhíth chun an Tagarmharc An-Ard a bhaint amach, le 6% níos mó daltaí in 2021 ag baint an leibhéil seo amach ná in 2016 agus 11% níos mó ná in 2011.
Cuspóir don Léitheoireachta
- Sa ghnóthachtáil maidir le Cuspóir Léitheoireachta agus Tuiscint, ghnóthaigh daltaí na hÉireann meánscór de 584 ar an bhfoscála Liteartha. Bhí sé seo i bhfad níos airde ná a meánscór iomlán de 577, agus bhí an meánscór don léitheoireacht fhaisnéise (574) beagán beag níos ísle ach níos ísle go suntasach ná an meán iomlán.
- Bhí meánmhéadú 12 phointe ag Éirinn ar léitheoireacht Liteartha agus meánmhéadú 9 bpointe ar Léitheoireacht Faisnéise i gcomparáid le 2016.
- Léirigh Éire, mar aon le formhór na dtíortha tagartha, feidhmíocht i bhfad níos airde ar an bhfoscála Léirmhíniú/Meastóireacht (582) i gcoibhneas leis na meánacha iomlán, agus bhí an chuid is mó de na scóir Aisghabháil/Tátail (571) i bhfad níos ísle ná na meánscóir iomlán (577).
Inscne
- I 51 de na 57 tír PIRLS, Éire san áireamh, d’éirigh i bhfad níos fearr leis na cailíní ná na buachaillí sa léitheoireacht.
- Bhí na bearnaí inscne in Éirinn níos lú ná an meán go hidirnáisiúnta.
- Is ionann ó thaobh méide an bhearna inscne de 11 phointe i 2021 in Éirinn leis an mbearna a breathnaíodh i PIRLS 2016 (12 phointe) agus tá sé beagán níos lú ná an bhearna a breathnaíodh i PIRLS 2011 (15 phointe).
- Tá raon gnóthachtála níos leithne ag cailíní ná ag buachaillí, agus tá an difríocht seo le sonrú ag an dá thaobh den dáileadh. Tá an difríocht idir ghnóthachtáil na gcailíní agus na mbuachaillí ag an bpointe íochtair (5ú peircintíl) cúig phointe i bhfabhar na gcailíní, ach méadaíonn sé seo go 16 pointe i bhfábhar na gcailíní do na cailíní is airde gnóthachtáil thar na buachaillí is airde gnóthachtáil (95ú peircintíl).
- Shroich an méid céanna cailíní agus buachaillí an Tagarmharc Íseal idirnáisiúnta a bhfuil cur síos déanta air thuas.
- Ag an Tagarmharc Meánach, bhí an difríocht inscne neamhshuntasach, le 92% de chailíní ag baint amach an tagarmhairc seo i gcomparáid le 90% de bhuachaillí.
- Bhí an difríocht inscne beagán níos leithne agus níos suntasaí ag an Tagarmharc Ard, an Tagarmharc seo bainte amach ag 5% níos mó de chailíní (70%) ná buachaillí (65%). Bhí an bhearna inscne ba leithne ag an Tagarmharc Ard, áit ar léirigh i bhfad níos mó cailíní (30%) ná buachaillí (24%) na scileanna agus na straitéisí riachtanacha.
- Ghnóthaigh cailíní in Éirinn scóir mheánacha níos airde ná buachaillí ar na foscálaí do chuspóir léitheoireachta Liteartha agus Faisnéise araon, agus bhí an bhearna inscne níos mó don fhoscála Liteartha ná don léitheoireacht Faisnéise.
- D’fheidhmigh cailíní níos fearr ná buachaillí ar an dá fhoscála próisis léamhthuisceana ar fud na dtíortha tagartha go léir.
Dáileadh
Déanann dáileadh ghnóthachtáil na léitheoireachta cur síos ar a mhéid éagsúlachta atá sa ghnóthachtáil laistigh den 5ú agus 95ú peircintíl i measc tíortha tagartha roghnaithe.
- Tagann Éire i lár na dtíortha seo maidir le raon a dáilte, rud a thugann le fios go bhfuil éagsúlacht mheánach ann i ngnóthachtáil a daltaí.
- In Éirinn, ghnóthaigh na daltaí ab ísle gnóthachtáil (5ú peircintíl) scóir níos airde, ar an meán, ná na daltaí ab ísle gnóthachtáil sna tíortha tagartha roghnaithe, seachas Hong Cong (Deireadh G4).
- Tá scóir níos airde ar an meán á ghnóthachtáil ag na daltaí is airde gnóthachtáil in Éirinn (95ú peircintíl) ná na daltaí is airde gnóthachtáil i go leor tíortha tagartha, cé go bhfuil siad níos ísle ná Singeapór (Deireadh G4) agus ar aon dul le Tuaisceart Éireann (Tús G5).
- In 2016, bhí raon an dáileacháin in Éirinn cúngaithe beagán ó 2011, ach tá an patrún seo aisiompaithe anois, agus tá méid raon 2021 mórán mar a chéile lena raibh le feiceáil in 2011.
- Tá an phríomhdhifríocht sa dáileadh ó 2016 go 2021 ag an dtaobh is airde (idir an 75ú agus an 95ú peircintíl), áit a bhfuil sé leathnaithe faoi cheithre scórphointe.
DEIS agus SSE aonair
- Leanann gnóthachtálacha léitheoireachta i measc daltaí i scoileanna DEIS na patrúin ghnóthachtála i gcoitinne a breathnaíodh in 2016, le meánscóir léitheoireachta i scoileanna DEIS Banda 1 56 pointe níos ísle ná scoileanna neamh-DEIS agus meán-bhearna 40 pointe idir daltaí i mBanda 2 DEIS agus a bpiaraí. i scoileanna neamh-DEIS.
- Le linn an timthrialla seo cuireadh i bhfeidhm scála nua a sholáthraíonn tomhas aonair ar stádas socheacnamaíoch na ndaltaí (SSE). In Éirinn agus go hidirnáisiúnta, bhí gnóthachtáil daltaí a raibh SSE níos airde acu go mór agus go suntasach níos airde ná gnóthachtáil a bpiaraí le SSE meánach agus níos ísle. Is ag Singeapór atá an bhearna ghnóthachtála is leithne idir daltaí le SSE níos airde agus iad siúd le SSE níos ísle, agus tagann Éire ina dhiaidh sin.
- In Éirinn, tháinig treocht shuntasach chun solais maidir le gnóthachtáil laghdaithe ar na ceithre fhoscála Liteartha a bhí ag teacht le leibhéil laghdaithe buntáiste socheacnamaíoch.
- Tá an meánscór ar an bhfoscála Liteartha don ghrúpa SSE is airde (628) go mór os cionn na scóir chomhfhreagracha do na ceathairíleanna eile go léir, le bearna shubstaintiúil de 85 pointe idir meánscóir na gceathairíleanna SSE is airde agus is ísle.
- Tá bearna shubstaintiúil (os cionn 100 pointe) idir gnóthachtáil na ndaltaí ag an 5ú peircintíl laistigh de na ceathairíleanna SSE is ísle agus is airde, faoi seach.
- Ag an 95ú peircintíl, tá an bhearna gnóthachtála a tugadh faoi deara idir daltaí sna ceathairíleanna SSE is airde agus is ísle suntasach freisin (breis agus 70 pointe).
Folláine
- In 2021, mhothaigh díreach os cionn dalta amháin as gach 10 ndalta in Éirinn (11%) ocrach gach lá ar shroicheadh na scoile dóibh, agus bhí 11% eile a mhothaigh mar seo beagnach gach lá. Léiríonn sé seo méadú beag ar leitheadúlacht an ocrais ó 2016.
- Mhothaigh formhór na ndaltaí in Éirinn (94%) tuirseach uaireanta ar a laghad ar shroicheadh na scoile dóibh, breis agus an cúigiú cuid (21%) ag mothú tuirseach gach lá agus 24% eile ag mothú tuirseach beagnach gach lá. Léiríonn sé seo méadú ar thuirse i gcomparáid leis na figiúirí ó PIRLS 2016.
- In Éirinn, thug beagnach trí cheathrú (74%) de dhaltaí PIRLS 2021 le fios gur ar éigin a dearnadh bulaíocht riamh orthu. Thuairiscigh an cúigiú cuid (20%) go ndearnadh bulaíocht orthu thart ar uair sa mhí, agus thuairiscigh 6% go ndearnadh bulaíocht orthu thart ar uair sa tseachtain. Bhí meánghnóthachtáil léitheoireachta na ndaltaí ba mhinice a ndearnadh bulaíocht orthu go mór agus go suntasach níos ísle (59 pointe) ná iad siúd nach ndearnadh bulaíocht orthu riamh.
- Bhí breis is leath de na daltaí páirteach i dtionscnamh ar leith chun tacú lena bhfolláine, agus bhí breis agus trian de na daltaí páirteach i dtionscnamh chun tacú lena bhfolláine coirp.
- In ainneoin dhúshláin na paindéime, d’fhan freagairtí na múinteoirí ar na míreanna treochta sách seasta ó 2016 go 2021.
- Bhí tromlaigh mhóra de dhaltaí in Éirinn a raibh múinteoirí acu a mhothaigh bródúil as a gcuid oibre go han-mhinic nó go minic (95%), a bhí díograiseach ina bpost (94%), a raibh brí agus feidhm lena gcuid oibre (91%), a bhí sásta lena ngairm (88%), agus a bhí spreagtha ag a gcuid oibre (86%). Ba lú go mór an seans, áfach, go mothódh múinteoirí go han-mhinic nó go minic go raibh meas orthu mar mhúinteoir (64%), agus bhí 4% de mhúinteoirí na ndaltaí nár mhothaigh riamh nó a mhothaigh go fíor-annamh go raibh meas orthu.
Comhthéacs Covid
Tugann tuarascáil PIRLS léargas ar an bhfoghlaim sa bhaile a bhí mar thaithí ag daltaí in Éirinn le linn dhúnadh scoileanna 2021 de bharr COVID-19.
- Thuairiscigh formhór na dtuismitheoirí gur chuir scoileanna gníomhaíochtaí ar líne ar fáil do dhaltaí agus, go pointe níos lú, gur tugadh tascanna léitheoireachta (cé nár tugadh le fios cé na cineálacha tascanna léitheoireachta a bhí i gceist).
- Thuairiscigh tuismitheoirí go raibh tromlach na ndaltaí ag léamh sách minic mar ghné dá gcuid oibre scoile, beagnach gach duine acu ag léamh uair sa tseachtain ar a laghad agus an chuid is mó acu (82%) ag léamh gach lá le linn na tréimhse dúnta, le breis agus an tríú cuid acu ag léamh thart ar uair sa tseachtain.
- Thuairiscigh níos mó ná trian de na daltaí gur léigh siad níos mó ná mar ba ghnách le linn na dianghlasála in 2021, agus bhí an céatadán níos airde don léitheoireacht dhigiteach ná don léitheoireacht ar pháipéar.
- Bhí meánscór i bhfad níos airde ag daltaí a léigh ar pháipéar níos minice ná mar ba ghnách seachas daltaí nach ndearna é sin chomh minic céanna.
- Dúirt formhór na dtuismitheoirí in Éirinn go raibh tionchar éigin ag an bpaindéim ar fhoghlaim a leanaí, agus thuairiscigh tromlach na dtuismitheoirí go raibh tionchar measartha aige. Thuairiscigh an ceathrú cuid de na tuismitheoirí, áfach, nach raibh aon tionchar diúltach aige ar fhoghlaim na ndaltaí.
- Bhí múinteoir Rang a Cúig ag formhór na ndaltaí a dúirt go raibh tionchar ag an bpaindéim ar chuid áirithe dá rang. Bhí céatadán réasúnta beag de dhaltaí (12%) á múineadh ag múinteoir a thuairiscigh go raibh tionchar ar an litearthacht don rang ar fad nó don rang ar fad nach mór.
NAMER
Is éard atá sna Measúnachtaí Náisiúnta ar Mhatamaitic agus ar Léitheoireacht Bhéarla (NAMER) ná suirbhéanna ar léitheoireacht agus matamaitic ag leibhéal na bunscoile. Déanann an Foras Taighde ar Oideachas iad a stiúradh thar ceann na Roinne Oideachas agus tugann siad léargas ag pointe ama ar scileanna matamaitice agus léitheoireachta daltaí rang a dó agus rang a sé in Éirinn. Is féidir le NAMER cuidiú chun réimsí láidreachta agus laige a aithint, agus chun bonn eolais a sholáthar do pholasaí agus cleachtas oideachais.
Tá na Measúnachtaí Náisiúnta déanta go tréimhsiúil in Éirinn ó 1972 i leith. Rinneadh timthriallta NAMER roimhe seo in 2009 and 2014. Cuireadh NAMER 2020 siar go dtí Bealtaine 2021 i bhfianaise chomhthéacs Covid-19 agus dúnadh fada na scoileanna ó Mhárta go Meán Fómhair 2020.
Seo a leanas achoimre ar thorthaí NAMER:
Feidhmíocht ar Léitheoireacht – rang a dó
- Ar an iomlán bhí feidhmíocht dhaltaí rang a Dó sa léitheoireacht Bhéarla i MN 2021 ar aon dul le feidhmíocht 2014.
- D’fheidhmigh 24% de dhaltaí ag nó faoi bhun Leibhéal inniúlachta 1 ar an léitheoireacht iomlán i gcomparáid le 22% i MN 2014.
- D’fheidhmigh 44% de dhaltaí ag nó os cionn Leibhéal 3 i 2021 i gcomparáid le 46% i 2014.
- Ní raibh aon difríochtaí suntasacha go staitistiúil idir 2014 agus 2021 sna scóir ar na foscálaí Foclóir nó Tuiscint.
- Ionann agus 2014, bhí meánscór iomlán léitheoireachta Béarla na gcailíní i rang a Dó (265) i bhfad níos airde ná meánscór ná mbuachaillí (257) i NAMER 2021. D’fheidhmigh cailíní (264) níos fearr ná buachaillí (255) ar an bhfoscála Tuiscint, ach b’ionann feidhmíocht na mbuachaillí (261) agus na gcailíní (265) ar an bhfoscála Foclóir. Maidir le foscálaí do scileanna próisis, is ar an bhfoscála Tátail amháin a bhí difríocht shuntasach ó thaobh feidhmíochta idir buachaillí agus cailíní in 2021; d'fheidhmigh cailíní agus buachaillí mar an gcéanna ar na foscálaí Aisghabháil agus Léirmhíniú & Comhtháthú.
- Níor baineadh amach na spriocanna athbhreithnithe a leagadh síos san Athbhreithniú Eatramhach ar an Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta (An Roinn Oideachais agus Scileanna, 2017) ag ceachtar taobh den dáileadh gnóthachtála cé gur sáraíodh mar sin féin na spriocanna a leagadh síos ar dtús in 2011.
Feidhmíocht ar Mhatamaitic – rang a sé
- Ar an iomlán bhí feidhmíocht dhaltaí rang a Sé in 2021 ar aon dul nach mór le feidhmíocht 2014.
- D’fheidhmigh 27% de dhaltaí ag Leibhéal 1 nó faoina bhun in 2021 ionann agus an 27% in 2014
- D’fheidhmigh 41% de dhaltaí ag Leibhéal 3 nó os a chionn in 2021 i gcomparáid le 42% in 2014
- Níor tháinig aon athrú suntasach ar fheidhmíocht iomlán ar na réimsí ábhair agus próisis a ndearnadh measúnú orthu idir 2014 agus 2021. B’ionann nach mór feidhmíocht na ndaltaí sa dá thimthriall.
- Ó thaobh scileanna próisis de, tá scóir na ndaltaí ag an 25ú agus 90ú peircintíl ar an bhfoscála Comhtháthú & Nascadh in 2021 i bhfad níos airde go staitistiúil ná na scóir chomhfhreagracha in 2014. Tá scóir na ndaltaí ag an 50ú agus 75ú peircintíl ar an bhfoscála Cruth & Spás agus tá na scóir ag an 75ú peircintíl ar an bhfoscála Comhtháthú & Nascadh, i bhfad níos ísle go staitistiúil ná scóir chomhfhreagracha 2014. Ní raibh ach foscála amháin (Cruth & Spás) a léirigh laghdú a bhí suntasach go staitistiúil ar fud na dtimthriallta.
- Níor baineadh amach na spriocanna athbhreithnithe a leagadh síos san Athbhreithniú Eatramhach ar an Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta (An Roinn Oideachais agus Scileanna, 2017) ag ceachtar taobh den dáileadh gnóthachtála cé gur sáraíodh mar sin féin na spriocanna a leagadh síos ar dtús in 2011.
Difríochtaí Inscne i bhFeidhmíocht
- Mar a tharla i NAMER 2014, d’fheidhmigh cailíní rang a dó (265) níos fearr ar an iomlán ná buachaillí rang a dó (257) sa triail léitheoireachta, ach ní raibh an difríocht suntasach go staitistiúil.
- D'fheidhmigh buachaillí rang a 6 níos airde ar an iomlán, rud suntasach go staitistiúil, ná cailíní rang a 6 ar na foscálaí ábhair Uimhir & Ailgéabar agus Tomhais.
- Bhí feidhmíocht fhoriomlán na mbuachaillí (meánscór 265) ar aon dul le 2014 (264).
- Bhí feidhmíocht shuntasach staitistiúil níos fearr ag na buachaillí ná na cailíní ar na foscálaí próisis Tuiscint & Tabhairt Chun Cuimhne, Réasúnaíocht agus Cur i bhFeidhm & Réiteach Fadhbanna. Léiríonn sé seo athrú ó NAMER 2014, nuair nár scóráil buachaillí i bhfad níos airde ach ar dhá fhoscála: Tomhais agus Cur i bhFeidhm & Réiteach Fadhbanna.
- I NAMER 2021, bhí céatadán na mbuachaillí (16%) agus na gcailíní (13%) a d’fheidhmigh ag an leibhéal is airde (Leibhéal 4) sa Mhatamaitic ar aon dul le 2014, nuair a ghnóthaigh 17% de na buachaillí agus 13% de na cailíní an leibhéal seo. Ag leibhéal 3, an dara leibhéal feidhmíochta is airde, bhí méadú beag ar chéatadán na mbuachaillí a d’fheidhmigh ag an leibhéal seo idir 2014 (27%) agus 2021 (30%). Bhí laghdú comhfhreagrach ar líon na gcailíní a bhain amach leibhéal 3, le 28% ag baint amach leibhéal 3 in 2014 agus 25% in 2021. Bhí na hathruithe seo an-bheag agus ní raibh difríocht shuntasach go staitistiúil i gceist.
- Maidir le leibhéil inniúlachta: tá feidhmíocht na mbuachaillí feabhsaithe ag na leibhéil níos ísle (1 agus faoina bhun) cé go bhfuil feidhmíocht na gcailíní imithe in olcas go háirithe ag leibhéal inniúlachta 1.
Tuarascáil NAMER DEIS
Ní raibh aon fhianaise ann ar laghdú sa bhearna a bhí suntasach go staitistiúil idir scoileanna Uirbeacha Neamh-DEIS agus scoileanna DEIS. Tá fianaise shuntasach go hidirnáisiúnta ar chaillteanas foghlama sa léitheoireacht agus sa mhatamaitic i measc daltaí bunscoile le linn thréimhse na paindéime. Ina ainneoin sin, ní léiríonn na torthaí sa tuarascáil seo aon fhianaise ar laghdú ar mheánscóir na léitheoireachta ná na matamaitice idir 2014 agus 2021 i mBanda Uirbeach 1 nó i mBanda Uirbeach 2. Fáiltítear roimh na torthaí seo i gcomhthéacs na fianaise idirnáisiúnta ar chaillteanas foghlama agus an tionchar ar leith a bhí ag COVID-19 ar dhaltaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste.
Seo a leanas achoimre ar thorthaí NAMER DEIS:
Léitheoireacht Bhéarla Rang a Dó
- Cé nach bhfuil sé suntasach go staitistiúil, bhí méadú beag ar mheánscór léitheoireachta na ndaltaí i scoileanna Banda Uirbeach 1 idir 2014 agus 2021. Ceann de thorthaí an mhéadaithe seo ná gur tháinig laghdú beag (neamhshuntasach go staitistiúil) ar an mbearna sa ghnóthachtáil idir Banda Uirbeach 1 agus scoileanna Uirbeacha Neamh-DEIS idir 2014 agus 2021.
- Bhí céatadán na ndaltaí a raibh gnóthachtáil an-íseal acu sa léitheoireacht (sainmhínithe mar Faoi Bhun Leibhéal 1 ar an triail léitheoireachta) i bhfad níos airde i scoileanna Banda Uirbeach 1 (12.9%) ná i scoileanna Uirbeach Neamh-DEIS (5.0%) nó i scoileanna Banda Uirbeach 2 (7.1). %).
- D’fheidhmigh beagnach duine as gach triúr daltaí i mBanda Uirbeach 1 (30.3%) ag Leibhéal 1 sa triail léitheoireachta, i gcomparáid le timpeall duine as gach ceathrar i scoileanna Banda Uirbeach 2 (22.1%) agus duine as gach seisear i scoileanna Banda Uirbeach Neamh DEIS (16.7%).
- Bhí scóir léitheoireachta Ag nó Faoi Bhun Leibhéal 1 ag 43.2% de dhaltaí rang a Dó i scoileanna Banda Uirbeach 1, luach atá an-chosúil leis an gcéatadán comhfhreagrach in 2014 (43.9%). Léiríonn sé seo fianaise theoranta ar dhul chun cinn i dtreo na sprice a leagadh amach sa phlean DEIS (ROS, 2017), a raibh sé mar aidhm aige céatadán na ndaltaí a raibh gnóthachtáil íseal acu sa léitheoireacht i scoileanna Banda Uirbeach 1 a laghdú go 40% faoi 2020.
- Ghnóthaigh 25% de dhaltaí rang a Dó i scoileanna Banda Uirbeach 1 scóir léitheoireachta a bhí Ag nó Os Cionn Leibhéal 3. Ba é 25% an sprioc a bhí leagtha amach do dhaltaí ardghnóthachtála i mBanda Uirbeach 1 sa phlean DEIS (ROS, 2017). Cé nach léiríonn céatadán na ndaltaí i mBanda Uirbeach 1 a bhí Ag nó Os Cionn Leibhéal 3 i NAMER '21 méadú a bhí suntasach go staitistiúil thar an gcéatadán comhfhreagrach in 2014 (17.7%), tugann sé le fios mar sin féin gur baineadh amach an sprioc a bhí leagtha amach do dhaltaí ardghnóthachtála i mBanda Uirbeach 1 sa phlean DEIS.
- I 2014, bhí bearna 31% idir céatadán na ndaltaí ardghnóthachtála (i.e. iad siúd Ag nó Os Cionn Leibhéal 3) i scoileanna Uirbeacha Neamh-DEIS agus an céatadán comhfhreagrach i scoileanna Banda Uirbeach 1. Faoi 2021, bhí an bhearna seo cúngaithe go suntasach go 23% mar thoradh ar an méadú ó 18% go 25%, sna daltaí ardghnóthachtála (Ag nó Os Cionn Leibhéal 3) i scoileanna Banda Uirbeach 1.
- Ní raibh ach 4.1% de dhaltaí i scoileanna Banda Uirbeach 1, 7.4% i scoileanna Banda Uirbeach 2, agus 14% i scoileanna Uirbeach Neamh-DEIS a ghnóthaigh scóir léitheoireachta ag Leibhéal 4 – an leibhéal is airde inniúlachta sa léitheoireacht.
- I scoileanna Banda Uirbeach 1 agus i scoileanna Uirbeacha Neamh-DEIS, ghnóthaigh cailíní meánscór léitheoireachta i bhfad níos airde ná buachaillí. I scoileanna Banda Uirbeach 2, ní raibh aon difríochtaí suntasacha idir na meánscóir léitheoireachta ag buachaillí agus ag cailíní.
Matamaitic Rang a Sé
- Bhí an-chosúlacht idir an bhearna sa mheánghnóthachtáil idir scoileanna Uirbeacha Neamh-DEIS agus scoileanna Banda Uirbeach 1 in 2014 agus in 2021. Os a choinne sin, bhí roinnt fianaise ann go raibh cúngú beag ar an mbearna idir scoileanna Uirbeacha Neamh-DEIS agus Banda Uirbeach 2 sa tréimhse sin. Cé nach bhfuil sé suntasach go staitistiúil, tharla cúngú beag sa bhearna ghnóthachtála mar thoradh ar laghdú 2 phointe ar mheánscór matamaitice na ndaltaí i scoileanna Uirbeacha Neamh-DEIS agus méadú 11 phointe ar mheánscór na ndaltaí i mBanda Uirbeach 2.
- Bhí céatadán na ndaltaí i scoileanna Banda Uirbeach 1 (16.7%) a ghnóthaigh scóir matamaitice Faoi Bhun Leibhéal 1 i bhfad níos airde ná na céatadáin chomhfhreagracha i scoileanna Uirbeacha Neamh-DEIS (5.9%) agus i scoileanna Banda Uirbeach 2 (8.2%). Ní dhéanann NAMER measúnú iomlán ar scileanna daltaí ag an leibhéal seo toisc go mbíonn scileanna an-íseal sa mhatamaitic ag daltaí Faoi Bhun Leibhéal 1 i gcomparáid le daltaí eile i rang a Sé.
- Bhí scóir matamaitice Ag Leibhéal 1 ag beagnach aon trian de dhaltaí i scoileanna Banda Uirbeach 1 (31.9%). Bhí na céatadáin chomhfhreagracha i mBanda Uirbeach 2 (26.4%) agus i scoileanna Uirbeacha Neamh-DEIS (20.2%) beagán níos ísle.
- I NAMER ’21, bhí scóir na matamaitice Ag nó Faoi Bhun Leibhéal 1 ag 48.6% de dhaltaí rang a Sé i scoileanna Banda Uirbeach 1, beagáinín níos ísle ná an céatadán comhfhreagrach in 2014 (49.9%). Bunaithe ar na sonraí atá ar fáil, tá fianaise theoranta ar dhul chun cinn i dtreo na sprice atá leagtha amach sa phlean DEIS (ROS, 2017), a raibh sé mar aidhm aige céatadán na ndaltaí ísealghnóthachtála sa mhatamaitic i scoileanna Banda Uirbeach 1 a laghdú go 42% faoi 2020.
- I NAMER '21, ghnóthaigh 22.4% de dhaltaí i scoileanna Banda Uirbeach 1 scóir matamaitice Ag nó Os Cionn Leibhéal 3 – luach atá fós faoi bhun na sprice de 27%.
- Idir 2014 agus 2021, tháinig cúngú teoranta ar an mbearna i gcéatadáin na ndaltaí ardghnóthachtála (i.e. iad siúd Ag nó OS Cionn Leibhéal 3) idir scoileanna Uirbeacha Neamh-DEIS agus scoileanna Banda Uirbeach 1. Cé nach bhfuil sé suntasach go staitistiúil, d’ísligh an bhearna ó 25.1% in 2014 go 20.3% in 2021 mar thoradh ar laghdú beag ar chéatadán na ndaltaí ardghnóthachtála i scoileanna Uirbeacha Neamh-DEIS (ó 42.7% go 42.6%) agus méadú beag ar chéatadán líon na ndaltaí ardghnóthachtála i scoileanna Banda Uirbeach 1 (ó 18.6% go 22.4%).
- Is ionann Leibhéal 4 agus an leibhéal inniúlachta is airde ar an triail matamaitice. Ní raibh ach 5.3% de dhaltaí i scoileanna Banda Uirbeach 1 a raibh scóir matamaitice ag an leibhéal seo acu in 2021, i gcomparáid le 11.1% i scoileanna Banda Uirbeach 2 agus 15.1% i scoileanna Uirbeacha Neamh-DEIS.
Teagmháil do cheisteanna
Teagmháil d’eolas taighde-ábhartha
PIRLS Emer Delaney An Foras Taighde ar Oideachas 01 8373789 emer.delaney@erc.ie
NAMER Joanne Kiniry An Foras Taighde ar Oideachas 01 8373789 joanne.kiniry@erc.ie
DEIS Lorraine Gilleece An Foras Taighde ar Oideachas 01 8373789 lorraine.gilleece@erc.ie