Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire gníomhartha chun oideachas cuimsitheach do dhaltaí uathacha a neartú agus tuarascáil na Cigireachta á foilsiú

Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, sraith gníomhartha chun oideachas cuimsitheach do dhaltaí uathacha a neartú. Tar éis fhoilsiú tuarascála ó Chigireacht na Roinne ar an soláthar i ranganna speisialta bunscoile.

Rinne an tAire McEntee athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta do chóras oideachais lánchuimsitheach a thógáil, áit a mothaíonn gach dalta go bhfuil luach orthu, go dtacaítear leo agus a lánacmhainneacht a bhaint amach. Cuirfear an dul chun cinn seo i bhfeidhm trí fhoilsiú trí cháipéis a bheidh ríthábhachtach maidir le fís agus soláthar an oideachais a mhúnlú do gach leanbh agus duine óg, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta nó bhreise acu.

Ina measc tá:

Ranganna Speisialta le haghaidh Daltaí Uathacha i mBunscoileanna - I dtreo córas comhleanúnach, ionchuimsitheach, a foilsíodh inniu, as cigireachtaí mionsonraithe ar 30 bunscoil idir Meán Fómhair 2024 agus Feabhra 2025. Soláthraíonn sé grinnléargas ar an gcaoi a bhfuil scoileanna ag freastal ar riachtanais daltaí uathacha agus aithníonn sé deiseanna chun an cleachtas cuimsitheach a neartú tuilleadh ar fud an chórais.

Ón mbliain 2020 i leith, tá méadú faoi dhó, beagnach, tagtha ar an líon ranganna speisialta le haghaidh daltaí uathacha. Bíonn dhá chéad tríocha is cúig rang speisialta ag oscailt gach bliain ar an meán. Tráth na meastóireachtaí, bhí beagnach dhá mhíle rang speisialta ann le haghaidh daltaí uathacha i mbunscoileanna in Éirinn.

Tarraingíodh aird sna cigireachtaí ar go leor samplaí de dhea-theagasc, de chuir chuige nuálacha foghlama, agus de chleachtais mheasúnaithe chuimsitheacha. Mar sin féin, i thart ar leath na scoileanna, d’aithin cigirí trí phríomhréimse ina raibh feabhsuithe ag teastáil; feabhas a chur ar na deiseanna a bhí á gcur ar fáil do dhaltaí uathacha chun foghlaim lena bpiaraí, curaclam ní ba leithne agus ní ba chothromaithe a sholáthar do dhaltaí uathacha, agus faireachán agus athbhreithniú ar dhul chun cinn daltaí uathacha a neartú.

Leagtar béim sa tuarascáil ar an tábhacht a bhaineann le fís shoiléir uile-chórais le haghaidh oideachas a chur ar dhaltaí uathacha a fheidhmiú. Moltar inti go nglacfaí cur chuige cuimsitheach i leith oideachas tosaigh múinteoirí agus i leith foghlaim ghairmiúil leanúnach múinteoirí san oideachas maidir le huathachas chun tacú ar bhealach níos fearr leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim. Tarraingítear aird inti freisin ar an ngá atá le ceannairí scoile athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar dhul chun cinn daltaí agus a chinntiú go ndéantar athbhreithnithe bliantúla ar shocrúcháin i ranganna speisialta.

Dúirt Yvonne Keating, an Príomhchigire ag foilsiú na tuarascála di:

“Léirítear sa tuarascáil gur timpeallachtaí ionchuimsitheacha foghlama iad a lán scoileanna, áit a measann leanaí agus daoine óga go bhfuil fáilte rompu agus go bhfuil meas orthu. Aithnítear inti an soláthar ar chaighdeán an-mhaith atá ann do dhaltaí uathacha i roinnt ranganna speisialta. Léirítear sna cinntí ó na cigirí freisin, áfach, go bhfuil gá ann le breithniú cúramach a dhéanamh ar an gcuspóir agus an ról atá ag ranganna speisialta laistigh de chóras ionchuimsitheach oideachais. Tá an Chigireacht tiomanta d’obair i gcomhar leis na geallsealbhóirí uile chun tacú le cur chun feidhme na moltaí sa tuarascáil seo.”

Dúirt Helen McEntee TD, an tAire Oideachais agus Óige:

“Is tosaíocht lárnach domsa mar Aire é oibriú chun a chinntiú go mbeidh gach dalta in ann dul chun cinn agus a lánacmhainneacht a bhaint amachTá forbairt chóras oideachais atá ionchuimsitheach agus ar ardchaighdeán, ar cheann de na príomhspriocanna atá le Oideachas 2025, a sheol mé an mhí seo caite. Cuirfidh an tuarascáil bonn láidir faoin bplean feidhmithe atá ag eascairt as an athbhreithniú ar EPSEN, faoin bplean forbartha fórsa saothair do Chúntóirí Riachtanais Speisialta agus faoin treochlár um chuimsiú, atá á ullmhú faoi láthair i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach do Riachtanais Speisialta agus don Oideachas Cuimsitheach.

“Tá áthas orm go ndéanfaidh mo Roinn, mar chuid de bhuiséad 2026, líon na n-áiteanna iarchéime san oideachas speisialta agus san uathachas a mhéadú go beagnach 390 múinteoirí go bliantúil, rud a chuirfidh le roinnt an tsaineolais agus an dea-chleachtais ag leibhéal na scoileanna.”

D’fháiltigh Michael Moynihan, an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, roimh an tuarascáil freisin agus dúirt sé:

“Is é atá ina chinntiú go mbíonn rochtain ag leanaí agus daoine óga uathacha ar an teagasc is éifeachtaí ná cuid bhunriachtanach de chóras ionchuimsitheach oideachais a thógáil, áit a dtacaítear le gach leanbh agus duine óg fás, forbairt agus a lánacmhainneacht a bhaint amach.

“Táim lántiomanta do chomhoibriú leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) agus leis na geallsealbhóirí uile chun dul chun cinn a dhéanamh ar na príomh-mholtaí atá leagtha amach sa tuarascáil ón gCigireacht agus, sa deireadh thiar, chun fís na Roinne a fheidhmiú le haghaidh oideachas a chur ar leanaí agus daoine óga uathacha.

”Molaim go láidir do gach scoil leas a bhaint as na deiseanna foghlama gairmiúla cuimsitheacha seo atá á gcur ar fáil ag an CNOS agus ag Lárionad Choillidh Chanannáin (Middletown) don Uathachas mar aon leo siúd atá á soláthar ag Oide. Cuimsítear iontu seo réimse deiseanna ó thacaíocht leanúnach atá á cur ar fáil ag comhairleoirí uathachais go seimineáir ghréasáin agus pobail chleachtais. Aithním chomh maith, an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go bhfuil na hacmhainní agus ábhair thacaíochta do mhúinteoirí suas chun dáta. Maidir leis sin, tá áthas orm a nótáil go ndéanfar athbhreithniú agus nuashonrú, de réir mar is gá, ar an Treoir Dea-Chleachtais do Scoileanna maidir le hUathachas agus ar na táscairí dea-chleachtais a ghabhann leis, a foilsíodh i 2022”.

Tá an tuarascáil iomlán ar fáil anseo.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, seol ríomhphost chuig Inspectorate@education.gov.ie

Tuilleadh faisnéise

  • Is í an tuarascáil atá á foilsiú inniu an tríú ceann i sraith tuarascálacha téamacha ón gCigireacht ar an soláthar do leanaí agus daoine óga uathacha.
  • Leagadh díriú sa chéad tuarascáil théamach ar an soláthar i ranganna Luath-Idirghabhála le haghaidh Leanaí Uathacha. Foilsíodh í mí na Bealtaine 2024 agus tá sí ar fáil anseo.
  • Leagadh díriú sa dara tuarascáil théamach ar bheartais iontrála ranganna speisialta bunscoile agus iar-bhunscoile le haghaidh leanaí agus daoine óga uathacha. Foilsíodh í mí na Bealtaine 2025 agus tá sí ar fáil anseo.
  • Chun áit a fháil i rang speisialta, ní mór diagnóis uathachais a bheith faighte ag leanbh, mar aon le tuairisc ó ghairmí ina luaitear go bhfuil riachtanais chasta nó dhiana foghlama ag an leanbh agus go bhfuil an tacaíocht ó rang speisialta ag teastáil uaidh/uaithi, i dteannta na gcúiseanna a bhfuil sé sin amhlaidh. Tá sé seo leagtha amach i dtreoirlínte an NCOS anseo.
  • Ón mbliain 2020 i leith, tá méadú faoi dhó, beagnach, tagtha ar an líon ranganna speisialta le haghaidh daltaí uathacha. Bíonn dhá chéad tríocha is cúig rang speisialta ag oscailt gach bliain ar an meán. Tráth na meastóireachtaí, bhí beagnach dhá mhíle rang speisialta ann le haghaidh daltaí uathacha i mbunscoileanna in Éirinn.

Tacaíochtaí reatha do ranganna speisialta

  • Is ionann an rollú uasta i ngach rang speisialta agus seisear daltaí, agus is ionann an leithdháileadh foirne agus múinteoir amháin agus beirt chúntóirí riachtanas speisialta.
  • Is féidir le scoileanna rochtain a fháil ar acmhainní éagsúla chun tacú leis an soláthar sa rang speisialta. Áirítear leis na hacmhainní sin
    • deontas tionscnaimh ranga speisialta chun an costas atá i gceist le hacmhainní don rang a chlúdach
    • deontais bhreise chun seomra ilchéadfa, teicneolaíochtaí digiteacha agus troscán agus trealamh breise a chlúdach
    • deontais mhéadaithe chaipitíochta agus mionoibreacha.
  • Treoir don Dea-Chleachtas maidir le hUathachas do Scoileanna (2022) ceaptha chun cabhrú le múinteoirí an curaclam a sholáthar do dhaltaí uathacha ar an mbealach is ionchuimsithí, is tacúla agus is éifeachtaí is féidir. I ndoiciméad comhghabhálach dar teideal ‘Treoir don Dea-Chleachtas maidir le hUathachas i Scoileanna: Táscairí de Chleachtas Éifeachtach’, leagtar amach táscairí de chleachtas éifeachtach do scoileanna.
  • Ar na tacaíoctaí foghlama gairmiúla atá ar fáil do Mhúinteoirí, tá:
    • I gcás scoileanna atá ag oscailt a gcéad ranga speisialta le haghaidh daltaí uathacha, pacáiste cuimsitheach Foghlama Gairmiúla Múinteoirí atá á thairiscint ag CNOS.
    • Is féidir le múinteoirí i scoileanna a bhfuil ranganna speisialta bunaithe le haghaidh daltaí uathacha acu rochtain a fháil ar chúrsaí éagsúla Foghlama Gairmiúla Múinteoirí a soláthraíonn CNOS agus Lárionad Choillidh Chanannáin don Uathachas - Comhfhiontar idir an Roinn Oideachais agus Óige agus an Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann atá ceaptha chun tacú le sármhaitheas a chur chun cinn san oideachas do leanaí agus daoine óga a bhfuil uathachas orthu.
    • Mar atá leagtha amach sa Chiorclán 0024/2024 soláthraíonn an Roinn cistiú le haghaidh cúrsaí Teastais agus Dioplóma Iarchéime san uathachas.

Imlitreacha ábhartha

  • Maidir le rollú i rang speisialta, tá sé beartaithe a bheith ina rud atá sealadach agus i gcomhréir le Ciorclán 0023/2025 agus ba cheart do scoil athbhreithniú leanúnach a dhéanamh air chun a chinntiú gurb é an rollú oideachais is cuí do riachtanais an dalta é fós nó nach ea. Ar a laghad, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh gach bliain ar rollú dalta i rang speisialta.

Gníomhartha don Todhchaí

  • Chomh maith leis sin, thug CNOS comhairle beartais ina moltar ‘go mbainfí amach de réir a chéile córas ionchuimsitheach oideachais in Éirinn ina gcumasaítear do gach scoil áitiúil oideachas a chur ar gach scoláire ina bpobal ar aon dul le láidreachtaí agus cumas na scoláirí’.
  • Foilseoidh an Roinn Oideachais agus Óige go luath:
    • Plean feidhmithe, ag eascairt as an athbhreithniú ar EPSEN
    • Plean forbartha fórsa saothair do Chúntóirí Riachtanais Speisialta
    • Treochlár um chuimsiú, tar éis dlúthpháirtíocht le páirtithe leasmhara agus eagraíochtaí tathanta. Iarrtar sa doiciméad, atá á ullmhú faoi láthair le cabhair ón nGníomhaireacht Eorpach do Riachtanais Speisialta agus don Oideachas Cuimsitheach trí phróiseas Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil de chuid an AE (ITT), aghaidh a thabhairt ar mholtaí an chomhairle pholasaí ar an oideachas ionchuimsitheach, atá foilsithe ag an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta. Beidh na trí doiciméad seo tábhachtach i múnlú fhís na Roinne agus seachadadh an oideachais do gach leanbh, iad siúd le riachtanais speisialta nó bhreise san áireamh.

Sraith iomlán na moltaí:

  • Is iad seo a leanas sraith iomlán na moltaí atá sa tuarascáil:

Ba chóir don Roinn Oideachais agus Óige agus don Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) comhoibriú lena chéile chun an próiseas a threorú maidir le fís shoiléir a athfhorbairt don soláthar oideachais do leanaí agus do dhaoine óga uathacha. Ba chóir go mbeadh na príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear tuismitheoirí, leanaí agus daoine óga, ceannairí scoile, múinteoirí, An Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais agus an pobal páirteach sa phróiseas seo ón tús.

Agus an fhís seo á forbairt, ba chóir machnamh cúramach a dhéanamh ar ról agus ar chuspóir an tsoláthair speisialta i gcóras oideachais na hÉireann.

Ba chóir do CNOS, don Roinn Oideachais agus Óige agus d’ Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte plean gnímh a fhorbairt chun:

  • An chomhairle agus treoir go léir atá ar fáil faoi láthair maidir leis na tacaíochtaí agus na seirbhísí do leanaí agus daoine óga uathacha a chomhordú
  • straitéisí cumarsáide a fhorbairt chun an fhaisnéis seo a roinnt ar gach tuismitheoir ar bhealach comhsheasmhach ar fud na tíre. Ba chóir go mbeadh faisnéis maidir le cosáin oideachais agus aistrithe san áireamh leis seo
  • a chinntiú go mbíonn comhsheasmhacht seirbhíse, tacaíochta agus teiripí ag tuismitheoirí, is cuma cá gcónaíonn siad

Tá gá le cur chuige uile-chórais maidir le hoideachas tosaigh múinteoirí agus foghlaim ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí san oideachas don uathachas. Éilíonn a leithéid rannpháirtíocht ón CNOS, ón tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS), ón Roinn Oideachais agus Óige, ó Oide agus ó sholáthróirí oideachas tosaigh múinteoirí. Ba chóir go gcuirfí san áireamh leis an gcur chuige seo, an bealach is fearr lena chinntiú go bhfuil an t-eolas agus na scileanna atá de dhíth ar mhúinteoirí acu chun:

  • láidreachtaí, spéiseanna agus riachtanais daltaí a aithint
  • clár foghlama cuí a sholáthar a chuimsíonn rochtain ar churaclam leathan agus cothromaithe
  • monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar thorthaí foghlama agus ar dhul chun cinn san fhoghlaim

Ba chóir do gach múinteoir i ranganna speisialta cláir foghlama a chur ar fáil a chuimsíonn:

  • cleachtais teagaisc agus measúnaithe atá bunaithe ar shonraí measúnaithe ar leith don uathachas ó na hocht réimse ábhartha den Treoir don Dea-Chleachtas maidir le hUathachas i Scoileanna (2022)
  • rochtain ag daltaí ar churaclam leathan cothromaithe i ngach réimse curaclaim

Nuair a chuirtear deiseanna ar fáil do dhaltaí atá cláraithe i rang speisialta foghlaim lena bpiaraí i suíomhanna príomhshrutha agus nuair a théann daltaí ó na suíomhanna príomhshrutha go dtí an rang speisialta, ba chóir do mhúinteoirí:

  • na gníomhaíochtaí foghlama chun foghlaim na ndaltaí a chur chun cinn a phleanáil i gcomhpháirt lena chéile
  • monatóireacht agus taifeadadh a dhéanamh ar thorthaí foghlama an cheachta

De réir Imlitir 0023/2025, ní mór do cheannairí agus bainistíocht na scoileanna a chinntiú go bhfuil próiseas athbhreithnithe foirmiúil bliantúil ann, a chuimsíonn dearcthaí na dtuismitheoirí, na múinteoirí agus guth an dalta, de réir mar is cuí. Ba chóir go ndéanfaí torthaí den athbhreithniú bliantúil a thaifeadadh i bplean tacaíochta gach dalta.

Ba chóir do cheannairí agus do mhúinteoirí a chinntiú go mbíonn cumarsáid chomhsheasmhach ann le tuismitheoirí daltaí i ranganna speisialta a:

  • thugann eolas soiléir do thuismitheoirí ar chlár foghlama a bpáiste agus ar an dul chun cinn atá á dhéanamh acu
  • chuireann ar chumas tuismitheoirí ionchur a bheith acu maidir le spriocanna agus idirghabhálacha foghlama i bplean tacaíochta a bpáiste
  • chuimsíonn tuismitheoirí sna hathbhreithnithe a dhéantar ar dhul chun cinn a bpáiste i suíomhanna príomhshrutha agus speisialta
  • chuireann tuismitheoirí san áireamh san athbhreithniú bliantúil ar rolluithe sa rang speisialta.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat