Fógraíonn an tAire Oideachais agus Óige soláthar maoinithe de bhreis agus €850,000 do thionscadail um Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI) i scoileanna
- Foilsithe: 22 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 22 Nollaig 2025
D’fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton TD, breis agus €850,000 mar mhaoiniú do thionscadail um Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI) do 390 bunscoil agus iar-bhunscoil ar fud na tíre.
Tá maoiniú idir €1,000 agus €2,500 á sholáthar do scoileanna ar éirigh lena moltaí maidir le tionscadail inbhuanaitheachta do 2025/2026 le haghaidh maoinithe faoin 2ú Straitéis Náisiúnta um Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI go dtí 2030).
San áireamh i gcuid den réimse leathan tionscadal scoile a fhaigheann maoiniú OFI tá forbairt gairdíní scoile agus seomraí ranga lasmuigh, scoileanna foraoise, córais athchúrsála, bithdhíleáiteoirí agus córais bainistíochta dramhaíola bia, córais mhúirínithe, tionscadail mhearfhaisin, tionscnaimh athchúrsála, córais uiscithe agus bailithe uisce báistí, tionscnaimh oideachais fuinnimh, tionscadail inbhuanaitheachta faoi stiúir scoláirí, FGL múinteoirí agus réimse ceardlann ar théama na hinbhuanaitheachta.
Dúirt an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton,
"Táim an-tógtha leis an réimse tionscadal OFI atá ar siúl inár mbunscoileanna agus inár n-iar-bhunscoileanna ar fud na tíre. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh deis ag ár bhfoghlaimeoirí na scileanna a fhoghlaim a theastaíonn chun tacú le forbairt inbhuanaithe, í a chur chun cinn agus gníomhú ar son na forbartha inbhuanaithe. I mbliana, tá scoileanna tar éis 'gníomhaíocht ar leibhéal áitiúil' a chuimsiú ina dtionscadail OFI, ag leathnú na rannpháirtíochta níos faide ná ballaí na scoile agus amach sa phobal i gcoitinne, ag forbairt comhpháirtíochtaí riachtanacha ar mhaithe le hinbhuanaitheacht."
Tá sé mar aidhm ag OFI go dtí 2030 a chinntiú go bhfuil an t-eolas agus na scileanna atá riachtanach chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn ag gach foghlaimeoir. Gné thosaíochta do thionscadail scoile in 2025/26 is ea gníomhaíocht phobail go háitiúil, rud a thugann cumhacht do scoláirí gníomhú ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe ina bpobal áitiúil.
Tá cúig réimse tosaíochta sa straitéis: Ailíniú Polasaí, Timpeallachtaí Foghlama a Athrú ó Bhonn, Cumas Oideoirí a Fhorbairt, Daoine Óga a Chumasú agus a Spreagadh agus Dlús a chur le Gníomhaíocht ar an Leibhéal Áitiúil.
Is féidir le scoileanna an maoiniú OFI go dtí 2030 a úsáid chun tacú tuilleadh le tionscadail OFI, chun a bheith rannpháirteach lena bpobail áitiúla maidir le comhpháirtíochtaí inbhuanaitheachta a fhorbairt agus acmhainn múinteoirí a fhorbairt chun tacú lena Ráitis Beartais Inbhuanaitheachta agus sainordú Earnáil na Scoileanna um Ghníomhú ar son na hAeráide a chur i bhfeidhm. Tá an Fhoireann Uirlisí Inbhuanaitheachta do Scoileanna a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2023 ag tacú le scoileanna chun a Ráitis Beartais Inbhuanaitheachta a fhorbairt agus a fhoilsiú agus timpeallachtaí scoile agus áitiúla níos inbhuanaithe a chur chun cinn.
Tacaíonn OFI go dtí 2030 le forfheidhmiú an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide, an Phlean Náisiúnta um Fhorfheidhmiú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, Chomhaontú Glas an AE agus Chlár 2030 na Náisiún Aontaithe.
Nótaí don Eagarthóir
Tá an 2ú Straitéis Náisiúnta um Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe – OFI go dtí 2030 – comhurraithe ag an Roinn Oideachais agus Óige, an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus an Roinn Leanaí, Comhionannais agus Míchumais.
Tá sé mar aidhm ag OFI a chinntiú go bhfuil an t-eolas agus na scileanna atá riachtanach chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn ag gach foghlaimeoir. Is sprioc faoi na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (Sprioc 4.7) é OFI agus aithnítear é mar phríomhchumasóir chun na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna) go léir a bhaint amach.
Tá cúig réimse tosaíochta ag OFI go dtí 2030, i gcomhréir le creat EOECNA do OFI go dtí 2030:
- Ailíniú Polasaí
- Timpeallachtaí Foghlama a Athrú ó Bhonn
- Cumas Oideoirí a Fhorbairt
- Daoine Óga a Chumasú agus a Spreagadh
- Dlús a chur le Gníomhaíocht ar Leibhéal Áitiúil
Leagtar amach i bPlean Forfheidhmithe OFI go dtí 2030 agus i bplean 2022 – 2026 atá ag gabháil leis seo an treochlár chun sprioc 4.7 a bhaint amach faoi 2030 ar fud Earnáil an Oideachais ó Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige go dtí an tríú leibhéal agus thairis sin go dtí oideachas foirmiúil agus oideachas neamhfhoirmiúil.
Tá trí shnáithe idirnasctha agus iad chomh tábhachtach céanna in OFI: Inbhuanaitheacht Chomhshaoil, Shóisialta agus Eacnamaíoch.
Tá maoiniú de bhreis agus €850,000 á sholáthar do scoileanna ar fud na tíre chun tacú leo tionscadail a bhaineann le OFI a chur i gcrích ina scoil, lena n-áirítear mar shampla; an scoil agus a tailte a dhéanamh níos inbhuanaithe; oiliúint múinteoirí maidir le OFI; tionscadail faoi stiúir scoláirí; tionscadail chomhoibríocha idir an scoil agus an pobal áitiúil etc. Leagadh amach critéir mhionsonraithe sa doiciméad um ghairm ar mhaoiniú. Leithdháileadh an maoiniú bunaithe ar na critéir agus faoi réir leibhéal an éilimh.
Cuireadh maoiniú breise OFI de €466,000 ar fáil do 20 eagraíocht i mí an Mheithimh 2025 chun tacú le réimse tionscadal a bhaineann le OFI do scoileanna, lena n-áirítear FGL Múinteoirí agus forbairt acmhainní.
Tacaíonn OFI go dtí 2030 le forfheidhmiú an Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide, an Phlean Náisiúnta um Fhorfheidhmiú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, Chomhaontú Glas an AE agus Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe (17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe).
Foireann Uirlisí Inbhuanaitheachta
Leagann Sainordú na hEarnála Poiblí um Ghníomhú ar son na hAeráide béim ar na príomhchuspóirí um Ghníomhú ar son na hAeráide do na Comhlachtaí Poiblí agus tacaíonn sé leis na comhlachtaí sin chun ceannaireacht a ghlacadh trí dhea-shampla, lena n-áirítear trí Threochláir um Ghníomhú ar son na hAeráide a fhorbairt.
Agus aitheantas á thabhairt do na héagsúlachta idir comhlachtaí móra poiblí agus earnáil na scoileanna agus an ról sainiúil atá ag scoileanna i réimsí an Oideachais don Fhorbairt Inbhuanaithe agus don Athrú Aeráide, foilsíodh Sainordú um Ghníomhú ar son na hAeráide d’Earnáil na Scoileanna in 2023 agus foilsíodh leagan athbhreithnithe i mí na Samhna 2024 agus foilseofar athbhreithniú eile do 2025 go luath: https://www.gov.ie/en/publication/a1673-school-sector-climate-action-mandate/?
Chun tacú le scoileanna an sainordú agus OFI go dtí 2030 a chur i bhfeidhm, d'fhoilsigh an roinn, i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara, Foireann Uirlisí Inbhuanaitheachta do scoileanna. Cuimsíonn an Fhoireann Uirlisí 1) iniúchadh féinmheasúnaithe inbhuanaitheachta, 2) treoirlínte inbhuanaitheachta agus 3) Teimpléad um Ráiteas Beartais don Inbhuanaitheacht)
Tá tús curtha ag an Roinn le Ráitis Beartais Inbhuanaitheachta Scoileanna a mhapáil.
Tá tuilleadh eolais maidir le OFI go dtí 2030, deontaithe maoinithe agus an fhoireann uirlisí inbhuanaitheachta ar fáil ar an leathanach gréasáin: gov.ie - An Straitéis Náisiúnta ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe in Éirinn (www.gov.ie))
| Contae | Líon na scoileanna a maoiníodh - bunscoileanna | Maoiniú Bunscoileanna de réir contae | Líon na scoileanna a maoiníodh – Iar-bhunscoileanna | Maoiniú iar-bhunscoileanna de réir contae | Líon iomlán na scoileanna a maoiníodh: | Maoiniú iomlán de réir contae |
|---|---|---|---|---|---|---|
| Ceatharlach | 4 | 9,000.00 | 4 | 8,000.00 | 8 | 17,000 |
| An Cabhán | 5 | 12,450.00 | 7 | 13,500.00 | 12 | 25,950 |
| An Clár | 6 | 13,500.00 | 1 | 2,500.00 | 7 | 16,000 |
| Corcaigh | 23 | 55,145.00 | 23 | 42,935.00 | 46 | 98,080 |
| Dún na nGall | 11 | 26,846.00 | 5 | 8,300.00 | 16 | 35,146 |
| Baile Átha Cliath | 34 | 78,505.00 | 28 | 58,390.00 | 62 | 136,895 |
| Gaillimh | 15 | 34,608.00 | 7 | 13,000.00 | 23 | 47,608 |
| Ciarraí | 11 | 26,500.00 | 5 | 10,000.00 | 16 | 36,500 |
| Cill Dara | 14 | 31,800.00 | 4 | 8,500.00 | 18 | 40,300 |
| Cill Chainnigh | 5 | 12,500.00 | 2 | 4,973.00 | 7 | 17,473 |
| Laois | 11 | 24,506.00 | 2 | 4,500.00 | 13 | 29,006 |
| Liatroim | 3 | 7,500.00 | 1 | 2,500.00 | 4 | 10,000 |
| Luimneach | 6 | 15,000.00 | 5 | 10,500.00 | 11 | 25,500 |
| An Longfort | 3 | 7,500.00 | 2 | 3,000.00 | 5 | 10,500 |
| Lú | 3 | 7,363.00 | 4 | 7,964.00 | 7 | 15,327 |
| Maigh Eo | 7 | 16,000.00 | 3 | 6,500.00 | 10 | 22,500 |
| An Mhí | 4 | 10,000.00 | 5 | 8,500.00 | 9 | 18,500 |
| Muineachán | 2 | 5,000.00 | 6 | 12,000.00 | 8 | 17,000 |
| Uíbh Fhailí | 5 | 12,480.00 | 4 | 8,980.00 | 9 | 21,460 |
| Ros Comáin | 6 | 14,980.00 | 5 | 9,500.00 | 11 | 24,480 |
| Sligeach | 4 | 9,000.00 | 4 | 8,683.25 | 8 | 17,683.25 |
| Tiobraid Árann | 18 | 42,508.00 | 7 | 12,900.00 | 25 | 55,408 |
| Port Láirge | 6 | 14,000.00 | 5 | 10,450.00 | 11 | 24,450 |
| An Iarmhí | 8 | 18,670.00 | 3 | 4,500.00 | 11 | 23,170 |
| Loch Garman | 12 | 29,398.50 | 8 | 14,900.00 | 20 | 44,298.50 |
| Cill Mhantáin | 10 | 23,000.00 | 4 | 6,000.00 | 14 | 29,000 |
| €557,759.50 | €301,475.25 | €859,234.75 |