Tá sonraíochtaí an Churaclaim Bunscoile Athfhorbartha seolta ag an Aire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD do na bunscoileanna agus na scoileanna speisialta go léir
- Foilsithe: 23 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 23 Meán Fómhair 2025
- Sa churaclam nua cuirfear béim ar spraoi, rannpháirtíocht agus foghlaim atá bunaithe ar shúgradh agus tabharfar na scileanna do leanaí a dteastaíonn uathu i ndomhan atá ag forbairt go tapa
- Beocht Curtha san Fhoghlaim trí Spraoi sa Churaclam Nua
- Bunaithe ar Thaighde agus ar Chomhairliúchán le Tuismitheoirí agus Leanaí
- Tabhairt isteach de réir a chéile agus céimnithe
- Nótaí d’eagarthóirí
- Athfhorbairt Churaclam na Bunscoile
- An próiseas forbartha
- Creatchuraclam na Bunscoile (2023)
- Sonraíochtaí Curaclaim
- Príomhtheachtaireachtaí an Churaclaim Athfhorbartha
Sa churaclam nua cuirfear béim ar spraoi, rannpháirtíocht agus foghlaim atá bunaithe ar shúgradh agus tabharfar na scileanna do leanaí a dteastaíonn uathu i ndomhan atá ag forbairt go tapa
Sheol an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, Sonraíochtaí an Churaclaim Bunscoile Athfhorbartha do na bunscoileanna agus na scoileanna speisialta go léir ar fud na hÉireann inniu. Is é seo an claochlú is cuimsithí ar an mbunoideachas le breis agus glúin anuas, a ceapadh chun na scileanna a theastaíonn ó leanaí a thabhairt dóibh ionas go n-éireoidh leo i ndomhan atá ag forbairt go tapa.
Dúirt an tAire McEntee ag an seoladh:
“Dearadh an curaclam nua seo le haghaidh leanaí an lae inniu agus an lae amárach. Léiríonn sé an domhan ina bhfuil siad ag fás aníos – domhan atá ag athrú go tapa, domhan idirnasctha atá lán le deiseanna. Is é an sprioc atá againn ná a chinntiú go bhfaigheann gach leanbh in Éirinn oideachas atá cuimsitheach, cumhachtaithe agus an-ábhartha dá saol.”
Curaclam don Todhchaí
Tá an curaclam athfhorbartha deartha chun tacú le foghlaim ardchaighdeáin, chuimsitheach agus bunaithe ar fhianaise do gach leanbh. Aithnítear ann an ceart atá ag gach leanbh a bheith faoi bhláth agus dul chun cinn a dhéanamh i ngach réimse foghlama agus forbartha, agus meastar ann gur gairmithe oilte iad múinteoirí a bhfuil ról lárnach acu i bhfoghlaim leanaí ón luath-óige go dtí an bunoideachas agus an t-oideachas speisialta agus go dtí an t-iar-bhunoideachas.
Áirítear ar phríomhghnéithe den churaclam nua:
Foghlaim Chomhtháite: Gheobhaidh leanaí taithí ar churaclam níos nasctha a fhorbróidh inniúlachtaí tábhachtacha amhail smaointeoireacht chriticiúil, cruthaitheacht, comhoibriú agus cumarsáid – scileanna atá riachtanach chun a mbealach a dhéanamh tríd an saol mar atá.
A bheith i do Chumarsáidí: Trí Churaclam Teanga na Bunscoile, neartóidh leanaí a dtuiscint ar an mBéarla agus ar an nGaeilge agus tosóidh siad inniúlacht bhunúsach a fhorbairt i nuatheanga iasachta, rud a leagfaidh an bhunchloch le haghaidh an ilteangachais agus na tuisceana idirchultúrtha.
Nuálaíocht: Leis an gcuraclam cothaítear fiosracht agus nuálaíocht, lena spreagtar leanaí chun iniúchadh, dearadh agus cruthú a dhéanamh trí eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic.
Foghlaim Spraíúil atá Bunaithe ar Fhiosrú: Cuirtear níos mó béime ar fhoghlaim ghníomhach, rannpháirteach atá bunaithe ar fhiosrú, agus tá níos mó deiseanna ann le haghaidh oideachas lasmuigh agus scrúdú faoi stiúir leanaí.
A bheith Cruthaitheach: Cuirfidh leanaí iad féin in iúl go muiníneach agus go cruthaitheach amhail trí Ealaín, Drámaíocht, Ceol agus foirmeacha ealaíne atá ag teacht chun cinn lena n-áirítear damhsa agus ealaíona na meán.
A bheith i do Shaoránach Gníomhach: Foghlaimeoidh leanaí smaoineamh orthu féin mar shaoránaigh ghníomhacha a bhfuil cearta agus freagrachtaí acu, a bhfuil sé de chumhacht acu aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áitiúla agus domhanda.
A bheith Folláin: Comhtháthaítear i sonraíocht nua Folláine an Corpoideachas agus an tOideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte agus tugtar an t-eolas agus na scileanna atá riachtanach do leanaí chun saol gníomhach, sláintiúil agus sásúil a chaitheamh.
Dúirt an tAire McEntee:
“Is tráth stairiúil é seoladh an Churaclaim Bunscoile athfhorbartha do bhunscoileanna agus do scoileanna speisialta ar fud na hÉireann, toisc gurb é seo an chéad athfhorbairt mhór ar an gcuraclam le 26 bliain.
“Is éard atá i gceist leis an gcuraclam seo ná na huirlisí a theastaíonn ó gach leanbh a thabhairt dóibh le go n-éireoidh leo – ní hamháin ar scoil, ach sa saol. Is éard atá i gceist leis ná a gcuid buanna a chothú, tacú lena bhfolláine, agus cabhrú lenár leanaí forbairt mar fhoghlaimeoirí muiníneacha agus mar shaoránaigh ghníomhacha i ndomhan atá ag athrú. Áirítear leis béim mhéadaithe ar scileanna teanga agus ar ETIM, rud a thugann na huirlisí do leanaí chun cumarsáid a dhéanamh lena chéile agus an fhiosracht, an chruthaitheacht agus na réitigh a bheith acu chun dul i bhfeidhm ar an domhan mórthimpeall orthu.
"Tá níos mó i gceist leis an gcuraclam athfhorbartha ná réimsí curaclaim agus ábhair amháin – baineann sé le lúcháir a spreagadh san fhoghlaim. Thar aon rud eile, ba mhaith linn go mbeadh spraoi ag leanaí, go mbeidís ag foghlaim tríd an súgradh agus go mbeidís cruthaitheach. Táimid ag cabhrú le gach leanbh a bheith faoi bhláth agus a lánacmhainneacht a bhaint amach tríd an bhfoghlaim a dhéanamh spraíúil agus fiúntach.
“Múnlaíodh é trí thaighde, comhairliúchán agus comhoibriú fairsing le pobail scoile, comhpháirtithe oideachais agus, thar aon rud eile, guthanna na leanaí féin, rud atá an-tábhachtach. Léiríonn siad fís foghlama atá spraíúil, cruthaitheach, cuimsitheach agus mealltach, fad is a chinntíonn siad go bhfuil na hinniúlachtaí agus an t-eolas ag leanaí a dteastaíonn uathu don todhchaí.
“Sa churaclam athfhorbartha cuirtear le láidreachtaí churaclam 1999 agus ag an am céanna freastalaítear ar riachtanais leanaí atá ag fás aníos i saol an lae inniu.”
Beocht Curtha san Fhoghlaim trí Spraoi sa Churaclam Nua
Sa churaclam athfhorbartha tá béim láidir ar fhoghlaim spraíúil, ghníomhach agus phraiticiúil. Spreagtar leanaí chun iniúchadh a dhéanamh, a bheith cruthaitheach agus foghlaim trí shúgradh, fiosrú agus eispéiris sa saol réadúil. Leis an tsonraíocht churaclaim ETIM tugtar blaiseadh d’iontais na Nithe Beo, na nÁbhar, agus an Fhuinnimh agus na bhFórsaí do leanaí trí fhiosrú eolaíoch. Déanfaidh leanaí iniúchadh ar an gcaoi a n-oibríonn an domhan, cuirfidh siad ceisteanna agus déanfaidh siad imscrúduithe. Ó mhaighnéadas sna céimeanna luatha go leictreachas sna céimeanna níos déanaí, forbraítear bunús láidir in ETIM sa churaclam agus ullmhaítear leanaí le haghaidh foghlaim amach anseo in go leor réimsí éagsúla.
Leis an tsonraíocht nua Oideachais Ealaíon tugtar Ealaín, Drámaíocht agus Ceol le chéile faoi struchtúr comhroinnte a spreagann leanaí chun iniúchadh a dhéanamh, a bheith ag cruthú, ag léiriú agus ag freagairt. Déantar cur síos ar leanaí mar “dhéantóirí ealaíon”, toisc go mbaineann siad úsáid as a gcéadfaí, a samhlaíocht agus a dtaithí chun iad féin a chur in iúl trí raon leathan foirmeacha ealaíne – lena n-áirítear damhsa agus ealaíona na meán.
Cuidíonn an cur chuige sin leo muinín, fiosracht agus dúil san fhoghlaim a chothú ar feadh an tsaoil.
Bunaithe ar Thaighde agus ar Chomhairliúchán le Tuismitheoirí agus Leanaí
Faoi stiúir na Comhairle Náisiúnta Curaclam agus Measúnachta (CNCM), forbraíodh cúig shonraíocht nua curaclaim trí thaighde, comhairliúchán agus comhoibriú fairsing le comhpháirtithe oideachais agus páirtithe leasmhara lena n-áirítear ceannairí scoile, múinteoirí, leanaí agus tuismitheoirí. Ag cur leis na láidreachtaí a bhí i gcuraclam 1999, freagraíonn siad go díreach do dhúshláin an lae inniu, do thosaíochtaí atá ag athrú agus do riachtanais na bhfoghlaimeoirí atá ag athrú i gcónaí.
Is iad na sonraíochtaí ná:
- Oideachas Ealaíon (Ealaín, Drámaíocht, Ceol)
- Teanga (lena n-áirítear Nuatheangacha Iasachta ó Chéim 3)
- Oideachas Sóisialta agus Comhshaoil (Stair agus Tíreolaíocht)
- Oideachas ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, Matamaitic)
- Folláine (Corpoideachas agus Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte)
Tabhairt isteach de réir a chéile agus céimnithe
Is freagracht uile-chórais é cur i bhfeidhm rathúil an churaclaim a bhaineann le gach duine aonair i bpobal an oideachais. Próiseas de réir a chéile agus pleanáilte go cúramach a bheidh i gcur i bhfeidhm churaclam athfhorbartha na bunscoile. Leis an gcur chuige céimnithe sin, beidh scoileanna in ann oiriúnú ar luas soláimhsithe, rud a thabharfaidh deis do mhúinteoirí iad féin a chur ar an eolas faoi mhodhanna teagaisc nua, prionsabail oideolaíochta agus ábhar curaclaim.
Beidh an scoilbhliain 2025/2026 ina bliain tosaigh a bheidh dírithe ar Chreatchuraclam na Bunscoile. Ón scoilbhliain 2026/2027 ar aghaidh, is féidir le scoileanna tacaíocht dhírithe a fháil i réimse curaclaim amháin gach bliain, agus tógfaidh sé dhá bhliain gach réimse a chur i bhfeidhm go hiomlán. Is féidir le scoileanna an t-ord a roghnú chun iad a chur i bhfeidhm, ach ní mór go mbeadh an tsonraíocht Folláine ar cheann de na chéad trí réimse a roghnaítear.
Is turas comhchoiteann foghlama agus athraithe do gach duine é an curaclam athfhorbartha a chur i bhfeidhm. Sa turas sin cuirtear le heolas agus cleachtas atá ann cheana féin, agus trí chomhoibriú, comhroinnt agus comhrá, forbrófar tuiscintí níos doimhne ar an gcuraclam chun tacú le cur i bhfeidhm fiúntach.
Mairfidh an clár tacaíochta ar feadh sé bliana ar a laghad. Déanfar é a éascú trí laethanta nuair a bheidh scoileanna dúnta, tacaíocht leanúnach laistigh den scoil agus tacaíochtaí forlíontacha ar líne.
Mar ullmhúchán do thabhairt isteach an churaclaim athfhorbartha, cuireadh infheistíocht shuntasach €9.7 milliún ar fáil do bhunscoileanna agus do scoileanna speisialta in 2024. Cinntíonn an maoiniú sin go bhfuil na hacmhainní agus na hábhair riachtanacha ag scoileanna le haghaidh na gcuraclam ETIM agus Ealaíon, rud a ligeann dóibh curaclam a sholáthar a fhreastalaíonn ar riachtanais gach foghlaimeora. Táthar ag súil go mbeidh gá le tuilleadh maoinithe chun tacú le tabhairt isteach churaclam athfhorbartha na bunscoile sna blianta atá amach romhainn.
Is é an curaclam athfhorbartha an t-athrú is suntasaí ó bhonn ar fhoghlaim leanaí le breis agus glúin, rud a chuireann le Creatchuraclam na Bunscoile (2023), Curaclam Matamaitice na Bunscoile (2023) agus Curaclam Teanga na Bunscoile (2019).
Nótaí d’eagarthóirí
Athfhorbairt Churaclam na Bunscoile
- Tá Curaclam na Bunscoile a tugadh isteach sa bhliain 1999 mar threoir ag oideachas le 26 bliain anuas. Mar sin féin, de bharr athruithe san oideachas go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus forbairtí sa tsochaí, bhí gá le hathfhorbairt a dhéanamh ar an gcuraclam d’fhoghlaimeoirí an lae inniu.
- Bhí an athfhorbairt sin faoi stiúir an CNCM agus bhí sí dírithe ar thodhchaí an oideachais i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta na hÉireann a athshamhlú.
An próiseas forbartha
Bhí ceithre réimse gníomhaíochta idirnasctha mar bhonn leis an athfhorbairt curaclaim:
- Taighde: Bhain an obair forbartha leas as bailiúchán fairsing taighde comhaimseartha náisiúnta agus idirnáisiúnta atá le fáil anseo ar shuíomh gréasáin an CNCM. Bhain sé úsáid as an staidéar Children’s School Lives (CSL) freisin, an staidéar náisiúnta fadaimseartha lena rianaítear 4,000 leanbh in 189 bunscoil in Éirinn.
- Líonraí: D’oibrigh an Fóram Scoileanna, líonra ina bhfuil 60 bunscoil, iar-bhunscoil agus réamhscoil ó gach cearn den tír, le chéile chun smaointe a bhailiú ó thaighde, agus a gcuid taithí ar scoil á dtabhairt isteach sa phlé. Rinneadh obair mhionsonraithe ar na mionsonraí a bhaineann le sonraíochtaí an churaclaim le 5 Líonra Scoileanna ar leithligh freisin.
- Plé: Dlúthobair leis na comhpháirtithe oideachais trí struchtúir ionadaíocha an CNCM, agus le páirtithe leasmhara níos leithne trí imeachtaí amhail seimineáir churaclaim, agus an tsraith seimineár Ag Treorú Amach.
- Comhairliúchán: Bhí torthaí an chomhairliúcháin fhairsing ar Dhréacht-Chreatchuraclam na Bunscoile, lena n-áirítear comhairliúchán le leanaí in aois bunscoile, ríthábhachtach chun an creat a thabhairt chun críche; agus thug an Comhairliúchán maidir le Sonraíochtaí Dhréachtchuraclam na Bunscoile aiseolas mionsonraithe ar na dréachtsonraíochtaí ar fud na gcúig réimse curaclaim.
Creatchuraclam na Bunscoile (2023)
An Creat:
- Leagtar amach an fhís, na prionsabail, na príomhinniúlachtaí agus an struchtúr le haghaidh foghlaim leanaí.
- Mionsonraítear leithdháiltí ama, cineálacha cur chuige i leith foghlama, teagaisc agus measúnaithe.
- Tugtar isteach agus leathnaítear gnéithe den fhoghlaim lena n-áirítear Oideachas ETIM, Nuatheangacha Iasachta, Teicneolaíocht, Reiligiúin, creidimh agus dearcthaí ar an saol agus Oideachas Ealaíon níos leithne.
- Cuirtear níos mó béime ar réimsí atá ann cheana féin amhail an Corpoideachas agus an tOideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) (Folláine), agus an fhoghlaim dhigiteach.
- Soláthraítear neamhspleáchas agus solúbthacht níos fearr do mhúinteoirí agus do leanaí.
- Déantar nasc le heispéiris foghlama a chuirtear ar fáil trí théamaí Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige agus leis na hábhair, na príomhscileanna agus na ráitis foghlama sa Chreat don tSraith Shóisearach.
Sonraíochtaí Curaclaim
Tá cúig shonraíocht churaclaim ann le haghaidh Churaclam athfhorbartha na Bunscoile
- Oideachas Ealaíon (Ealaín, Drámaíocht agus Ceol)
- Teanga (lena n-áirítear Nuatheangacha Iasachta ó Chéim 3)
- Oideachas Sóisialta agus Comhshaoil (Stair agus Tíreolaíocht)
- Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM)
- Folláine (Corpoideachas agus Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte).
Tacaíonn na réimsí curaclaim le cur chuige comhtháite i leith foghlama agus teagaisc i gcéimeanna 1 agus 2, sula ndéantar iad a dhifreáil níos mó ina n-ábhair i gcéimeanna 3 agus 4 chun léiriú a dhéanamh ar fheasacht mhéadaitheach leanaí ar ábhair mar bhealach chun an domhan a eagrú.
Príomhtheachtaireachtaí an Churaclaim Athfhorbartha
- Cuirtear leis an rath agus leis na láidreachtaí a bhaineann le curaclam 1999 agus aithnítear dúshláin chomh maith le riachtanais agus tosaíochtaí atá ag athrú agus freagraítear dóibh.
- Tacaítear le neamhspleáchas agus le solúbthacht.
- Déantar nasc idir an méid a fhoghlaimíonn leanaí agus an bealach ina bhfoghlaimíonn siad ar fud réamhscoileanna, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna.
- Sainaithnítear tosaíochtaí nuashonraithe maidir le foghlaim leanaí.
- Athraítear an chaoi a bhfuil an curaclam struchtúrtha agus curtha i láthair.
Tacaítear le réimse cur chuige agus straitéisí oideolaíochta agus an measúnú lárnach don teagasc agus don fhoghlaim.