Déanfaidh an tAire Oideachais agus Óige Hildegarde Naughton ionadaíocht ar son na hÉireann ag cruinniú den Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt (EYCS) sa Chipir
- Foilsithe: 29 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 29 Eanáir 2026
Tabharfaidh an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, TD cuairt ar an Niocóis, sa Chipir, ar an 29 agus 30 Eanáir 2026 chun freastal ar chruinniú Airí Oideachais an AE, coinne thábhachtach roimh Uachtaránacht na hÉireann ar an AE, áit a bpléifear na príomhthosaíochtaí agus na dúshláin chomhroinnte atá roimh bheartas oideachais agus óige ar fud an Aontais Eorpaigh.
Le linn na cuairte seo, leagfaidh an tAire Naughton amach tosaíochtaí na hÉireann i mbeartas oideachais agus óige sula nglacfaidh Éire le hUachtaránacht na Comhairle ar an 1 Iúil 2026. Léiríonn a rannpháirtíocht tiomantas na hÉireann maidir le timpeallachtaí foghlama cuimsitheacha, seasmhacha agus réamhbhreathnaitheacha a chothú agus daoine óga a chumasú ar fud an Aontais Eorpaigh.
Le linn di a bheith sa Chipir, táthar ag súil go ndéanfaidh an tAire Naughton cathaoirleacht ar shraith cruinnithe comhstádais lena comhghleacaithe san AE, ag díriú ar phríomhréimsí comhleasa, lena n-áirítear:
- Córais oideachais a neartú chun freastal ar riachtanais scileanna agus riachtanais mhargadh an tsaothair amach anseo.
- Sármhaitheas oideachais, cothromas agus cuimsiú a chur chun cinn ar fud na mballstát.
- Rannpháirtíocht agus cumasú na hóige sa saol sibhialta, sóisialta agus daonlathach a fheabhsú.
- Tacú le meabhairshláinte agus folláine i suíomhanna oideachais.
Cabhróidh an plé seo le clár oibre straitéiseach Uachtaránacht na hÉireann a mhúnlú, ag cinntiú go bhfanfaidh beartas oideachais agus óige lárnach in obair an AE maidir le hiomaíochas, cuimsiú sóisialta agus seasmhacht eacnamaíoch.
Dúirt an tAire Naughton:
“Táim ag tnúth le bheith i mbun plé le comhghleacaithe ó áiteanna ar fud an AE maidir leis na dúshláin agus na deiseanna práinneacha atá roimh ár gcórais oideachais agus ár ndaoine óga sa lá atá inniu ann. Cuireann Uachtaránacht na hÉireann, atá ar na bacáin, ardán ríthábhachtach ar fáil chun comhthuiscint a fhorbairt agus beartais uaillmhianacha a chur chun cinn a thacaíonn le foghlaimeoirí agus leis an aos óg i ngach cearn den Eoraip.”
Cuirfear torthaí chruinniú EYCS sa Chipir san áireamh go díreach san ullmhúchán do chlár Uachtaránachta na hÉireann agus cuirfidh siad bonn eolais faoi phlé na Comhairle amach anseo.
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Seasann EYCS don Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt.
Tá sé ar cheann de chumraíochtaí Comhairle an Aontais Eorpaigh, ina dtugtar le chéile airí atá freagrach as oideachas, óige, cultúr agus spórt ó gach ballstát de chuid an AE.