Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Síníonn an tAire Oideachais agus Óige Rialacháin Chlárúcháin leasaithe na Comhairle Múinteoireachta, ag neartú tacaíochtaí do sholáthar múinteoirí

Tá Rialacháin Chlárúcháin leasaithe na Comhairle Múinteoireachta, sínithe ina ndlí ag an Aire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, agus iad at teacht in ionad Rialacháin 2016 arna leasú.

Leis na rialacháin leasaithe seo, tugtar isteach roinnt nuashonruithe tábhachtacha a ceapadh chun tacú le soláthar múinteoirí cáilithe agus an soláthar sin a neartú, agus ardchaighdeáin ghairmiúla ghairm na múinteoireachta á gcoinneáil ag an am céanna.

Ligeann foráil thábhachtach laistigh de na rialacháin leasaithe do mhúinteoirí a cháiligh thar lear a n-ionduchtú a dhéanamh sa Stát ar feadh tréimhse teoranta ama suas go dtí an 31 Nollaig 2027. Athbhunaíonn an beart seo saoráid a bhí luachmhar le linn na mblianta roimhe sin chun aghaidh a thabhairt ar bhrúnna i soláthar múinteoirí, agus léiríonn sé riachtanais leanúnacha an fhórsa saothair a eascraíonn as éileamh déimeagrafach, leathnú oideachais speisialta, agus rollú leanúnach leanaí ón Úcráin.

Ina theannta sin, cuimsíonn na rialacháin go foirmiúil an córas a chuireann ar chumas múinteoirí faoi oiliúint clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta, beart a tugadh isteach den chéad uair in 2023. Ligeann sé seo do mhúinteoirí faoi oiliúint sa tríú nó sa cheathrú bliain dá gcláir obair theoranta a dhéanamh mar mhúinteoirí ionaid. Leathnaíonn an tionscnamh acmhainn an tseomra ranga agus cuireann sé am teagmhála luachmhar sa seomra ranga ar fáil do mhúinteoirí faoi oiliúint.

Ag labhairt ag Comhdháil Náisiúnta Chumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na bPríomhoidí Ionaid, dúirt an tAire McEntee,

“Tá an-áthas orm rialacháin nua a thabhairt i bhfeidhm a chinnteoidh go bhféadfar cáilíocht múinteoirí a cháilíonn thar lear a aithint in Éirinn. Tá sé seo ar cheann de roinnt beart atá á ndéanamh chun soláthar múinteoirí a fheabhsú.

“Tá sé mar thosaíocht agam earnáil oideachais den scoth a sholáthar, a sháraíonn constaicí agus a chinntíonn gur féidir le gach leanbh a lánacmhainneacht a bhaint amach. Cuid lárnach den uaillmhian seo a bhaint amach is ea tacú le múinteoirí agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le soláthair múinteoirí.

“Cinntíonn na bearta seo go leanfaimid orainn ag coinneáil ardchaighdeáin ghairmiúla agus ag an am céanna ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin soláthair inár scoileanna. Léiríonn siad cur chuige praiticiúil agus cothrom chun tacú lenár bhfórsa saothair múinteoireachta agus a chinntiú go mbeidh múinteoirí atá cáilithe go cuí ar fáil i gcónaí do scoláirí ar fud na tíre.

Is mian liom moladh a thabhairt don Chomhairle Mhúinteoireachta as na rialacháin leasaithe seo a thabhairt isteach, agus as an gcomhairliúchán fairsing a rinneadh le páirtithe leasmhara ar fud earnáil an oideachais.

Tógann sé seo ar bhearta a glacadh roimhe seo agus tá sé ar cheann de roinnt beart atá á ndéanamh chun soláthar múinteoirí a fheabhsú. Táim tar éis gníomhú freisin chun a chinntiú gur féidir le múinteoirí rochtain níos luaithe a fháil ar chonarthaí buana.”

Dúirt Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, an Dr Lynn Ramsey

“Oibríonn an Chomhairle Mhúinteoireachta ar mhaithe le leas an phobail agus táimid i gcónaí ag lorg bealaí chun feabhas a chur ar a bhfuil á dhéanamh againn. Is céim thábhachtach iad na rialacháin chlárúcháin leasaithe a thacaíonn linn chun caighdeáin a choinneáil agus gairm na múinteoireachta a rialú.”

Beidh an áis oscailte le haghaidh iarratais ó mhúinteoirí atá cáilithe go cuí, ar shuíomh Gréasáin Chomhairle Mhúinteoirí, sna laethanta atá le teacht.

Nótaí don eagarthóir

Tá níos mó múinteoirí cáilithe ná riamh ag obair i scoileanna ar fud na tíre.

Léiríonn anailís ar shonraí párolla le déanaí go bhfuil an líon is airde riamh de mhúinteoirí fostaithe: breis agus 79,000 sna scoileanna go léir (43,000 i mbunscoileanna, lena n-áirítear scoileanna speisialta agus 36,000 in iar-bhunscoileanna).

Idir 2018/19 agus an scoilbhliain deiridh 2023/24, mar thoradh ar infheistíocht ollmhór ón Rialtas, tá méadú 10,408 tagtha ar líon na bpost múinteoireachta, agus 5,339 de na poist sin (14.3%) leithdháilte ar bhunscoileanna agus 5,069 (17.8%) leithdháilte ar iar-bhunscoileanna.

Tá méadú de 1,042 post múinteoireachta curtha ar fáil i mBuiséad 2026, lena n-áirítear 860 múinteoir breise ag obair i suíomhanna éagsúla Riachtanas Speisialta Oideachais.

Soláthraíodh poist mhúinteoireachta sa bhreis in earnáil an oideachais speisialta i mbuiséid le déanaí do 2024/25 agus don scoilbhliain reatha 2025/26.

Tá líon na gcéimithe múinteoireachta leordhóthanach go fóill agus 3,700 múinteoir nuacháilithe cláraithe in 2024 leis an gComhairle Mhúinteoireachta, rud a thugann an clár iomlán go dtí os cionn 126,000 – an líon is airde i stair an Stáit.

Is rogha ghairme tharraingteach í an mhúinteoireacht: léiríonn 6% d’iarratais CAO a raibh an mhúinteoireacht bhunscoile nó iar-bhunscoile mar chéad rogha acu éileamh comhsheasmhach ó 2017 go dtí 2024.

Tá líon na múinteoirí atá ag éirí as agus ag dul ar scor an-íseal de réir aon chaighdeáin agus tá sé ar aon dul leis na blianta roimhe seo.

Tá plean cuimsitheach fórsa saothair d’earnáil an oideachais á fhorbairt, gealltanas a bhí i gClár an Rialtais. Ina theannta sin, tá ullmhúcháin ar siúl chun coinbhinsiún oideachais a óstáil - gealltanas eile i gClár an Rialtais - a thabharfaidh le chéile na páirtithe leasmhara go léir chun a dtaithí, a n-ionchais agus a ndóchas maidir le todhchaí ár gcóras oideachais a roinnt.

Tá an Rialtas seo tiomanta a chinntiú go mbeidh eispéireas scoile dearfach ag gach leanbh, agus go mbeidh rochtain aige nó aici ar mhúinteoirí cáilithe agus rannpháirteacha atá tiomanta do thacú lena bhfoghlaim.

Bearta um Sholáthar Múinteoirí

Tá roinnt beart tugtha isteach atá dírithe ar níos mó múinteoirí a mhealladh, go háirithe in ábhair a bhfuil an-éileamh orthu.

I measc na bpríomhthionscnamh tá:

  • Feabhas a chur ar tharraingteacht na gairme trína chinntiú gur féidir le múinteoirí nuacháilithe conarthaí buana a fháil i mbliain amháin, seachas dhá bhliain.
  • I mBuiséad 2025, tugadh isteach sparánacht €2,000 do mhúinteoirí faoi oiliúint i réimsí STEM, iníoctha sa dá bhliain dheireanacha dá gclár fochéime, mar chúiteamh ar ghealltanas múinteoireachta dhá bhliain.
  • I mBuiséad 2024, tugadh isteach sparánacht €2,000 do mhúinteoirí a bhfuil Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (MGO) á baint amach acu, a bhfuil sé mar aidhm aici múinteoirí nuacháilithe a spreagadh chun róil a ghlacadh i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna.
  • Leathnaíodh Cláir Uasoiliúna faoi Bhuiséad 2024 agus leanadh ar aghaidh leo in 2025, ag tairiscint cúrsaí saor in aisce do mhúinteoirí in ábhair a bhfuil an-éileamh orthu chun teagasc lasmuigh den réimse a laghdú.
  • Cuireadh tús le cláir nua sa Ghaeilge, sa Fhraincis, sa pholaitíocht & sa tsochaí, agus sa ríomheolaíocht in 2025, agus tá breis is 160 múinteoir cláraithe ar na cláir seo, agus cuireann siad le cláir atá ann cheana féin sa mhatamaitic, san fhisic, agus sa Spáinnis.
  • Ina theannta sin, táthar ag leanúint ar aghaidh ag cur ghairm na múinteoireachta chun cinn mar ghairm bheatha agus tá pleanáil fórsa saothair do mhúinteoirí agus do Chúntóirí Riachtanas Speisialta ar siúl.
  • Ceapadh na bearta sin lena chinntiú go mbeidh sruth seasta de mhúinteoirí ag dul leis an ngairm agus chun léiriú a dhéanamh ar an tiomantas d’infheistíocht leanúnach sa chóras oideachais chun aghaidh a thabhairt ar sholáthar múinteoirí.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat