Fógraíonn an tAire Helen McEntee €65 milliún mar mhaoiniú do mhionoibreacha agus TFC i scoileanna
- Foilsithe: 29 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 29 Bealtaine 2025
- NÓTAÍ
- Maoiniú TFC
- Tuilleadh nótaí agus eolas leathan maidir leis na nithe ar féidir leis an maoiniú tacú leo:
- Straitéis Dhigiteach do Scoileanna
- Maoiniú do Mhionoibreacha
D'fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee, infheistíocht €65 milliún i scoileanna inniu (29 Bealtaine 2025) chun tacú le foghlaim dhigiteach agus chun mionoibreacha tógála a mhaoiniú.
Eiseofar maoiniú €35 milliún do bhonneagar TFC go luath chuig gach scoil speisialta, bunscoil agus iar-bhunscoil aitheanta, agus cuirfear €30 milliún de mhaoiniú mionoibreacha ar fáil do bhunscoileanna agus do scoileanna speisialta le húsáid le haghaidh cothabhála agus feabhsúchán ar mhionscála i scoileanna.
Dúirt Helen McEntee, an tAire Oideachais agus Óige:
"Tá ríméad orm a fhógairt go ndéanfar €65 milliún a infheistiú inár scoileanna, chun cabhrú leo le cothabháil agus feabhsúcháin, chomh maith le cabhrú le scoileanna TFC a leabú ina dteagasc, ina bhfoghlaim agus ina measúnuithe.
"Agus an domhan mórthimpeall orainn ag athrú go tapa, tá sé ríthábhachtach gur féidir le scoileanna na scileanna a theastaíonn uathu a chur ar fáil do scoláirí chun barr a gcumais a bhaint amach inár sochaí nua-aimseartha. Cuirfidh an maoiniú TFC seo ar chumas scoileanna leas a bhaint as na deiseanna a chuireann an teicneolaíocht ar fáil, agus chun tacú le leanaí agus daoine óga a bheith ina bhfoghlaimeoirí inniúla atá rannpháirteach go criticiúil.
"Ina theannta sin, tá íocaíochtaí mionoibreacha ríthábhachtach chun tacú lenár mbunscoileanna agus lenár scoileanna speisialta. Tá áthas orm maoiniú de €30 milliún a fhógairt a chuirfidh ar chumas na bpobal scoile seo dul i ngleic le saincheisteanna ag an leibhéal áitiúil agus tacú lena bhfeidhmiú don scoilbhliain atá le teacht.
"Tá gach scoil difriúil agus dá bhrí sin is fearr le scoileanna aonair cinneadh a dhéanamh conas is fearr an maoiniú seo a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar a gcuid riachtanas cothabhála féin. Tabharfaidh an tréimhse tosaigh seo roimh an scoilbhliain nua am do scoileanna machnamh a dhéanamh ar a bpleananna agus a dtosaíochtaí maidir leis an gcaoi is fearr leis an maoiniú seo a úsáid dá riachtanais féin.
"Tá sé thar a bheith tábhachtach foirgnimh scoile a chothabháil chun sláinte agus sábháilteacht a chur chun cinn, timpeallacht foghlama fháilteach a chur ar fáil, agus chun na leibhéil shuntasacha maoinithe poiblí atá á n-infheistiú i mbonneagar scoile nua agus uasghrádaithe a chosaint.
"Tacóidh an maoiniú do Mhionoibreacha agus TFC araon le scoileanna chun a bhfoirgnimh a choinneáil sábháilte agus fáilteach do scoláirí, ach freisin chun a chinntiú go bhfuil scoláirí ag foghlaim na scileanna a theastaíonn uathu inár scoileanna chun a bheith rathúil i saol an lae inniu."
NÓTAÍ
Maoiniú TFC
Is ionann an €35m de mhaoiniú deontais TFC agus an tríú tráinse de mhaoiniú TFC faoin Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027 agus tógann sé ar an €210m a leithdháileadh cheana féin faoin Straitéis Dhigiteach do Scoileanna 2015-2020 roimhe seo maidir le Feabhas a chur ar Theagasc, ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú agus ar an €100m atá eisithe go dtí seo faoin straitéis reatha.
I gcás bunscoile, is éard a bheidh i ndeontas TFC na Straitéise Digití ná deontas bunúsach de €2,000 móide €25.33 in aghaidh an dalta príomhshrutha, €30.40 in aghaidh an dalta a bhfuil riachtanais speisialta oideachais aige/aici agus atá ag freastal ar scoil speisialta nó ag freastal ar rang speisialta atá ceangailte le scoil phríomhshrutha, agus €27.86 in aghaidh an dalta i scoileanna DEIS.
Mar shampla, gheobhaidh bunscoil ina bhfuil 100 dalta €4,533 agus gheobhaidh scoil ina bhfuil 500 dalta €14,665.
I gcás iar-bhunscoile, is éard a bheidh i gceist leis seo ná deontas bunúsach €2,000 móide €30.40 in aghaidh an scoláire príomhshrutha agus €33.44 in aghaidh an scoláire i scoileanna DEIS.
Gheobhaidh scoil ina bhfuil 500 scoláire €17,200 agus gheobhaidh scoil ina bhfuil 1,000 scoláire €32,400.
Tuilleadh nótaí agus eolas leathan maidir leis na nithe ar féidir leis an maoiniú tacú leo:
- Le scoileanna chun an ceanglas atá orthu ardán foghlama digití a bheith i bhfeidhm acu.
- Breisiú eile a chur ar fáil do scoileanna DEIS chun dul i ngleic le dúshláin bhreise chun tacú lena bhfoghlaimeoirí
- Tá roinnt straitéisí agus tionscnamh rialtais ann le scór bliain anuas chun úsáid éifeachtach na dteicneolaíochtaí digiteacha a spreagadh agus a chur chun cinn sa teagasc agus san fhoghlaim. Tá beartas na Roinne Oideachais sa réimse sin léirithe sa Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027 a foilsíodh in 2022, ar straitéis í a thógann ar an dul chun cinn atá déanta faoin Straitéis 2015-2020 chun leanúint ag aghaidh ag leabú teicneolaíochtaí digiteacha i ngach gníomhaíocht sa seomra ranga agus sa scoil ionas go mbeidh úsáid na teicneolaíochta digití mar chuid gan uaim den eispéireas oideachais ar fad
- Tógann an straitéis seo ar straitéisí roimhe seo agus cuimsíonn sí athchóiriú oideachais le blianta beaga anuas. Is é an aidhm atá léi cabhrú le daoine óga a bheith ina bhfoghlaimeoirí gníomhacha agus tacaíonn sé le forbairt scileanna an 21ú haois amhail smaointeoireacht chriticiúil, cruthaitheacht, comhoibriú, cumarsáid agus inniúlacht dhigiteach.
- Léiríonn an Straitéis tosaíochtaí an AE freisin, ag ailíniú le Plean Oideachais Dhigití an AE, agus tacaíonn sí freisin le príomhbheartais na Roinne, go háirithe an Straitéis um Litearthacht, Uimhearthacht agus Inniúlacht Dhigiteach a fhoilseofar go luath, agus Ráiteas Beartais Oideachais STEM.
- Féadfaidh soláthar an mhaoinithe seo tacú le hathrú curaclaim freisin, lena n-áirítear ar churaclam na bunscoile a shamhlaíonn go dtacófar le leanaí le bheith ina bhfoghlaimeoirí digiteacha a úsáideann teicneolaíocht dhigiteach go fiosrach, go cruthaitheach, go muiníneach agus go criticiúil.
- Faigheann scoileanna táillí maoiniú ag ráta 50 faoin gcéad. Cnapshuim €1,000 agus €15.20 per capita.
Straitéis Dhigiteach do Scoileanna
Tá sé mar aidhm ag an Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027 tógáil ar an dul chun cinn atá déanta in úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha.
Mar thoradh ar eisiúint €35m in 2025, táthar ag súil go mbeifear ábalta an chuid eile den mhaoiniú de €65m a gealladh sa Plean Forbartha Náisiúnta a eisiúint thar na blianta den straitéis reatha atá fanta.
Tacaíonn an maoiniú seo leis an tiomantas leanúnach do thacaíocht a thabhairt do scoileanna agus iad a chumasú lena chinntiú go bhfuil teicneolaíochtaí digiteacha leabaithe go leanúnach sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú.
Maoiniú do Mhionoibreacha
Faoin scéim, cuirtear maoiniú ar fáil do gach bunscoil agus scoil speisialta ar an mbonn seo a leanas:
Deontas bunúsach €5,500 móide €18.50 in aghaidh an dalta príomhshrutha agus €74 in aghaidh an dalta a bhfuil riachtanas speisialta oideachais aige/aici agus atá cláraithe sa scoil ar an 30 Meán Fómhair den bhliain roimh eisiúint an deontais. Baineann an ráta €74 le dalta a bhfuil riachtanais speisialta aige/aici atá ag freastal ar scoil speisialta nó ag freastal ar rang oideachais speisialta atá ceangailte le scoil phríomhshrutha.
Tá sé de neamhspleáchas ag scoileanna an maoiniú sin a úsáid le haghaidh cothabhála agus feabhsúcháin mhioscála ar fhoirgnimh agus ar thailte scoile. Ós rud é go bhfuil gach suíomh scoile difriúil, is iad an scoileanna aonair is fearr atá in ann cinneadh a dhéanamh conas is fearr an maoiniú seo a úsáid chun freastal ar a gcuid riachtanas ar leith.
I measc na n-oibreacha is féidir a dhéanamh faoin Scéim Deontais do Mhionoibreacha tá cothabháil agus feabhsúcháin ar mhionscála ar fhoirgnimh agus ar thailte scoile, feabhsú nó athsholáthar seirbhísí meicniúla agus leictreacha, troscán caighdeánach agus trealamh oideachais a cheannach, clúdaigh urláir agus dallóga fuinneoige a cheannach, trealamh a bhaineann le TF a cheannach, feabhsúcháin aerála, agus feabhsuithe ar thimpeallachtaí foghlama lasmuigh.
Idir 2020 agus 2024 leithdháileadh os cionn €274 milliún i nDeontais do Mhionoibreacha agus i nDeontais Feabhsaithe do Mhionoibreacha ar scoileanna. Áirítear leis seo íocaíocht Deontais Mionoibreacha arb ionann í agus beagnach €30 milliún san iomlán a íocadh i mí Aibreáin 2024 le bunscoileanna agus scoileanna speisialta don scoilbhliain reatha 2024/2025.