Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Coinbhinsiún Náisiúnta ar an Oideachas fógartha ag an Aire Helen McEntee

Beidh an Coinbhinsiún ar an Oideachais ar an gcomhrá is mó riamh ar an oideachas ó bunaíodh an Stát

Anne Looney ceaptha mar Chathaoirleach ar an gCoinbhinsiún

D'fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, inniu go mbunóidh sí Coinbhinsiún Náisiúnta ar an Oideachas, a thabharfaidh le chéile na páirtithe leasmhara go léir san oideachas.

Le bunú an Choinbhinsiúin, tá príomhghealltanas i gClár an Rialtais á chomhlíonadh agus cuirfidh sé deis annamh ar fáil do leanaí, do dhaoine óga, do thuismitheoirí, d'oideoirí agus don tsochaí i gcoitinne chun cabhrú le córas oideachais na hÉireann a mhúnlú go ceann blianta fada.

Díreoidh an Coinbhinsiún go príomha ar oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile ach cuimseoidh sé na haistrithe a dhéanann leanaí ón oideachas luath-óige go dtí an bunoideachas agus ón iar-bhunoideachas go dtí an breisoideachas agus an t-ardoideachas. Cuirfidh a chuid oibre bonn eolais faoi straitéis nua fhadtéarmach don oideachas in Éirinn. Ina theannta sin, éascóidh rannpháirtíocht na bpáirtithe éagsúla plé ar eispéiris na bhfoghlaimeoirí, lena n-áirítear an taithí ar oideachas sa luath-óige agus san oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile.

Ceadóidh an rialtas clár oibre an Choinbhinsiúin an bhliain seo chugainn tar éis comhrá agus comhairliúchán náisiúnta ina mbeidh an pobal, oideachas na luath-óige agus pobail scoile agus páirtithe leasmhara eile (e.g. leanaí agus an óige; soláthraithe fhoghlaim agus cúram na luath-óige, pobal; earnáil an ghnó agus na tionsclaíochta). Cuimseoidh an comhrá seo rannpháirtíocht chuimsitheach leis an bpobal ar leibhéal phobal na scoile agus ar leibhéal réigiúnach agus cuirfidh sé le clár oibre an choinbhinsiúin.

Tá sé tugtha le fios ag an Aire go bhfuil sé mar sprioc aici córas oideachais den chéad scoth a sholáthar, ar córas é a sháraíonn constaicí agus a chinntíonn gur féidir le gach leanbh barr a c(h)umais a bhaint amach agus cuid lárnach d’fhíorú na sprice sin is ea bunú an Choinbhinsiúin.

Dúirt an tAire McEntee:

"Ba é ár gcóras oideachais a spreag rath sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann, rud a chuir ar chumas ár bhfoghlaimeoirí dul ar aghaidh chun an tsochaí agus an geilleagar bríomhar, nuálach, daonlathach atá againn inniu a mhúnlú. Más mian linn a bheith rathúil go fóill i dtimpeallacht atá ag athrú, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí ár gcóras oideachais a oiriúnú ionas gur féidir le gach duine barr a c(h)umais a bhaint amach.

"Bhí an Coinbhinsiún Náisiúnta Oideachais deireanach ann in 1993 agus mar thoradh air sin rinneadh roinnt athchóirithe agus forbairtí suntasacha. De bhrí go bhfuil dúshláin agus deiseanna nua amach romhainn i saol an lae inniu, tá sé ríthábhachtach go gcloistear an oiread guthanna agus is féidir agus go mbeadh deis ag na guthanna sin cabhrú chun córas oideachais den chéad scoth a mhúnlú, ar córas é a sháraíonn constaicí agus a thacaíonn le gach leanbh agus duine óg chun a bheith rathúil.

"Tá rath acadúil suntasach bainte amach againn, go háirithe maidir leis an léitheoireacht, áit a bhfuilimid rangaithe mar an dream is fearr ar domhan. Is mian liom a chinntiú gur féidir linn córas oideachais den scoth a sholáthar, ar córas é a sháraíonn constaicí agus a chinntíonn gur féidir le gach leanbh barr a c(h)umais a bhaint amach. Chun an fhís sin a chur i gcrích, tá tábhacht ar leith ag baint le tacaíocht a thabhairt do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, dul i ngleic le míbhuntáiste oideachais, leibhéil arda neamhláithreachta do-ghlactha a laghdú, tacú lenár múinteoirí agus lenár bpobail scoile, agus ár gcuraclam a athchóiriú.

"Sin an fáth a bhfuilim diongbháilte go mbeidh deis ag daoine a dtuairimí a léiriú, ar a mbealach féin, mar chuid den chomhrá is suntasaí ar an oideachas ó bunaíodh an Stát. Táimid bródúil as ár gcóras oideachais. Is féidir linn barr feabhais a fheiceáil sa chaoi a n-éiríonn lenár scoláirí i rangú idirnáisiúnta. In PISA, is iad scoláirí na hÉireann atá ag barr an liosta sa léitheoireacht agus tá siad i bhfad níos airde ná meán an ECFE sa mhatamaitic agus san eolaíocht. Is fianaise é sin ar chaighdeán ár múinteoirí. Mar sin féin, ní féidir linn brath ar an rath a bhí orainn roimhe seo agus an domhan ag athrú go tapa. Ní mór dúinn na scileanna agus na hinniúlachtaí riachtanacha a thabhairt do leanaí chun go n-éireoidh leo agus go mbeidh rath orthu.

"Sin é an fáth a bhfuil an-áthas orm a fhógairt go gcuirfear tús leis an gCoinbhinsiún seo ar an Oideachas níos déanaí i mbliana. Próiseas fíor-chuimsitheach a bheidh ann ina rachfar i mbun plé le leanaí, daoine óga agus a dtuismitheoirí, pobail scoile, páirtithe leasmhara oideachais, chomh maith le páirtithe leasmhara eile laistigh agus lasmuigh den chóras oideachais. Beidh luach ard ag baint leis na tuairimí go léir a bhaileofar chun cabhrú le bonn eolais a chur faoi bheartas oideachais agus é a mhúnlú anois agus amach anseo.

"Tá áthas orm a fhógairt freisin go mbeidh an tOllamh Anne Looney ina Cathaoirleach neamhspleách ar an gCoinbhinsiún. Tá a tiomantas léirithe ag Anne don oideachas agus í ag obair i róil éagsúla ar fud an chórais oideachais, róil a chuimsíonn na luathbhlianta, an breisoideachas agus an t-ardoideachas. Tá sé de phribhléid againn gairmí a bhfuil an oiread sin taithí aici a bheith againn chun an Coinbhinsiún seo a threorú."

Dúirt an tOllamh Anne Looney:

"Tá an-áthas orm glacadh leis an bpost mar Chathaoirleach an Choinbhinsiúin agus táim ag tnúth leis an deis oibriú le daoine eile, chun an treo agus an fhís don oideachas in Éirinn a leagan amach don todhchaí agus clár oibre uaillmhianach a fhorbairt a chinntíonn go dtabharfaimid na deiseanna is fearr dár bhfoghlaimeoirí agus dóibh siúd a oibríonn leo chun a bheith rathúil agus barr a gcumais a bhaint amach."

Nótaí d’Eagarthóirí

Struchtúr agus na chéad chéimeanna eile

Beidh Cathaoirleach neamhspleách ar an gCoinbhinsiún ar an Oideachas, a gheobhaidh tacaíocht ó cheathrar Leas-Chathaoirleach a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann:

  • Leanaí agus daoine óga
  • Tuismitheoirí agus caomhnóirí
  • Foireann scoile agus oideoirí agus cleachtóirí luathbhlianta
  • Páirtithe leasmhara san oideachas agus in earnálacha taobh amuigh de (lena n-áirítear grúpaí abhcóideachta, lucht gnó agus na healaíona)

Bunófar grúpa Idir-Rannach (a chuimseoidh an Roinn Oideachais agus Óige, an Roinn Leanaí, Comhionannais agus Míchumais, agus an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta) agus beidh an grúpa sin faoi chathaoirleacht na Roinne Oideachais agus Óige.

Tá cruinniú tosaigh den Choinbhinsiún beartaithe sa bhliain acadúil seo chugainn, agus déanfar seisiúin eile a reáchtáil le linn 2026 agus beidh tuarascáil deiridh le cur faoi bhráid an Aire.

Ceadóidh an rialtas clár oibre an Choinbhinsiúin, ar clár oibre é a bheidh faoi threoir ag comhrá agus comhairliúchán náisiúnta a chuimsíonn an pobal, oideachas na luath-óige agus pobail scoile agus páirtithe leasmhara eile (e.g. leanaí agus an óige; soláthraithe fhoghlaim agus cúram na luath-óige, pobal; earnáil an ghnó agus na tionsclaíochta).

Cuirfidh cinntí an Choinbhinsiúin, bunaithe ar an gcomhrá náisiúnta agus ar na seisiúin iomlánacha araon, go príomha le straitéis oideachais na Roinne Oideachais agus Óige ina leagfar amach fís chomhroinnte do thodhchaí an oideachais a chuirfear i bhfeidhm ansin sna blianta ina dhiaidh sin.

Beathaisnéis Anne Looney

Is í an tOllamh Anne Looney Déan Feidhmiúcháin Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Is as Baile Átha Cliath í agus d'oibrigh sí mar mhúinteoir iar-bhunscoile ar feadh ceithre bliana déag sula ndeachaigh sí leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta in 1997, áit a ndearnadh Príomhfheidhmeannach di in 2001, post a bhí aici go dtí 2016. Bhí post aici mar Phríomhfheidhmeannach Eatramhach ag an Údarás um Ard-Oideachas sular thosaigh sí ag obair in OCBÁC in 2017. Beidh an tOllamh Looney ag éirí as a ról mar Dhéan Feidhmiúcháin ag deireadh mhí Mheán Fómhair.

Chuir sí a cuid staidéir dochtúireachta san oideachas i gcrích ag an Institiúid Oideachais i Londain. I measc na réimsí taighde a bhfuil spéis aici iontu tá beartas agus cleachtas measúnaithe, curaclam, féiniúlacht múinteoirí agus caighdeáin ghairmiúla do mhúinteoirí agus don teagasc. D'fhoilsigh sí ábhar freisin a bhaineann le hoideachas reiligiúnach, morálta agus sibhialta, agus le beartas oideachais. Bhí sí ina ball foirne d'athbhreithnithe do ECFE maidir le cáilíocht, curaclam agus córais mheasúnaithe scoile, agus feidhmíonn sí mar shaineolaí teicniúil don Choimisiún Eorpach ar thionscadail in oideachas tosaigh múinteoirí. Tá sí ina huachtarán reatha ar an gCumann Forbartha Gairmiúla Idirnáisiúnta.

Sa bhliain 2001 ba í an chéad bhean í a ainmníodh ar choiste bainistíochta CLG agus bhí sí sa ról sin go dtí 2024.