English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Helen McEntee bearta nua chun dul i ngleic le neamhláithreacht scoile

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 19 Bealtaine 2025
  • An t-eolas is déanaí: 19 Bealtaine 2025

D'fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, sraith chuimsitheach de ghníomhartha spriocdhírithe agus uilíocha inniu chun feabhas a chur ar thinreamh scoile.

I measc na bpríomhthionscnamh atá á dtabhairt isteach tá:

  • "Anseo" – creat nua atá bunaithe ar fhianaise chun cabhrú le scoileanna anailís a dhéanamh ar shonraí tinrimh agus freagairt dóibh, le cur i bhfeidhm i 60 scoil i ndiaidh clár píolótach a chur i gcrích go rathúil.
  • Feachtas náisiúnta ilmheán, a bheidh á sheoladh i mí Mheán Fómhair 2025, chun an tábhacht a bhaineann le tinreamh rialta scoile a chur chun cinn i measc scoláirí, tuismitheoirí agus caomhnóirí
  • Infheistíocht leanúnach sa tSeirbhís Leasa Oideachais, lena n-áirítear acmhainn na n-oifigeach leasa oideachais (EWO) a leathnú
  • Cur chun cinn na mbuntáistí do leanaí agus do dhaoine óga a bhaineann le bheith i láthair ar scoil ar gach lá scoile. Comhdháil Náisiúnta Tinrimh go luath in 2026 chun dea-chleachtais a roinnt agus rannpháirtíocht an chórais uile a chur chun cinn
  • Tionscadal scóipe chun sonraí tinrimh fíor-ama a sholáthar ar mhaithe le cinnteoireacht agus idirghabháil níos fearr
  • Infheistíocht leanúnach sa Chlár Críochnaithe Scolaíochta agus pleanáil níos fearr idir an Clár Críochnaithe Scolaíochta agus an réimse tacaíochtaí atá ar fáil tríd an earnáil oideachais neamhfhoirmiúil don aos óg ionas go ndéanfar réimse riachtanas na ndaoine óga le linn laethanta scoile, laethanta saoire scoile agus deireadh seachtaine a phleanáil agus a shásamh ar an mbealach is fearr.
  • Obair ar fud an rialtais chun tinreamh a leabú mar thosaíocht ón luath-óige ar aghaidh.

Tá sé i gceist ag an Aire McEntee athbhreithniú a dhéanamh freisin ar an Acht Oideachais (Leas), 2000 chun tacaíochtaí reachtúla do leanaí óga a neartú, lena n-áirítear leanaí faoi bhun 6 bliana d'aois atá ag freastal ar bhunscoil a thabhairt isteach faoina raon feidhme chun idirghabháil níos luaithe a chinntiú, agus foilseoidh sí plean náisiúnta nua maidir le míbhuntáiste oideachais go luath, a bheidh ailínithe leis na bearta sin.

Dúirt an tAire McEntee:

"Beidh dul i ngleic le neamhláithreachtaí scoile mar chuid lárnach de mo phlean lena chinntiú gur féidir le gach leanbh a lánacmhainneacht a bhaint amach. Tá tinreamh rialta ar scoil riachtanach, ní hamháin ar mhaithe le gnóthachtáil acadúil, ach le haghaidh folláine, forbairt shóisialta agus torthaí saoil fadtéarmacha. Ar an drochuair, is í an fhírinne lom ná go bhfuil laghdú ar thinreamh rialta feicthe againn le blianta beaga anuas, agus méadú ar líon na leanaí agus na ndaoine óga a chailleann líon laethanta scoile ar díol mór imní é. Mar a dúirt mé i mo chéad óráid Dála mar Aire Oideachais, táim meáite ar dhul i ngleic leis an gceist seo.

"I scoilbhliain 2022/2023, chaill os cionn 110,000 dalta bunscoile agus 65,000 scoláire iar-bhunscoile 20 lá scoile nó níos mó. Tá sé seo thar a bheith scanrúil agus is gá gníomhú ina leith. Sin é an fáth a bhfuilim ag fógairt sraith chuimsitheach beart chun tinreamh scoile a fheabhsú inniu.

"Tá tinreamh scoile nasctha le gnóthachtáil agus le críochnú scolaíochta. Cé go bhfuil cleachtas den scoth i scoileanna chun tacú le leanaí agus daoine óga freastal orthu, ní mór dúinn éisteacht leis na sonraí ó Tusla agus iarracht i bhfad níos mó a dhéanamh.

"Leis an tsraith beart seo, táim ag déanamh gníomh cinntitheach chun dul i ngleic leis an gceist thromchúiseach a bhaineann le neamhláithreacht scoile. Tá na bearta seo fréamhaithe san fhianaise agus sa chomhoibriú agus ceapadh iad lena chinntiú go dtacaítear le gach leanbh chun freastal ar scoil, a bheith rannpháirteach sa scoil agus a bheith rathúil inti, chun feabhas a chur ar a ndeiseanna ar feadh an tsaoil."


Nótaí d'Eagarthóirí

Tá Seirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla (TESS) faoi shainchúram na Roinne Oideachais agus Óige ón 1 Eanáir 2021.

Feidhmíonn TESS faoin Acht Oideachais (Leas), 2000, píosa reachtaíochta ina leagtar béim ar chur ar thinreamh, rannpháirtíocht agus coinneáil scoile a chur chun cinn. Tá trí shnáithe ag TESS: an tSeirbhís reachtúil Leasa Oideachais (EWS) agus an dá sheirbhís tacaíochta scoile, an Scéim Theagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (HSCL) agus an Clár Críochnaithe Scolaíochta (SCP). Oibríonn trí shnáithe TESS le chéile i gcomhar le scoileanna, tuismitheoirí agus caomhnóirí agus le seirbhísí ábhartha eile chun na torthaí oideachais is fearr a bhaint amach do leanaí agus do dhaoine óga.


Tuarascáil Bhliantúil ar Thinreamh (AAR) agus Tuarascáil ar Neamhláithreacht Scoláirí (SAR) Tusla do scoilbhliain 2022/23

Léiríonn sonraí a d'fhoilsigh Tusla ina Thuarascáil Bhliantúil ar Thinreamh (AAR) gur díol imní iad na leibhéil neamhláithreachta scoláirí i scoilbhliain 2022/23:

  • 6.86 milliún lá caillte i mbunscoileanna (8.6% de na laethanta iomlána)
  • 5.56 milliún lá caillte in iar-bhunscoileanna (11.4%)
  • Chaill os cionn 110,000 dalta bunscoile agus 65,000 scoláire iar-bhunscoile 20 lá nó níos mó
  • Thaifead scoileanna DEIS agus suíomhanna oideachais speisialta rátaí neamhláithreachta an-ard.

Ról SCP agus HSCL

Is cuid lárnach de DEIS é an Clár Críochnaithe Scolaíochta (SCP). Is clár spriocdhírithe tacaíochta é SCP do leanaí bunscoile agus iar-bhunscoile agus do dhaoine óga a aithníodh mar dhaoine a d'fhéadfadh a bheith i mbaol ó luathfhágáil scoile. Tá sé mar aidhm ag SCP duine óg a choinneáil nó go mbeidh an Ardteistiméireacht, cáilíocht choibhéiseach, nó leibhéal oiriúnach gnóthachtála oideachais bainte amach aige/aici agus chuige sin réimse d’idirghabhálacha áitiúla a sholáthar i bpobail faoi mhíbhuntáiste a thacaíonn le coinneáil daoine óga san oideachas.

Tá an Scéim Theagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (HSCL) ar cheann de na príomhthacaíochtaí i gclár DEIS agus cuireann TESS ar fáil í thar ceann na Roinne. Féachann sé le comhpháirtíocht a chur chun cinn idir tuismitheoirí, múinteoirí agus seirbhísí tacaíochta teaghlaigh pobail, d'fhonn tacú le tinreamh, rannpháirtíocht agus coinneáil níos fearr. Is é sprioc uileghabhálach chomhordaitheoir HSCL torthaí oideachais do leanaí a fheabhsú trína gcuid oibre leis na príomhdhaoine fásta i saol an linbh.


Scálú an chórais Anseo

Tacóidh foireann bheag laistigh de TESS le Anseo a mhéadú go 60 scoil go náisiúnta. Déanfar an chéim seo den chlár píolótach a thairiscint do scoileanna uirbeacha, tuaithe, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna. Tabharfar cuireadh do scoileanna léiriú spéise a dhéanamh. Déanfar an roghnú chun go mbeidh sampla ionadaíoch ann maidir le tíreolaíocht, cineál scoile agus déimeagrafaigh. Rachfar i dteagmháil le scoileanna a léiríonn spéis lena chinntiú go gcuirfear san áireamh iad in aon chéim a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

Forbraíodh seimineár gréasáin nua atá dírithe ar chur i bhfeidhm Anseo, cur chuige an Chórais Tacaíochtaí Ilghnéitheacha illeibhéil (MD-MTSS) chun dul i ngleic le Fadhbanna Tinrimh Scoile agus beidh sé ar fáil do gach scoil in 2025.