Fógraíonn an tAire Helen McEntee go bhfuil Leas-Chathaoirligh agus Rúnaíocht ceaptha aici don Choinbhinsiún Náisiúnta ar an Oideachas
- Foilsithe: 13 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 14 Samhain 2025
Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais agus Óige Helen McEntee go bhfuil Leas-Chathaoirligh agus Rúnaíocht ceaptha aici don Choinbhinsiún Náisiúnta ar an Oideachas.
Dúirt an tAire McEntee:
"I mí Iúil d'fhógair mé go mbunófaí Coinbhinsiún Náisiúnta ar an Oideachas a mbeidh an tOllamh Anne Looney ina cathaoirleach air.
"Tá áthas orm inniu ainmneacha na ndaoine a bheidh ag tacú le Anne a fhógairt mar Leas-Chathaoirligh ar na ceithre ghrúpa a bheidh sa Choinbhinsiún."
- Is iad Leas-Chathaoirligh an ghrúpa Leanaí agus Daoine Óga ná Aideen Howard, Stiúrthóir Ionad Cultúrtha Leanaí na hÁirce agus Shari Irfan, mac léinn Dlí agus Staire in OCBÁC agus iar-Uachtarán ISSU;
- Is é Paul Gilligan, Síceolaí Cliniciúil agus Príomhfheidhmeannach Sheirbhísí Meabhairshláinte Naomh Pádraig agus iar-Phríomhfheidhmeannach ISPCC atá mar Leas-Chathaoirleach ar Ghrúpa na dTuismitheoirí agus na gCaomhnóirí;
- Is í Kathy Hall, Ollamh Emeritus le hOideachas i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, atá mar Leas-Chathaoirleach ar Ghrúpa na bhFoirne Scoile agus na nOideoirí Luath-Óige; agus
- Is é Ken Muir, Ollamh Oinigh in Ollscoil Iarthar na hAlban agus iar-Phríomhchigire Oideachais na hAlban, atá mar Leas-Chathaoirleach ar ghrúpa na bPáirtithe Leasmhara Oideachais.
“Tugann Aideen, Shari, Paul, Kathy agus Ken saibhreas agus éagsúlacht taithí agus saineolais chuig a róil mar Leas-Chathaoirligh ar an gCoinbhinsiún agus tá an-áthas orm gur ghlac siad leis an ról tábhachtach seo sa deis aon uaire seo a bheidh ag leanaí, daoine óga, tuismitheoirí, oideoirí agus an tsochaí i gcoitinne cabhrú chun córas oideachais na hÉireann a mhúnlú ar feadh blianta amach anseo.
"Tá áthas orm freisin a fhógairt go dtacóidh Rúnaíocht leis an bpróiseas lena n-áirítear:
- An tOllamh Majella Dempsey, Ollamh Comhlach agus Ceannasaí Roinn an Oideachais in Ollscoil Mhá Nuad;
- An Dr Niall Seery, Cathaoirleach an Oideachais Teicneolaíochta in Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne;
- An tOllamh Jim Spillane, Ollamh le Foghlaim agus Athrú Eagraíochtúil ag Scoil an Oideachais agus an Bheartais Shóisialta in Northwestern University, Illinois;
- Catherine Byrne, a bhfuil taithí aici mar éascaitheoir, idirbheartaí agus idirghabhálaí san ionad oibre agus iar-leas-ardrúnaí ar Chumann Múinteoiri Éireann (INTO);
- An tOllamh Jane Suiter, Ollamh i Scoil na Cumarsáide agus Stiúrthóir ar an Institiúid um na Meáin, an Daonlathas agus an tSochaí sa Todhchaí in OCBÁC;
- An Dr Hannagh McGinley, Ollamh Cúnta san Oideachas i gColáiste Mhuire gan Smál, Durlas;
- An Dr Johanna Fitzgerald, Comhordaitheoir Náisiúnta um Oideachas Speisialta agus Taighde Cuimsithe ag ETBI Ireland, ar iasacht óna ról roimhe seo mar Cheannasaí ar an Roinn Síceolaíochta Oideachais, an Oideachais Chuimsithigh agus Speisialta i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach; agus
- An tOllamh Laura Lundy, Ollamh Emerita le Cearta Leanaí in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus Ollamh le Dlí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
“Tá sé mar uaillmhian agam córas oideachais den chéad scoth a sholáthar, ar córas é a sháraíonn constaicí agus a chinntíonn gur féidir le gach leanbh barr a c(h)umais a bhaint amach agus cuid lárnach de sholáthar na sprice sin is ea bunú an Choinbhinsiúin.
"Tá an-áthas orm go mbeidh foireann ag an gCoinbhinsiún a bhfuil sraith scileanna, saineolais agus taithí atá an-éagsúil aici ag tacú leis an obair thábhachtach a bheidh ar siúl aige."
Dúirt Cathaoirleach an Choinbhinsiúin ar an Oideachas, an tOllamh Anne Looney:
“Tionóladh an Coinbhinsiún deireanach níos mó ná 30 bliain ó shin; tá athrú mór tagtha ar Éirinn agus ar ár gcóras oideachais le 30 bliain anuas. Tá rud amháin faoi chóras oideachais na hÉireann nach bhfuil athraithe; is é sin go ionchais arda againn ina leith i gcónaí. Tá na hionchais arda seo freisin ag an bhfoireann a thacóidh le hobair an choinbhinsiúin mar leas-chathaoirligh agus mar bhaill den rúnaíocht. Tá súil agam go mbeidh na hionchais sin á léiriú i bplé an choinbhinsiúin, agus san aiseolas ón gComhrá Náisiúnta a chuirfidh bonn eolais faoinár gclár oibre."
Nótaí d’Eagarthóirí:
An Coinbhinsiún ar an Oideachas
Díreoidh an Coinbhinsiún go príomha ar oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile ach cuimseoidh sé na haistrithe a dhéanann leanaí ón oideachas luath-óige go dtí an bunoideachas agus ón iar-bhunoideachas go dtí an breisoideachas agus an t-ardoideachas. Beidh a chuid oibre mar bhonn eolais do straitéis nua fhadtéarmach don oideachas in Éirinn. Ina theannta sin, éascóidh na rannpháirtíochtaí éagsúla plé ar eispéiris na bhfoghlaimeoirí, lena n-áirítear an taithí ar oideachas sa luath-óige agus san oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile.
Ceadóidh an Rialtas clár oibre an Choinbhinsiúin an bhliain seo chugainn tar éis comhrá náisiúnta ina mbeidh an pobal, oideachas na luath-óige, pobail scoile agus páirtithe leasmhara eile (mar shampla, leanaí agus an óige; soláthraithe fhoghlaim agus cúram na luath-óige, pobal; earnáil an ghnó agus na tionsclaíochta) páirteach. Cuimseoidh an comhrá seo rannpháirtíocht chuimsitheach leis an bpobal ar leibhéal phobal na scoile agus ar leibhéal réigiúnach agus cuirfidh sé le clár oibre an choinbhinsiúin.
Beathaisnéisí na Leas-Chathaoirleach
Aideen Howard, Leas-Chathaoirleach an ghrúpa Leanaí agus Daoine Óga
Tá Aideen Howard ina Stiúrthóir ar Ionad Cultúrtha Leanaí na hÁirce. D'oibrigh sí san amharclannaíocht agus sna healaíona mar stiúrthóir ealaíne, léiritheoir, comhairleoir amharclainne agus coimisinéir saothair nua. Nascann a ceannaireacht ar an Áirc abhcóideacht agus déanamh ealaíne, lena n-áirítear cleachtas rannpháirtíochta bunaithe ar chearta a bhunú agus bunú na féile um chearta leanaí Right Here Right Now. Is mac léinn PhD í Aideen in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus í i mbun taighde ar chomhoibriú leanaí agus daoine fásta sa taibhiú. Bhí sí ina ball den Fheachtas Náisiúnta do na hEalaíona, den Chomhairle Chomhairleach Náisiúnta do Leanaí, den Sainghrúpa Comhairleach don Óige Ildánach agus de Thascfhórsa an Taoisigh do Chathair Bhaile Átha Cliath. Roimh The Áirc, bhí Aideen ina Stiúrthóir Liteartha ar Amharclann na Mainistreach agus ina heagarthóir ar Irish Shorts: Drámaí Nua ó Amhaclann na Mainistreach. Bhí sí ina Stiúrthóir Ealaíne bunaidh ar Ionad Ealaíon ildisciplíneach Mermaid agus d'oibrigh sí mar chomhairleoir liteartha do thionscadail na Comhairle Ealaíon. In 2014 bhí sí i mbun coimeádaíochta ar chlár filíochta na féile The Mountains to Sea. Tá BA sa Bhéarla agus sa Ghearmáinis ag Aideen ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus MA sa Drámaíocht ó COBÁC. Bhain sí Teastas i gCearta Leanaí amach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste in 2018 agus Teastas Gairmiúil i Rialachas ag an bhForas Riaracháin in 2019.
Shari Irfan, Leas-Chathaoirleach an ghrúpa Leanaí agus Daoine Óga
Is mac léinn Dlí agus Staire é Shari Irfan in OCBÁC. Tá taithí fhairsing aige ag obair laistigh de struchtúir bheartais náisiúnta na Roinne Oideachais agus Óige, tar éis dó a bheith ar Chomhairle na gComhaltaí do CNCM. Chomh maith leis sin, bhí Shari ar ghrúpaí oibre éagsúla de chuid na roinne, lena n-áirítear an Sainghrúpa um Rannpháirtíocht Scoláirí, an Grúpa Forfheidhmithe um Athbhreithniú ar Sholáthar Oideachais Lasmuigh den Scoil, agus an Grúpa Oibre chun Athbhreithniú a dhéanamh ar Nósanna Imeachta Frithbhulaíochta 2013 faoi Cineáltas. Chuidigh sé leis an mBord Soláthair Cláir agus leis an bhFóram Comhpháirtithe um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí, ag obair ar athchóiriú curaclaim, cuimsiú agus comhionannas rochtana. Ag an leibhéal Eorpach, rinne Shari ionadaíocht thar ceann na hÉireann trí Bhiúró Eagraithe Aontas na Scoláirí Scoile Eorpacha (OBESSU) agus bhí sé páirteach i dtionscadal Ionstraim Tacaíochta Teicniúla an AE (TSI). Mar iar-Uachtarán ar Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann (ADIÉ), rinne sé ionadaíocht ar ghuth os cionn 300,000 scoláire.
Paul Gilligan, Leas-Chathaoirleach Ghrúpa na dTuismitheoirí agus na gCaomhnóirí
Tá Paul Gilligan, BA, MA, DipClin Psych, RegPsychol, FPsSI ina Shíceolaí Cliniciúil agus ina Phríomhfheidhmeannach ar Sheirbhísí Meabhairshláinte Naomh Pádraig (SPMHS). Is Ollamh Comhlach Taca é i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Is iar-Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Chomhairleach Náisiúnta na Leanaí, iar-Uachtarán ar Chumann Síceolaíochta na hÉireann, iar-Chathaoirleach ar an gComhghuaillíocht um Chearta Leanaí agus iar-Chathaoirleach ar Luath-Óige Éireann é Paul. Bhí sé ina bhall den Ghrúpa Monatóireachta Neamhspleách um Fhís don Athrú a bhunaigh an rialtas agus de Ghrúpa Forfheidhmithe Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána. Sula ndeachaigh sé i mbun a phoist reatha le SPMHS, bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Chumann na hÉireann um Chosaint Leanaí. Tá dhá leabhar tuismitheoireachta scríofa ag Paul, Keeping Your Child Safe (2008) agus Raising Emotionally Healthy Children (2015). Is abhcóide um chearta leanaí é a bhfuil cáil idirnáisiúnta air agus is Comhalta de Chumann Síceolaíochta na hÉireann é.
Kathy Hall, Leas-Chathaoirleach Ghrúpa na bhFoirne Scoile agus na nOideoirí Luath-Óige
Is Ollamh Emeritus le hOideachas í Kathy Hall i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Bhí róil éagsúla aici san oideachas lena n-áirítear múinteoir, príomhoide, léachtóir agus ollamh. Tá sí tar éis taighde a dhéanamh agus ábhar a fhoilsiú ar mhórán gnéithe den oideachas agus chuidigh sí le tionscnaimh beartais náisiúnta in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. I measc samplaí de thaighde den sórt sin tá forbairt ghairmiúil tosaigh agus leanúnach múinteoirí agus cleachtóirí faoi oiliúint don ghairm agus laistigh den ghairm (Comhairle Mhúinteoireachta na hÉireann) agus oideachas múinteoirí don chuimsiú (An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta). Tá smaointe soch-chultúrtha, amhail cuimsiú, féiniúlacht agus cumas gníomhaithe tar éis a cleachtas acadúil agus gairmiúil féin a mhúnlú mar mhúinteoir, meantóir agus ceannaire.
Ken Muir, Leas-Chathaoirleach ghrúpa na bPáirtithe Leasmhara Oideachais
Is Ollamh Oinigh é Kenneth Muir in Ollscoil Iarthar na hAlban. Chuaigh sé ar scor i mí an Mhárta 2021 óna phost mar Phríomhfheidhmeannach agus Cláraitheoir ar Chomhairle Ghinearálta Múinteoireachta na hAlban. Roimhe sin, bhí sé ina Phríomhchigire Oideachais ag déanamh meastóireachta ar cháilíocht an tsoláthair in earnálacha na luathbhlianta, na bunscoile, na hiar-bhunscoile agus an bhreisoideachais. I mí Lúnasa 2021, coimisiúnaíodh é mar Chomhairleoir neamhspleách do Rialtas na hAlban chun a thuarascáil, Putting Learners at the Centre: Towards a Future Vision for Scottish Education, a foilsíodh i mí Feabhra 2022 a sholáthar. Tá spéis ar leith aige i gcóras oideachais na Fionlainne áit ar oibrigh sé le hOllscoil Heilsincí agus le Gníomhaireacht Náisiúnta Oideachais na Fionlainne. Tá Kenneth ina Leas-Chathaoirleach ar Chumann Geografach Ríoga na hAlban agus ina Iontaobhaí ar Pharlaimint na Leanaí. Le trí bliana anuas bhí baint aige le hathbhreithniú a dhéanamh ar chláir oideachais múinteoirí in Éirinn faoi choimirce na Comhairle Múinteoireachta.
Beathaisnéisí na Rúnaíochta
An tOllamh Majella Dempsey
Is Ollamh Comhlach agus Ceannasaí ar Roinn an Oideachais in Ollscoil Mhá Nuad í Majella Dempsey, áit a bhfuil sí ag léachtóireacht agus ag déanamh taighde ar Staidéar Curaclaim, Ceannaireacht agus Measúnú. Tá a cuid oibre dírithe ar oideolaíocht, daonlathas agus forbairt curaclaim. Tá sí ina Tionólaí Naisc do Líonra Curaclaim EERA, tá sí i gceannas ar Staidéar Curaclaim ESAI SIG, agus tá sí ina ball den Líonra Idirnáisiúnta um Staidéar Curaclaim. Bhí Majella ina cathaoirleach ar ghrúpaí curaclaim náisiúnta agus chuidigh sí le tionscadail atá á maoiniú ag an AE lena n-áirítear Erasmus+ agus FP7.
An Dr Niall Seery
Faoi láthair, tá an Dr Niall Seery ina Chathaoirleach ar an Oideachas Teicneolaíochta in Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne. Roimhe seo, bhí sé ina Leas-Uachtarán ar Ghnóthaí Acadúla agus ina Chláraitheoir ag AIT, sular ceapadh é mar chomh-stiúrthóir ar an Tionscadal Ollscoile Teicneolaíochta, a raibh TUS mar thoradh air. Is acadóir é Niall a bhfuil taithí aige agus tá tionchar léirithe aige in Oideachas Múinteoirí Teicneolaíochta. Tá spéis ar leith aige in oideachas dearaidh agus teicneolaíochta agus sa chleachtas oideolaíoch atá gaolmhar leis. Bhí sé mar stiúrthóir staidéar ag leibhéal fochéime agus iarchéime d'Oideachas Tosaigh Múinteoirí Teicneolaíochta, agus d'fhorbair sé clár oibre taighde gaolmhar freisin. Bhunaigh sé an Grúpa Taighde Oideachais Teicneolaíochta (TERG), áit a bhfuil sé fós gníomhach i bhforbairt taighde, maoirseacht, scaipeadh agus meantóireacht,
An tOllamh Jim Spillane
Is é James P. Spillane an tOllamh Spencer T. agus Ann W. Olin i bhFoghlaim agus Athrú Eagraíochtúil ag Scoil an Oideachais agus an Bheartais Shóisialta in Ollscoil Northwestern agus comhlach dáimhe ag Institiúid Taighde Beartais Northwestern. Is iarmhúinteoir bunscoile as Éirinn é Spillane agus tá mórán ábhair foilsithe aige ar shaincheisteanna a bhaineann le beartas oideachais, feidhmiú beartais agus athchóiriú scoileanna. Déantar iniúchadh ina chuid oibre ar an bpróiseas um fheidhmiú beartais, ag díriú ar chaidreamh idir-rialtasach. Déanann sé staidéar freisin ar cheannaireacht eagraíochtúil agus athrú, ag coincheapú na ceannaireachta mar chleachtas dáilte. Tá tacaíocht faighte ag a chuid oibre ón bhFondúireacht Eolaíochta Náisiúnta, Institiúid na nEolaíochtaí Oideachais, Fondúireacht Spencer, Fondúireacht Sherwood agus Corparáid Carnegie i Nua-Eabhrac. Tá roinnt leabhar scríofa aige lena n-áirítear Distributed Leadership (Jossey-Bass, 2006), Distributed Leadership in Practice (Teachers College Press, 2011), Diagnosis and Design for School Improvement (Teachers College Press, 2011), Navigating the Principalship: Key Insights for New and Aspiring School Leaders (ASCD, 2019), agus os cionn 150 alt irise agus caibidil leabhair. Toghadh Spillane chuig Acadamh Náisiúnta Oideachais na Stát Aontaithe in 2013 agus chuig Acadamh Ealaíon agus Eolaíochtaí Mheiriceá in 2020. Bhí sé ina Uachtarán ar an gComhdháil Idirnáisiúnta um Éifeachtacht agus Feabhsú Scoile (ICSEI), 2022–2025.
Catherine Byrne
Is múinteoir a bhfuil taithí aici, ceannaire ceardchumainn, comhairleoir, idirbheartaí agus idirghabhálaí í Catherine Byrne, a bhfuil tiomantas ar feadh an tsaoil aici don oideachas, do chearta an duine, do cheartas sóisialta agus do na healaíona. Bhí sí ina leas-ardrúnaí ar Chumann Múinteoirí Éireann agus d'oibrigh sí sa Bhruiséil do Chónaidhm na gCeardchumann Eorpach. Lean sí ar aghaidh uaidh sin chun a bheith ina Comhairleoir Sinsearach Beartais in Éirinn do The Atlantic Philanthropies, áit a ndearna Chuck Feeney infheistíocht mhór i dtionscadail sláinte, cearta daonna, sóisialta agus oideachais sa tír seo. Rinne sí staidéar i gColáiste Oideachais Dhún Carúin (bunmhúinteoireacht), in Ollscoil Sheffield (Máistreacht san Oideachas), san Fhoras Riaracháin (idirghabháil) agus in Institiúid cáiliúil Lee Strasberg (amharclannaíocht agus scannán) i gCathair Nua-Eabhrac. Bhí Catherine ar bhoird Amharclann na Mainistreach, THE ARK, CNCM, Oxfam Ireland, DICE agus VSO (Seirbhísí Deonacha thar Lear) agus bhí sí ina cathaoirleach ar eagraíochtaí a dhéileálann leis na healaíona, bunmhúinteoireacht sa Chambóid (SBBI), oideachas forbartha agus cultúrtha chomh maith le bord bainistíochta Scoil Rutland. Is Comhlach í i gColáiste Ealaíne na Boirne.
An tOllamh Jane Suiter
Is Ollamh í Jane Suiter i Scoil na Cumarsáide, agus dírítear ina cuid taighde ar an timpeallacht faisnéise sa réimse poiblí agus go háirithe ar phlé a mhéadú agus dul i ngleic le bréagaisnéis. Tá Jane ina stiúrthóir ar Institiúid OCBÁC um na Meáin, an Daonlathas agus an tSochaí sa Todhchaí. Bronnadh Laureate IRC uirthi in 2022 as COMDEL Examining the Potential of Communicative Deliberation for Climate Action. Bhí baint aici le cumais éagsúla taighde agus maoirseachta ar Thionól Saoránach na hÉireann (2012-2022) agus bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí We the Citizens (2011), an chéad turgnamh machnamhach in Éirinn. Tá sí ina ball de líonra FutureDemocracy an ECFE agus ar bhord comhairleach Chónaidhm na Nuálaíochta i nDaonlathas na hEorpa (FIDE) agus tá comhairle tugtha aici freisin in Albain agus in áiteanna eile maidir le tionóil saoránach. Tá fianaise tugtha ag Jane ag an ECFE, i bParlaimint na hEorpa, sna Náisiúin Aontaithe agus ag an UNDP chomh maith leis an Oireachtas. Bronnadh Bonn Brown don Daonlathas uirthi in 2019 agus Gradam an Uachtaráin don Taighde. Bronnadh teideal mór le rá Taighdeoir na Bliana de chuid na Comhairle um Thaighde in Éirinn uirthi in 2020.
An Dr Hannagh McGinley
Is Ollamh Cúnta san Oideachas in MIC Durlas í an Dr Hannagh McGinley. Tá sí ina ball de phobal Mincéir/Pavee na hÉireann (dá ngairtear an Lucht Siúil go coitianta) agus d'fhág sí an scoil go luath. Is é a saineolas taighde ná oideachas don Lucht Siúil, frithchiníochas, agus cur chuige cultúrtha agus idirchultúrtha i leith an oideachais. I measc na ról a bhí aici roimhe seo bhí múinteoir iar-bhunscoile agus cleachtóir forbartha pobail. D'oibrigh an Dr McGinley freisin mar Oifigeach Oideachais sa Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), áit a raibh sí freagrach as moltaí CNCM maidir leCultúr agus Stair an Lucht Siúil sa Churaclam :
An Dr Johanna Fitzgerald
Is oideachasóir múinteoirí agus taighdeoir san oideachas cuimsitheach agus speisialta í an Dr Johanna Fitzgerald le 20 bliain anuas, agus roimhe sin bhí sí ina múinteoir iar-bhunscoile agus ina múinteoir oideachais speisialta. Faoi láthair, tá sí ar iasacht ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann óna ról roimhe seo mar Cheannasaí ar Roinn na Síceolaíochta Oideachais, an Oideachais Chuimsithigh agus an Oideachais Speisialta i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Is éard atá i gceist lena taighde reatha ná straitéis rannpháirtíochta eolais a threorú ar fud earnáil BOO na n-iar-bhunscoileanna, ag díriú ar chur chuige córasach, comhoibríoch, faoi threoir fianaise a fhorbairt maidir le hoideachas cuimsitheach agus speisialta agus forbairt ceannaireachta trí chomhoibriú ilpháirtithe leasmhara. Ina theannta sin, tá sí ina ball den fhoireann taighde ar an staidéar fadaimseartha Teachers' Professional Journeys: The First Decade, á chómhaoiniú ag an gComhairle Mhúinteoireachta agus ag an Roinn Oideachais agus Óige.
An tOllamh Laura Lundy
Tá an tOllamh Laura Lundy, ina hOllamh Emerita le Cearta Leanaí in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus in hOllamh le Dlí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá saineolas aici ar chearta idirnáisiúnta leanaí le béim ar leith ar fheidhmiú Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta an Linbh, ar chearta oideachais agus ar cheart leanaí páirt a ghlacadh i gcinnteoireacht agus bhí sí i gceannas ar an Sainghrúpa ar Rannpháirtíocht Scoláirí sa Roinn Oideachais. D'fhorbair an tOllamh Lundy an tsamhail ar a dtugtar 'Samhail Lundy um Rannpháirtíocht Leanaí', bealach chun ceart linbh chun rannpháirtíochta a choincheapú, mar atá leagtha síos in Airteagal 12 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Tá sí ina Príomh-Chomheagarthóir ar an International Journal of Children's Rights agus ina habhcóide cáilithe sa dlí.
Beathaisnéis Anne Looney, Cathaoirleach an Choinbhinsiúin ar an Oideachas
Is Iar-Dhéan Feidhmiúcháin ar Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath í an tOllamh Anne Looney.
Is as Baile Átha Cliath í agus d'oibrigh sí mar mhúinteoir iar-bhunscoile ar feadh ceithre bliana déag sula ndeachaigh sí leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta in 1997, áit a ndearnadh Príomhfheidhmeannach di in 2001, post a bhí aici go dtí 2016. Bhí post aici mar Phríomhfheidhmeannach Eatramhach ag an Údarás um Ard-Oideachas sular thosaigh sí ag obair in OCBÁC in 2017. Beidh an tOllamh Looney ag éirí as a ról mar Dhéan Feidhmiúcháin ag deireadh mhí Mheán Fómhair.
Chuir sí a cuid staidéir dochtúireachta san oideachas i gcrích ag an Institiúid Oideachais i Londain. I measc na réimsí taighde a bhfuil spéis aici iontu tá beartas agus cleachtas measúnaithe, curaclam, féiniúlacht múinteoirí agus caighdeáin ghairmiúla do mhúinteoirí agus don teagasc. D'fhoilsigh sí ábhar freisin a bhaineann le hoideachas reiligiúnach, morálta agus sibhialta, agus le beartas oideachais. Bhí sí ina ball foirne d'athbhreithnithe do ECFE maidir le cáilíocht, curaclam agus córais mheasúnaithe scoile, agus feidhmíonn sí mar shaineolaí teicniúil don Choimisiún Eorpach ar thionscadail in oideachas tosaigh múinteoirí. Tá sí ina huachtarán reatha ar an gCumann Forbartha Gairmiúla Idirnáisiúnta.
Sa bhliain 2001 ba í an chéad bhean í a ainmníodh ar choiste bainistíochta CLG agus bhí sí sa ról sin go dtí 2024.