English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Helen McEntee fáilte roimh Chlár Píolótach nua um Béilí Samhraidh chun Cuidiú le Dul i nGleic le hOcras i Rith na Laethanta Saoire

Inniu, chuir an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, fáilte roimh thús le clár píolótach nua ina gcuirfear béilí ar fáil do dhaoine óga i rith laethanta saoire scoile an tsamhraidh.

Ag tosú inniu, tá an Clár Píolótach um Béilí Laethanta Saoire an tSamhraidh, 2025, deartha chun tacú le daoine óga nach mbeadh fáil acu ar bhéile te nó scamhardach agus na scoileanna dúnta. Beidh an clár píolótach á reáchtáil i líon roghnaithe seirbhísí óige D’Áit Do Spás de chuid an UBU i mí an Mheithimh, mí Iúil agus mí Lúnasa i mbliana agus tá sé mar chuid de phlean níos leithne an Rialtais chun deireadh a chur le bochtaineacht i measc leanaí.

Tá an clár á fhorbairt ag an Roinn Oideachais agus Óige, atá ag obair go dlúth i gcomhar le hOifig Bochtaineachta i Measc Leanaí agus Folláine i Roinn an Taoisigh.

Dúirt an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee:

“Nuair a dhúnann scoileanna ar feadh an tsamhraidh, ní bhíonn fáil ag roinnt daoine óga ar bhéilí teo go rialta. Leis an gclár píolótach seo, cuideofar lena chinntiú nach dtarlóidh sé seo an samhradh seo. Is é atá i gceist leis an gclár seo ná aire a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga, go háirithe dóibh siúd a bhfuil tacaíocht bhreise de dhíth orthu i rith na laethanta saoire scoile.

"Táim fíorbhuíoch de na seirbhísí óige agus de na baill foirne atá rannpháirteach san obair thábhachtach seo. Lena gcuid tacaíochta, déanfar difear follasach do shaol cuid mhór daoine óga an samhradh seo."

Cuirfear na béilí ar fáil trí D’Áit Do Spás de chuid an UBU, scéim náisiúnta ina dtugtar maoiniú do sheirbhísí óige do dhaoine óga idir 10 mbliana d’aois agus 24 bliain d’aois. Leis na seirbhísí seo, tugtar tacaíocht do dhaoine óga a d’fhéadfadh a bheith leochaileach nó a d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith rompu ina saol.

Thar limistéir 16 bhord oideachais agus oiliúna (BOO), tá 41 seirbhís óige a fhaigheann maoiniú ón UBU tar éis clárú le bheith rannpháirteach sa chlár píolótach. Bainfidh siad triail as bealaí éagsúla chun na béilí a thabhairt do dhaoine óga, an méid seo a leanas san áireamh:

  • Béilí a bheith ullmhaithe agus a sheachadadh
  • Béilí a chócaráil ar an láthair sna hionaid óige

Déanfaidh meastóir neamhspleách, fostaithe ag Boird Oideachais agus Oiliúna na hÉireann (BOOÉ), athbhreithniú ar an gcaoi a bhfeidhmeoidh an clár píolótach ó thús deireadh. Leis seo cuideofar le cinneadh a dhéanamh ar chóir an clár a leathnú sna blianta amach anseo.

Tosóidh an clár píolótach go hoifigiúil inniu, an 3 Meitheamh 2025.

Liosta na ngrúpaí óige atá rannpháirteach sa chlár píolótach
Amharc amharc