Fógraíonn an tAire McEntee agus an tAire Stáit Moynihan bearta nua chun tacú le pleanáil chun cinn do sholáthar oideachais speisialta do scoilbhliain 2026/2027 agus ina dhiaidh sin
- Foilsithe: 30 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 30 Bealtaine 2025
D'fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, agus an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan TD, bearta nua inniu (30 Bealtaine) chun tacú le pleanáil chun cinn do sholáthar oideachais speisialta do scoilbhliain 2026/2027 agus ina dhiaidh sin.
Leagadh amach bearta nua i gciorclán a eisíodh chuig gach scoil an tseachtain seo tar éis dianphlé le páirtithe leasmhara. Ina measc na mbeart sin tá:
- Amlínte táscacha chun ranganna speisialta nua agus soláthar scoile speisialta nua a shainaithint agus a bhunú do scoilbhliain 2026/2027 faoin 31 Nollaig 2025
- Pleanáil chun cinn neartaithe, lena n-áirítear an ceanglas go dtabharfaidís siúd atá ag iarraidh socrúcháin i rang speisialta nó i scoil speisialta do leanbh i mí Mheán Fómhair 2026 fógra do CNOS faoin 1 Deireadh Fómhair 2025.
- An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) agus an Roinn i mbun plé le comhlachtaí pátrúnachta scoile chun teacht ar chomhaontú maidir le scoileanna a rachfar i dteagmháil leo chun ranganna speisialta nua a oscailt,
- Tacaíochtaí do scoileanna maidir le pleanáil agus ullmhú do rang speisialta nua agus mórán eile.
Dúirt an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD:
"Ó thosaigh mé i mo ról, bhí sé mar phríomhthosaíocht agam tacú le scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu. Inniu, táimid ag leagan amach bearta nua a thacóidh le scoileanna ina bpleanáil chun cinn don oideachas speisialta, rud a chuirfidh níos mó soiléireachta ar fáil do scoláirí agus dá dteaghlaigh.
"I mbliana, tharla ceadú ranganna oideachais speisialta nua mórán míonna níos luaithe ná sna blianta roimhe sin. Ba mhaith liom a chinntiú go dtarlóidh sé seo níos luaithe fós an bhliain seo chugainn. Is sprioc uaillmhianach é gach rang nua oideachais speisialta a cheadú do scoilbhliain 2026/27 faoin 31 Nollaig, ach is é an rud ceart le déanamh é chun tacú le scoláirí agus tuismitheoirí, scoileanna, pátrúin agus comhlachtaí bainistíochta. Éileoidh sé seo obair shuntasach, comhoibriú agus tacaíocht ó na páirtithe leasmhara go léir.
"I measc na mbeart eile chun tacú le scoláirí agus le teaghlaigh tá an amlíne faoina gcaithfidh tuismitheoirí a chur in iúl do CNOS go dteastaíonn socrúchán i rang speisialta nó i scoil speisialta ó leanbh a thabhairt ar aghaidh go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2025, mar go gceadóidh sé sin do scoileanna pleanáil chun cinn níos fearr a dhéanamh.
"I measc na dtionscnamh eile atá ar bun tá triail chomhchoiteann iarratais do rolluithe i ranganna speisialta ag an mbunleibhéal i roinnt réimsí, obair chun forbairt a dhéanamh ar an tionscnamh céanna don iar-bhunleibhéal, an ceanglas atá ar phátrúin athbhreithniú a dhéanamh ar a bpolasaithe iontrála do scoileanna speisialta agus do ranganna speisialta agus socruithe cuíchóirithe chun tacú le húsáid na cóiríochta atá ann cheana do ranganna speisialta nua.
"D'iarr mé freisin ar CNOS agus ar an Roinn a chinntiú go nglacfar céimeanna breise chun tuismitheoirí leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a chur ar an eolas faoi na tacaíochtaí atá ar fáil i scoileanna, agus faoi ról CNOS."
Dúirt an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan TD:
"Cé go dtacaítear le formhór mór na scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i ranganna príomhshrutha lena gcomhghleacaithe, tá an gá atá le soláthar breise i ranganna speisialta agus i scoileanna speisialta ag méadú i gcónaí. Tá mé dóchasach go gcuideoidh an t-athrú ar na hamlínte chun ranganna speisialta agus socrúcháin scoile speisialta a cheadú leis an strus agus an brú ar thuismitheoirí a mhaolú agus iad ag lorg soiléireachta maidir le cá mbeidh a gcuid leanaí ag dul ar scoil an bhliain dár gcionn.
"Is ceist í seo a ardaítear liom go minic, agus táim muiníneach go n-éascóidh agus go spreagfaidh na bearta atá á bhfógairt inniu an cineál comhoibrithe agus tacaíochta idir scoileanna, an Roinn agus CNOS atá ag teastáil go géar má táimid chun pleanáil agus ullmhú go cuí don riachtanas seo atá ag méadú i gcónaí.
"Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do CNOS as ranganna agus spásanna nua oideachais speisialta a cheadú níos luaithe i mbliana, rud a thug níos mó ama do scoileanna agus do thuismitheoirí chun ullmhú don scoilbhliain nua. Tá formhór mór na scoileanna a osclaíonn ranganna speisialta nua ag críochnú a bpróiseas iontrála nó tá siad críochnaithe acu agus tá CNOS agus an Roinn ag obair go dlúth le cúpla scoil atá fágtha agus lena gcomhlachtaí pátrúnachta lena chinntiú go gcuirfear tús lena bpróisis iontrála go luath.
"Tá os cionn 2,000 rang speisialta breise i scoileanna príomhshrutha agus 16 scoil speisialta nua bunaithe ar fud na tíre ó scoilbhliain 2019/20. Ciallaíonn sé sin go mbeidh os cionn 3,700 rang speisialta agus 129 scoil speisialta againn don scoilbhliain seo chugainn agus cabhróidh sé sin go mór linn agus muid ag iarraidh a chinntiú go mbeidh áit scoile a fhreastalaíonn ar a gcuid riachtanas ag gach leanbh. Ag breathnú níos faide chun cinn ná fógraí an lae inniu, tá áthas orm go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh anois maidir le treochlár nua a fhorbairt chun córas oideachais níos cuimsithí a chur ar fáil, i gcomhréir le comhairle polasaí CNOS, ina dtacófar le formhór na leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu chun freastal ar a scoil áitiúil."
San áireamh sa soláthar atá á dhéanamh do scoilbhliain 2025 / 2026 tá 399 rang oideachais speisialta nua breise, 300 áit bhreise i scoileanna speisialta agus cúig scoil speisialta nua, ag cruthú 2,700 spás nua do leanaí i ranganna oideachais speisialta.
Foilsítear eolas faoi scoileanna speisialta agus liosta na scoileanna príomhshrutha a bhfuil ranganna speisialta acu, lena n-áirítear ranganna speisialta nua do scoilbhliain 2025/26 amach romhainn, chomh maith le cineálacha agus suíomhanna na ranganna sin, ar shuíomh gréasáin CNOS agus tá sé ar fáil ag www.ncse.ie. Leanfaidh CNOS ar aghaidh ag nuashonrú an liosta de réir mar a cheadaítear ranganna roimh scoilbhliain 2025/26.
Nótaí d'Eagarthóirí
I measc na mbeart atá leagtha amach sa chiorclán a eisíodh chuig scoileanna an tseachtain seo tá:
- Amlínte táscacha chun ranganna speisialta nua agus soláthar scoileanna speisialta nua a shainaithint agus a bhunú,
- CNOS agus an Roinn i mbun plé le comhlachtaí pátrúnachta scoile chun teacht ar chomhaontú maidir le scoileanna a rachfar i dteagmháil leo chun ranganna speisialta nua a oscailt,
- Foirne réigiúnacha CNOS ag plé go díreach le scoileanna maidir le ranganna speisialta nua mar chuid de chuairteanna agus teagmhálacha rialta,
- Tacaíocht do scoileanna ó CNOS maidir le pleanáil agus ullmhú do rang speisialta nua,
- Cinntí tráthúla ó bhoird bhainistíochta ag deimhniú go n-aontaíonn siad le ranganna speisialta nua a oscailt, a bhféadfadh cruinniú éigeandála den bhord bainistíochta a bheith de dhíth chuige más gá,
- Próiseas comhaontaithe trínar féidir le CNOS cúrsaí a thabhairt chomh fada le leibhéal phátrún na scoile mura bhfuil scoil ag freagairt go dearfach d'iarratais ar rang speisialta nua a oscailt,
- Ceanglas go dtabharfaí fógra do CNOS faoin 1 Deireadh Fómhair 2025 nuair atá socrúchán i rang speisialta nó i scoil speisialta á lorg,
- Ceanglais maidir le hIontrálacha agus an gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar pholasaithe iontrála do scoileanna a bhfuil ranganna speisialta acu agus do scoileanna speisialta.