Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McEntee 37 eagraíocht a bhainfidh tairbhe as deontais oideachais ceoil

Inniu (1 Iúil) d'fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, na 37 eagraíocht a gheobhaidh deontas tríd an Scéim Sparánachta um Oideachas Ceoil Neamh-Phríomhshrutha 2025.

Cuireann an Scéim Sparánachta Oideachais Ceoil Neamh-Phríomhshrutha deontas beag airgid ar fáil chun tacú le hoideachas ceoil agus tionscnaimh cheoil chun tacú le tallann ceoltóirí óga agus í a chothú. Soláthraíonn na heagraíochtaí, na grúpaí agus na daoine aonair atá i gceist rochtain neamh-phríomhshrutha ar feadh na bliana ar eispéiris éagsúla oideachais ceoil áitiúla do dhaoine óga agus do leanaí.

Dúirt an tAire McEntee:

"Tá sé an-tábhachtach gur féidir lenár ndaoine óga rochtain a fháil ar dheiseanna a ligeann dóibh iad féin a chur in iúl, a gcruthaitheacht agus a gcuid scileanna a chothú agus tacú lena bhfolláine agus lena gcumas cairde a dhéanamh. Sin é an fáth a bhfuil ríméad orm an sparánacht seo a thairiscint, ar sparánacht í a chabhróidh chun ár gceoltóirí óga cumasacha a chothú ag an leibhéal áitiúil agus a thacóidh le mórán tionscnamh iontach ceoil ar fud na tíre.

"Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do thiomantas na n-eagraíochtaí agus an iliomad oibrithe deonacha a thugann a gcuid ama agus a gcuid scileanna chun oibriú le ceoltóirí óga, rud a thugann deiseanna luachmhara dóibh a lánacmhainneacht a iniúchadh."

Nótaí don Eagarthóir

I measc cuid de na Faighteoirí tá:

Baile Átha Cliath 2 - Tionscadal Sreinge Shráid na mBráithre Bána: Íocaíocht Sparánachta €10,000

Is clár uirlisí sreinge é Tionscadal Sreinge Shráid na mBráithre Bána do leanaí idir 6-12 bhliain d'aois a oibríonn as Ionad Pobail na gCairmilíteach ar Shráid Aungier, Baile Átha Cliath 2.

Bunaíodh é in 2011 agus freastalaíonn sé anois ar 96 scoláire ar fud ranganna 1 go 6 i suíomh neamh-phríomhshrutha lasmuigh d'amanna scoile.

Cuireann an clár teagasc gairmiúil saor in aisce ar fáil do leanaí áitiúla atá ag freastal ar scoileanna áitiúla DEIS agus, ar an gcaoi sin, cothaíonn sé cuimsiú sóisialta agus imeascadh leanaí agus teaghlaigh áitiúla.

Feidhmíonn an tionscadal taobh amuigh de churaclam na scoile agus tá níos mó ná 200 leanbh tar éis freastal air ó cuireadh tús leis.

Gach bliain, bronntar scoláireacht ar thriúr scoláirí atá rannpháirteach ann chun páirt a ghlacadh i gClár na gCeolfhoireann Óige (www.yops-ireland.com) chun oiliúint uirlise a chur chun cinn tuilleadh.

Tá sé i gceist ag an tionscadal uirlisí a cheannach leis an sparánacht.

Liatroim - Comhaltas Dhroim ar Snámh: Íocaíocht Sparánachta €3,000

Bunaíodh CCÉ Dhroim ar Snámh in 1978, agus cuireadh tús leis an teagasc in 2010. Anois, glacann thart ar 200 scoláire páirt gach seachtain i rith na bliana.

Cuireadh tús leis na ranganna chun timpeallacht foghlama dhearfach, chuimsitheach a chruthú do leanaí agus do dhaoine óga ar spéis leo ceol agus amhránaíocht a fhoghlaim.

Chomh maith le ranganna seachtainiúla, tagann scoláirí le chéile chun ceol a sheinm le chéile ag imeachtaí a eagraíonn an chraobh ionas gur féidir leo taithí a fháil ar an áthas a bhaineann le "teanga" chomhroinnte an cheoil.

Tá súil ag na ceannairí uirlisí a cheannach leis an maoiniú sparánachta chun feabhas a chur ar a mbanc ionstraimí agus córas iasachta a chruthú d'uirlisí d'fhoghlaimeoirí a bhféadfadh sé nach bhfuil teacht acu ar uirlisí den sórt sin amhail píb uilleann agus na ranganna gaolmhara.

Cill Dara – Club Amhránaíochta agus Chomharthaíochta Bhaile Átha Í Íocaíocht Sparánachta €2,000

Is grúpa pobail é Club Amhránaíochta agus Chomharthaíochta Bhaile Átha Í, a bunaíodh in 2007, a mhúineann Teanga Chomharthaíochta na hÉireann i dtimpeallacht spraíúil agus chairdiúil trí cheol agus trí chruthaitheacht.

Cuireann an club ceardlanna uathúla aistriúcháin ceoil ar fáil i rith na bliana do dhaoine de gach aois idir 5 agus 75 bliain d'aois a bhfuil lagú éisteachta orthu, atá bodhar nó nach bhfuil an éisteacht go maith acu.

Díríonn a gclár ceoil ar cheol a dhéanamh inrochtana don phobal bodhar trí amhráin a aistriú go Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ).

Faoi láthair, reáchtálann an club ranganna Cairde Comharthaíochta Sóisearacha ó aois 6 go 10 mbliana, chomh maith le ranganna Cairde Comharthaíochta do Dhéagóirí Óga ó 11 go 13 bliana d'aois agus ranganna Comharthaíochta Sinsearacha do dhaoine idir 14 agus 17 mbliana d'aois.

Soláthraíonn na daoine atá páirteach rang speisialta "Sign Able" do bhaill óga le huathachas agus nó riachtanais bhreise.

Is é an plean atá acu ná a gclár a leathnú le maoiniú sparánachta in 2025.

Na critéir a úsáidtear chun iarratais a mheas:

  • Dea-theist atá seanbhunaithe maidir le hoideachas ceoil a sholáthar
  • Soláthar seirbhíse in oideachas ceoil neamh-phríomhshrutha/ceol pobail
  • Oideachas ceoil neamh-phríomhshrutha a sholáthar do dhaoine óga ocht mbliana déag d'aois agus níos óige
  • Torthaí maithe foghlama ag na rannpháirtithe
  • Tugadh tús áite freisin do na heagraíochtaí/grúpaí sin ar féidir leo a léiriú go ndéanann siad freastal ar ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch.

Tá an liosta iomlán de na 37 faighteoir rathúil ar fáil thíos.

Liosta Iomlán na bhFaighteoirí  

Méid

Faighteoir

Contae

25,000

St Agnes CCMA

Baile Átha Cliath

10,000

Whitefriar Street Sing

Baile Átha Cliath

3,000

Cahir Comhaltas

Tiobráid Árann

3,000

Diarmuid O Cathain Cultural Centre

Ciarraí

3,000

Drumsna Comhaltas Carrick Trad

Liatroim

3,000

Portalington CCE

Cill Dara

3,000

Riverstown CCE

Sligeach

3,000

St Ultans Childcare Project  - PRESTO

Baile Átha Cliath

3,000

Wicklow Miners CCE

Cill Mhantáin

2,000

Anne Devlin CCE

Cill Mhantáin

2,000

Athy Sing and Sign

Cill Dara

2,000

Bofield CCE

Maigh Eo

2,000

Buionn Ceoil Mullachduff (Mullaghduff Band)

Dún na nGall

2,000

Comhaltas Craobh Fhanada

Dún na nGall

2,000

Craobh Caiseal Mumhan CCE

Tiobráid Árann

2,000

Craobh Osrai Comhaltas Kilkenny

Cill Chainnigh

2,000

Dublin Choral Foundation

Baile Átha Cliath

2,000

Listowel Duagh CCE

Ciarraí

2,000

Loughmore CCE

Tiobraid Árann

2,000

Major Minors Junior Orchestra

Cill Mhantáin

2,000

Manorcunningham Pipe Band

Dún na nGall

2,000

Masamba Youth Project

Baile Átha Cliath

2,000

Musica Fusion

Corcaigh

2,000

Sandyford Youth Band

Baile Átha Cliath

2,000

Tigh na Coille CCE

An Clár

1,000

Bandon Concert Band

Corcaigh

1,000

Banna Piob Arainn Mhor (Arranmore Pipe Band)

Dún na nGall

1,000

Cullen Pipe Band

Corcaigh

1,000

Ennis Brass Band

An Clár

1,000

Naomh Brid Laois

Laois

1,000

Newmarket-on-Fergus Community Centre Brass Band

An Clár

1,000

Party Community Kids Music Group

Maigh Eo

1,000

Cullen Pipe Band

Dún na nGall

1,000

St Catherine's Accordion Band

Dún na nGall

1,000

St Joseph's Pipe Band

Baile Átha Cliath

1,000

St Patrick's Brass Junior Band

Cill Chainnigh

1,000

Tralee Pipes and Drums (St John's Pipe Band)

Ciarraí