Fógraíonn an tAire McEntee Scéim Oibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide ar fiú €90m í do 2026 chomh maith le cúnamh mór do shaotharlanna eolaíochta i scoileanna
- Foilsithe: 18 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 19 Samhain 2025
€30m de mhaoiniú iomlán imfhálaithe le haghaidh athchóiriú ar shaotharlanna eolaíochta chun tacú leis an gclár athfhorbartha curaclaim
297 tionscadal ceadaithe ar fud na tíre, lena n-áirítear na tionscadail go léir nár críochnaíodh faoin scéim roimhe seo a chur i gcrích
Inniu (Dé Máirt), d'fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee, pacáiste infheistíochta de €90 milliún do Scéim Oibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide 2026, lena ndeimhnítear ceadú do 297 tionscadal ar fud na tíre.
Mórghné den fhógra is ea nuachóiriú ar shaotharlanna eolaíochta i 60 iar-bhunscoil, ar thug gach ceann acu tosaíocht d'athchóiriú saotharlainne ina n-iarratais. Díreofar €30 milliún den leithdháileadh maoinithe in 2026 ar uasghrádú na n-áiseanna sin, ag tacú le clár leanúnach na roinne um athfhorbairt curaclaim.
San iomlán, san áireamh sna ceaduithe tá:
- 198 tionscadal faoin Scéim nua Oibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide, a chlúdaíonn uasghrádú ar shaotharlanna eolaíochta chomh maith le hoibreacha dín, feabhsúcháin leictreacha agus mheicniúla, athsholáthar fuinneog, bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus cothabháil riachtanach.
- Ceadaíodh 99 tionscadal atá fágtha ón Scéim Oibreacha Samhraidh roimhe seo freisin, rud a éascaíonn clabhsúr a chur ar an scéim ilbhliantúil seo.
I Scéim na nOibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide (ar tugadh Scéim na nOibreacha Samhraidh uirthi roimhe seo) leagtar béim láidir ar inbhuanaitheacht. Is féidir le scoileanna bearta a dhéanamh anois amhail uasghrádú ar insliú, soilsiú LED a shuiteáil, soláthar luchtaire EV, áiseanna raca rothar chun tacú le taisteal gníomhach agus oibreacha eile atá dírithe ar an aeráid in éineacht le gnáthchothabháil.
Tá measúnú déanta ag an Roinn ar an gceadú do na tionscadail atá á bhfógairt inniu agus tosaíocht tughta aici dóibh. Baineann siad le catagóirí éagsúla oibreacha agus tá siad scaipthe thar cheantar tíreolaíoch leathan ar fud 26 contae. Ba cheart go gcuideodh sé sin le luach maith a éascú do scoileanna sa phróiseas soláthair chun tabhairt faoi na hoibreacha seo, a bhfuil sé beartaithe go mbeidh siad ar siúl i Samhradh 2026 den chuid is mó. Cuirfear na scoileanna aonair ábhartha ar an eolas ar leithligh faoi na chéad chéimeanna eile a bhaineann le soláthar agus seachadadh a dtionscadal.
Beidh sonraí iomlána faoi Scéim na nOibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag (Scéim na nOibreacha Samhraidh) mar phointe tagartha leanúnach do scoileanna. .
Dúirt an tAire McEntee:
"Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil Scéim na nOibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide á cur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe. Ciallaíonn an infheistíocht €90m seo go mbeidh 297 tionscadal á soláthar agus go dtacófar le hinfheistíocht leanúnach i gcothabháil agus in uasghrádú eastát na scoile. Tá tús áite tugtha agam d'infheistíocht láidir in athchóiriú saotharlann eolaíochta, agus tá €30m den mhaoiniú á chaitheamh air sin. Tacóidh sé seo le feidhmiú churaclam nua na hArdteistiméireachta ar bhonn céimnithe, a bhfuil sé mar aidhm aige a chinntiú go gcuirfimid na scileanna agus na hinniúlachtaí a theastaíonn uathu ar fáil do scoláirí chun go mbeidh rath orthu tar éis dóibh an scoil a chríochnú.
"Is é seo an chéad tráinse de na ceaduithe do thionscadail Scéim na nOibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide atá á ndéanamh mar chuid d’fheidhmiú Phlean Forbartha Náisiúnta na Roinne 2026 go 2030. I gcomhréir leis na gealltanais i gClár an Rialtais, is é an plean atá agam ná a chinntiú go ndéanfar ceaduithe gach bliain chun an infheistíocht leanúnach i gcothabháil agus in uasghrádú eastát na scoileanna a éascú. Tá sé mar fhís i mo Phlean Oideachais córas oideachais den chéad scoth a sholáthar a théann i ngleic le míbhuntáiste agus a chinntíonn gur féidir le gach leanbh a lánacmhainneacht a bhaint amach. Cuid lárnach den phlean sin is ea infheistíocht inár scoileanna."
Nótaí don Eagarthóir:
Tá liosta na dtionscadal ceadaithe ar fáil anseo.
Ceapadh an Scéim Oibreacha Samhraidh um Ghníomhú ar son na hAeráide (CASWS) chun ligean do scoileanna oibreacha tógála ar scála beag agus meánmhéide a chur i gcrích, ar oibreacha iad a fheabhsóidh agus a dhéanfaidh uasghrádú ar fhoirgnimh scoile atá ann cheana féin. De ghnáth, déantar oibreacha den chineál sin thar thréimhse an tsamhraidh le linn tréimhsí saoire scoile.
De réir reachtaíochta, ceanglaítear ar scoileanna a n-úsáid fuinnimh a thuairisciú go bliantúil ar líne trí Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI). Mar chuid de Phlean an Rialtais um Ghníomhú ar son na hAeráide, ceanglaítear ar scoileanna a bhfuil tionscadail oibreacha samhraidh acu clárú ar líne leis an SEAI agus gealltanas a thabhairt go gcuirfidh siad na tuairisceáin chuí isteach sula bhféadfar aon íocaíochtaí a eisiúint i leith na dtionscadal a ceadaíodh.