Fógraíonn an tAire McEntee an dara bliain den Chlár Píolótach um Ghníomhaíocht Choirp sa Teagasc agus san Fhoghlaim
- Foilsithe: 29 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 29 Aibreán 2025
Inniu, d'fhógair an tAire Oideachais, Helen McEntee TD, sonraí maidir leis an dara bliain den Chlár Píolótach um Ghníomhaíocht Choirp sa Teagasc agus san Fhoghlaim agus thug sí cuireadh do scoileanna ar fud na tíre iarratas a dhéanamh chun páirt a ghlacadh ann.
Is féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh ar suas le €10,000 as €300,000 san iomlán a chuirtear ar fáil mar mhaoiniú tríd an gclár chun tacú leo gníomhaíocht choirp a chomhtháthú ina dteagasc agus ina bhfoghlaim. Tá sé seo sa bhreis ar an ngníomhaíocht choirp a bhíonn ag foghlaimeoirí le linn ceachtanna corpoideachais ainmnithe.
Tá go dtí an 27 Bealtaine ag bunscoileanna, scoileanna speisialta agus iar-bhunscoileanna nach raibh páirteach sa chlár píolótach seo cheana agus ar mian leo páirt a ghlacadh sa dara bliain den chlár píolótach, chun iarratas a dhéanamh. Bainfear úsáid as tionscadail a dhéanann na scoileanna roghnaithe chun bonn eolais a chur faoi fhorbairtí beartais sa spás seo.
Tá 24 scoil páirteach sa chéad bhliain den chlár faoi láthair.
Dúirt an tAire McEntee:
"Tá aclaíocht an-tábhachtach do gach duine, go háirithe do dhaoine óga inár scoileanna. Mar thoradh ar ghníomhaíocht choirp mhéadaithe bíonn scileanna luaileacha, feidhmeanna cognaíocha agus nósanna dearfacha níos fearr ag ár ndaoine óga. Go bunúsach, ba mhaith liom níos mó deiseanna gluaiseachta a fheiceáil i rith an lae scoile.
"Is deis iontach é an clár píolótach seo do scoileanna a bheith nuálach agus cruthaitheach agus gníomhaíocht choirp a chomhtháthú sa teagasc agus san fhoghlaim.
"Má chothaítear nós na haclaíochta agus má thuigtear na buntáistí a bhaineann léi i measc leanaí agus daoine óga, is é is dóichí ná go leanfaidh siad ar aghaidh le stíl mhaireachtála ghníomhach de réir mar a théann siad in aois, chomh maith leis na buntáistí go léir dá sláinte agus dá bhfolláine.
"Mholfainn do gach scoil iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú tríd an gclár píolótach seo agus deiseanna dearfacha a chruthú don fhoghlaim trí ghníomhaíocht choirp."
Nótaí don Eagarthóir:
An Próiseas Iarratais
Ní mór do scoileanna iarratas a dhéanamh ag baint úsáid as an bhFoirm Iarratais ar líne Gníomhaíocht Choirp sa Teagasc agus san Fhoghlaim - Clár Píolótach 2025.
Mar chuid den phróiseas iarratais, ba cheart na nithe seo a leanas a chur san áireamh:
- Ba cheart do cheannairí scoile pobal na scoile a chur ar an eolas faoin gclár píolótach agus deiseanna a chur ar fáil chun ransú smaointe a dhéanamh
- Ba cheart tuismitheoirí a chur ar an eolas agus d’fhéadfaí cuireadh a thabhairt dóibh smaointe a chur isteach. Ba cheart go mbeadh ról lárnach ag foghlaimeoirí i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm an tionscadail.
- Caithfidh ceannairí scoile agus múinteoirí an t-ábhar/na hábhair c(h)uraclaim nó traschuraclaim agus an ghníomhaíocht choirp a shainaithint
- Ba cheart do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí na hacmhainní a theastaíonn uathu chun an tionscadal a éascú a shainaithint, breac-chuntas a thabhairt ar an méid maoinithe a theastaíonn uathu agus ar an mbealach a gcaithfear é.
- Déanann múinteoirí rannpháirteacha comhphleanáil chun aonad foghlama an tionscadail a chruthú, lena n-áirítear foghlaim bheartaithe shoiléir, eispéiris foghlama, tascanna measúnaithe agus córais tuairiscithe/aiseolais ar an bhfoghlaim.
- Beidh ar cheannairí scoile múinteoir a cheapadh mar cheannaire tionscadail tiomnaithe chun an clár píolótach a bhainistiú agus a mhaoirsiú laistigh dá scoil
- Ní mór do cheannairí scoile a chinneadh cé acu rang-ghrúpa nó rang-ghrúpaí a bheidh rannpháirteach sa chlár píolótach
- Moltar do scoileanna a ghlacann páirt i gClár na Brataí Scoile Gníomhaí iarratas a dhéanamh freisin
- Ní mór gach iarratas a chur isteach ar líne
Na Critéir roghnúcháin atá le breithniú
Bunóidh an Roinn Oideachais painéal chun iarratais a mheas.
Déanfar na hiarratais seo a leanas a mheas:
- Iarratais a fuarthas roimh an spriocdháta comhaontaithe lena gcur isteach agus iad sin amháin
- Ní ghlacfar ach le hiarratais ar líne
- Ní dhéanfar ach iarratais a chloíonn leis an líon focal san fhoirm iarratais a mheas. Tá sonraí faoin líon focal leagtha amach thíos.
- Breithneofar iarratais ó aon bhunscoil, iar-bhunscoil nó scoil speisialta aitheanta laistigh den scéim saoroideachais. Níl scoileanna lasmuigh den Scéim Saoroideachais i dteideal iarratas a dhéanamh.
Níl scoileanna atá rannpháirteach i mbliain 1 den Chlár Píolótach um Ghníomhaíocht Choirp sa Teagasc agus san Fhoghlaim i dteideal iarratas a dhéanamh.
Déanfar iarratais a mheas de réir na gcritéar seo a leanas:
- Conas a thacóidh an tionscadal leis an scoil chun gníomhaíocht choirp a chomhtháthú sa teagasc agus san fhoghlaim sa réimse curaclaim nó traschuraclaim roghnaithe, 300 focal (20 marc)
- Na buntáistí atá an scoil ag iarraidh a bhaint as rannpháirtíocht sa Chlár Píolótach agus an chaoi a dtacóidh ceannairí sinsearacha sa scoil leis an tionscadal, 150 focal (10 marc)
- Conas a chinnteoidh múinteoirí agus ceannairí scoile go mbeidh ról lárnach ag foghlaimeoirí i bhforbairt agus i bhfeidhmiú an tionscadail, 150 focal (10 marc)
- A mhéad a chothóidh an tionscadal athrú cultúrtha fadtéarmach i ngníomhaíocht choirp sa teagasc agus san fhoghlaim sa scoil, 150 focal (10 marc)
Cuirfidh na nithe seo a leanas bonn eolais faoin roghnúchán freisin:
- Scaipeadh náisiúnta geografach
- Láithreacha Uirbeacha/tuaithe
- Nuálaíocht agus cruthaitheacht
- An réimse de ghníomhaíochtaí coirp atá beartaithe mar chuid den phróiseas iarratais
- Réimse de chineálacha scoile (m.sh. bunscoil/iar-bhunscoil, uirbeach/tuaithe, mór/beag, Scoil DEIS/scoil nach scoil DEIS í, scoileanna speisialta/príomhshrutha, aonghnéis/comhoideachas, comhlacht pátrúnachta, etc.)
- Tionchar ar leibhéil foghlama agus gníomhaíochta coirp