Fógraíonn an tAire McEntee bunú Coimisiúin Imscrúdúcháin faoi dhrochúsáid ghnéasach stairiúil i scoileanna agus ceapadh Cathaoirligh
- Foilsithe: 8 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 8 Iúil 2025
Inniu (8 Iúil 2025), d’fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, bunú Coimisiúin Imscrúdúcháin faoi dhrochúsáid ghnéasach stairiúil i ngach scoil lae agus chónaithe.
D’aontaigh an rialtas an Breitheamh Uasal Michael MacGrath a cheapadh mar Chathaoirleach an Choimisiúin, a bunaíodh faoin Acht um Choimisiúin Imscrúdúcháin, 2004.
Coimisiún Imscrúdúcháin ba ea an príomh-mholadh ó Thuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe a bunaíodh chun scrúdú a dhéanamh ar dhrochúsáid ghnéasach stairiúil i scoileanna lae agus cónaithe arna reáchtáil ag oird rialta.
Tá an Rialtas tar éis glacadh le tuilleadh moltaí ón bhFiosrúchán Scóipe, lena n-áirítear go ndéanfaidh an Coimisiún scrúdú ar láimhseáil líomhaintí, amhras agus ábhar imní faoi dhrochúsáid ghnéasach stairiúil i scoileanna, agus go gcuirfear na bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna uile san áireamh. Tá na moltaí seo agus moltaí eile léirithe i dTéarmaí Tagartha an Choimisiúin a cheadaigh an Rialtas inniu, lena n-áirítear Clár Rannpháirtíochta Marthanóirí mar chuid den Choimisiún.
Sna Téarmaí Tagartha, léirítear go mion moltaí an Fhiosrúcháin Scóipe, inar tugadh faoi chomhairliúchán mionsonraithe agus fairsing le marthanóirí a d’fhulaing drochúsáid ghnéasach stairiúil, sa phróiseas Rannpháirtíochta Marthanóirí, sular cuireadh a chuid moltaí le chéile.
Dúirt an tAire McEntee:
“Bhí an méid a nochtadh i dTuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe millteanach, agus chuaigh cuntais na marthanóirí maidir lena n-eispéiris i gcion go mór ar dhaoine. Is léir go bhfuil na marthanóirí ag iarraidh go mbeidh cuntasacht ann. Is mian liom buíochas ó chroí a ghlacadh leis na marthanóirí go léir as an misneach a léirigh siad agus iad ag teacht chun cinn. Mar thoradh ar a misneach, tá solas á scairteadh ar thréimhse dhorcha i stair na hÉireann. Is mian liom aitheantas ar leith a thabhairt do Mark Ryan, nach maireann, a bhí chomh tábhachtach sin, in éineacht lena dheartháir David, maidir le bunú an Fhiosrúcháin Scóipe.
"Is é seo an fáth a bhfuil bunú an Choimisiúin Imscrúdúcháin a moladh san Fhiosrúchán Scóipe á fhógairt inniu agam. Beidh sé de shainchúram ar an gCoimisiún seo scrúdú a dhéanamh ar láimhseáil na drochúsáide gnéasaí i ngach cineál scoile, ar mian é a léirigh cuid mhór marthanóirí.
“Tá áthas orm a rá go mbeidh an Breitheamh Uasal Michael MacGrath mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún. Ceapadh chuig an Ard-Chúirt é i mí Eanáir 2018 agus chuig an gCúirt Achomhairc ó mhí an Mheithimh 2024 agus tá an-chuid taithí aige a bheidh mar thairbhe don ról.
“Tabharfaidh an Coimisiún Imscrúdúcháin neamhspleách faoi réamhobair sna míonna amach romhainn, agus lorgófar léirithe spéise tosaigh ó dhaoine a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh eolas a chur ar fáil dó in am trátha. Nuair a chuirfear tús leis an bpróiseas sin, fógróidh an Coimisiún go forleathan é.
“Ghlac an Rialtas le tuilleadh moltaí ón bhFiosrúchán Scóipe inniu freisin maidir le hábhair atá an-tábhachtach do mharthanóirí, go háirithe maidir le cosaint leanaí. I dTuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe, cinneadh go bhfuil na córais reatha um chosaint leanaí inár scoileanna láidir agus éifeachtach, ach go bhfuil deis ann i gcónaí tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu. Tá sábháilteacht gach linbh atá ag freastal ar scoil sa lá atá inniu ann ríthábhachtach do mharthanóirí a labhair leis an bhFiosrúchán Scóipe. Tá obair tosaithe cheana féin chun na moltaí sin a chur i bhfeidhm.
“Tá tuilleadh oibre ar bun chun scrúdú a dhéanamh ar an ábhar maidir le cúiteamh airgeadais, agus conas a d’fhéadfaí aon scéim amach anseo a mhaoiniú. Tá sé sin tábhachtach do chuid mhór marthanóirí, go mbreathnaítear air mar chomhartha cuntasachta dóibh siúd a bhí freagrach as drochúsáid ghnéasach i scoileanna, agus tá sé tábhachtach é sin a chur i gcrích i gceart. Ní mór breithniú a dhéanamh ar na bealaí go léir a d’fhéadfaí a úsáid chun an maoiniú cuí a fháil uathu siúd a bhí freagrach as drochúsáid ghnéasach i scoileanna. Sin an fáth ar aontaigh an Rialtas inniu tuilleadh oibre a dhéanamh sa réimse sin, i gcomhar le hobair an Choimisiúin.
“Is mian liom buíochas ó chroí a ghlacadh leis na marthanóirí a bhí rannpháirteach san Fhiosrúchán Scóipe. Mar thoradh ar an bpáirt a ghlac siad sa chomhairliúchán Rannpháirtíochta Marthanóirí, tá tús curtha le comhrá náisiúnta agus tá a dtuairimí tomhaiste tar éis na Téarmaí Tagartha don Choimisiún a mhúnlú, lena n-áirítear an mian a léirigh cuid mhór acu go gcuirfí eispéiris marthanóirí drochúsáide gnéasaí i ngach scoil san áireamh.
“Sprioc shuntasach is ea an lá inniu agus iad ar a n-aistear chun freagraí a fháil ar chuid mhór de na ceisteanna is eol dom a bheith acu go fóill faoi nithe a tharla na blianta fada ó shin.
“Is mian liom gach rath a ghuí ar an gCathaoirleach, an Breitheamh Uasal Michael MacGrath, ina chuid oibre agus táim ag súil leis an treoir a eiseoidh sé dóibh siúd ar mian leo cur le hobair an Choimisiúin.”
Tugadh eolas don Fhiosrúchán Scóipe maidir le 2,395 líomhain de dhrochúsáid ghnéasach stairiúil i scoileanna lae agus cónaithe arna reáchtáil ag oird rialta, ina raibh 884 drochúsáideoir líomhnaithe i 308 scoil i ngach cuid den tír idir na blianta 1927 agus 2013. Tuairiscíodh formhór na líomhaintí sin ó thaifid 42 ord rialta a reáchtálann nó a reáchtáil scoileanna in Éirinn.
Bunaíodh Grúpa Idir-Rannach ardleibhéil (IDG) chun scrúdú a dhéanamh ar mholtaí an Fhiosrúcháin Scóipe agus moladh go nglacfaí le tuilleadh moltaí a bhaineann le cosaint leanaí, eispéiris marthanóirí maidir leis an gcóras dlí agus cirt, tacaíocht do mharthanóirí chomh maith comóradh agus cuimhneachánú.
I dtuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe, moladh go ndéanfadh an rialtas breithniú ar scéim cúitimh a bhunú do mharthanóirí drochúsáide gnéasaí stairiúil i scoileanna lae agus cónaithe arna reáchtáil ag oird rialta. Measann an Rialtas go mbeidh sé riachtanach tabhairt faoi chéim eile d’imscrúdúcháin mhionsonraithe agus d’anailís ar shonraí maidir leis an tsaincheist sin, go háirithe mar gheall ar an mian atá léirithe ag cuid mhór marthanóirí gur chóir go mbeadh orthu siúd a reáchtálann scoileanna inar tharla drochúsáid ghnéasach a bheith cuntasach ó thaobh airgid de.
Má chuaigh aon cheann de na saincheisteanna a pléadh i dTuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe i bhfeidhm ort, tá eolas maidir le tacaíocht ar fáil thíos.
Tacaíocht
Cuireann an eagraíocht One in Four seirbhísí ar fáil do mharthanóirí ar aosaigh iad agus a d’fhulaing drochúsáid ghnéasach leanaí. Is féidir teagmháil a dhéanamh le One in Four ach glaoch a chur ar 01 662 4070 nó an fhoirm a chomhlánú ag www.oneinfour.ie/contact.
Más mian leat líomhain a thuairisciú maidir le drochúsáid ghnéasach, is féidir dul i dteagmháil le do stáisiún áitiúil de chuid an Gharda Síochána, leis an Aonad Bainistíochta um Choireanna Gnéis de chuid an Gharda Síochána (01-6663430) nó le Líne Thuairiscithe an Gharda Síochána maidir le Drochúsáid Ghnéasach Leanaí (1800 555 222), seirbhís atá faoi rún, saor in aisce agus ar fáil ar bhonn 24/7. De rogha air sin, is féidir ríomhphost a chur chuig GNPSB_SCMU@garda.ie.
Tacaíocht
Cuireann an eagraíocht One in Four seirbhísí ar fáil do mharthanóirí ar aosaigh iad agus a d’fhulaing drochúsáid ghnéasach leanaí. Is féidir teagmháil a dhéanamh le One in Four ach glaoch a chur ar 01 662 4070 nó an fhoirm a chomhlánú ag www.oneinfour.ie/contact.
Más mian leat líomhain a thuairisciú maidir le drochúsáid ghnéasach, is féidir dul i dteagmháil le do stáisiún áitiúil de chuid an Gharda Síochána, leis an Aonad Bainistíochta um Choireanna Gnéis de chuid an Gharda Síochána (01-6663430) nó le Líne Thuairiscithe an Gharda Síochána maidir le Drochúsáid Ghnéasach Leanaí (1800 555 222), seirbhís atá faoi rún, saor in aisce agus ar fáil ar bhonn 24/7. De rogha air sin, is féidir ríomhphost a chur chuig GNPSB_SCMU@garda.ie.