Fógraíonn an tAire McEntee leathnú ar bhearta soláthair múinteoirí
- Foilsithe: 27 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 27 Meitheamh 2025
Inniu (27 Meitheamh), d’fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, go leanfar le roinnt beart atá curtha i bhfeidhm ag an Roinn le blianta beaga anuas chun cabhrú le scoileanna rochtain a fháil ar uaireanta breise teagaisc agus ionadaíochta.
Soláthraíonn an Scéim Leathnaithe Uaireanta Teagaisc bealach malartach d’iar-bhunscoile chun clúdach múinteoireachta ionadaíochta atá cáilithe go cuí a aimsiú d’fhonn tacú le teagasc agus foghlaim i scoileanna. Is féidir le múinteoirí ar chonarthaí múinteoireachta iomlána 22 uair an chloig clúdach breise ionadaíochta a sholáthar, suas le 35 uair an chloig breise, do gach téarma atá ainmnithe faoin scéim.
Tugann an maolú ar na teorainneacha ar an uasmhéid ama is féidir le múinteoir clúdach múinteoireachta ionadaíochta a sholáthar agus é/í ar shos gairme nó ag glacadh páirt sa scéim comhroinnte poist deis do mhúinteoirí uaireanta breise múinteoireachta ionadaíochta a sholáthar do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna araon, rud a chuidíonn tuilleadh le scoileanna rochtain a fháil ar chlúdach múinteoireachta ionadaíochta cáilithe.
Dúirt an tAire McAntee:
“Tá múinteoirí i gcroílár ár scoileanna, agus tá an t-ádh orainn go bhfuil níos mó múinteoirí ag obair inár scoileanna ná mar a bhí riamh cheana. Mar sin féin, tá dúshláin ann maidir le soláthar múinteoirí i roinnt réimsí agus táim tiomanta dul i ngleic leis sin.
“Sin é an fáth a bhfuilim ag deimhniú inniu go bhfuil leathnú á dhéanamh ar dhá bheart a chabhraíonn le scoileanna rochtain a fháil ar uaireanta breise teagaisc agus ionadaíochta don scoilbhliain seo amach romhainn.
“Leanfaidh múinteoirí atá ag roinnt poist de bheith in ann oibriú mar mhúinteoir ionadaíochta i scoil ar bith, fad is nach bhfuil siad ar dualgas. Ina theannta sin, féadfaidh múinteoirí atá ar shos gairme leanúint orthu ag obair mar mhúinteoir ionadaíoch.
“Cé nach réitigh fhadtéarmacha iad sin, leanfaidh siad de thacaíocht a thabhairt do scoileanna chun rochtain a fháil ar mhúinteoireacht cháilithe do na scoláirí ina scoileanna.
“Tá na bearta sin sa bhreis ar chéimeanna atá glactha agam cheana féin chun cabhrú le múinteoirí conarthaí buana a fháil níos tapa agus chun cabhrú leo siúd a bhfuil oiliúint faighte acu thar lear iarratas a dhéanamh ar chlárú in Éirinn. I measc na dtionscnamh eile tá an sparánacht ETIM, scéim aisíocaíochta MGO, níos mó clár uasoiliúna do mhúinteoirí, solúbthacht do mhúinteoirí ionadaíochta agus pleanáil fheabhsaithe fórsa saothair do mhúinteoirí agus do CRSanna.
“Táim tiomanta a chinntiú go bhfanfaidh an mhúinteoireacht mar ghairm bheatha ardchaighdeáin, agus go mbeidh scoileanna againn ina bhfuil soláthar maith foirne do gach scoláire ar fud na tíre.”
Eolas Breise:
- Tá líon na bpost múinteoireachta nach bhfuil líonta íseal i gcónaí; léiríonn na sonraí is déanaí go bhfuil thart ar 79,000 múinteoir cáilithe fostaithe i scoileanna ar fud na tíre. Cé go láimhseálann údaráis scoile earcaíocht go neamhspleách, léiríonn anailís a rinneadh le déanaí ar athbhreithniú párolla na múinteoirí, i mí na Samhna 2024, nach raibh 2.1% de na 74,611 post a leithdháileadh líonta - ráta réasúnta íseal.
- Tá níos mó múinteoirí cáilithe ag obair ná riamh; tá líon na múinteoirí níos mó/ag fás níos tapa ná an méadú ar líon na scoláirí atá ag dul ar scoil. Léiríonn anailís a rinneadh le déanaí ar shonraí párolla go bhfuil os cionn 79,390 múinteoir fostaithe inár scoileanna ar fud na tíre, 43,163 ag an mbunleibhéal lena n-áirítear scoileanna speisialta agus os cionn 36,227 in iar-bhunscoileanna.
- Tá líon na gcéimithe múinteoireachta fós ard agus 3,700 múinteoir nuacháilithe á gclárú in 2024.
- Is rogha ghairme tharraingteach í an mhúinteoireacht: Léiríonn 6% d’iarratais CAO a raibh an mhúinteoireacht bhunscoile nó iar-bhunscoile mar chéad rogha acu éileamh comhsheasmhach ó 2017 go 2024.
- Feabhsóidh an fógra a rinneadh le déanaí tarraingteacht na gairme tuilleadh trína chinntiú gur féidir le múinteoirí nuacháilithe conarthaí buana a fháil níos luaithe agus trí chabhrú le múinteoirí incháilithe a fuair oiliúint lasmuigh d’Éirinn oibriú anseo.
- Tá plean cuimsitheach fórsa saothair d’earnáil an oideachais, gealltanas i gClár an Rialtais, á fhorbairt. Ina theannta sin, tá ullmhúcháin ar siúl chun coinbhinsiún oideachais a óstáil - gealltanas eile i gClár an Rialtais - a thabharfaidh le chéile na páirtithe leasmhara go léir chun a dtaithí, a n-ionchais agus a ndóchas maidir le todhchaí ár gcórais oideachais a roinnt.