Fógraíonn an tAire McEntee cláir nua uasoiliúna do mhúinteoirí iar-bhunscoile sa Ríomheolaíocht, sa Fhraincis agus sa Pholaitíocht agus an tSochaí
- Foilsithe: 2 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 2 Bealtaine 2025
Tá trí chlár nua fógartha inniu ag an Aire Oideachais Helen McEntee TD a chuirfidh le líon na múinteoirí cáilithe in iar-bhunscoileanna.
Cuirfidh Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (TUD), Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD) agus Ollscoil Luimnigh (UL) cláir nua dhá bhliain ar fáil sa Ríomheolaíocht, sa Fhraincis agus sa Pholaitíocht agus an tSochaí faoi seach. Beidh na cláir sin sa bhreis ar na cláir reatha sa Spáinnis, sa mhatamaitic agus san fhisic agus ar chlár nua Gaeilge a thosaigh i mí Eanáir na bliana seo.
Beidh na cláir nua seo, a thosóidh i mí Mheán Fómhair, solúbtha agus nuálaíoch agus déanfar iad a sholáthar ar bhealach a cheadóidh rannpháirtíocht leathan, ag freastal ar mhúinteoirí i róil lánaimseartha agus pháirtaimseartha, chomh maith leo siúd atá lonnaithe ar fud na tíre.
Dúirt an tAire McEntee:
“Tá áthas orm na trí chlár nua uasoiliúna seo a fhógairt. Tá sé ríthábhachtach tuilleadh deiseanna uasoiliúna a sholáthar do mhúinteoirí chun tacú le múinteoirí, ach freisin chun cabhrú le dul i ngleic le soláthar múinteoirí.
“Tá na cúrsaí seo saor in aisce agus cabhróidh siad le Múinteoirí uasoiliúint a fháil ar bhealach solúbtha, ag cur lena ndeiseanna fostaíochta féin agus ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin earcaíochta i ngach ceann de na hábhair sin.
“Nuair a bheidh na cláir sin curtha i gcrích acu, beidh múinteoirí in ann clárú chun Ríomheolaíocht, Fraincis, agus Polaitíocht agus an tSochaí a theagasc ag an leibhéal is airde in iar-bhunscoileanna.
“Tá na cúrsaí seo ar fáil d’aon mhúinteoir iar-bhunscoile cláraithe, is Cuma iad a bheith ag obair nó gan a bheith. Mholfainn go láidir do mhúinteoir iar-bhunscoile ar bith atá cláraithe súil a chaitheamh ar na cláir seo.
“Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le gach IAO agus comhghairdeas a dhéanamh leo as na cláir seo a thabhairt isteach chun cabhrú le feabhas a chur ar sholáthar múinteoirí iar-bhunscoile sna hábhair seo”.
“Táim ag tnúth leis na cláir uasoiliúna nua seo a fheiceáil ag feidhmiú in éineacht leis na cláir reatha sa mhatamaitic, san fhisic, sa Spáinnis agus sa Ghaeilge ar thug breis is 980 múinteoir san iomlán fúthu go dtí seo.
“Tá na cláir uasoiliúna seo ar cheann de roinnt beart atá á ndéanamh agam chun tacú le múinteoirí agus lena chinntiú go bhfuil taithí dhearfach ag gach leanbh ar an scoil.”.
Nótaí don Eagarthóir
Beidh na cláir uasoiliúna seo ar fáil do mhúinteoirí iar-bhunscoile cláraithe beag beann ar a stádas fostaíochta, ar múinteoirí iad nach bhfuil cláraithe cheana féin in aon cheann de na hábhair seo.
Ar aon dul le cláir uasoiliúna roimhe seo ar thacaigh an Roinn leo, i.e. matamaitic, fisic, Spáinnis agus Gaeilge, leanfar ag cur áiteanna ar na cláir uasoiliúna nua seo ar fáil saor in aisce do mhúinteoirí rannpháirteacha agus tá an maoiniú a bhronntar ceaptha chun costais táillí a chlúdach. Tá breis is 980 múinteoir iar-bhunscoile ag tabhairt faoi chláir uasoiliúna faoi láthair nó tá na cláir sin curtha i gcrích acu.
Tacóidh an maoiniú le dhá thimthriall (dhá iontógáil) de na cláir, ag tosú i mí Mheán Fómhair 2025 agus i mí Mheán Fómhair 2026 faoi seach. Tá na cláir maoinithe don dá iontógáil agus táthar ag súil go bhfreastalóidh siad ar os cionn 200 múinteoir le linn na tréimhse sin.
Osclófar na próisis iarratais go luath, agus ba cheart iarratais a dhéanamh go díreach chuig an institiúid ardoideachais chuí. Chun tuilleadh eolais a fháil ar na cláir seo is féidir teagmháil a dhéanamh le gach IAO mar seo a leanas:
· Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath – Ríomheolaíocht LCCS.TeachersHDip@TUDublin.ie
· Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath – Fraincis french.teacher.diploma@tcd.ie
· Ollscoil Luimnigh – An Pholaitíocht agus an tSochaí pdpst@ul.ie
Cuirfidh na cláir ar chumas na rannpháirtithe riachtanais ábhar curaclaim na Comhairle Múinteoireachta a shásamh i ngach ábhar. Nuair a bheidh na cláir seo curtha i gcrích acu, beidh rannpháirtithe in ann clárú chun Ríomheolaíocht, Fraincis agus Polaitíocht agus an tSochaí a theagasc ag an leibhéal is airde san oideachas iar-bhunscoile.