Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McEntee Oíche na hÓige – ceiliúradh náisiúnta ar obair óige inár bpobail

D’fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee, inniu, an 15 Deireadh Fómhair, pleananna d’Oíche na hÓige 2025, imeacht náisiúnta nua a cheiliúrann obair óige, clubanna óige, agus daoine óga ar fud na hÉireann.

Beidh an ócáid ar siúl ar bhonn píolótach Dé hAoine, an 21 Samhain 2025 agus tugann sé deis do phobail ar fud na hÉireann teacht le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar dhaoine óga, clubanna agus seirbhísí óige, agus ar na hoibrithe óige agus na hoibrithe deonacha a dhéanann difríocht chomh mór sin do shaol na gcéadta mílte daoine óga ar fud na hÉireann.

Ar Oíche na hÓige, tugtar cuireadh do chlubanna agus do sheirbhísí óige ar fud na hÉireann a ndoirse a oscailt don phobal, ag ceiliúradh a mbaill, oibrithe óige agus oibrithe deonacha, agus ag an am céanna feasacht a mhúscailt ar thionchar agus ar luach na hoibre óige i bpobail áitiúla. Is é atá mar aidhm ag an imeacht ná an luach a thugann obair óige do dhaoine óga agus don phobal i gcoitinne a chur ar taispeáint.

Moltar do rannpháirtithe imeacht taispeántais a dhearadh mar cheiliúradh agus mar bhealach chun an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi cad a chiallaíonn a gclub nó a seirbhís dóibhsean agus chuige sin is féidir cuireadh a thabhairt don phobal teacht isteach ina spás nó modhanna nuálacha eile a úsáid.

Tá tacaíocht á fáil ag Oíche na hÓige faoi Dheiseanna don Óige, an straitéis náisiúnta d’obair óige agus seirbhísí gaolmhara. Mar thoradh ar spreagadh a fuarthas ón rath atá ar imeachtaí amhail Oíche Chultúir agus Lá Oscailte, Baile Átha Cliath, is ceiliúradh nua é Oíche na hÓige a tharraingíonn aird ar an líonra bríomhar agus éagsúil de chlubanna agus de sheirbhísí óige atá i gcroílár na bpobal ar fud na hÉireann, áit a bhfoghlaimíonn, a bhforbraíonn agus a bhfásann daoine óga le chéile. Cabhróidh an t-imeacht le feasacht a mhúscailt faoin obair iontach atá ar siúl i seirbhísí óige agus tabharfaidh sé an t-aitheantas atá tuillte acu dóibh.

Cuirfidh an Roinn Oideachais agus Óige maoiniú ar fáil trí na Boird Oideachais agus Oiliúna chun cabhrú le clubanna agus tionscadail imeachtaí a reáchtáil ar Oíche na hÓige.

Dúirt an tAire McEntee:

“Tá an-áthas orm Oíche na hÓige 2025 a fhógairt, tionscnamh nua chun obair óige agus clubanna óige, a mbaill, a n-oibrithe óige, agus a n-oibrithe deonacha a cheiliúradh, agus chun an luach a thugann obair óige do dhaoine óga agus don phobal i gcoitinne a chur ar taispeáint. Molaim do gach club agus seirbhís incháilithe, agus dá mbaill, an deis seo a thapú chun a thaispeáint dá bpobal cad a chiallaíonn obair óige dóibhsean.”

Tugtar cuireadh do chlubanna agus do sheirbhísí atá á maoiniú faoin Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla nó faoin scéim UBU d’Áit do Spás páirt a ghlacadh ann. Beidh tuilleadh eolais do chlubanna agus do sheirbhísí ar fáil óna nOifigeach Óige BOO áitiúil.

Nótaí d’eagarthóirí

Cad is Oíche na hÓige ann?

Ar Oíche na hÓige, osclóidh clubanna agus seirbhísí óige rannpháirteacha ar fud na hÉireann a ndoirse don phobal, chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhaill clubanna agus grúpaí óige, agus a n-oibrithe óige agus a n-oibrithe deonacha, agus chun feasacht ar obair óige i do phobal a mhúscailt. Tá sé mar aidhm ag Oíche na hÓige luach na hoibre óige do dhaoine óga agus don phobal i gcoitinne a chur ar taispeáint, agus deiseanna a chruthú chun obair óige agus clubanna a imeascadh tuilleadh laistigh de phobail.

Tabharfaidh clubanna agus seirbhísí rannpháirteacha cuireadh don phobal teacht isteach ina spás chun foghlaim faoi cad is brí le hobair óige. Spreagtar rannpháirtithe chun imeacht taispeántais a dhearadh mar cheiliúradh agus mar bhealach chun an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi cad a chiallaíonn a gclub nó a seirbhís dóibhsean.

Is tionscnamh de chuid na Roinne Oideachais agus Óige é Oíche na hÓige a sholáthraítear i gcomhpháirtíocht leis na Boird Oideachais agus Oiliúna, Comhairle Náisiúnta na nÓg in Éirinn agus earnáil na hoibre óige.

Cathain a bheidh sé ar siúl?

Beidh Oíche na hÓige ar siúl ar an Aoine, an 21 Samhain.

Cén fáth a bhfuil Oíche na hÓige ag tarlú?

Tá Oíche na hÓige ag tarlú mar thoradh ar spreagadh a fuarthas ón rath atá ar imeachtaí ar nós Oíche Chultúir agus Teach Oscailte, Baile Átha Cliath. Is ceiliúradh nua é Oíche na hÓige ina dtarraingítear aird ar an líonra bríomhar agus éagsúil de chlubanna agus seirbhísí óige atá i gcroílár na bpobal ar fud na hÉireann, áit a bhfoghlaimíonn, a bhforbraíonn agus a bhfásann daoine óga le chéile. Cabhróidh an t-imeacht le feasacht a mhúscailt faoin obair iontach atá ar siúl i seirbhísí óige agus tabharfaidh sé an t-aitheantas atá tuillte acu dóibh. Tá Oíche na hÓige ag fáil tacaíochta ó Dheiseanna don Óige: An Straitéis Náisiúnta um Obair Óige agus Seirbhísí Gaolmhara 2024 - 2028.

Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo feasacht a mhúscailt faoi sheirbhísí agus faoi dheiseanna atá ar fáil i bpobail áitiúla. Tarraingíonn sé aird ar an tionchar dearfach atá ag obair óige ar shaol daoine óga ar fud na hÉireann.

Cé atá in ann imeacht Oíche na hÓige a reáchtáil?

Cuirfidh an Roinn Oideachais agus Óige maoiniú ar fáil trí na Boird Oideachais agus Oiliúna ar féidir le clubanna agus tionscadail é a úsáid chun imeachtaí a bhaineann le hOíche na hÓige a óstáil.

Tá maoiniú deontais ar fáil chun cabhrú le clubanna rannpháirteacha le costais Oíche na hÓige, lena n-áirítear:

  • Bia agus deoch.
  • Ceol agus trealamh a fháil ar cíos.
  • Ábhair.
  • Taispeántais.
  • Siamsaíocht.
  • Costais eile a bhaineann leis an imeacht.
  • Costais bholscaireachta, lena n-áirítear na meáin, físeáin, grianghrafadóireacht agus priontáil, lena n-áirítear ábhair a ullmhú roimh Oíche na hÓige.

Is féidir le clubanna óige atá á maoiniú faoin Scéim Deontais do Chlubanna Óige Áitiúla iarratas a dhéanamh ar dheontais suas le €500 chun gníomhaíochtaí Oíche na hÓige a mhaoiniú.

Is féidir le clubanna óige atá á maoiniú faoi UBU d’Áit do Spás iarratas a dhéanamh ar dheontais suas le €1,200 chun gníomhaíochtaí Oíche na hÓige a mhaoiniú.

Suíomh Gréasáin

Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar gov.ie/Oideachas

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat