Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McEntee Córas Píolótach Iarratais Aonair d'Iontrálacha Iar-bhunscoile

Inniu, d'fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, agus an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan TD, go bhfuil Córas Píolótach Iarratais Aonair d’iontráil sa chéad bhliain in iar-bhunscoileanna á sheoladh i gcúig bhaile: Baile Átha an Rí, Cill Droichid, Cloich na Coillte, na Clocha Liatha, agus Tulach Mhór.

Soláthróidh an córas píolótach foirm iarratais aonair ar líne do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar áit chéad bhliana dá leanbh i scoileanna rannpháirteacha, lena n-áirítear ranganna speisialta.

Osclófar iarratais ón 1 Deireadh Fómhair 2025 d'áiteanna scoile i mí Mheán Fómhair 2026.

Dúirt an tAire McEntee:

"Táim tiomanta do chóras iarratais comhchoiteann a thabhairt isteach ar fud na tíre a chuíchóiríonn iontrálacha scoile do gach teaghlach. Cuirfidh sé sin athrú iomlán ar chúrsaí do thuismitheoirí agus do scoláirí, lena n-áirítear iad siúd atá ag lorg áite i rang speisialta.

"Inniu, tá an chéad chéim á glacadh againn i dtreo na spriocanna sin agus Córas Píolótach Iarratais Aonair á sheoladh do scoileanna i mBaile Átha an Rí, i gCill Droichid, i gCloich na Coillte, sna Clocha Liatha agus i dTulach Mhór.

"Céim thábhachtach is ea córas píolótach seo i dtreo próiseas iarratais scoile níos éifeachtaí, níos trédhearcaí agus níos cothroime a sholáthar. Laghdóidh sé an strus ar thuismitheoirí agus ar leanaí, maolóidh sé ualaí riaracháin ar scoileanna, agus tacóidh sé le pleanáil níos fearr d'áiteanna scoile.

"Cuireann an córas píolótach seo ar ár gcumas buntáistí luatha a sholáthar agus aiseolas criticiúil a bhailiú. Tá sé de chumas aige freisin a bheith bunathraitheach do theaghlaigh atá ag lorg socrúcháin oideachais speisialta.

"Beidh rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara thar a bheith tábhachtach ionas go mbeidh rath ar an gcóras píolótach, agus táim ag tnúth le bheith ag obair go dlúth le scoileanna, pátrúin, comhlachtaí bainistíochta, agus príomhpháirtithe leasmhara eile sna cúig cheantar phíolótacha."

Dúirt an tAire Moynihan:

"Is príomhghealltanas de chuid an rialtais seo córas iarratais comhchoiteann a chur i bhfeidhm ar fud na tíre, agus céim thábhachtach is ea an Córas Píolótach Iarratais Aonair seo chun an aidhm sin a bhaint amach.

"Is féidir leis an bpróiseas iarratais a bheith ina thréimhse strusmhar do theaghlaigh, go háirithe nuair atá socrúcháin oideachais speisialta i gceist, agus ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil cinnteacht agus suaimhneas intinne ag tuismitheoirí, agus ag an am céanna an próiseas riaracháin do scoileanna a shimpliú agus ár gcumas chun pleanáil chun cinn a dhéanamh a neartú tuilleadh.

"Cinnteoidh an córas píolótach go mbeidh cur chuige níos cuíchóirithe againn do theaghlaigh agus do scoileanna, lena n-áirítear iad siúd atá ag lorg socrúcháin i rang speisialta, agus tabharfaidh sé léargas luachmhar agus muid ag obair chun an córas a fheidhmiú ar bhonn céimnithe ar fud na tíre."

Céim shuntasach is ea an córas píolótach seo i dtaca le comhlíonadh an ghealltanais i gClár an Rialtais go dtabharfaí córas iarratais comhchoiteann isteach ar fud na tíre, a bhfuil sé mar aidhm aige strus a laghdú do thuismitheoirí agus do scoláirí le linn an phróisis iontrála scoile.

Féadfaidh tuismitheoirí iarratas a dhéanamh chuig scoil ar bith nó chuig gach scoil laistigh dá limistéar píolótach ar iarratas amháin ar líne. Ansin próiseálfaidh na scoileanna gach iarratas laistigh d'amlínte socraithe. I measc na bpríomhbhuntáistí a bhfuiltear ag súil leo ón gcóras píolótach tá:

  • Próiseas iarratais ar líne simplithe, comhaontaithe do thuismitheoirí
  • Níos mó cinnteachta agus soiléireachta do thuismitheoirí
  • Forchostais riaracháin laghdaithe do scoileanna
  • Iarratais dhúblacha a shainaithint níos luaithe
  • Sonraí feabhsaithe chun tacú le pleanáil scoile agus roinne
  • Léargas luachmhar chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt i dtreo córas náisiúnta sna blianta seo amach romhainn


Nótaí don Eagarthóir:

  • Le blianta beaga anuas, tá athruithe déimeagrafacha agus éileamh níos mó ar sholáthar ranganna speisialta do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu tar éis brú a chur ar iontrálacha scoile ar fud na tíre agus tá an brú sin ag méadú. Is féidir le hiarratais dhúblacha, teaghlaigh a roghnaíonn scoileanna ar leith, agus scoláirí a dhéanann iarratas ó lasmuigh den cheantar áitiúil an chuma a chur ar an scéal go bhfuil scoileanna níos láine ná mar atá siad. Is féidir leis na tosca sin léargas neamhiomlán a thabhairt ar líon na n-áiteanna atá ar fáil i scoileanna.
  • Mar fhreagairt ar na dúshláin sin agus de bhrí go bhfuil gealltanas i gClár an Rialtais go ndéanfar an próiseas iontrála a athchóiriú, tá an Roinn Oideachais agus Óige ag obair i dtreo córas iarratais comhchoiteann ar fud na tíre. Mar chéad chéim, tá an Córas Píolótach Iarratais Aonair ar líne le seoladh i bhfómhar na bliana 2025 do thimthriall iontrála 2026/27. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh sin an próiseas iarratais a chuíchóiriú, trédhearcacht a fheabhsú, agus tacú le pleanáil níos éifeachtaí agus le rochtain chothrom ar áiteanna scoile. Rud atá tábhachtach, tá sé mar aidhm aige freisin ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh córas láidir ar fud na tíre.
  • Beidh eolas mionsonraithe do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí ar fáil i mí Mheán Fómhair 2025.

Liosta de na scoileanna rannpháirteacha
Amharc amharc