Fógraíonn an tAire McEntee foilsiú na Nósanna Imeachta Nuashonraithe um Chosaint Leanaí do Scoileanna 2025
- Foilsithe: 28 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 28 Bealtaine 2025
Inniu, sheol an tAire Oideachais agus Óige, Helen Mc Entee TD, na Nósanna Imeachta nuashonraithe um ChosaintLeanaí do Scoileanna 2025.
Forbraíodh na nósanna imeachta nuashonraithe i gcomhar leis na comhpháirtithe oideachais a chuimsigh ionadaithe ó chomhlachtaí bainistíochta, ó cheardchumainn agus ó Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí, agus chomh maith leis sin, chuir tuairimí ó leanaí agus daoine óga, tuismitheoirí agus an pobal oideachais i gcoitinne bonn eolais fúthu.
Ó tugadh isteach nósanna imeachta um chosaint leanaí i scoileanna, tá na hoibleagáidí agus na freagrachtaí a eascraíonn as na nósanna imeachta glactha go han-dáiríre ag scoileanna agus tá cultúr an-láidir um chosaint leanaí ar fud earnáil na scoileanna. Tugann siad treoir do bhainistíocht agus d’fhoireann na scoileanna maidir le hábhair imní faoi chosaint leanaí a aithint agus freagairt dóibh agus maidir leis an bpróiseas chun tacaíocht leanúnach a thabhairt don leanbh.
Cuireann an nuashonrú breise seo ar na nósanna imeachta um chosaint leanaí do scoileanna san áireamh fuílleach na moltaí san Athbhreithniú Ardleibhéil Neamhspleách ar Pholasaithe agus Próisis Reatha um Chosaint Leanaí na Roinne Oideachais a raibh sé mar aidhm aige aon bhearnaí, rioscaí nó réimsí feabhsúcháin atá ann agus/nó a d'fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus chun moltaí a dhéanamh maidir le feabhsúcháin sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma. Rinneadh breithniú sna nósanna imeachta freisin ar na moltaí um chosaint leanaí ó Thuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe ar Mhí-úsáid Ghnéis Stairiúil i Scoileanna a Bhí á Reáchtáil ag Oird Rialta chun na nósanna imeachta seo a nuashonrú tuilleadh.
Dúirt an tAire McEntee:
“Tá gach duine freagrach as cosaint leanaí. Tá an deis a bheith rathúil ar scoil tuillte ag gach leanbh agus duine óg. Is eol dúinn, áfach, nach mar sin a bhíonn an scéal do gach leanbh. D'fhéadfadh tionchar millteach agus buan a bheith ag mí-úsáid agus an deis atá acu a bheith sona agus barr a gcumais a bhaint amach á ceilt ar leanaí.
“Tá sé ríthábhachtach go n-aithneodh gach duine againn an ról ríthábhachtach is féidir a bheith againn chun leanaí agus daoine óga a choinneáil slán ó dhíobháil. De réir mar a éilítear san Acht um Thús Áite do Leanaí, tá sé ríthábhachtach go mbeadh beartais láidre um chosaint leanaí i bhfeidhm ag gach eagraíocht a bhfuil cúram leanaí leagtha orthu agus go seasfadh gach duine san eagraíocht leo sin.
"Cuirfidh na nósanna imeachta nua seo acmhainní luachmhara agus treoir ar fáil do scoileanna maidir leis an mbealach ar féidir leo daltaí agus scoláirí a chosaint. Leagtar béim an athuair iontu ar róil agus ar fhreagrachtaí na mball go léir de phobal na scoile maidir le leanaí a chosaint. Cuirfear oiliúint ar gach ball foirne scoile agus beidh rogha leathan de theimpléid agus acmhainní ann mar thacaíocht dá bhfeidhmiú."
Is féidir teacht ar na nósanna imeachta nuashonraithe anseo.
Má tá imní ar bith ar aon duine maidir le sábháilteacht nó leas linbh nó duine óig ag am ar bith, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidís a n-ábhair imní a thuairisciú do Tusla nó don Gharda Síochána.