Deimhníonn an tAire McEntee coigeartuithe measúnaithe don Ardteistiméireacht in 2026
- Foilsithe: 5 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 5 Samhain 2025
I ndiaidh chruinniú an Rialtais inné, dheimhnigh an tAire McEntee ar aghaidh le baint an choigeartaithe iarmharcála ag an Ardteistiméireacht, a tosaíodh in 2025, de réir a chéile in 2026, nuair a thabharfar torthaí na hArdteistiméireachta go comhiomlán go dtí beagán faoi bhun leibhéil 2020.
Dheimhnigh an tAire freisin cur chuige de réir a chéile maidir le deireadh a chur le coigeartuithe measúnaithe, atá i bhfeidhm do scoláirí na hArdteistiméireachta le blianta beaga anuas. Fanfaidh siad seo i bhfeidhm go dtí go dtabharfar isteach curaclaim athbhreithnithe agus scrúduithe i bhformáid nua faoi Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí.
Bhí an méid seo le rá ag an Aire:
"Beidh scrúduithe 2026 ar siúl níos mó ná sé bliana ó thús phaindéim COVID-19 agus tá sé ríthábhachtach go bhfillfimid ar na gnáthshocruithe réamh-phaindéime chun sláine na scrúduithe tábhachtacha seo a choinneáil. Mar sin féin, ba mhaith liom a dheimhniú dár scoláirí in 2026 go leanfar leis an bhfilleadh ar an ngnáthnós de réir a chéile agus go mall. Fanfaidh na torthaí comhiomlána in 2026 díreach faoi bhun leibhéil 2020, agus na torthaí sin níos mó ná ceithre phointe céatadáin os cionn leibhéil 2019.
"Le blianta beaga anuas, rinneadh coigeartuithe measúnaithe ar scrúduithe, rud a thug rogha níos mó do scoláirí ar scrúdpháipéir na hArdteistiméireachta, laghdú ar na riachtanais do roinnt den obair chúrsa agus, mar shampla, laghdú ar líon na sraitheanna pictiúr do bhéaltrialacha Gaeilge na hArdteistiméireachta. Tá áthas orm a dheimhniú inniu go bhfanfaidh na coigeartuithe sin i bhfeidhm go dtí go gcuirfidh na sonraíochtaí agus na formáidí scrúdaithe athbhreithnithe atá ar an mbealach faoi Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí deireadh leo. Ciallaíonn sé sin go mbainfidh scoláirí na hArdteistiméireachta in 2027 leas as coigeartuithe measúnaithe sa Ghaeilge, sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic chomh maith le 29 ábhar eile.
"Glacfar cur chuige céim ar chéim den chineál céanna maidir le deireadh a chur de réir a chéile leis na coigeartuithe measúnaithe a cuireadh i bhfeidhm le blianta beaga anuas don Ardteistiméireacht Fheidhmeach.
Dheimhnigh an tAire freisin nach mbeidh ar scoláirí na Sraithe Sóisearaí atá le scrúduithe a dhéanamh in 2027 agus in 2028 ach Measúnú Rangbhunaithe amháin a dhéanamh, mar a rinneadh le blianta beaga anuas.
Dúirt an tAire:
“Is eol dúinn ón taighde go bhfuil MRBanna tábhachtach chun cabhrú le scoláirí scileanna tábhachtacha na Sraithe Sóisearaí a fhorbairt, agus go mbaineann scoláirí taitneamh as foghlaim ar an mbealach sin. Mar sin féin, chuir an phaindéim isteach ar chur i bhfeidhm iomlán na socruithe measúnaithe athbhreithnithe faoin tSraith Shóisearach agus níor tugadh faoi shraith iomlán na MRBanna riamh. Ós rud é go mbeimis ag filleadh ar nós imeachta nua, is iomchuí am a thabhairt chun athbhreithniú a dhéanamh ar na MRBana, agus an taithí go dtí seo á cur san áireamh, chun ábhar a athnuachan agus a nuashonrú de réir mar is gá agus leanúint de thacaíocht iomlán a thabhairt d’fhoghlaim na scoláirí."
Fanfaidh coigeartuithe ar riachtanais don obair chúrsa agus don obair phraiticiúil in ábhair áirithe sa tSraith Shóisearach i bhfeidhm dóibh siúd a dhéanfaidh na scrúduithe in 2027, agus ní bheidh feidhm acu a thuilleadh dóibh siúd a dhéanfaidh an tSraith Shóisearach in 2028.
Nótaí d’Eagarthóirí
Mar thoradh ar fheidhmiú na nGrád Ríofa in 2020 agus na nGrád Creidiúnaithe in éineacht le scrúduithe in 2021, bhí na torthaí foriomlána go comhiomlán os cionn thorthaí 2019 ar an meán.
Ba chomhartha tábhachtach é filleadh na scrúduithe scríofa do gach iarrthóir in 2022 ar an ngnáth-nós imeachta tar éis na paindéime. Rinneadh é sin a chothromú trí chéimeanna a ghlacadh chun freagairt do chur isteach ar theagasc agus ar fhoghlaim. I measc na gcéimeanna sin bhí coigeartuithe ar na scrúduithe agus ar na measúnuithe féin, agus coigeartú iarmharcála ar na marcanna a bronnadh tríd an ngnáthphróiseas marcála. Bhí sé mar aidhm ag an dara ceann sin tacú le scoláirí ionas nach mbeidís faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar “imeall aille” i ngráid chomhiomlána, agus iad ag dul san iomaíocht le cohóirt na mblianta roimhe sin chun teacht ar chonairí chun cinn, chuig an ardoideachas go háirithe.
Choinnigh an coigeartú iarmharcála gráid ag an leibhéal céanna go dtí 2024, agus thosaigh an filleadh de réir a chéile ar ghnáth-thorthaí na hArdteistiméireachta in 2025. Thug sé seo an tsraith iomlán torthaí go comhiomlán go dtí pointe díreach os cionn leath bealaigh idir leibhéil 2020 agus 2021 ar an meán. In 2026, tá sé beartaithe go dtitfidh na torthaí comhiomlána go dtí díreach faoi bhun leibhéil 2020.
In 2027, is dóigh go laghdóidh na torthaí san iomlán faoi mhéid cosúil leis an méid idir 2025 agus 2026.
Táthar ag súil nach mbeidh gá le coigeartú iarmharcála a chur i bhfeidhm in 2027, má fhanann torthaí an phróisis marcála cosúil le torthaí 2025 a bhí beagán os cionn 2019 iad féin.
Tar éis an phróisis marcála in 2026, déanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit anailís mhionsonraithe ar na torthaí amha chun cruth deiridh aon choigeartaithe iarmharcála a chinneadh, ag cinntiú cur chuige de réir a chéile.
Coigeartuithe ar Scrúduithe agus ar Mheasúnuithe don Ardteistiméireacht Bhunaithe agus don Ardteistiméireacht Fheidhmeach
Leanfaidh coigeartuithe ar shocruithe scrúdaithe agus measúnaithe a bhí i bhfeidhm in 2025 de bheith i bhfeidhm in 2026, i gcomhréir le fógra an Aire McEntee i mí Aibreáin seo caite.
I gcás 2027 agus ina dhiaidh sin, leanfaidh na coigeartuithe seo ar aghaidh go dtí go gcuirfear sonraíochtaí ábhair athbhreithnithe agus formáidí scrúduithe nua ina n-áit faoi Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí.
Mar shampla, in 2027, beidh coigeartuithe i ngach ábhar seachas iad siúd i dTráinse 1 d'Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí. Ar an gcaoi chéanna, in 2028, beidh feidhm ag coigeartuithe i ngach ábhar seachas iad siúd i dTráinse 1 agus i dTráinse 2 d'Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí, agus mar sin de. Tá na hábhair atá le cur san áireamh i ngach Tráinse curtha in iúl do scoileanna, do scoláirí agus do pháirtithe leasmhara cheana féin.
I measc na gcoigeartuithe atá i bhfeidhm faoi láthair don Ardteistiméireacht Fheidhmeach tá laghdú ar líon na dtascanna atá le cur i gcrích ag scoláirí i mBliain 2 agus leanúint d'fhachtóir scálaithe 1.15 a chur i bhfeidhm ar thorthaí scrúduithe scríofa in ionad coigeartuithe ar scrúdpháipéir.
Déanfaidh scoláirí atá ag dul isteach sa chúigiú bliain agus san Ardteistiméireacht Fheidhmeach in 2025 agus 2026 na tascanna go léir i mBliain 2. Mar sin féin, leanfar de bheith ag cur an fhachtóra scálaithe 1.15 i bhfeidhm. Ní chuirfear an fachtóir scálaithe i bhfeidhm i gcás scoláirí a bheidh ag dul isteach san Ardteistiméireacht Fheidhmeach in 2027 agus ina dhiaidh sin, a mbeidh a scrúduithe á ndéanamh acu in 2029. Léiríonn an cur chuige céimnithe seo an deireadh atá á chur de réir a chéile le coigeartuithe measúnaithe san Ardteistiméireacht Bhunaithe, agus 26 ábhar san Ardteistiméireacht Bhunaithe as 41 gan aon choigeartuithe in 2029, agus cuid mhaith díobh sin i measc na n-ábhar is airde maidir le líon.
Coigeartuithe na Sraithe Sóisearaí
Sa tSraith Shóisearach, ciallaíonn na coigeartuithe nach gá ach measúnú rangbhunaithe (MRB) amháin a chur i gcrích, seachas dhá cheann, agus ní dhéantar an tasc measúnaithe a scrúdú.
Beidh na socruithe sin, atá i bhfeidhm do chohórt 2026, i bhfeidhm go fóill dóibh siúd a dhéanfaidh an tSraith Shóisearach in 2027 agus 2028, go dtí go gcuirfidh CNCM athbhreithniú i gcrích. San athbhreithniú, cuirfear an ról lárnach agus riachtanach atá ag MRBanna maidir le torthaí foghlama san áireamh, agus cinnteofar go gcuirfidh an “gnáthnós nua” i dtaca le líon agus ábhair don todhchaí san áireamh an taithí go dtí seo agus ailíniú leis an tSraith Shinsearach.
Ó 2022 i leith, tá coigeartuithe i bhfeidhm freisin do na comhpháirteanna nó na tionscadail phraiticiúla in ábhair na Sraithe Sóisearaí mar atá: Amharc-Ealaín, Innealtóireacht, Grafaic, Ceol, Eacnamaíocht Bhaile, Teicneolaíocht Fheidhmeach agus Teicneolaíocht Adhmaid, rud a laghdaíonn méid na hoibre cúrsa.
Ní bheidh feidhm ag na coigeartuithe sin i gcás scoláirí a chuaigh isteach sa chéad bhliain i mí Mheán Fómhair 2025.