English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire McEntee an tionscadal píolótach ‘Foraois’ chun beocht a chur sa Ghaeilge lasmuigh de gheataí na scoile

Sheol an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, an tionscadal píolótach ‘Foraois’ i nGaelscoil Cholmcille sa Chúlóg inniu. Oibreoidh Foraois le scoláirí agus le pobail scoile chun tionscadail bhríomhara a thógáil taobh amuigh den seomra ranga a thabharfaidh deiseanna do dhaoine óga úsáid a bhaint as an nGaeilge mar ghnáththeanga phobail.

Tá cúig scoil páirteach sa tréimhse phíolótach den tionscadal:

  • Gaelcholáiste Reachrann, Domhnach Míde (iar-bhunscoil)
  • Gaelscoil Cholmcille, An Chúlóg (bunscoil)
  • Gaelscoil Ghráinne Mhaol, Domhnach Míde (bunscoil)
  • Gaelscoil Míde, Cill Bharróg (bunscoil)
  • Scoil Neasáin, Baile Hearmann (bunscoil).

Agus í ag seoladh an tionscadail, dúirt an tAire McEntee:

“Tá an-áthas orm an tionscadal nuálach, spreagúil seo a sheoladh, a chuirfidh bealaí fónta, nádúrtha agus spraíúla ar fáil do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid lasmuigh den scoil. Tugann an t-oideachas lán-Ghaeilge deis ar leith do dhaltaí agus do scoláirí ceangal fad saoil a thógáil leis an teanga. Tá polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus Plean Gnímh don Ghaeilge i scoileanna meán-Bhéarla á bhfhorbairt ag mo roinn. Sa chomhthéacs seo, tá sé mar aidhm againn pobail labhartha Gaeilge a chruthú agus a chothú thart ar ár nGaelscoileanna agus ár nGaelcholáistí. Beidh ról tábhachtach ag an tionscadal seo chun an sprioc sin a bhaint amach. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus le Conradh na Gaeilge as bheith ag obair i gcomhpháirt linn ar an tionscadal seo.”

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Richard Shakespeare, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath:

"Tá Baile Átha Cliath ag athrú os comhair ár súl, tá na mílte duine óg inár gcathair ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid mar theanga phobail. Le Foraois, táimid ar bís na struchtúir phobail a chatalú a éascóidh é seo do pháistí a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoll acu. Cuirfidh an tionscadal píolótach seo deiseanna ar fáil d'eispéiris tumtha a thacóidh le foghlaimeoirí óga teanga, an Ghaeilge a úsáid ina bpobail áitiúla."

Tá an tionscadal á chómhaoiniú ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, i gcomhréir lena bPlean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail, agus an Roinn Oideachais agus Óige, faoin bpolasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, atá le foilsiú ag an roinn níos déanaí sa bhliain.

Tacóidh Conradh na Gaeilge leis an tionscadal agus, le tacaíocht ón roinn agus ón gcomhairle, fostóidh siad bainisteoir cláir chun oibriú leis na scoileanna agus leis na heagraíochtaí áitiúla chun na líonraí agus na struchtúir phobail a chruthú agus a chur chun cinn.

Agus an tionscadal píolótach á fhógairt, dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá lúcháir orainn i gConradh na Gaeilge a bheith páirteach sa tionscadal ceannródaíoch seo. Tá sé soiléir ó obair na gcomhairliúchán go bhfuil fonn agus cumas ag daoine óga an Ghaeilge a úsáid sa saol laethúil – ní hamháin sa seomra ranga ach sa phobal freisin. Tríd an tionscadal nua Foraois, táimid ag tógáil struchtúir a spreagfaidh úsáid nádúrtha, fadsaoil na teanga i measc glúin nua cainteoirí. Tá an fhís seo ríthábhachtach d’athbheochan na Gaeilge agus don sprioc pobail atá á forbairt againn le chéile.”

Sa chomhairliúchán a reáchtáil an Roinn Oideachais agus Óige mar chuid d’fhorbairt an pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, aithníodh go raibh níos mó deiseanna á lorg ag daoine óga i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí an Ghaeilge a úsáid lasmuigh den seomra ranga. Tá sé i gceist leis an tionscadal Foraois na deiseanna sin a chur ar fáil trí oibriú le scoileanna, daltaí agus scoláirí chun clubanna, cumainn agus cláir forbartha a bhunú a thacóidh le h-úsáid laethúil na Gaeilge. Cuirtear na síolta don cheangal fad saoil leis an nGaeilge tríd an t-oideachas lán-Ghaeilge – tá sé mar aidhm ag Foraois na struchtúir agus an tacaíocht a chur ar fáil ionas go bhfásann foraois bhisiúil as na síolta sin.

Clárbhainisteoir á earcú ag Conradh na Gaeilge anois don tionscadal píolótach Foraois. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ag bit.ly/CBForaois.