Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire McEntee an suirbhé is mó riamh ar thuismitheoirí bunscoile agus réamhscoile

Iarrann an tAire ar na tuismitheoirí bunscoile agus réamhscoile go léir a dtuairimí a thabhairt maidir le todhchaí an tsoláthair scoile

Inniu, d'fhógair an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, céim mhór chun rogha tuismitheoirí san oideachas a leathnú nuair a sheol sí suirbhé ar líne ar thuismitheoirí, caomhnóirí agus ar phobail bhunscoile. Sa suirbhé – an ceann is mó dá leithéid a rinneadh riamh in Éirinn – déanfar measúnú ar éileamh tuismitheoirí ar chineálacha éagsúla soláthair bunscoile, lena n-áirítear pátrúnacht, comhoideachas agus soláthar lán-Ghaeilge.

Iarrfar ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí leanaí atá sa bhunscoil nó atá fós le tosú ar an mbunscoil – chomh maith le baill foirne bunscoile agus baill de Bhoird Bhainistíochta bunscoile – páirt a ghlacadh.

Cuirfear tús leis an suirbhé inniu, an 4 Samhain, agus mairfidh sé go dtí an 16 Nollaig 2025.

Dúirt an tAire McEntee:

"Caithfidh ár gcóras oideachais ár sochaí a léiriú ach níos tábhachtaí fós, caithfidh sé freagairt do na nithe a theastaíonn ó thuismitheoirí dá gcuid leanaí. Sin é an fáth a bhfuil an-áthas orm an suirbhé is mó riamh a sheoladh ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí daltaí réamhscoile agus bunscoile, chun a fháil amach cén cineál oideachais ba mhaith leo a fheiceáil dá leanbh.

"Seo an chéad uair a bheidh deis ag tuismitheoirí, caomhnóirí, múinteoirí agus baill bhoird i ngach pobal bunscoile in Éirinn a chur in iúl go soiléir cén cineál scoile is mian leo a fheiceáil ina gceantar.

"Má dhéanaimid measúnú ar éileamh na dtuismitheoirí i ngach pobal, is féidir linn an riachtanas a aithint agus oibriú le scoileanna chun tacú leo tríd an bpróiseas sin.

"Sa chás gur mian le scoileanna roghanna a iniúchadh, cuirfidh mo roinn tacaíocht dhíreach ar fáil, lena n-áirítear éascaitheoir a cheapadh chun oibriú le boird, le baill foirne agus le tuismitheoirí.

"Cuideoidh rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara le cuir chuige atá i bhfeidhm cheana féin a neartú, rud a chinnteoidh soiléireacht agus comhsheasmhacht do scoileanna agus do thuismitheoirí. Cabhróidh sé freisin lena chinntiú go seasfar le ceart gach linbh i leith eispéireas oideachais cuimsitheach agus measúil."

Beidh gach freagra ar an suirbhé faoi rún agus gan ainm. I réimsí ina léiríonn tuismitheoirí agus caomhnóirí daltaí reatha agus daltaí amach anseo spéis i soláthar malartach, cabhróidh an roinn le pobail scoile agus cuirfidh sí tacaíocht ar fáil dóibh.

Chun cabhrú leis na gnéithe praiticiúla a bhaineann leis an athchumrú, beidh maoiniú aon uaire suas le €5,000 ar fáil do gach scoil a bheidh rannpháirteach chun costais feidhmithe a chlúdach, mar shampla comharthaíocht, stáiseanóireacht nó láithreáin ghréasáin a nuashonrú.

I measc na samplaí de bhunscoileanna ar fud na hÉireann a bhfuil athruithe tagtha orthu sna trí réimse atá á measúnú le blianta beaga anuas tá:

SAMPLAÍ

  • Pobalscoil Náisiúnta an Aonaigh, Tiobraid Árann, a d'athraigh pátrúnacht ó Dheoise Chill Dá Lua go Bord Oideachais agus Oiliúna Thiobraid Árann in 2022
  • Bunscoil Synge, Sráid Synge, Baile Átha Cliath 8, a tiontaíodh ina scoil lán-Ghaeilge roinnt blianta ó shin
  • Scoil Náisiúnta Iosáf agus Courtenay, an Caisleán Nua Thiar, Luimneach, a bhain stádas mar scoil comhoideachais amach ó mhí Mheán Fómhair 2025

Is féidir teacht ar eolas maidir le comhoideachas, pátrúnacht / éiteas agus oideachas lán-Ghaeilge anseo: www.gov.ie/primaryschoolsurvey.

Tá an suirbhé ar líne ar fáil anseo: www.gov.ie/primaryschoolsurvey.

CRÍOCH

Nótaí d’eagarthóirí

Suirbhé Scoile www.gov.ie/primaryschoolsurvey – live

Forléargas ar an Suirbhé Bunscoile

Cad é an Suirbhé Bunscoile?

Sa Suirbhé Bunscoile, iarrtar ar thuismitheoirí, caomhnóirí, baill foirne scoile agus baill de bhoird bhainistíochta a rogha léiriú maidir leis na bunscoileanna ina n-oibríonn siad, nó a bhfreastalaíonn a leanaí orthu faoi láthair, nó a bhfreastalóidh a leanaí orthu sna blianta amach romhainn. Bainfidh an Roinn Oideachais agus Óige úsáid as torthaí an tsuirbhé chun pleanáil a dhéanamh maidir leis an gcaoi a gcuirimid oideachas ar fáil ag an mbunleibhéal, agus lena chinntiú go bhfreastalaíonn scoileanna ar riachtanais a bpobal áitiúil.

Cén fáth a bhfuil an Roinn Oideachais agus Óige ag tabhairt faoin suirbhé seo?

Léiríonn pobail scoile an tsochaí shaibhir agus éagsúil ina mairimid. I gcomhthéacs na timpeallachta ina bhfuil scoileanna ag feidhmiú agus an timpeallacht sin ag athrú, tá sé an-tábhachtach sonraí cothrom le dáta a bheith ar fáil agus go háirithe, sonraí soiléire maidir le roghanna tuismitheoirí agus caomhnóirí i dtaca leis na bunscoileanna a bhfreastalaíonn a gcuid leanaí orthu faoi láthair, nó a bhfreastalóidh siad orthu sna blianta amach romhainn. Cabhróidh torthaí an tsuirbhé leis an Roinn soláthar oideachais a phleanáil ag an mbunleibhéal. Cuirfidh torthaí an tsuirbhé ar chumas gach scoile, i gcomhar lena pobal scoile, breithniú a dhéanamh ar na bearta atá ag teastáil chun freastal ar éileamh na dtuismitheoirí ar an mbealach is fearr.

Cad iad na ceisteanna a chuirfear sa suirbhé?

Cuireann an suirbhé gearr, ar líne, a bhaineann go sonrach le scoil, líon beag ceisteanna, lena n-áirítear iad seo a leanas:

· Arbh fhearr leat do bhunscoil a bheith ina scoil chomhoideachais nó ina scoil aonghnéis?

· Arbh fhearr leat go bhfeidhmeodh do bhunscoil faoi phátrún sainchreidmheach (reiligiúnach) nó faoi phátrún il-sainchreidmheach (neamhreiligiúnach)?

· Arbh fhearr leat go gcuirfeadh do bhunscoil oideachas ar fáil go príomha trí Bhéarla nó trí Ghaeilge?

Cathain a osclófar an suirbhé agus cá fhad a mhairfidh sé?

Beidh an suirbhé ar oscailt ón 4 Samhain go dtí an 16 Nollaig 2025.

Cé hiad siúd ar chóir dóibh an suirbhé a chomhlánú?

Is dóibh seo a leanas an suirbhé seo:

· Tuismitheoirí agus caomhnóirí leanaí nár thosaigh ar an mbunscoil go fóill.

· Tuismitheoirí agus caomhnóirí leanaí atá ag freastal ar an mbunscoil faoi láthair

· Baill foirne i mbunscoileanna

· Baill de Bhoird Bhainistíochta i mbunscoileanna

Conas a dhéanaim an suirbhé a chomhlánú?

Is féidir an suirbhé a chomhlánú ar líne agus tá sé ar fáil ó www.gov.ie/primaryschoolsurvey. I gcás tuismitheoirí agus caomhnóirí ar bith nach bhfuil in ann suirbhé ar líne a chomhlánú ar chúiseanna pearsanta, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an roinn ag schoolsurvey@education.gov.ie chun cúnamh a fháil.

Cathain a bheidh torthaí an tsuirbhé ar fáil?

Déanfar torthaí ardleibhéil tosaigh a fhoilsiú go luath in 2026.

Cad a tharlóidh do thorthaí an tsuirbhé?

Bainfidh an Roinn úsáid as torthaí an tsuirbhé mar ionchur ina cuid anailíse ar shonraí náisiúnta, áitiúla agus ar shonraí a bhaineann go sonrach le scoil chun cabhrú leis an Roinn maidir le pleanáil ag leibhéal na bunscoile. Oibreoidh an Roinn le páirtithe leasmhara ábhartha chun torthaí na suirbhéanna a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs na pleanála scoile amach anseo. Ní céim dheiridh atá sa suirbhé seo. Sa chás go bhfuil tacaíocht shoiléir ó thuismitheoirí agus ó chaomhnóirí chun athrú a bhreithniú, cuirfear tús le próiseas cuimsitheach plé eile.

Cé leis ar cheart do thuismitheoirí teagmháil a dhéanamh má tá siad ag iarraidh plé a dhéanamh ar sholáthar riachtanas speisialta oideachais dá leanbh/dá leanaí?

Bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí oideachais do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus béim ar leith ar leanaí. Cuirtear seirbhís áitiúil CNOS ar fáil trína líonra náisiúnta d'Eagraithe Riachtanais Speisialta Oideachais (ERSO) a idirghníomhaíonn le tuismitheoirí agus le scoileanna. Tá méadú tagtha ar líon na ERSOanna ó 65 go 120 agus é mar aidhm acu leibhéal seirbhíse feabhsaithe a chur ar fáil do thuismitheoirí agus do scoileanna.

Ba chóir do thuismitheoirí leanaí agus daoine óga atá ag lorg rang speisialta nó áit scoile speisialta teagmháil a dhéanamh le CNOS agus aird a thabhairt ar an bpróiseas bliantúil agus ar na hamlínte chun fógra a thabhairt do CNOS. Mar shampla, iarradh orthu siúd atá ag lorg rang speisialta nó áit scoile speisialta do scoilbhliain 2026/2027 fógra a thabhairt do CNOS faoin 1 Deireadh Fómhair 2025.

Sonraí teagmhála CNOS: https://ncse.ie/contact-the-ncse.

Tá aon teagmháil ag tuismitheoir nó caomhnóir le CNOS agus/nó ERSO maidir le soláthar riachtanas speisialta go hiomlán ar leithligh ón suirbhé bunscoile. Tá gach freagra ar an suirbhé faoi rún. Cosnóidh an Roinn aitheantas na ndaoine a fhreagraíonn don suirbhé. Ní fhoilseoidh an roinn aon fhreagra aonair do scoileanna, ná ní ainmneoidh sí aon tuismitheoir, caomhnóir nó leanbh dóibh.

Eolas faoi na príomhthéarmaí atá san áireamh sa suirbhé

Cuirtear líon beag ceisteanna sa suirbhé, lena n-áirítear na réimsí seo a leanas:

  1. comhoideachas nó scoil aonghnéis
  2. pátrúnacht/éiteas
  3. Teanga (oideachas trí Bhéarla nó trí Ghaeilge)

Tugaimid míniú ar gach ceann de na réimsí sin thíos.

1. Scoileanna comhoideachas nó scoileanna aonghnéis

Cuireann thart ar 90% de bhunscoileanna in Éirinn oideachas ar fáil do bhuachaillí agus do chailíní i ngach rang. Tugaimid comhoideachas air sin. Is bunscoileanna aonghnéis iad an 10% eile nó mar sin agus cuireann siad oideachas ar fáil do bhuachaillí amháin nó do chailíní amháin i roinnt ranganna nó i ngach rang.

An Cineál Scoile

Céatadán na mbunscoileanna go neasach

Bunscoileanna comhoideachais (buachaillí agus cailíní a fhaigheann oideachas sa scoil chéanna)

90%

Bunscoileanna aonghnéis

10%

2. pátrúnacht/éiteas

I dtaca leis na bunscoileanna aitheanta go léir (beag beann ar an bpátrún):

· leanann siad an curaclam náisiúnta

· leanann siad rialacha agus rialacháin na Roinne Oideachais agus Óige

· tá pátrún scoile acu

Ceapann pátrún na scoile Bord Bainistíochta chun an scoil a bhainistiú thar a cheann. Faoin Acht Oideachais, 1998 cinneann an pátrún éiteas na scoile freisin.

Éiteas na mBunscoileanna

Sainchreidmheach – Caitliceach

88.3%

Sainchreidmheach - Reiligiúin eile, Eaglais na hÉireann den chuid is mó

6.2%

Il-sainchreidmheach

5.5%

Foghlaimíonn leanaí i scoileanna il-sainchreidmheacha faoi gach creideamh agus córas creidimh mar chuid den lá scoile. Úsáideann siad cláir il-sainchreidmheacha, amhail:

· Goodness Me! Goodness You de chuid Bhunscoileanna Pobail na mBord Oideachais agus Oiliúna

· Learn Together de chuid Fhoghlaim le Chéile

· Croí na Scoile de chuid an Fhorais Pátrúnachta.

3. Teanga (oideachas trí Bhéarla nó trí Ghaeilge)

Cuireann 92% de na bunscoileanna oideachas ar fáil trí Bhéarla. Cuireann an 8% eile oideachas trí Ghaeilge ar fáil.

Teanga Theagaisc

Céatadán na mbunscoileanna

Oideachas trí Bhéarla

92%

Oideachas trí Ghaeilge

8%

Statement from school patrons
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat