Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire McEntee Polasaí Nua don Oideachas Lán-Ghaeilge agus Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla

Sheol an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, dhá mhórfhorbairt inniu atá dírithe ar oideachas na Gaeilge a neartú ar fud na tíre: an Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus an Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla. I dteannta a chéile, is cloch mhíle shuntasach iad seo maidir le teagasc, foghlaim agus úsáid na Gaeilge i scoileanna lán-Ghaeilge agus i scoileanna meán-Bhéarla araon.

Leagtar amach sa Pholasaí nua don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht fís na Roinne Oideachais agus Óige don oideachas lán-Ghaeilge, lena n-áirítear go mbeidh "oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chách, i suíomhanna oideachais atá cuimsitheach agus ilchultúrtha". Cuirfear tacaíochtaí ar fáil faoin bpolasaí lena n-áirítear uaireanta tacaíochta teanga don Ghaeilge, forbairt acmhainní, agus treoir agus deiseanna foghlama gairmiúla múinteoirí.

Gníomh lárnach faoin bpolasaí is ea Tascfhórsa ar Mhúnlaí Soláthair don Oideachas Lán-Ghaeilge a bhunú, a thabharfaidh páirtithe leasmhara agus oifigigh na roinne le chéile chun bealach chun cinn a chomhdhearadh chun an earnáil a fhás agus é mar aidhm aige deiseanna a leathnú do pháistí agus do dhaoine óga a gcuid oideachais a fháil trí Ghaeilge. Tionólfar an chéad chruinniú den tascfhórsa níos déanaí an mhí seo.

Ag labhairt di ag an ócáid seolta ar champas comhroinnte Ghaelscoil Bhrian Bóroimhe agus Scoil Náisiúnta Sord Educate Together, dúirt an tAire McEntee:

"Faoin bpolasaí seo, cinnteoimid go mbeidh éiceachóras de thacaíochtaí agus acmhainní cuí ar fáil do scoileanna agus dá bpobail. Áireofar leis seo uaireanta tacaíochta teanga don Ghaeilge a chur ar fáil do scoileanna ar bhonn céimnithe, a chabhróidh le scoileanna tacú le riachtanais éagsúla teanga na ndaltaí agus na scoláirí, agus tacaíocht agus treoir a chur ar fáil ó COGG agus Oide. Oibreoimid freisin chun a chinntiú go mbeidh níos mó deiseanna ag páistí agus daoine óga taithí a fháil ar an nGaeilge mar theanga bheo taobh amuigh den seomra ranga.

"Bhí comhoibriú ríthábhachtach chun an polasaí seo a fhorbairt agus beidh sé ríthábhachtach chun é a chur i bhfeidhm go rathúil. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo siúd go léir a chuir leis an bpróiseas comhairliúcháin, go háirithe lenár leanaí agus ár ndaoine óga a raibh a nguth lárnach i múnlú an pholasaí seo."

Ina theannta sin, d'fhoilsigh an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee, Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla, a chuirfear i bhfeidhm laistigh de thréimhse dhá bhliain ó 2025 go 2027 i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna meán-Bhéarla. Cuirfidh an plean gnímh nua feabhas ar theagasc, ar fhoghlaim agus ar úsáid na Gaeilge ag breis agus 900,000 dalta agus scoláire a fhreastalaíonn ar scoileanna meán-Bhéarla.

Tá ceithre bhunchloch lárnacha mar bhonn faoin bplean nua:

  • Meonta dearfacha a chothú i leith na Gaeilge
  • Úsáid na Gaeilge a mhéadú
  • Tacú le rochtain ag gach leanbh agus duine óg ar fhoghlaim na Gaeilge
  • Tacaíochtaí don Ghaeilge a chomhtháthú.

Soláthrófar tacaíochtaí faoin bplean gnímh, lena n-áirítear deiseanna foghlama gairmiúla do mhúinteoirí, acmhainní nua a fhorbairt, agus breis deiseanna do leanaí agus do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid. Díreofar mar thosaíocht ar thacú le múinteoirí cleachtas éifeachtach a roinnt agus rochtain níos fearr a bheith acu ar acmhainní agus úsáid a bhaint astu.

Dúirt an tAire McEntee:

"Is cuid bheo, chomhroinnte d’ár bhféiniúlacht náisiúnta í an Ghaeilge. Leagtar amach sa phlean gnímh bealach praiticiúil chun tosaigh atá dírithe ar mhuinín agus díograis a chothú maidir lena húsáid i scoileanna meán-Bhéarla. Is é an sprioc atá againn ná go mbeidh taithí ar an nGaeilge mar theanga bheo, ní mar ábhar scoile amháin.

“Léiríonn an plean gnímh seo an iliomad tuairimí a chuala muid le linn comhairliúchán fairsing náisiúnta agus le scoileanna. Léiríonn sé go mór tuairimí leanaí agus daoine óga. Ba mhaith linn go mbraithfeadh gach dalta agus scoláire i ngach seomra ranga go mbaineann an Ghaeilge leo, agus go mbeadh eispéireas dearfach agus luachmhar acu ar fhoghlaim na Gaeilge, ar eispéireas é a fhágann go n-éiríonn leo agus as a bhaineann siad fíor-thaitneamh."

Léiríonn an polasaí agus an plean gnímh tiomantas na Roinne chun tacú le hoideachas Gaeilge i ngach suíomh, ag cinntiú gur féidir le daltaí agus scoláirí ar fud na hÉireann dul i ngleic go brí leis an teanga agus leis an gcultúr.

Notaí

Nótaí maidir leis an bPolasaí don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht

Tá tús curtha cheana féin le roinnt de na príomhghníomhartha faoin bPolasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear:

  • Bunú an Tascfhórsa ar Mhúnlaí Soláthair don Oideachas Lán-Ghaeilge
  • Uaireanta tacaíochta teanga a chur ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ar bhonn céimnithe, ag tosú le Gaelscoileanna le stádas DEIS agus le Gaelcholáistí don scoilbhliain 2025/26
  • Maoiniú a chur ar fáil do Ghaeloideachas chun acmhainn nuálach a fhorbairt chun cabhrú le tuismitheoirí tacú lena bpáistí ag foghlaim agus ag sealbhú na Gaeilge
  • Seoladh an tionscadail phíolótaigh Foraois i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun líonra a chruthú timpeall ar chnuasach scoileanna lán-Ghaeilge agus deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den scoil
  • Leathnú an tionscadail ríomh-mhoil chuig scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht ón scoilbhliain 2025/26. Faoin tionscadal seo, cuirtear ábhair bhreise (Fisic agus Ceimic faoi láthair) ar fáil do scoláirí trí mheán na Gaeilge trí fhoghlaim chumaisc.
  • Tacaíochtaí a chur ar fáil don Chonair Lán-Ghaeilge ar an gclár MGO in Institiúid Oideachais Marino, a thosaigh i Meán Fómhair 2025
  • Foireann bhreise a chur ar fáil do COGG agus Oide chun tacú le scoileanna.

Chun an Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a rochtain, téigh go: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/polasai-don-oideachas-lan-ghaeilge-lasmuigh-den-ghaeltacht/

Nótaí ar an bPlean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla.

  • Baineann an Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla le gach bunscoil agus iar-bhunscoil a mhúineann trí Bhéarla.
  • Cuirfear i bhfeidhm é sna scoilbhlianta 2025-2026, 2026-2027.
  • Tacóidh sé le scoileanna agus le múinteoirí na curaclaim reatha don Ghaeilge a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Tacóidh sé le forbairt scileanna labhartha na ndaltaí / scoláirí sa Ghaeilge, go háirithe.
  • Díríonn an plean gnímh ar na heilimintí a imríonn tionchar ar fhoghlaim teanga – meonta, teagasc na Gaeilge mar theanga, deiseanna chun an Ghaeilge a úsáid, agus úsáid chur chuige ionchuimsitheach a ligeann do gach páiste agus duine óg rath a bhaint amach ina gcuid foghlama.
  • Tá sé bunaithe ar chomhairliúchán náisiúnta, taighde, agus polasaí agus cleachtas do theangacha mionlaigh i ndlínsí eile.

Comhairliúchán

  • Cuireadh comhairliúchán fairsing náisiúnta bonn eolais faoi fhorbairt an phlean gnímh. Bhí beagnach 700 rannpháirtí páirteach sa chomhairliúchán, lena n-áiríodh beagnach 200 páirtí leasmhar náisiúnta agus os cionn 500 duine ag leibhéal na scoile (leanaí, daoine óga, múinteoirí, ceannairí scoile agus tuismitheoirí). Leanaí agus daoine óga ab ea ní ba mhó ná leath na rannpháirtithe sa chomhairliúchán ag leibhéal na scoile.
  • Foilsíodh dhá thuarascáil chomhairliúcháin chuimsitheacha, arna n-ullmhú ag SEALBHÚ, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, in éineacht leis an bplean gnímh.

Tacaíochtaí

Tá tacaíochtaí breise curtha ar fáil don Ghaeilge i scoileanna meán-Bhéarla chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean gnímh seo. Ina measc seo tá:

  • foireann nua ag COGG chun acmhainn nuálach, éasca le húsáid a fhorbairt a thacóidh le múinteoirí scileanna labhartha na ndaltaí a fhorbairt.
  • soláthar foirne breise ag Oide chun tacú le múineadh na Gaeilge i scoileanna meán-Bhéarla
  • tús á chur le forbairt acmhainne ag Gaeloideachas chun tacú le tuismitheoirí.

Tá sé i gceist chomh maith rannpháirtíocht scoileanna i scéimeanna rathúla ar nós Gaelbhratach agus an tionscnamh um Fhoghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teanga (FCÁT) a mhéadú, agus iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht chun rannpháirtíocht daoine óga i seirbhísí óige trí Ghaeilge a mhéadú.

Cur i bhfeidhm

Déanfaidh an Roinn Oideachais agus Óige comhordú ar chur i bhfeidhm an phlean gnímh le príomhpháirtithe oideachais.

  • Gheobhaidh scoileanna treoir agus tacaíocht maidir le cleachtais reatha a ailíniú le tosaíochtaí an phlean.
  • Déanfar monatóireacht agus athbhreithniú a chuimsiú thar thréimhse dhá bhliain.

Chun tuilleadh eolais a fháil, agus chun rochtain a fháil ar an bplean gnímh agus ar na tuarascálacha comhairliúcháin, tabhair cuairt ar:

https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/plean-gnimh-don-ghaeilge-i-scoileanna-mean-bhearla/

Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
Amharc amharc
Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat