English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Iarrann an tAire McEntee ar fhorais phátrúnachta athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais iontrála le haghaidh scoileanna a bhfuil ranganna speisialta acu do leanaí agus daoine óga uathacha

Scríobhann an tAire McEntee chuig pátrúin ar fhoilsiú athbhreithniú Chigireacht na Roinne Oideachais agus Óige ar bheartais iontrála bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a bhfuil ranganna speisialta acu le haghaidh leanaí agus daoine óga uathacha.

Preasráiteas 7 Bealtaine 2025

Scríobh an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD chuig na forais phátrúnachta uile inniu ag iarraidh orthu athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais iontrála scoileanna a bhfuil ranganna speisialta acu. Rinneadh seo ar lean athbhreithniú Chigireacht na Roinne Oideachais agus Óige ar bheartais iontrála bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a bhfuil ranganna speisialta acu le haghaidh leanaí agus daoine óga uathacha.

Tá an tuarascáil, Tacú le gach leanbh agus duine óg rochtain a fháil ar oideachas cuí: Athbhreithniú ar bheartais iontrála ranganna speisialta bunscoile agus iar-bhunscoile le haghaidh leanaí agus daoine óga uathacha, bunaithe ar thorthaí ó athbhreithniú a rinneadh ar bheartais iontrála tríocha scoil—cúig bhunscoil déag agus cúig iar-bhunscoil déag— idir Meán Fómhair agus Nollaig 2024.

Agus beartais iontrála á gceapadh, ceanglaítear ar scoileanna cloí le ceanglais dhlíthiúla agus leis na treoirlínte arna bhforbairt ag an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) agus le ciorcláin na Roinne Oideachais agus Óige i dtaca leis an soláthar le haghaidh leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu. Tá na ceanglais agus na treoirlínte seo ceaptha lena chinntiú go mbeidh rochtain ag gach leanbh agus duine óg ar oideachas cuí. Scrúdaíodh san athbhreithniú a mhéid is a cloíodh le treoir fhoilsithe agus le reachtaíocht oideachais agus comhionannais i mbeartais iontrála scoileanna.

Fuarthas amach go raibh clásail i mbeagnach gach polasaí iar-bhunscoile agus i bhformhór na mbeartas bunscoile a d’fhéadfadh, dá gcuirfí i bhfeidhm iad, cosc a chur ar leanaí uathacha a raibh an leibhéal is mó riachtanais acu, áit a fháil i rang speisialta. Aithníodh san athbhreithniú freisin roinnt saincheisteanna eile maidir le foclaíocht na mbeartas iontrála a d’fhéadfadh teorainn a chur le rochtain leanaí uathacha ar oideachas cuí. Mar shampla, cuireann roinnt scoileanna clár cúig bliana ar fáil do scoláirí i ranganna speisialta iar-bhunscoile, ach tugtar deis dá bpiaraí i ranganna príomhshrutha clár sé bliana a dhéanamh.

Leagtar béim sa tuarascáil ar a thábhachtaí atá sé go gcomhlíonfadh scoileanna a bhfreagrachtaí reachtúla ar bhealach lena n-áirithítear go mbíonn tosaíocht tugtha do rochtain leanaí a bhfuil na riachtanais is mó acu ar shocrúcháin i ranganna speisialta. Déantar trí mholadh inti chun an rialachas agus an mhaoirseacht a neartú ar rochtain ar acmhainní ranga speisialta agus ar an úsáid a bhaintear astu. Tá an neartú seo ag teastáil chun a chinntiú gur féidir le leanaí a bhfuil na leibhéil riachtanais is mó acu rochtain a fháil ar oideachas cuí.

Dúirt an tAire McEntee:

“Go minic is é an beartas iontrála an chéad phointe teagmhála idir scoil, scoláirí ionchasacha agus a dteaghlaigh. Tá scríofa agam maidin inniu chuig na forais phátrúnachta uile ag léiriú thorthaí na tuarascála seo agus d’iarr mé orthu athbhreithniú a dhéanamh ar bheartas iontrála a gcuid scoileanna ar fad a bhfuil ranganna speisialta acu le haghaidh leanaí agus daoine óga uathacha. Tá an-chuid oibre ar bun chun spásanna breise a chruthú i ranganna speisialta d’fhonn tacú le leanaí a mbíonn an tacaíocht seo uathu. Tá sé rí-thábhachtach go mbíonn na spásanna sna ranganna seo ar fáil dóibh siúd a mbíonn gá acu leo.

“Fáiltím roimh fhoilsiú na tuarascála seo, ina leagtar béim ar rí-thábhacht na mbeartas iontrála chun a chinntiú go mbíonn rochtain ag gach leanbh agus duine óg ar oideachas atá feiliúnach dá gcuid riachtanas.

"Ina theannta sin, tá fiafraithe agam ar oifigigh de mo chuid uasdátú a dhéanamh ar an gciorclán a eisíodh i mí Dheireadh Fómhair 2024 maidir le bearta chun tacú le pleanáil chun cinn le haghaidh soláthar oideachais speisialta. Ina theannta sin, tá fiafraithe agam ar an gCigireacht tuarascáil bhliantúil i scríbhinn a sholáthar ar fheidhmiú na mbeartas iontrála i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a bhfuil ranganna speisialta acu le haghaidh leanaí agus daoine óga uathacha.”

Chuir an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Ionchuimsiú, Michael Moynihan TD, fáilte roimh fhoilsiú na tuarascála freisin, agus dúirt:

“Dírítear aird sa tuarascáil seo ar shaincheisteanna tábhachtacha nach mór aghaidh a thabhairt orthu lena chinntiú go bhfuil rochtain ag gach leanbh agus duine óg ar oideachas cuí. Léirítear ann freisin an gá don Roinn tacaíocht a thabhairt do scoileanna chun an leas is fearr a bhaint as acmhainní a gcuid ranganna speisialta agus an gá le córais rialachais agus mhaoirseachta chuí i dtaca le rochtain ar na hacmhainní seo agus ar a n-úsáid. Tugtar le moltaí na tuarascála seo treoir shoiléir maidir leis na chéad chéimeanna cuí eile. Táim tiomanta do bheith ag obair le CNOS, leis an gCigireacht agus le páirtithe eile chun na moltaí seo a chur i bhfeidhm.”

Dúirt an Príomhchigire, Yvonne Keating:

“Aithníodh saincheisteanna i gceithre cinn déag de na cúig cinn déag de na beartais iar-bhunscoile agus dhá cheann déag de na cúig cinn déag de na beartais bunscoile in athbhreithniú na Cigireachta, rud a bhí ina chúis imní suntasach. Léirítear leis na torthaí seo an gá le comhoibriú na bpríomhpháirtithe leasmhara chun conair, rialachas agus córas maoirseachta éifeachtach a chruthú chun rochtain a fháil ar agus úsáid a bhaint as acmhainní ranga speisialta. Tá an Chigireacht tiomanta do bheith ag obair leis na páirtithe ábhartha chun an córas seo a fhorbairt."

Tá an tuairisc iomlán ar fáil ag: gov.ie - Foilseacháin na Cigireachta

Le haghaidh tuilleadh faisnéise seol ríomhphost le do thoil chuig Inspectorate@education.gov.ie


Tuilleadh eolais

  • Soláthraíonn an Roinn Oideachais agus Óige, trí CNOS, contanam de sholáthar oideachais do gach leanbh agus duine óg lena n-áirítear iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Cuimsítear leis an gcontanam seo idir oideachas lánaimseartha i ranganna príomhshrutha, le tacaíochtaí breise, de réir mar is gá, agus oideachas lánaimseartha i scoileanna speisialta.
  • Tá ranganna speisialta le haghaidh leanaí uathacha mar chuid den chontanam soláthair seo. Ceadaítear ranganna speisialta i scoileanna príomhshrutha le haghaidh leanaí uathacha nach bhfuil in ann rochtain a fháil ar an gcuraclam i rang príomhshrutha, fiú le tacaíocht chuí, don chuid is mó den lá scoile nó don lá scoile ar fad. Tá riachtanais speisialta oideachais casta / dian ag na leanaí seo. Cuireann an rang speisialta ar a gcumas oideachas a fháil, i ngrúpaí níos lú, laistigh dá scoileanna príomhshrutha áitiúla.
  • Cuireann an Roinn Oideachais agus Óige acmhainní suntasacha ar fáil chun tacú le gach scoil ina sholáthraítear rang speisialta le haghaidh leanaí uathacha. I measc na n-acmhainní seo tá deontas speisialta tosaithe ranga chun an costas a bhaineann le hacmhainní a sholáthar don rang agus deontais bhreise chun seomra ilchéadfach, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide agus troscán agus trealamh breise a chlúdach. Faigheann scoileanna ag a bhfuil ranganna speisialta deontais chaipitíochta fheabhsaithe agus deontais mhionoibreacha ón Roinn freisin.
  • Tá teacht ag boird bhainistíochta agus ag príomhoidí ar Treoirlínte maidir le ranganna speisialta a bhunú agus a eagrú. Tá siad seo ar fáil ag: NCSE.ie.
  • Ba chóir cinntí a dhéanamh faoin suíomh oideachais is oiriúnaí do leanbh a bhfuil riachtanais speisialta oideachais aige/aici i gcomhairle leis an leanbh, lena dtuismitheoirí agus le gairmithe ábhartha, lena n-áirítear síceolaithe agus múinteoirí. Ba cheart go mbeadh cinntí bunaithe freisin ar an bprionsabal gur chóir oideachas a chur ar leanaí sa timpeallacht is ionchuimsithí agus is féidir. Ba cheart, nuair is féidir, oideachas a chur ar leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i ranganna príomhshrutha in éineacht lena bpiaraí, agus tacaíochtaí breise a chur ar fáil de réir mar is gá.
  • Tugtar breac-chuntas i gCiorclán 23/2025 ar an bpróiseas athbhreithnithe ar rollú i rang speisialta i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna agus ba chóir athbhreithniú rialta a dhéanamh ar shocrúchán an linbh i rang speisialta lena chinntiú go leanann an socrúchán ranga speisialta de bheith ar an socrú scoile is oiriúnaí.
  • Bunaítear ranganna speisialta do leanaí uathacha ar cheann amháin de dhá bhealach: (a) Féadfaidh scoil suim a léiriú do CNOS in rang speisialta a oscailt sa chás go bhfuil gá le rang dá leithéid aitheanta acu. (b) Féadfaidh an t-eagraí áitiúil um riachtanais speisialta oideachais (SENO) teagmháil dhíreach a dhéanamh le scoil má bhíonn a fhios acu go bhfuil, nó go bhféadfadh go mbeadh, rang speisialta ag teastáil sa cheantar.
  • Is ionann an leithdháileadh foirne d’iar-bhunscoileanna agus múinteoir go leith agus beirt chúntóirí riachtanas speisialta (CRSanna). Is é an leithdháileadh do bhunscoileanna ná múinteoir amháin agus beirt CRSanna.
  • Nuair a bhunaítear rang speisialta, tá freagracht ar bhord bainistíochta na scoile a chinntiú go bhfuil córais agus nósanna imeachta cuí i bhfeidhm do bhainistiú an ranga, lena n-áirítear maidir le ligean isteach sa rang. Ní mór don bhord, mar sin, polasaí iontrála na scoile a leasú chun rollú sa rang speisialta a cheadú, agus an polasaí a chur faoi bhráid phátrún na scoile lena cheadú. Agus polasaithe iontrála á gceapadh, ceanglaítear ar scoileanna cloí le ceanglais dhlíthiúla agus leis na treoirlínte atá forbartha ag CNOS.
  • Áirítear le reachtaíocht a bhaineann le hiontráil agus rollú scoile:
    1. An tAcht Oideachais 1998, agus leasuithe a rinneadh ar an Acht in 2018 agus 2022
    2. An tAcht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu 2004
    3. An tAcht Oideachais (Leas) 2000
  • Tá Airteagal 24 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) ábhartha chomh maith lena ndearna Éire a leasú in 2018.
  • Chun clárú i rang speisialta, ní mór diagnóis uathachais a bheith ag leanbh ó ghairmí ábhartha, nó foireann de dhaoine gairmiúla, agus tuarascáil ghairmiúil ina luaitear go bhfuil riachtanais foghlama chasta nó throma ag an leanbh a éilíonn tacaíocht ó rang speisialta nó ó scoil speisialta agus na fáthanna leis sin.
  • Bunaítear ranganna speisialta do pháistí 'beag beann ar chumas cognaíocha'. Ní féidir le scoileanna leanbh a eisiamh ó rang speisialta le haghaidh leanaí uathacha má tá a gcumas cognaíocha laistigh den raon éadrom, measartha ná dian agus trom.
  • Sa scoilbhliain 2023/24, bhí seacht gcéad agus ochtó rang speisialta le haghaidh daltaí uathacha in iar-bhunscoileanna príomhshrutha agus míle, sé chéad nócha a hocht rang speisialta le haghaidh daltaí uathacha i mbunscoileanna príomhshrutha.
  • Tugtar breac-chuntas i gCiorclán 80/2024 ar bhearta chun tacú leis an bpleanáil chun cinn maidir le soláthar oideachais speisialta.
  • Tá peirspictíochtaí éagsúla ann maidir le téarmaíocht agus cur síos á dhéanamh ar an uathachas. Úsáideann roinnt daoine an teanga duine chun tosaigh (leanbh a bhfuil uathachas air), mar go n-aithnítear ar an mbonn seo gur féidir le cur i láthair an uathachais a bheith éagsúil ó dhuine go duine. Tagraíonn daoine eile do leanaí uathacha, mar go gcuimsíonn sé seo difríocht néareolaíoch an duine. Úsáideann an Chigireacht teanga néaraidhearfach na scoláirí uathacha sa tuarascáil.