Cuairt tugtha ag an Aire McEntee ar cheithre scoil i nDún na nGall lena n-áirítear Coláiste Cholmcille agus é ag comóradh 25 bliain ar an bhfód
- Foilsithe: 19 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 22 Meán Fómhair 2025
Thug an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, cuairt ar Choláiste Cholmcille i mBéal Átha Seanaidh inniu (Dé hAoine 19 Meán Fómhair) agus iad ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód.
Dúirt an tAire gur mór an onóir di a bheith i gcuideachta phobal na scoile ag ócáid cheiliúrtha chomh hiontach sin.
Dúirt an tAire McEntee:
“Is mór an onóir dom a bheith anseo libh chun comóradh 25 bliain na scoile a cheiliúradh, chun an foirgneamh modúlach nua a oscailt go hoifigiúil, agus chun an ócáid ina n-ainmnítear Coimpléasc Spóirt Billy Finn a chomóradh.
“Le cúig bliana is fiche anuas, tá Coláiste Cholmcille éirithe ina chuid lárnach de phobal Bhéal Átha Seanaidh. Thug sé deis do na mílte duine óg foghlaim, fás, fáil amach cé hiad féin agus dul i mbun machnaimh faoina dtodhchaí.
“Sa timpeallacht foghlama, measa, cothroime agus fáis phearsanta seo, tá muintir óg Bhéal Átha Seanaidh tar éis dul i ngleic leis an turas ón óige chun na haosachta, agus chuirfeadh sé gliondar ar do chroí cé chomh bródúil is atá Coláiste Cholmcille as a scoláirí, san am a chuaigh thart agus san am i láthair.”
Ghabh an tAire buíochas le gach duine a raibh baint acu leis an gceiliúradh a eagrú.
Dúirt sí freisin:
“Tá ról ríthábhachtach ag ár scoileanna i nDún na nGall maidir le teanga, cultúr agus traidisiúin an chontae uathúil seo a chothú agus mic léinn a ullmhú le haghaidh deiseanna ar fud na hÉireann, na hEorpa agus go hidirnáisiúnta ag an am céanna. Is féidir le Coláiste Cholmcille a bheith an-bhródúil as a seasamh i measc scoileanna Dhún na nGall, agus go deimhin, i measc na n-iar-bhunscoileanna ar fud na hÉireann.”
Ina theannta sin, thug an tAire McEntee cuairt ar Scoil Mhuire, Baile na nGallóglach, Gairmscoil Chaitríona, na Cealla Beaga, agus ar Scoil Náisiúnta Niall Mór, na Cealla Beaga, áit ar bhuail sí le múinteoirí, foireann na scoile agus mic léinn.
Tá na cuairteanna bunaithe ar thacaíocht leanúnach na Roinne Oideachais agus Óige do bhonneagar scoile sa chontae.
Ó 2020 i leith, tá an infheistíocht seo a leanas déanta ag an Roinn Oideachais agus Óige:
- Os cionn €205 milliún, ag tacú le 64 tionscadal tógála scoile a chur i gcrích le 22 tionscadal eile atá á dtógáil faoi láthair, i nDún na nGall.
Ar fud na tíre, tá níos mó ná €6 bhilliún infheistithe ag an Roinn i dtionscadail tógála scoile ar fud na tíre ó bhí 2020 ann. Áirítear leis sin breis is 1,400 tionscadal agus os cionn 400 tionscadal tógála scoile atá ar bun faoi láthair a chur i gcrích, lena mbaineann 40 foirgneamh scoile nua.