Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá fáilte curtha roimh Threoir náisiúnta nua maidir le húsáid IS i Scoileanna ag an Aire McEntee

Chuir an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, fáilte inniu (an 21 Deireadh Fómhair) roimh fhoilsiú na Treorach maidir le hIntleacht Shaorga (IS) i Scoileanna.

Tá an treoir nua seo deartha chun tacú le múinteoirí agus ceannairí scoile agus iad ag pleanáil le haghaidh úsáid fhéideartha IS sa teagasc agus san fhoghlaim, agus chun a chinntiú, i gcás ina gcuirtear IS i bhfeidhm, go n-úsáidtear go sábháilte, go heiticiúil agus go cuí í.

Ag tarraingt ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta ó EOECNA agus ón Aontas Eorpach (AE), leagtar béim inti ar ghnéithe ábhartha agus acmhainní oiriúnacha chun scoileanna agus múinteoirí a chur ar an eolas agus iad ag pleanáil le haghaidh úsáid fhéideartha IS sa teagasc agus san fhoghlaim. Ina theannta sin, tacaíonn sé le dea-chinnteoireacht maidir le huirlisí agus cleachtas IS i gcás ina n-úsáideann múinteoirí iad ina bpleanáil agus ina n-ullmhúchán, chomh maith le roinnt gnéithe den teagasc agus den fhoghlaim. Tá samplaí ann den chaoi ar féidir IS a úsáid i scoileanna sa treoir.

Dúirt an tAire McEntee:

“Cuirim fáilte roimh fhoilsiú na Treorach maidir le IS do Scoileanna. Tá mo roinn, le tacaíocht ó Theicneolaíocht Oide san Oideachas (TiE), tiomanta do thacaíocht a thabhairt dár gceannairí scoile agus dár múinteoirí sa réimse seo atá ag athrú i gcónaí chun a chinntiú gur féidir lenár ndaltaí uile a lánacmhainneacht a bhaint amach.

“Tá IS tagtha chun cinn mar cheann de na teicneolaíochtaí digiteacha is claochlaitheacha, agus tá an cumas aige claochlú a dhéanamh ar an gcaoi a dtéann muid i ngleic leis an teicneolaíocht thar gach gné dár saol. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ag ár bpobail scoile ar an bhfaisnéis atá de dhíth orthu chun tacú leo na deiseanna a thairgeann sé a thuiscint, chomh maith leis na dúshláin a bhaineann lena úsáid.”

“Léirítear i dtaighde ar Thionchar na dTeicneolaíochtaí Digiteacha ar Fhoghlaim na Mac Léinn a rinne ECFE le déanaí gur féidir le teicneolaíochtaí digiteacha tacú le teagasc agus foghlaim agus iad a fheabhsú nuair a úsáidtear iad ar bhealach a bhfuil cuspóir leis. Tá ról an mhúinteora níos tábhachtaí ná riamh, agus leanfaimid orainn ag tacú le múinteoirí agus ceannairí scoile ina bhforbairt ghairmiúil leanúnach i réimse na dteicneolaíochtaí digiteacha san oideachas agus go háirithe, san Intleacht Shaorga.

“Ós rud é gur réimse atá ag fás agus ag athrú go tapa é IS, agus an taighde agus an mheastóireacht ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis san oideachas gan ach sna luathchéimeanna go fóill, tá sé beartaithe go mbeidh an Treoir seo ina doiciméad beo atá faoi réir nuashonruithe leanúnacha. Déanfar an Treoir maidir le IS i Scoileanna a athbhreithniú agus a nuashonrú go rialta, agus taighde agus meastóireacht náisiúnta agus idirnáisiúnta chomh maith le haiseolas ó pháirtithe leasmhara oideachais á gcur san áireamh.

“Leanfaimid orainn ag plé lenár bpobail scoile agus lenár bpáirtithe leasmhara oideachais chomh maith le comhghleacaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta chun a chinntiú go léiríonn ár dtreoir agus ár dtacaíochtaí IS na torthaí ó thaighde agus ó mheastóireacht ar a thionchar ar oideachas. Tá an treoir seo ar cheann de roinnt tacaíochtaí agus acmhainní sa réimse seo. Mholfainn do gach múinteoir agus gach ceannaire scoile a bhfuil suim acu in úsáid IS cuairt a thabhairt ar an Mol IS ar líne de chuid Oide TiE.”

Nótaí d’Eagarthóirí

Roinnt Príomhphointí ar Acmhainní IS

  • Mol IS i Scoileanna

 https://www.oidetechnologyineducation.ie/artificial-intelligence-in-schools/

  • IS do Scoileanna – Cúrsa Ar Líne

AI for Schools - Oide Technology in Education

  • Físeáin Dea-Chleachtais de IS i Scoileanna

https://www.oidetechnologyineducation.ie/videos/?school-level=&video-category=teaching-learning&teaching-learning=ai&video-language=

  • IS do Scoileanna – Sraith Físeán Saineolaithe

https://www.oidetechnologyineducation.ie/ai-for-schools-video-series/

  • IS & Sábháilteacht ar Líne – Webwise

https://www.webwise.ie/ai-hub/ai-in-education/

  • Creat IS Oide agus Grafaic Eolais

Artificial Intelligence - 5 Considerations for Teacher Use

  • Tionscadail agus Tionscnaimh IS

https://www.oidetechnologyineducation.ie/projects-initiatives/

Taighde Tagartha

  • Páipéir Oibre ECFE ar Thionchar na dTeicneolaíochtaí Digiteacha ar Fhoghlaim na Mac Léinn

https://www.gov.ie/en/department-of-education/publications/digital-strategy-for-schools-to-2027/#oecd-working-papers-on-the-impact-of-digital-technologies-on-students-learning

Measúnú na hIntleachta Saorga (IS) agus na hArdteistiméireachta

Maidir le measúnú na hArdteistiméireachta, ó scrúduithe 2023 i leith, tá treoir curtha san áireamh ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) maidir le hábhar a ghintear le bogearraí intleachta saorga (IS) ina dhoiciméid.

Tá ceanglas ann faoi láthair go ndéanfaí tagairt chuí d’aon ábhar a ghintear le bogearraí IS. Tá na socruithe maidir le glacadh agus fíordheimhniú obair chúrsa le haghaidh na scrúduithe stáit leagtha amach i gCiorcláin CSS S69/04, S68/08, S76/22, agus S52/24, ina bhfuil treoracha sonracha maidir le húsáid bogearraí IS in obair chúrsa.

Maidir leis na hábhair Ardteistiméireachta nua agus athbhreithnithe atá á dtabhairt isteach ó mhí Mheán Fómhair 2025, foilsíodh treoirlínte ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) chun tacú le cur i gcrích AACanna i mí na Nollag 2024. Forbraíodh na treoirlínte sin i ndlúthchomhar le CSS agus le grúpaí fócais múinteoirí.

Le foilsiú na dTreoirlínte sin (mí na Nollag 2024), comhlíonadh gealltanas ábhair mheasúnaithe a sholáthar do mhúinteoirí chun tacú le cur chun feidhme na sonraíochtaí ábhair athbhreithnithe agus beidh sé mar bhonn eolais freisin d’fhorbairt bhreise na foghlama gairmiúla múinteoirí ag Oide, de réir mar is ábhartha agus is cuí.

Tá ceanglas i dTreoirlínte AAC maidir le tagairt chuí a dhéanamh d’aon ábhar a ghintear le bogearraí IS i gcomhréir leis an gcur chuige a ghlacann CSS in ábhair eile faoi láthair. Foilseoidh CSS doiciméad comhdhlúite agus nuashonraithe maidir le Rialacha agus Nósanna Imeachta Obair Chúrsa go luath ina leagtar amach na próisis fíordheimhnithe is infheidhme ó scoilbhliain 2025/26 ar aghaidh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat