Fáiltíonn an tAire McEntee roimh sheirbhís sruthaithe nua do mhúinteoirí chun tacú leis an ábhar nua Staidéar Drámaíochta, Scannánaíochta agus Amharclannaíochta na hArdteistiméireachta
- Foilsithe: 5 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 5 Lúnasa 2025
Chuir an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee TD, fáilte inniu roimh sheoladh seirbhíse sruthaithe meán nua saor in aisce chun cabhrú le múinteoirí atá ag múineadh ábhar nua na hArdteistiméireachta: Staidéar Drámaíochta, Scannánaíochta agus Amharclannaíochta (DFTS).
Tabharfaidh an tseirbhís nua seo, ar a dtugtar Cainéal DFTS, rochtain do mhúinteoirí i 57 scoil ar na hábhair dhualgais agus ar acmhainní foghlama. Is iad na scoileanna seo na chéad scoileanna atá ag soláthar an ábhair, ag tosú sa scoilbhliain nua.
D’fhorbair Institiúid Scannán na hÉireann an t-ardán tar éis próiseas roghnúcháin níos luaithe i mbliana.
Tá an t-ábhar nua seo á thabhairt isteach mar aon le Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe mar chuid de Chlár Athfhorbartha na Sraithe Sinsearaí.
Ag fáiltiú roimh sheoladh an ardáin, dúirt an tAire:
“Tá an-áthas orm Cainéal DFTS a sheoladh go hoifigiúil inniu. Cuireann sé seo leis an tiomantas atá agam a chinntiú go bhfuil na hacmhainní riachtanacha ag scoileanna chun an t-ábhar nua a mhúineadh, faoi Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí.
Tá a fhios agam go bhfuil scoláirí agus múinteoirí araon ar bís chun tosú ar an ábhar nuair a fhilleann siad ar scoil. Tá sé fíorthábhachtach go gcuirfimis cruthaitheacht chun cinn agus go gcothóimis í inár ndaoine óga – tá an-chuid tallainne cheana féin inár seomraí ranga agus tabharfaidh an t-ábhar seo deis do na scoláirí sin a láidreachtaí agus a spéis sna healaíona a léiriú.”
“De bhrí go bhfuil an tseirbhís sruthaithe ar fáil is féidir lenár scoláirí dul i ngleic go héasca leis na hábhair dhualgais. Beidh siad in ann scannáin agus amharclannaíocht araon a iniúchadh go héasca, óna seomraí ranga. Níl anseo ach ceann amháin de roinnt acmhainní atá á gcur ar fáil ag mo Roinnse do scoileanna i gCéim a hAon - gheobhaidh siad trealamh ceamara, soilsithe, fuaime, ríomhaireachta agus stáitse, deontas bliantúil agus leithdháileadh breise teagaisc freisin.”
Lean sí ar aghaidh:
“Garsprioc ollmhór is ea an lá inniu i gclár foriomlán Athfhorbartha na Sraithe Sinsearaí, ar clár é atá mo Roinnse tiomanta a sholáthar.
Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le hInstitiúid Scannán na hÉireann as oibriú go dlúth le mo Roinnse ar an tionscadal seo.”
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Ross Keane, Stiúrthóir & POF Institiúid Scannán na hÉireann:
“Is leathnú spreagúil é Cainéal DFTS ar an ardán sruthaithe atá ag an IFI cheana féin - IFI@Schools. Bunaíodh é ar dtús le linn Covid, ionas go bhféadfadh an IFI leanúint dá chlár taispeána i scoileanna ar fud na tíre a sholáthar ag am nach bhféadfadh scoláirí turais allamuigh a dhéanamh agus leanann an t-ardán sruthaithe ar aghaidh ag nascadh scannán le hábhair ar fud an churaclaim, chun tacú le teagasc agus foghlaim agus chun scileanna litearthachta sna meáin a chur chun cinn.
“Is féidir le múinteoirí scannán a fháil ar cíos ar éileamh nó pacáiste scannán coimeádta a roghnú. Tá an-áthas orainn a bheith ag cur leis an leabharlann scannán seo atá bunaithe cheana féin le seoladh an chainéil nua DTFS, ar cainéal é a thabharfaidh rochtain do mhúinteoirí agus do scoláirí ar na scannáin agus ar na píosaí drámaíochta dualgais don ábhar nua Ardteistiméireachta, Staidéar Drámaíochta, Scannánaíochta agus Amharclannaíochta, go díreach sa seomra ranga. Chomh maith leis na scannáin agus na drámaí, tá acmhainní breise agus gearrthóga coimeádta ann freisin.
“Is ábhar nua spreagúil é seo do scoláirí agus do mhúinteoirí araon, agus tá an-áthas ar an IFI a bheith lárnach i soláthar an ábhair i seomraí ranga ar fud na hÉireann, mar chuid dár dtairiscint fhairsing do scoileanna do 25-26.”
Nótaí d’eagarthóirí
Cuid d’Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí is ea tabhairt isteach na Drámaíochta, na Scannánaíochta agus na hAmharclannaíochta, clár athchóirithe uaillmhianach atá á threorú ag fís den tSraith Shinsearach a sholáthraíonn‘cothromas agus sármhaitheas do chách’.
Tá an clár bunaithe ar Thuarascáil Chomhairleach na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ar athbhreithniú na Sraithe Sinsearaí agus cuireann sí léi, chomh maith le taithí scoláirí na hArdteistiméireachta, éileamh ar athrú a bheith ag fás agus taithí agus dearcthaí idirnáisiúnta.
Tá 57 iar-bhunscoil roghnaithe chun Staidéar Drámaíochta, Scannánaíochta agus Amharclannaíochta na hArdteistiméireachta a thabhairt isteach ó thús na scoilbhliana seo. Nuair a bhí an roghnú deiridh á dhéanamh ar scoileanna cuireadh san áireamh cineálacha scoileanna, suíomh, méid, stádas DEIS agus aicmiú na Gaeilge, rud a chinntíonn go léiríonn an roghnú deiridh comhdhéanamh leathan na scoileanna ar fud na hÉireann a rinne iarratas chun a bheith mar chuid den phróiseas.
Tá tabhairt isteach na n-ábhar nua ar bhonn céimnithe i gcomhréir leis an gcur chuige maidir le tabhairt isteach Chorpoideachas (CO) agus Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta le blianta beaga anuas.
Tacaíonn Oide, an tseirbhís tacaíochta do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile, le tabhairt isteach na n-ábhar nua seo, agus tá clár fairsing Foghlama Gairmiúla Múinteoirí á sholáthar aige, ar cuireadh tús leis in 2024/25.
Maidir leis an IFI
Is í Institiúid Scannán na hÉireann (IFI) institiúid chultúrtha náisiúnta na hÉireann do scannáin. Cuireann sí rochtain ar fáil do lucht féachana ar fud na hÉireann ar na scannáin neamhspleácha, Éireannacha agus idirnáisiúnta is fearr, lena n-áirítear ar líne trína ardán sruthaithe IFI@Home; caomhnaíonn sí oidhreacht íomhá ghluaisteach na hÉireann agus cuireann sí chun cinn í trí Chartlann Scannán na hÉireann de chuid IFI. Cuireann Oideachas IFI oideachas scannán, cultúr scannán agus litearthacht na meán chun cinn lenár lucht féachana go léir le réimse de chláir agus de thionscnamh agus ar fud ardáin éagsúla. Tá Clár Scoileanna IFI lárnach inár gcuid oibre, ar clár é a thacaíonn le teagasc agus foghlaim i mbunscoileanna agus i meánscoileanna, ag nascadh scannán ar fud na gcuraclam. Agus é ar fáil sa phictiúrlann ag an IFI, inár n-ionaid chomhpháirtíochta ar fud na tíre, agus ar líne trínár n-ardán sruthaithe IFI@Schools, tacaímid anois leis an ábhar nua, Staidéar Drámaíochta, Scannánaíocht agus Amharclannaíochta, trínár gcuid oibre chun an t-ardán DTFS a chruthú thar ceann na Roinne Oideachais agus Óige.