Fáiltíonn an tAire McEntee roimh oscailt oifigiúil an tsínidh scoile nua i Scoil Eoin Báiste i gContae na Mí
- Foilsithe: 11 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 11 Samhain 2025
Chuir an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee, TD, fáilte inniu (Dé Luain) roimh oscailt oifigiúil an tsínidh scoile nua i Scoil Eoin Báiste, san Obair, Contae na Mí.
Rinne an tAire cur síos ar an síneadh nua mar éacht iontach don scoil atá ag ceiliúradh 40 bliain ina foirgneamh reatha freisin. Mhol sí pobal na scoile as na hiarrachtaí a rinne siad chun an tionscadal a thabhairt chun críche.
Ag labhairt di i ndiaidh na hócáide inné, dúirt an tAire:
“Is léiriú é ar bhlianta d’obair chrua, pleanáil, díograis agus tiomantas ón mbord bainistíochta, ón bpríomhoide agus ón bhfoireann, ó chumann na dtuismitheoirí agus ó gach duine a thacaigh leis an tionscadal ar an mbealach. Is mian liom aitheantas a thabhairt do bhur n-iarrachtaí agus bhur ndíograis i dtaca leis an aisling seo a fhíorú do Scoil Eoin Báiste.
“Tá Scoil Eoin Báiste ar thús cadhnaíochta san oideachas cuimsitheach agus cinntíonn na trí sheomra ranga speisialta gur féidir le siblíní agus cairde a bheith mar chuid den phobal scoile céanna. Is ardeiseamláir iad na trí rang seo den bhrí atá le hoideachas cuimsitheach.
“Cuirtear fáilte roimh na leanaí go léir, tacaítear leo agus tugtar an deis dóibh foghlaim agus a bheith i suíomhanna ina nglactar le stíleanna foghlama éagsúla agus ina gcothaítear agus ina bhforbraítear láidreachtaí éagsúla. Baineann gach duine leas as cuimsiú san oideachas, san ionad oibre agus sa saol.
Dúirt an tAire freisin go seasann an scoil go bródúil i gcroílár an phobail.
“Cosúil le mórán scoileanna beaga tuaithe ar fud na tíre, tá níos mó ná ionad foghlama i gceist léi. Is mol gníomhaíochta, ceangail agus cúraim í. Léiríonn an scoil spiorad an phobail a ndéanann sí freastal air. Tá sí fáilteach, cuimsitheach agus tiomanta go mór do gach leanbh a fhreastalaíonn uirthi. Tá Scoil Eoin Báiste an-bhródúil as an gcaoi a dtacaíonn sí le gach dalta aonair chun a lánacmhainneacht a bhaint amach.”
Ghlac an tAire McEntee buíochas le príomhoide na scoile, Anne-Marie McKenna, leis an bpríomhoide tánaisteach, Katie Dillon, agus le cathaoirleach an bhoird bainistíochta, Peter Kenny, as fáilte a chur roimpi agus as an gcuairt a éascú.
Ó 2020 i leith, tá infheistíocht de bhreis agus €431m déanta ag an Roinn Oideachais agus Óige mar thacaíocht chun 67 tionscadal tógála scoile a thabhairt chun críche i gContae na Mí agus 25 tionscadal eile á dtógáil faoi láthair sa chontae.
Nótaí don Eagarthóir:
Ó 2020 i leith, tá breis is €6 billiún infheistithe ag an roinn i scoileanna ar fud na tíre faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, agus dá bharr sin tá breis is 1,300 tionscadal tógála scoile á dtabhairt chun críche. Ina theannta sin, is mar thoradh ar athearraíocht agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainn chóiríochta atá ann cheana féin ar fud eastát na scoileanna a bhíothas ábalta acmhainn ranga speisialta a sholáthar go tráthúil agus go háitiúil ar bhealach a thacaíonn le dea-chleachtas sa chuimsiú agus sa lánpháirtiú. Tá thart ar 80% de ranganna speisialta nua in 2025/26 á n-éascú i gcóiríocht seomra ranga ar baineadh athearraíocht aisti.